Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díolacháin sales
" Díolachán ======= Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil ráta díolacháin na nguthán soghluaiste níos ísle i mbliana ná mar a bhí sa bhliain 2000.
díolachán sale
" Bíonn na saothair ar díol agus cuireann an coimisiún a thagann as an díolachán seo sciar maith d'ioncam na dánlainne ar fáil gach bliain.
díolachán selling
" Seachas airgead stáit, cad iad na foinsí eile airgid atá agaibh? An fhoinse airgid is tábhachtaí ná díolachán na n-earraí is na seirbhísí atá á dtairiscint againn.
díolachán sale
" díolachán leabhar a mhéadú ionas go ndíolfaí ar a laghad míle cóip de gach leabhar nua taobh istigh de bhliain ón dáta foilsithe.
dhíolacháin sales
" Mar shampla, i gcás an *Irish Mirror*, nach ndíolann ach thart ar 73,000 cóip sa tír seo, sin thart ar 5% de dhíolacháin iomlán an nuachtáin, is ar scéalta sna heagrán Éireannacha a chaitheann an *Mirror *45% den bhuiséad atá curtha ar leataobh le haghaidh cásanna leabhail.
díolachán na ndeochanna meisciúla the sales of alcoholic drinks
" "Tá díolachán na ndeochanna meisciúla méadaithe 60% agus díolachán an bhia i ndiaidh dúblú," arsa Jones.
feachtas margaíochta agus díolacháin marketing and sales campaign
" Ceann de na tionscadail is tábhachtaí atá againn faoi láthair is ea *Léigh Leat!, *feachtas margaíochta agus díolacháin atá dírithe ar na scoileanna.
ar son an ionadaí díolacháin on behalf of the sales rep
" Bhí cúraimí éagsúla orm, ina measc, an crann Nollag a mhaisiú, ansin seasca cárta Nollag a shíniú ar son an ionadaí díolacháin in Oirthear na hEorpa.
díolacháin sales
" Ach an bhfuil duine beo taobh thiar den bhéaloideas seo nó an é nach bhfuil ann sa deireadh ach toradh samhlaíochta nó, níos measa arís, íomhá a cruthaíodh le dlús a chur le cúrsaí siopadóireachta aimsir na Nollag? Creidtear gurb é an comhlacht Coca-Cola a thug ar an saol sna 1930aí an íomhá is coitianta atá againn anois den phearsa seo, nuair a léirigh an maisitheoir trádála Haddon Sundblom Daidí na Nollag i ndathanna an chomhlachta (bán agus dearg) mar chuid d’fheachtas fógraíochta an gheimhridh - tréimhse a bhí thar a bheith deacair ó thaobh díolacháin ag Coca-Cola, is cosúil.
tuilleadh díolacháin more sales
" “Tá Bord na Leabhar Gaeilge ag tacú go maith linn, caithfidh mé a rá, agus tá siad ag tacú go speisialta linn ó thaobh an margadh a leathnú amach, tuilleadh poiblíochta a dhéanamh do na leabhair agus tuilleadh díolacháin a dhéanamh.
an lucht díolacháin the sales people
" Tá na hinnealtóirí ag iarraidh réiteach a fháil, agus tá an lucht díolacháin ag súil nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal.
díolachán agus fáilteachas. retail and hospitality.
" 64% de na postanna ó thuaidh, tá siad i dtrí rannóg: an earnáil phoiblí, díolachán agus fáilteachas.
díolachán alcóil sna hollmhargaí alcohol sales in supermarkets
" An toradh atá air sin ná go bhfuil díolachán alcóil sna hollmhargaí i ndiaidh méadú go mór agus tá daoine ag fanacht sa bhaile in áit dul amach mar a théadh siad roimhe seo.
ar fhigiúirí díolacháin on distribution figures
" Tá meath leanúnach tagtha ar fhigiúirí díolacháin na nuachtán ar fud na cruinne le scór bliain anuas, mar shampla.
ansmacht na bhfigiúirí díolacháin oppression of sales figures
" Tá *Lá* ag strácáil riamh anall le hansmacht na bhfigiúirí díolacháin agus ní dócha gur i bhfeabhas atá siad ag dul.
De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí according to the most recent sales figures
" De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí atá eisithe ag an Audit Bureau of Circulation (ABC), díoltar ar a mheán 160,000 cóip den *Irish Independent* gach lá; 118,000 cóip den *Irish Times*; 107,000 cóip den *Irish Sun*; 103,000 cóip den *Irish Star*; 83,000 den *Evening Herald* agus den *Belfast Telegraph* araon; 73,000 den *Irish Mirror*; 56,000 den *Irish Examiner* agus 49,000 den *Irish News*.
a chuir na díolacháin seo i gcrích. who brought off these sales
" Ba é Aire Cosanta na Seoirsia, Davit Kezerashvili – ar saoránach de chuid Iosrael é – a chuir na díolacháin seo i gcrích.
díolacháin Eanáir January sales
" )Ach a bheith ag dul ó *Macy’s* go *Sachs of 5th Avenue*, agus as sin go *Barney’s* ag cuardach *Angebots*, nuair nach bhfuil fágtha insna díolacháin Eanáir ach *junk* atá i bhfad rómhór nó i bhfad róbheag fá d’choinne, dá má rud é go ligfeadh náire duit dul amach ar an doras agus é ar do dhroim! Cinnte, bíonn rudaí deasa sna háiteanna seo, ach bí cinnte fá seo - rud ar bith a thugann do chroí taitneamh dó, bíodh geall nach bhfuil sé sa díolachán! Ansin tá na “*outlet stores*” seo ann nach bhfuair mise riamh a dhath iontu gur fiú trácht air, ach taom scaoill b’fheidir.
fear díolacháin salesman
" Seachain an fear díolacháin In agallamh ar theilifís Astrálach i mí Lúnasa, 2001, mí roimh 9/11, dúirt Richard Perle, a bhí ina chathaoirleach ar an mBord Polasaí um Chosaint ag an am, go raibh SAM buartha faoi trí thír: na tíortha céanna a d’ainmnigh Bush mar “ais an oilc” bliain ina dhiaidh sin.
díolachán sale
" An bhfuil scríbhneoirí agus iriseoirí eile amuigh ansin a láidreodh an táirge nua chun go gceannódh níos mó daoine nuachtán gaeilge? An féidir an dá thrá a fhreastal agus é a bheith tarraingteach do dhaoine óga fosta? Is dócha go raibh díolachán de thart fá trí mhíle cóip ag Foinse gach seachtain.
díolachán arm tine fire arms sales
" Tá athruithe dlí a d’éascódh úinéireacht ghunnaí a thuilleadh curtha ar athló sa Bhrasaíl agus tá reifreann nua á mholadh faoin gceist ar cheart díolachán arm tine a chosc go hiomlán.
díolacháin sales
" Léiríonn figiúirí díolacháin leithéidí *The Irish Daily Star* agus an *News of the World* go bhfuil ráchairt mhór ar scéalta den chineáil sin in Éirinn.
spreagadh díolacháin sales inducement
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
díolacháin domhanda sales worldwide
" Tá, mar a deirtear, ór sna cnoic sin: is fiú $58 billiún díolacháin domhanda cluichí agus, ag $28 billún, is ar cluichí consóil a chaitear formhór an airgid.
díolacháin selling
" Le díol mar sin a dhéanamh, tá mé ag ceapadh go gcaithfidh tú go leor leor díolacháin a dhéanamh.
Mar gheall ar an easpa díolacháin due to the lack of sale(s)
" Mar gheall ar an easpa díolacháin an chuid eile den bhliain, bíonn ar dhíoltóirí fáil réidh le cuid dá bhfoireann oibre.
bhfuil ag teip ar dhíolacháin carranna nua new car sales are failing
" An fáth gur baolach áirid é an branda a thabhairt ar ais go hÉirinn, go bhfuil ag teip ar dhíolacháin carranna nua de gach aon chineál sa tír seo agus ar fud an domhain faoi láthair.
Beidh díolachán suntasach ar there’ll be great sale of
" Na hIlmheán ====== Beidh díolachán suntasach ar theilifíseáin ghlice an Nollaig seo (is fearr liom an aidiacht ‘glic’ sa chás seo seachas an gnáththéarma ‘cliste’; an féidir le gléas a bheith cliste i ndáiríre?).