Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díolúine exemption
" Ní gan dua a cuireadh a leithéid de Acht i bhfeidhm agus tá 458 achomharc déanta cheana féin ag úinéirí atá ag lorg díolúine uaidh.
díolúine exemption
" Ach tá sé admhaithe ag an Roinn gur tugadh díolúine do 964 eitleán armtha cheana féin i mbliana tuirlingt in Aerfort na Sionna.
díolúine exemption
" Anuas air sin, tabharfar díolúine de os cionn leathchéad comhlacht poiblí óna gcuid dualgas i leith an Achta.
díolúine exemption
" An ndéarfá go raibh fabht éigin sa chóras a cheadódh a leithéid? Sin é go díreach atá ar bun de réir mo bharúlsa i gcás an líon ard scoláirí atá ag fáil díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa mheánscoil ach atá ag an am chéanna ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach amháin eile ar a laghad a fhoghlaim.
díolúine ó ionchúiseamh exemption from prosecution
" Sa bhliain 2008 rinne cúirt sa Spáinn 40 ceannaire de chuid an RPF a dhíotáil as coir an chinedhíothaithe a bheith déanta acu, ach bhí díolúine ó ionchúiseamh ag Kagame mar gheall ar é a bheith ina cheann stáit.
díolúine exemption
" An díolúine Úd BD: Chuir an Teachta Hayes tús arís leis an chaint maidir le Gaeilge éigeantach don Ardteist tar éis do Nuacht TG4 a nochtadh go mbíonn ionann is beirt as gach triúr a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge san Ardteist de bharr fadhbanna foghlama, ar nós díléamha (nó disléicse), ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach san Ardteist.
dhíolúine exemption
" Tá mic léinn nach bhfuil ag iarraidh Gaeilge a dhéanamh ag fáil amach de réir a chéile go bhfuil bealach éalaithe as an riachtanas seo trí dhíolúine a fháil, ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama acu, mar dhea.
díolúine exemption
" In Éirinn, áfach, mura mbronntar díolúine air is dócha ná a mhalairt go gcaithfidh an gnáth-Éireannach suas le trí bliana déag ag foghlaim na Gaeilge ar scoil.
díolúine exemption
" Bhí sé sin le sonrú ach go háirthe sa seasamh a ghlac sé níos luaithe i mbliana nuair a léirigh iniúchadh de chuid Nuacht TG4 go raibh ionann is beirt as gach triúr a fuair díolúine ón Ghaeilge de bharr míchumas foghlama ar nós disléicse, ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile don Ardteist.
go tréan in éadan díolúine strongly opposed to an exemption
" Chuir tAire Seirbhísí Poiblí, John Boland, go tréan in éadan díolúine ón chosc ar earcaíocht a thabhairt do Bhord na Gaeilge nó don Roinn leis an Phlean a chur i bhfeidhm.
ag fáil díolúine obtaining an exemption
" “Tá an t-am istigh don argóint a bhaineann le príobháideachas an duine sin an t-eolas sin a cheilt - is linn go léir airgead na gcarthanas mar tá siad ag fáil díolúine ó na coimisinéirí ioncaim.
díolúine exemption
" Léirigh taighde a rinne Breandán Delap le gairid go bhfuil méadú mór tagtha ar an líon daltaí nach bhfuil orthu an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar don Ardteist agus go bhfuil sé sin amhlaidh de bhrí go bhfuil mí-úsáid á baint as an díolúine atá ann do dhaoine a bhfuil míchumas foghlama orthu.