Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i bhfoisceacht deich míle dínn within ten miles of us
" Bheadh a fhios ag chuile dhuine sa gceantar gur ciúin onórach a bheadh an ceiliúradh sa Lodge ach ó tharla nach raibh aon teach ósta eile i bhfoisceacht deich míle dínn, shíl mé go mbeadh cúpla seanriadaire eile cosúil linn féin ag triall air.
síoraí seasta ag fiafraí dínn forever asking us
" ***SD: Bhí muid le chéile mar ghrúpa ar feadh os cionn bliana agus bhíodh daoine síoraí seasta ag fiafraí dínn, “An bhfuil CD agaibh?“ nó “Cá bhfuil an CD ar fáil?”.
ar an bhfoirgneamh mór laistiar dínn on the big building behind us
" Bhailíomar ár ngiuirléidí go ciúin agus d’imigh amach ar an tsráid arís, ag caitheamh corr-shracfhéachaint ar ais ar an bhfoirgneamh mór laistiar dínn a bhí clúdaithe le sreang dheilgneach.
gach aon duine fá scread asail dínn everyone within a stone's throw of us
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
curtha dínn. behind us.
" Tá an maratón, a labharas faoi ag tús an tsamhraidh, curtha dínn.
braithim go bhfuil an ceol buíoch dínne I feel that the music is grateful to us
" Ar bhealach ait, braithim go bhfuil an ceol buíoch dínne as é a sheinnt! Tosaíonn Dee ag seinnt foinn ar an mbainseó.
Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, he wanted to make stars out of us
" Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, tá a fhios agat.
chur dínn to get over
" Ba bhreá liom cuairt a thabhairt ar an taobh sin lá éigin agus cá bhfios nach dtabharfaidh go fóill ach an chruatain airgeadais seo a chur dínn idir seo agus sin!
dínn áirithe mar of us mentioned
" Tá Éireannaigh sa cheathrú háit agus gan ach 407,000 dínn áirithe mar chuid de dhaonra Sasana is na Breataine Bige.
an dobrón a chur dínn get rid of the immense sadness
" Ba chóir dúinn an dobrón a chur dínn agus dul i ngleic leis na ceisteanna móra a réiteoidh cén cineál tíre a fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh, ár gcuid páistí.
a chur dínn we (have) come through
" Seo muid anois i Lúnasa 2013 agus táimid i ndiaidh ceann de na míonna is tábhachtaí do thionscal na gcarranna le tamall fada a chur dínn.
ag déanamh mór is fiú dínn féin making a big deal of ourselves
" An bhfuil saothar an Phartanóin mar chuid den oidhreacht ilréimseach dhomhanda is linne, an cine daonna ar fad, nó, an bhfuil muid ag déanamh mór is fiú dínn féin sa chás seo agus ar chóir saothar luachmhar oidhreachtúil a thabhairt ar ais do na tíortha as ar tháinig siad?
an chuid is uaisle dínn féin the most noble aspect of ourselves
" Bíonn laochra idéalacha uainn chun an chuid is uaisle dínn féin a nochtadh dúinn féin: Artúr, Robin Hood, Fianna Éireann na n-each seang, Éamon an Chnoic.