Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díocas keenness
" Is fear é Mícheál Ó Grádaigh atá tar éis mórán a bhaint amach i gcúrsaí iomána i rith a shaoil ach tá an díocas céanna ann is a bhí riamh.
díocas keenness
" Tá sé paiseanta agus lán le díocas nuair atá an iománaíocht faoi chaibidil aige.
instealladh díocais injection of enthusiassm/keeness
" Dá ndéarfadh duine, 'Beidh séasúr drámaíochta ar siúl i mí na Samhna gach aon bhliain nó i mí Aibreáin gach aon bhliain, agus beidh cúig cinn de dhrámaí Gaeilge ar siúl', cuir i gcás sa Phéacóg, dob fhéidir, dar liom, lucht na Gaeilge a thabhairt le chéile nó fuinneamh nó instealladh díocais éigin a chur isteach iontu.
díocas keenness
" Ón méid atá feicthe agam féin agus mé i mo chuairteoir i gCamus le roinnt blianta anuas, tá Colmán agus a chomhghleacaithe ag treabhadh an ghoirt i gceart, agus le díocas, agus táim cinnte go mbeidh toradh ar a saothar.
díocas chun oibre eagerness to work
" Gan obair sa mbaile, ach le hoideachas nó scileanna maithe agus díocas chun oibre, thrasnaíodar an tAigéan Atlantach ar víosaí turasóireachta agus d'fhanadar, ag tógáil tithe i mBostún, ag tarraingt piontaí i Nua-Eabhrac, nó ag garraíodóireacht i Siceágó.
le díocas agus le croí with eagerness and heart
" D’imir Éire le díocas agus le croí agus thug léasadh ceart do na Sasanaigh.
díocas effort
" Bíonn na géarchoimhlintí idir na contaethe lán le dóchas agus díocas, misneach agus mórtas, áthas agus aiféala.
díocas keenness
" Samhlaítear roinnt de na tréithe seo a leanas leis an bhfocal bronco: cíocras; gráin; díocas; binb agus gangaid.
le teann díocais through sheer effort
" D’éirigh le foireann na Mí, mar is dual dóibh, ionsaí déanach a dhéanamh ar dhúnfort Lú, agus le teann díocais agus díograise, an liathróid a chur thar líne chúil Lú.
díocas dedication
" Tá sé soiléir go leor nach bhfuil contaetha áirithe ag tabhairt faoi chomórtas an chúige leis an díocas céanna is a bhíodh.
le díocas with gusto
" Na himreoirí againne, ar fud na páirce, ag cur chuige le misneach, scil (in ainneoin na báistí agus na gaoithe) agus le díocas.
dhíocas na hóige youthful vigour
" Beirt mhionúr eile isteach ar an bpáirc mar ionadaithe agus is maith ann iad agus a bhfuil d’fhuinneamh agus de dhíocas na hóige iontu.
a threabhann sé le díocas géar tiomanta where he ploughs intently and zealously
" Sin é a ghort, an spás a threabhann sé le díocas géar tiomanta.
le díocas Dé ag gleadhradh ina súíle a religious zeal shinning in their eyes
" Ní féidir iad a stopadh, le díocas Dé ag gleadhradh ina súíle, agus tá arm na hIaráice, a chaith rialtas Mheiriceá na scórtha milliún á n-oiliúint, ag creimeadh rompu.
díocas na coimhlinte keen rivalry
" Chuir feabhas na himeartha agus díocas na coimhlinte gliondar air.