Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag díriú a mhéire pointing
" "Tháinig siad anseo mar gur maith leo na caora dearga ar na toim sin," arsa éaneolaí, agus é ag díriú a mhéire i dtreo an bhóthair mhóir.
gan díriú without focusing on
" Bhí baint mhór ag cúrsaí airgid le meath na Gaeilge agus, faraor géar, ní féidir í a láidriú mar theanga phobail sa Ghaeltacht gan díriú ar cheist seo an airgid.
ag díriú ar concentrating on
" Tá Gaillimh le Gaeilge ag díriú ar lucht gnó na cathrach den chuid is mó.
díriú ar concentrate on
" Thosaigh cairdeas fada eatarthu a spreag muintir Uí Chionnaith le díriú ar chúrsaí ealaíne.
díriú isteach ar concentrate on
" Tá an fhealsúnacht ann, a deir sí, "má bhíonn ar dhuine díriú isteach ar thrí ghné éagsúla dá shaol nó dá saol go mbíonn ar an duine sin gné amháin a bhrú ar leataobh.
díriú ar focus/concentrate on
" Bhí sé i gceist againn ó thosach díriú ar mhuintir na hÉireann, idir leanaí scoile agus dhaoine fásta, *agus *ar an sliocht Éireannach ar fuaid an domhain.
chaitheamair díriú air we had to focus/concentrate on it
" Ach is mó i bhfad é an chéad mhargadh, agus chun a bheith praiticiúil gnóthúil, chaitheamair díriú air.
díriú ar focus on
" com le fáil amach cén dóigh! Beo!: Cad iad na tionscadail eile Ghaeilge a bhfuil tú ag smaoineamh orthu? AH: Ba mhaith liom díriú ar scríbhneoireacht chruthaitheach, bíodh sé i bhfoirm drámaí, scríbhneoireacht scripte, nó scríbhneoireacht "thraidisiúnta" phróis.
ag díriú isteach ar aíonna concentrating on guests
" Táimid ag díriú isteach ar aíonna as ceantar áirithe.
díriú i gceart to concentrate properly
" D'fhéadfadh muid 150 a dhéanamh ach ansin ní bheadh muid in ann díriú i gceart ar an gceol mar a theastaíonn uainn.
ag díriú pointing
" Lena chois sin bhí na Gardaí Náisiúnta ann ina n-éide ghlas, a raidhfilí ag díriú ar an talamh, a súile ag léim ó chúinne amháin go cúinne eile den stáisiún.
ag díriú ar concentrating on
" Na buntáistí ná go bhfuil tú ag sábháil ar an meán 20% ar an mbille i gcomparáid le hEircom agus, chomh maith leis sin, is comhlacht atá á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge muid atá ag díriú ar phobal na Gaeilge.
ag díriú a n-airde focussing
" An cheist mhór, dar le Dennehy, nó: "An éireoidh leo an áit a bhaint amach choíche?" Tá daoine eile ag díriú a n-airde orthu siúd atá anseo cheana.
díriú go huile is go hiomlán anois to concentrate entirely now
" Thug an Taoiseach féin sonc cliathánach dó ar fhoilsiú Thuarascáil Quigley nuair a dúirt go raibh súil aige go mbeadh an tAire Cullen ábalta díriú go huile is go hiomlán anois ar na nithe uilig atá faoina chúram, mar gur cinnte go raibh neart oibre le déanamh.
ag díriú aird an phobail focusing the public's attention
" Tá conspóid ar siúl in Dingle i Learpholl faoi láthair atá ag díriú aird an phobail sa tír seo ar pholasaí tithíochta an rialtais.
a bhfuiltear ag díriú uirthi that is being looked at
" ” An bhfuil fadhb ann, áfach, go bhfuil duine ar bith, is cuma cén caighdeán Gaeilge atá aige nó aici, in ann seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil? “Tá ceist ann faoi chaighdeáin, agus is ceist í sin a bhfuiltear ag díriú uirthi faoi láthair.
díriú ar focussing on
" Caithfidh siad díriú ar a leas féin i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach.
ag díriú ar focusing on
" Comhlachtaí ======= Ach ní comhluadair amháin atá ag díriú ar an mblagadóireacht.
ag díriú ar focusing on
" Comhlachtaí ======= Ach ní comhluadair amháin atá ag díriú ar an mblagadóireacht.
ag díriú ar an eite dheis focusing on the right wing
" Is dócha gur cinneadh chun feabhais é ceapachán Michael McDowell mar cheannaire sa mhéid is go bhfuil sé ag díriú ar an eite dheis – áit nach bhfuil róphlódaithe i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair.
ag díriú a mhéire ar pointing towards
" Bhí mé amuigh le grúpa siúlóirí ó chúrsa Oideas Gael ar Ros Eoghain nuair a chas muid air agus bhí sé ag díriú a mhéire ar Chionn Ghlinne agus ar an Storrúil, trasna na bá, ag rá, “Sliabh Liag, Sliabh Liag” linn.
ag díriú ar cheist an ionracais focussing on the question of honesty
" An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá? Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta.
ag díriú a n-airde focusing their attention
" Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge! Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
ag díriú a nimhe, directing their venom,
" Más ar a chéile atá an UDA ag díriú a nimhe, tá an UVF ag coinneáil súl ar náisiúnaithe.
ag díriú a mhéire ar thriúr pointing at three people
" “They’re the Everton scouts,” arsa Steve McKenna liom, ag díriú a mhéire ar thriúr i measc an tslua.
ag díriú ar an todhchaí focusing on the future
" Tá ráite ag Ombudsman úr na bpóilíní, Al Hutchinson, gur cheart do mhuintir an tuaiscirt bheith ag díriú ar an todhchaí agus ní ar mhíghníomhartha na bpóilíní san am atá thart.
ag díriú isteach ar an Ghaeilge. focussing on the Irish language.
" I ndiaidh na n-ionsaithe ar Shráid Bombay, thosaigh muid ag díriú isteach ar an Ghaeilge.
á díriú ar an UDA, being focused on the UDA,
" Má tá an aird uilig á díriú ar an UDA, ná déanaimis dearmad gur chuir na Red Hand Commandos trí philéar chuig UTV ag deireadh na míosa seo caite agus ainmneacha agus sonraí uimhirphláta charranna Robin Livingstone, eagarthóir an *Andersonstown News*, agus Richard McAuley, Oifigeach Preasa Shinn Fein, leo.
díriú concentrate
" Má theipeann ar aon réimse amháin, is féidir linn díriú ar na réimsí eile.
ag díriú i gcónaí ar bhrabús. concentrating always on profit
" Gach seans go mbeidh siad díreach cosúil leis na seanchomhlachtaí - mar a bhíonn aon mhórchomhlacht - ag díriú i gcónaí ar bhrabús.
díriú concentrate
" Tá sé deacair a fheiceáil conas a d’fhéadfadh ceoltóir nó banna ceoil a bheadh ag obair go neamhspleách díriú ar na nithe thuas ar fad.
ag díriú a bhfógraí orthu. targeting their adverts at.
" Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.
a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu. they will be aiming their ads at
" Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.
ag díriú ar thionscadal mór: focusing on a big project:
" Taobh istigh d’achar gairid, bhí sé ag díriú ar thionscadal mór: beathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, an scríbhneoir, iriseoir agus criticeoir as Árainn, a fuair bás sa bhliain 1990.
díriú isteach focus on
" Agus ba chóir d'Éirinn díriú isteach ar na cúrsaí seo ar chúiseanna eacnamúla chomh maith.
díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt concentrate on Northern affairs
" Mura bhfuil sé d’acmhainn acu nuachtán laethúil den chaighdeán seo a fhoilsiú – agus creidim gur bunriachtanais iad na gnéithe sin thuas nach féidir a bheith beo dá n-éagmais i margadh iomaíoch na nuachtán – b’fhearr éirí as an bhfoilsiú laethúil agus nuachtán seachtainiúil a dhéanamh de *Lá Nua* arís, nó é a fhoilsiú dhá nó uair uaire sa tseachtain, agus díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó.
díriú ar an ghné sin dá saol to focus on that aspect of her life
" Dúirt sí go bhfuil sé de nós ag iriseoirí díriú ar an ghné sin dá saol le fada ach gur “iriseoireacht leisciúil” é a leithéid a dhéanamh.
díriú isteach i gceart to focus properly
" ” **Ar an stáitse** Rinne Carrie aisteoireacht ó am go chéile thar na blianta, fiú agus obair eile idir lámha aici, ach rinne sí cinneadh roinnt blianta ó shin díriú isteach i gceart ar an obair sin.
rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam Donal made a decision to concentrate on producing albums
" ”Rinne Lunny agus Davey cúig cheolchoirm le chéile ag an am ach níor éirigh go rómhaith leo agus rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam agus ar obair sheisiún lena bheatha a thabhairt i dtír.
ag díriú isteach ar focusing on
" Tá Gaelchultúr anois ag díriú isteach ar nideoga ar leith: forbairt acmhainní teagaisc, cuir i gcás, agus seirbhísí a chur ar fáil atá bainteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.
ag díriú ar focusing on
" Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.
díriú ar réimse amháin concentrate on one field
" Ní gá duit ach díriú ar réimse amháin agus a bheith tógtha leis.
díriú ar a chúram minding his business
" Ach níorbh é an t-aon duine nach raibh ag díriú ar a chúram.
díriú a n-airde directing their attention
" Beartas Nua Lena cheart a thabhairt don rialtas tá siad ag díriú a n-airde ar na fadbhanna seo.
díriú to direct
" Is mithid, áfach, díriú ar chuid dá gcuid costas atá imithe as compás le dornán blianta anuas.
díriú facing
" Fiú im’ ollscoil féin, tá seastán anois ann sa leabharlann - agus muid ag díriú ar Lá Fhéile Phádraig – atá iomlán tiomnaithe do scannáin Éireannacha, nó ar a laghad, le hÉirinn mar ábhar staidéir acu.
díriú ar to zero in on
" I measc na nithe a thug sé faoi deara ná go raibh deacrachtaí éisteachta ag daoine le fadhbanna foghlamtha agus go bhféadfaí cuidiú leo ach díriú ar chúrsaí éisteachta.
díriú ar to look at
" Is leasc le daoine díriú ar an seicteachas ar eagla go bhfaighidh siad amach go bhfuil an fhadhb rómhór, dosháraithe.
díriú ar direct towards
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
díriú concentrate
" Bhí mé ábalta díriú isteach ar an jab a bhí os mo choinnese agus neamhaird a dhéanamh de dhaoine eile agus de na cuspóirí a bhí acusan – i.
díriú directing
" Bhí feachtas fuilteach na mbuamaí cairr faoi lán seoil a fhad is bhí Sealadaigh an IRA ag díriú ar "spriocanna eacnamaíochta" mar dhea - pubanna, siopaí, bancanna, etc.
díriú na méar pointing
" Ní fios go fóill cé a d'eagraigh é, ach táthar ag díriú na méar go forleathan i dtreo Dick Armey, feisire fíorchoimeádach as Texas, agus a eagraíocht FreedomWorks, brúghrúpa a oibríonn thar ceann comhlachtaí chun cáin a ísliú agus gnó an stáit a chur i lámha na hearnála príobháidí.
díriú concentrate
" Bíonn spriocdháta i gceist agus is minic gur deacair díriú ar aon ábhar amháin.
díriú point(ed)
" Tá méar á díriú ar na bancanna agus ar na forbróírí chuile lá sna meáin.
díriú isteach zero in
" Bhí sí in ann díriú isteach ar an career s’aici féin.
ag díriú ar zeroing in on
" Beifear ag díriú ar leabhar nua gach mí agus beidh deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh.
á díriú being directed
" Taispeánadh an scannán i seachtain ina bhfuil aird á díriú ar dhúnmharú eile i ré monacróm na 1970í luatha - fuadach, marú agus adhlacadh rúnda Jean McConville, baintreach a raibh 10 bpáistí aici.
díriú concentrate
" B’fhearr díriú orthu sin seachas a bheith ag iarraidh baint de stádas na teanga.
díriú ar zero in on
" In áit an t-airgead mór seo a chur amú, b’fhearr i bhfad díriú ar líofacht a thabhairt do na mic léinn atá ag iarraidh í a fhoghlaim.
ní mó díriú air attention has to be paid to it
" Ach is é an mionlach sin an fhadhb agus ní mó díriú air má tá deireadh le teacht le mí-iompar foréigneach.
díriú to direct
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
díriú ar to concentrate on
" B’fhéidir go mbíonn níos mó ama ag daoine díriú ar rudaí mar sin.
ag díriú concentrating
" Tá siad ag díriú go mór ar an teicneolaíocht ghlas, ar leictreonaic, agus ar iompar, ach le fírinne, tá siad ag forbairt na teicneolaíochta in chuile réimse: ón ghéineolaíocht go dti leathsheoltóirí.
díriú isteach zero in
" D'fhéadfadh sé díriú isteach ar mhionphobal amháin agus cláracha a dhéanamh dóibh siúd amháin.
ag díriú directing
" Mhol MLA dá gcuid, Stephen Farry, gur cheart go mbeadh an Roinn Oideachais ag díriú a bhfuinnimh ar scoileanna inmharthana.
ag díriú ar turning towards
" Tá an tír sin ar ais ar a seanléim ó thaobh an gheilleagair de, agus tá sí ag díriú ar mhargaí nua i dtíortha nuafhorbartha na hÁise.
ag díriú airde ar attention directed at
" Leanbaíocht na hAoise, nó an Mhallréir ======================= Táthar, agus beifear feasta, ag díriú airde ar an liogeolaíocht thar mar dhírigh siad riamh cheana.
lig dúinn díriú ar allow us to concentrate
" Anois lig dúinn díriú ar a bhfuilimid go léir aontaithe.
ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh concentrating on teaching problems
" Le tamall anuas tá Coimisiún Fulbright, faoi stiúir Colleen Dube in Éirinn, ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, agus ag lorg réitigh dóibh.
ag díriú ar concentrating on
" É sin ar fad ráite, in ainneoin chonspóidí faoi dhrugaí, faoi bhaghcait pholaitiúla, chiníochas agus faoi oilbhéimeanna éagsúla (mar shampla shiúil foireann sacair ban na Cóiré Thuaidh den pháirc nuair a ardaíodh brat náisiúnta na Cóiré Theas roimh a gcluiche), leanann an Ghluaiseacht Oilimpeach ar aghaidh agus í ag díriú ar na hidéil a spreag Baron Pierre de Coubertin in 1894 í a bhunú.
ar chóir díriú orthu which ought to be concentrated on
" Cuireadh moltaí ar fáil (i mBéarla) don Ombudsman maidir leis na tosaíochtaí ar chóir díriú orthu ins na dara scéim teanga.
díriú fosta ar direct (itself) also at
" Gnéithe den Uachtaránacht ========= Ba cheart don Chomhdháil díriú fosta ar Airteagal a 12 a bhaineann le hUachtarán na hÉireann.
díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire stuck into the new year resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú, a bhriseadh.
díriú ar inimircigh target immigrants
" ========== Ós rud é go mbeadh deacracht faoi leith ag baint le srian a chur leis an gceart gluaiseachta ar fud an Aontais Eorpaigh atá ag daoine ó na ballstáit éagsúla, caithfidh an Bhreatain díriú ar inimircigh ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach chun ráta na hinimirce a laghdú.
féidir leo díriú isteach ar thionscnamh they can zero in on a project
" Le Minecraft feicim gur féidir leo díriú isteach ar thionscnamh agus fanacht leis go dtí go mbeidh sé curtha i gcrích acu.
díriú isteach ar to concentrate on
" Úsáideann Simon ceol mar bhac eile freisin, bac a chuireann iachall ar an lucht féachana díriú isteach ar a chuid íomhánna go sollúnta.
ag díriú an spotsolais directing the spotlight
" D'éirigh le Ann Travers - agus Jim Alastair - bille a chur fríd a chuir cosc ar iarchimí, a chaith níos mó ná seacht mbliana ar an leaba chláir, bheith fostaithe mar chomhairleoirí speisialta i Stormont, ag díriú an spotsolais ar an SDLP nach raibh a fhios acu cén treo ina rachadh siad, ag cur le híomhá na mí-éifeachta atá orthu le fada an lá.
a bhfuil aird á díriú uirthi to which attention is being directed
" Ach gné amháin den daonra seo a bhfuil aird á díriú uirthi le blianta beaga anuas ná gné na hinscne.
díriú ar an oideachas to focus on education
" Bhí na tuismitheoirí i gcónaí ag iarraidh ar a bpáistí bheith go maith ar an scoil agus ag iarraidh orthu díriú ar an oideachas mar ní raibh sé acusan.
ní leor díriú ar it’s not enough to focus on
" Ceacht a haon: ní leor díriú ar na meáin sóisialta – tá i bhfad níos mó i gceist le gnó a chur chun cinn, ar líne nó di.
ag díriú isteach ar an tiomáint concentrating on his drive
" ” Bugair mo Bhugatti ========= Mhínigh Ruairí Mc Elroy (ó Norn Irlan) do Bhalor go raibh deacrachtaí aige le gnéithe éagsúla dá chluiche gailf, agus mar sin go raibh sé ag díriú isteach ar an tiomáint i mbliana.
in am díriú isteach ar bhliain úr time to pay attention to the new year
" Ach tá féile lár an gheimhridh thart, agus tá sé in am díriú isteach ar bhliain úr agus ar gach a mbaineann le tús nua, mar atá dea-rúin na hathbhliana.
díriú ar concentrate on
" Mar sin féin deirtear sa réamhrá leis an anailís ón bhForas nach mbeadh sé ‘de chumas ag Foras na Gaeilge díriú ar nuachtán seachtainiúil clóite a fhoilsiú le haon deontas ónár n-acmhainní teoranta agus na fadhbanna leanúnacha a bhaineann le dáileadh fós gan sárú’.
gcaithfidh sé díriú ar he has to concentrate
" Deir gach bainisteoir chomh maith go gcaithfidh sé díriú ar fhoireann amháin nó b’fhéidir ar dhá cheann ach níl aon duine acu tar éis a rá leis éirí as an bhfoireann a bhfuil sé féin mar bhainisteoir uirthi.
díriú ar a gcuid taighde to concentrate on their research
" Anois agus scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta chun ailt agus leabhair a fhoilsiú go rialta is go seasta, moltar do lucht acadúil díriú ar a gcuid taighde agus tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh.
ag díriú ar concentrating on
" Tá 3D Systems mar shampla ag díriú ar chruthanna clóite as siúcra amháin in ionad raon bia agus feicfidh tú leis na pictiúir ar dheis go bhfuil siad ag cruthú rudaí áille ar fad.
díriú ar oideachas níos fearr to concentrate on educating (the people) better
" “Anuas air sin,” a deir sí, “tá i gceist againn díriú ar oideachas níos fearr a chur ar an bpobal.
is féidir liom díriú ar cheardanna I can concentrate on trades
" An Neamh Seo Chugainn =========== Go pearsanta táimse ag súil leis an lá nuair is féidir liom díriú ar cheardanna agus ar na healaíona, ar rothaíocht is siúl trí choillte agus cois farraige, ar gach uile leabhar a léamh sa leabharlann, ar leabhair a chur sa leabharlann mé féin, ar luí siar agus a bheith ag samhlú dom féin.
ag díriú ar ghnéithe éagsúla focussing on various aspects
" Tá institiúid oideachais ardleibhéil, a bheas ag díriú ar ghnéithe éagsúla de thraidisiúin na hÉireann, curtha ar bun ag grúpa daoine i gContae an Chláir.
ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha focussing in his work on vulnerable people
" Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh.
díriú ar face up to
" Dá dtuigfeadh muintir SAM an scéal, thiocfadh leo iompú droim ar ais le barr míshásaimh agus díriú ar an dream a chuireann srian leo agus a chuir cor go minic i saol a chuid seirbhíseach dílis.
ag díriú a aird drawing attention
" Tá sé ag díriú a aird an mhí seo ar na Carainn i mBurma.
ag díriú a n-aird directing their attention
" Beidh muintir na Fraince ag díriú a n-aird i mbliana ar an té sin sa chomharsain nach gcuimhnítear air de ghnáth.
ag díriú aird directing attention
" Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.