Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Díshealbhaíodh go leor daoine a lot of people were evicted
" Díshealbhaíodh go leor daoine mar nach gcuirfidís a gcuid gasúr ar scoileanna Protastúnacha.
a díshealbhaíodh their were evicted
" Tá baint idir muintir an dá cheantar ó tháinig daoine as Cúige Uladh anseo in aimsir Chromaill, nuair a díshealbhaíodh iad faoin pholasaí ar a tugadh "Go hIfreann nó go Connachta".
orduithe díshealbhaithe eviction orders
" In eachtra ar a dtugtar Cath na Ceathrún Rua, bhailigh breis agus 400 duine le chéile, iad ag cur i gcoinne orduithe díshealbhaithe a d'eisigh an Tiarna Talún Kirwan.
Trimble a dhíshealbhú to evict Trimble
" Amharcann siad ar Donaldson mar dhuine a raibh an seans aige Trimble a dhíshealbhú ach gur theip air.
le daoine a díshealbhú to evict people
" Tá macasamhla ann de rudaí a tharla ag an am, mar shampla corp á chaitheamh isteach in olluaigh agus reithe cogaidh á úsáid le daoine a díshealbhú.
le hé a dhíshealbhú to evict him
" Ionsaí ar Trimble ======= Ach cad é fán UUP? An féidir gur UUP agus Jeffrey Donaldson i gceannas air a bheas ag glacadh páirte i cibé idirbheartaíocht a bheas i gceist? Is léir go bhfuil eite fhrith-Chomhaontaithe an pháirtí réidh le hionsaí mór a dhéanamh ar Trimble le hé a dhíshealbhú.
díshealbhú indíreach indirect eviction
" Níl i ndán do na mílte duine ach díshealbhú indíreach agus bochtanas - smaoiním go háirithe orthu siúd atá "róshean" (os cionn 50 bliain d'aois) le go bhfostódh éinne iad.
ag éalú ó dhíshealbhú escaping eviction
" Ina dhiaidh sin, chuaigh na mílte Híleantóir go Nova Scotia, ag éalú ó dhíshealbhú nó ó dheacrachtaí geilleagracha.
i gcoinne díshealbhaithe, against eviction,
" Bhí mná an cheantair sin chun tosaigh in agóidí i gcoinne díshealbhaithe, agus bhí roinnt mhaith poiblíochta ann, cuid di ag tacú leis na daoine agus cuid di ina gcoinne.
a bhíothas ar tí a dhíshealbhú. who were about to be evicted.
" Thug sé cuairt ar mhuintir Ghleann Cailbhidh, atá ceangailte le Strathcarron, a bhíothas ar tí a dhíshealbhú.
a dhíshealbhú daoine, evicting people,
" Ansin thosaigh siad a dhíshealbhú daoine, mar go raibh an talamh féaraigh uilig de dhíth do na caoirigh nua bána tréana, a tháinig ó na Críocha.
an sean-díshealbhú the evicting of old
" Ní raibh sé chomh dona leis an sean-díshealbhú ach níor dheas é mar sin féin.
díshealbhú talún land eviction
" Ar an 15 Deireadh Fómhair, tháinig 50-70 póilín agus chuir bloic bhóthair in aice na líne *autaki* (áit ar tharla díshealbhú talún san am atá caite).
as an díshealbhú sin. for that eviction.
" Agus, mar aon le roinnt *iwi* eile, tá na *Tūhoe* ag lorg cúitimh ó Bhinse Fiosraithe Waitangi as an díshealbhú sin.
dhíshealbhú evict
" Ar ndóigh, chun a leithéid de sprioc a bhaint amach, ba ghá na mílte dúchasach a dhíshealbhú sa tír sin, agus ar fud na hAfraice.
ndíshealbhú eviction
" Féachann siadsan air mar an lá in ar cuireadh tús lena ndíshealbhú agus le léirscrios a saíochta.
díshealbhaítear are evicted
" Ní bhíonn oideachas ná seirbhísí stáit le fáil ina n-áiteanna dúchais trí mheán a dteanga féin, díshealbhaítear iad, dóitear a mbailte is a mbarra, baintear úsáid astu mar oibrithe éagantais chun mianaigh talún a ghlanadh, déantar éigniú agus foréigean gnéis eile orthu.
díshealbhú eviction
" Sciúirse na gCoimhlintí Anuas ar an díshealbhú atá á dhéanamh ar na Batwa le fada, ar ndóigh, fulaingíonn siad chomh maith de dheasca na gcoimhlintí atá is a bhí mar sciúirse ar thíortha Réigiún na Mór-Lochanna.
díshealbhaithe dispossession
" Níor íocadh aon chúiteamh riamh in éiric an díshealbhaithe seo.
díshealbhaíodh were evicted
" Sna tríochaidí, le linn don Chéinia a bheith faoi riail na Breataine, díshealbhaíodh Ogiek as an bhForaois agus moladh go gcomhshamhlódh treibheanna eile iad toisc a líon bheith chomh beag sin.
ndíshealbhú evicted
" Tá siad á ndíshealbhú, á n-éigniú agus á ndúnmharú.
díshealbhaíodh were evicted
" Ba gan choinne a díshealbhaíodh na hEndorois agus cé gur gealladh dóibh go n-íocfaí cúiteamh leo, níor tharla sé sin go fóill.
fógraí díshealbhaithe eviction notices
" Chuir Pádraig Ó Loingsigh, cathaoirleach an Chlub Éireannaigh, fáilte roimh an Uactharán i nGaeilge, rud a thaitin leis, mar dúirt sé: “Tá sé go hiontach Gaeilge a chloisteáil ar bhruach an Mersey” agus labhair sé faoin dóigh go raibh na fógraí díshealbhaithe i gcónaí i mBéarla, teanga nach raibh ag an chuid is mó de na daoine a díbríodh go Learpholl.
go ndéanfar tionóntaí áirithe a dhíshealbhú that certain tenants will be evicted
" Tá drogall ar an Rialtas deireadh a chur leis an chíos talún, rud a fhágann go bhfuil an baol i gcónaí ann go ndéanfar tionóntaí áirithe a dhíshealbhú.
inar díshealbhaíodh go leor tionóntaí where many tenants were evicted
" Thug Liz Curtis cuairt ar cheantar in Albain inar díshealbhaíodh go leor tionóntaí sa seachtú agus san ochtú haois déag.