Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag meath díobháil itheacháin wasting away because he wasn't eating
" Bhí sé ag meath díobháil itheacháin.
a raibh de dhíobháil orthu all that they wanted
" Agus ba mhaith liom na ceamaraí sin - nach raibh ar siúl nuair a bhris an triúr gadaí isteach in Castlereagh an mhí seo caite; thug gríosáil do bhall den fhórsa; chuaigh fríd comhaid an-rúnda ar feadh 10-30 bomaite; sciob a raibh de dhíobháil orthu agus d'imigh - a chur i Seomra 220.
díobháil féiniúlachta lack of identity
" "Is é easpa muiníne agus díobháil féiniúlachta is ciontaí leis an ailtireacht chranda," a dúirt sé.
díobháil harm
" Rinne sé cur síos ar an díobháil a bhí déanta ag an chóras oideachais náisiúnta don chultúr agus don teanga in Éirinn.
díobháil damage
" " Ba mhór an trua dá ndéanfadh bagairtí na sceimhlitheoirí díobháil don obair atá déanta ag Walsh, Cummiskey, muintir Monahan, agus go leor daoine eile i Nua-Eabhrac a bhfuil dua caite acu leis an IPPCH.
díobháil harm, injury
" Barr an chnoic oighir? Go dtí go bhfuil achan duine sásta leithéidí Dubbeljoint a thriail, agus iarracht a dhéanamh spreagadh agus croí a gcéilí comhraic a thuigbheáil, mairfidh an díobháil chogaidh in áit na síochána go ceann tamaill eile.
díobháil harm
" An téacs don Bhunreacht a bheidh idir chamáin ag na rialtais san Iodáil, tá sé ann agus is amhlaidh atá sé toisc gur theastaigh ó chách an díobháil a rinneadh i Nice a sheachaint.
atá de dhíobháil orthu that they want
" Is éard a bheas i gceist ná go gcuirfidh siad ceisteanna ar roinnt grúpaí fócais cad iad na cineálacha cláracha Gaeilge atá de dhíobháil orthu.
an-díobháil a lot of damage
" " Measann Lillis go bhfuil claonadh róláidir ann a bheith ag brú na Gaeilge ar dhaoine sa tír seo agus go bhfuil an-díobháil déanta ag an chur chuige sin.
an díobháil íocaíochtaí that lack of payments
" Iontach go leor, tá an díobháil íocaíochtaí sin ag fóirstean do chuid de na páirtithe, an DUP agus go háirithe Sinn Féin.
bhí spás de dhíobháil air he needed space
" " Measann sé anois go mbíonn méid áirithe brú de dhíth le cinntiú go n-éireoidh leat caighdeán ard a bhaint amach ar uirlis ach bhí spás de dhíobháil air lena shuim sa cheol a mhuscailt ann féin agus thug a athair mór an spás sin dó.
díobháil harm
" Mhaígh seisean go mbeadh sé baolach 650,000 méadar ciúbach de mhóin a aistriú go portach a bhí buailte leis an chríochfort agus go ndéanfadh sé díobháil do thimpeallacht agus d’áilleacht an cheantair.
tá am de dhíobháil orthu they need the time
" ” Cinnte, tá am de dhíobháil orthu ach tá súil agam nach géilleadh atá de dhíth ar phoblachtánaigh uathu.
an cineál sochaí atá de dhíobháil orthu the kind of society that they want
" Tá sé in am ag aontachtaithe toiseacht a mheabhrú ar an am atá rompu agus an cineál sochaí atá de dhíobháil orthu.
de dhíobháil needed
" Ní hé go bhfuil an mhilseacht sin uilig de dhíobháil ar an Aire nó tá sí sách milis cheana féin, ach cuideoidh an bronntanas le tionscal an tsiúcra in Éirinn níos mó ná mar a chuidigh cuid cainteanna an Aire san Eoraip an mhí seo a chuaigh thart.
atá de dhíobháil ort that you require
" Más craic agus spraoi fríd mheán na Gaeilge (agus na Gàidhlig) atá de dhíobháil ort an t-earrach seo, b’fhiú duit bheith i láthair ag Gaelfest, an fhéile mhór Ghaelach a bheas ar siúl ag tús mhí an Aibreáin i mbliana i mbaile an Chabháin.
díobháil mhór great harm
" Bhí sé mar pholasaí ag an Roinn Oideachais ag an am scoileanna beaga a dhúnadh agus ba pholasaí é seo a rinne díobháil mhór don Ghaeilge.
díobháil harm
" Faoin am a thug an rialtas a gcuid botún faoi deara, bhí an díobháil déanta.
díobháil cuntasachta, the absence of accountability,
" Luaigh sé teip d’aon turas taifid a choinneáil, díobháil cuntasachta, coinneáil siar faisnéise agus fianaise, síos fríd an réimse iomlán, dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit san áireamh.
díobháil iomlán tuigbheála a total lack of understanding
" Léirigh siad díobháil iomlán tuigbheála ar cad is teanga ann, nó ar stair nó tábhacht nó saibhreas na Gaeilge ina “dtírín” beag féin.
díobháil harm
" Ní raibh sé ar intinn acu drochmheas a léiriú agus díobháil a dhéanamh, ach mar sin féin thaispeáin scéal grinn an ghrúpa seo sean-Iodálach chomh deacair is a bheas sé fáil réidh leis an seandearcadh atá ag daoine áirithe sna Stáit Aontaithe i leith na nGormach.
de dhíobháil orthu needed by them
" Chan é go bhfuil spéis aige féin in Uachtaránacht Mheiriceá, ach is maith leis ceachtanna a theagasc do dhaoine nach mbíonn ceachtanna ag teastáil uathu nó de dhíobháil orthu (mar a dhéanadh múinteoirí na hÉireann san am fadó, roimh theacht Mhicí Uí Leery).
an-díobháil a lot of damage
" Idir an bheirt acu, rinne siad an-díobháil i gceantar amháin, a chosnóidh suas le £13,000 le cur ina ceart.
Cad é a mheasann siad atá de dhíobháil orm? what do they think that I want
" Cad é a mheasann siad atá de dhíobháil orm? Cad é faoin spéir a bheadh ó dhuine, agus é ina sheasamh in óstán os comhair cuntair – ceann a cuireadh ansin le duine a chur ar a chúl ag tabhairt amach eochracha! Agus bíonn an strainc seo curtha acu orthu féin.
díobháil dul chun cinn lack of progress
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
an tuairisc atá de dhíobháil air! the report he requires!
" Deir an eagraíocht fosta gur dócha ná a mhalairt go bhfaighidh an té a dhíolann airgead den chineál sin an tuairisc atá de dhíobháil air! Titeann sé ina dhiaidh sin ar phríomhoidí ciorclán na Roinne Oideachais i leith na díolúine a chur i bhfeidhm.
díobháil bolscaireachta lack of publicity
" ** **Micheál Martin **(Leatosaí ar dheis): Is iad baill na foirne tosaithe, de ghnáth, a tharraingíonn poiblíocht orthu féin agus ní bheidh díobháil bolscaireachta ar phríomhthaidhleoir an tíre agus reifreann ar Chonradh Liospóin ar na bacáin.
díobháil inmheánach internal damage
" Ach ó thaobh Searnóbail de, ní léir duit an dochar: i gcás 90 faoin gcéad de na daoine a bhfuil tinneas orthu, is éard atá i gceist ná díobháil inmheánach.
díobháil an iomarca mórtais ina ghlór no excess of pride
" Bhain mé an duais an bhliain sin” ar sé agus díobháil an iomarca mórtais ina ghlór.
a bhfuil de dhíobháil orm féin what I need myself
" Ar achan duine eile agaibh, guím daoibh a bhfuil de dhíobháil orm féin: Go raibh Athbhliain faoi shuaimhneas is faoi shíocháin agaibh agus go raibh sibh saor ón driopás!
de dhíobháil orthu they('d) need
" Bheadh na mílte Yank thart ag iarraidh ithe agus ól ó mhaidin go hoíche agus bheadh lóistín de dhíobháil orthu ansin.
de dhíobháil ort you want, needed, miss
" Tá rud ’inteacht le bheith ráite mar sin féin, fá dtaobh de a bheith ciallmhar nuair atá rud éigin de dhíobháil ort a bhfuil fiúntas ann i do shaol, agus do chuid obair baile a dhéanamh sa dóigh agus deal a fháil má bhíonn ceann a gha’il.
dhíobháil damage
" Is féidir lipéad a deir “*unavoidably unsafe*” a chur ar vacsaín agus ní bheadh aon leigheas ar dhíobháil ag an bpobal in aghaidh leithéidí GlaxoKlineSmith, Baxter, Novartis agus Sanofi Pasteur, is cuma cén dochar a dhéanfaidís do dhuine.
díobháil harm
" Anois bhí ana-Bhéarla aige mo mháthair chomh maith mar gur ó Bhaile na Buaile í sa Daingean agus fuaireamar beagán Béarla uaithi sin chomh maith, rud ná dhein aon díobháil dom nuair a chuas go Sasana.
aon díobháil any damage
" Tá bóthar ‘La Route Touristique’ le taobh na farraige idir sráidbhailte deasa nár fhulaing aon díobháil ailtireachta ach ab é na fógraí bóthair.
díobháil absence
" Tá nasc díreach idir an díobháil litearthachta agus an choiriúlacht,” ar sé.
de dhíobháil uirthi she’ll need
" ” “Is maith sin,” a d’fhreagair Balor, “nó beidh scileanna an chluiche sin de dhíobháil uirthi le fanacht amach ó na haistritheoirí Gaeilge ar fad atá ag brath ar na haistriúcháin sin chun slí bheatha a bhaint amach.
de dhíobháil ar needed
" Bhí sí den tuairim go raibh teangacha éagsúla de dhíobháil ar pháistí.
bhí de dhíobháil air he wanted
" 
Ba léir nach raibh a fhios ag Collins óg cad é an tslí bheatha a bhí de dhíobháil air.
Níl díobháil conspóide has had no shortage of controversy
" Níl díobháil conspóide ar an rialtóir chraolacháin go dtí seo.
ar ais i mbun díobhála doing damage again
" **Na Laochra is Lú - Laoise Ní Chléirigh** Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála.
ar ais i mbun díobhála doing damage again
" ** Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála.
is mó ina díobháil who most need it
" Cé acu is tábhachtaí - tithíocht a chur ar fáil do na daoine is mó ina díobháil, .
Díobháil foirne for lack of staff
" Díobháil foirne, díobháil ama, díobháil maoinithe, an bhfuil todhchai ar bith ag an iriseoireacht iniúchach ó thuaidh?
bheadh díobháil déanta damage would have been done
" Iriseoireacht Ghaeilge ======== Maidir le hiriseoireacht na Gaeilge, deir Róisín gur iontach ann é TG4 agus murach é, bheadh díobháil déanta don teanga fadó.
aon díobháil any harm
" Bagraíodh na póilíní go mbeadh sé ina chogadh dearg dá ndéanfaí aon díobháil don tsagart.
díobháil foirne a lack of staff
" Bhí fadhbanna eile acu - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht cé gur ann dó go fóill agus tá Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza faoi láthair.
díobháil áiseanna a lack of facilities
" Bhí fadhbanna eile acu - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht cé gur ann dó go fóill agus tá Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza faoi láthair.