Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díspeagadh cúirte contempt of court
" D'fhéadfadh feidhmeannaigh BAT agus cuid de na dlíodóirí a bhí fostaithe acu a bheith ar a dtriail de bharr díspeagadh cúirte agus comhcheilg leis an dlí a chur as a riocht.
díspeagadh belittlement
" ’ Níor cáineadh Liam cheana: bhí díspeagadh as faisean.
díspeagadh dlí contempt of court
" Is cuma leis céard atá ar siúl ag na meáin, a fhad is nach bhfuil díspeagadh dlí i gceist nó a fhad is nach bhfuil an triail á cur i mbaol ag na tuairiscí.
díspeagadh disparaging
" Arís, cheap mé go mba aisteach an chaint í ó imreoir cáiliúil dá leithéid – an freasúra á mholadh agus a fhoireann féin á díspeagadh aige.
díspeagadh disparaging
" Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan.
is iad lucht díspeagadh it is the detractors
" Ach ainneoin a gcuid focail fonóide ar bhealach is iad lucht díspeagadh na Gaeilge iad féin atá ina n-ábhair mhagaidh sa chás seo.
ag díspeagadh fúthu is tharstu faoi Ghaeilg disparage Irish in every way
" Ní hiad lucht an díspeagtha an fhadhb i ndáiríre, Meyers, Mc Sharry nó eile, ach is iad muintir na Gaeilge féin nach amháin atá á cheadú, ach d’fhéadfaí a mhaíomh gur á mealladh atá siad chun a bheith ag maslú agus ag díspeagadh fúthu is tharstu faoi Ghaeilg agus faoi lucht a labhartha.
díspeagadh disparagement
" D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.