Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dóchas hope
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
dóchas hope, optimism
" Léiríonn an píosa seo dóchas agus muinín mhuintir Dhoire as an todhchaí.
spré dhóchais sense of hope
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
dhóchas hope
" Bíonn margaí airgeadais idirnáisiúnta an domhain ag brath go mór ar dhóchas, ar éadóchas, ar phearsantachtaí, ar dhearcadh idirnáisiúnta daoine, seachas ar anailís staitisticiúil amháin.
dóchas hope
" B'amhlaidh do mo mhacasamhail Caitliceach agus Protastúnach ar fud an tuaiscirt; bhí dóchas éigin ann.
dóchas hope
" Bhí gá le heagraíocht a bheadh in ann an córas oideachais trí mheán na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn nuair a bhí spéis agus dóchas caillte ag formhór an phobail, oideachasóirí, múinteoirí agus lucht polaitíochta sa chóras sin.
dóchais optimism
" Nuair a chas mé leis in Óstan an Shelbourne ag deireadh mhí an Aibreáin, bhí sé lán dóchais faoin todhchaí, agus ní nach hionadh.
dóchais hope
" Caithfidh daoine a vóta ach gan mórán dóchais acu go dtiocfaidh aon mhórathruithe.
dóchas optimism, hope
" Níl dóchas acu faoin saghas saoil atá rompu.
Tá an dóchas ag trá hoping is ebbing/running out
údar dóchais source of optimism
" Luimnigh, is údar dóchais an dá bhua sin dóibh.
Léas beag dóchais a little ray of hope
" Léas beag dóchais d'Áth Cliath ná gur bhuaigh an fhoireann Faoi 21 bliain ar Uíbh Fhailí.
ábhar dóchais reason to be optimistic
" An ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream "fuascailt mhíleata" a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta? Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d'fhoilsigh cáipéis dar teideal "Common Sense" i 1978.
dóchas hope
" (Nílim ach ag magadh!) Níor chailleas dóchas, áfach, agus faoi dheireadh thiar thall, tá cara le Gaeilge agam ar féidir liom an teanga a labhairt leis go rialta.
dóchas hope
" Cé go bhfuil dóchas ag an Athair Maher go bhfaighidh sé cead isteach sa phríosún chun labhairt le Shipman, tá an plean sin curtha ar an mhéar fhada aige anois mar go bhfuil sé féin ag dul isteach san otharlann gan mhoill de bharr droch-chroí a bheith aige.
dóchas hope
" Bhí muid ag iarraidh go mbeadh téama spreagúil agus dóchasach sa dearadh agus thóg sé tamaillín teacht ar théama a thaitin le hachan duine.
dóchas optimism
" Agus caithfear a chinntiú go bhfuil comhlachtaí sásta infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt iad féin - is beag comhlacht teicneolaíochta atá ag féachaint ar aghaidh le dóchas faoi láthair.
gan dóchas without hope
" Níl an scéal gan dóchas, áfach.
dóchais hope
" " Ach cad í an fhís nua seo atá i gceist aici, agus fiú má tá an fhís cheart ann, an bhfuil mórán dóchais aici go bhfeicfear riamh a leithéid? Mothaíonn sí go gcaithfidh an ollscolaíocht trí Ghaeilge rudaí faoi leith a thairiscint, samhail nua a chothú.
dóchas hope
" Saoirse talamh de do chuid féin a bheith agat nó í a fhágáil, saoirse amhráin a ghabháil nó fanacht i do thost, creidiuint nó gan creidiúint, saoirse dóchas a bheith agat nó titim in éadóchas.
comhartha dóchais a sign of hope
" Is comhartha dóchais é go bhfuil Microsoft anois sásta cabhrú lena gcustaiméirí troid i gcoinne an *Blaster worm*.
dóchais hope, optimism
" Ach tá an t-iarthar fágtha in áit na leathphingine arís eile, agus gan mórán dóchais ann go ndéanfar an infheistíocht chuí sa réigiún sin go luath chun go mbeidh deis aige na deacrachtaí iompair agus cumarsáide a bhaineann leis a shárú.
dóchais chróga brave optimism
" Má bhíonn an dá pháirtí mhóra aontachtacha in éadan an Chomhaontaithe, beidh lá an dóchais chróga thart.
dóchas hope
" Cé gur bualadh Corcaigh sa chluiche ceannais, bhí laoch nua ag a lucht leanúna agus dóchas agus bród san aer cois Laoi (an raibh sin riamh gan a bheith amhlaidh?).
dóchas hope
" Lán le dóchas ======= Táimid, lucht leanta na gcluichí, ag súil agus ag tnúth go mór leis na hócáidí craoibhe.
dóchas hope
" Cé go bhfuil dóchas ag roinnt daoine go mbeidh muid timpeallaithe ag clibeanna go luath, tá an chuma ar an scéal go mbeidh orainn cur suas leis na scuainí in ollmhargaí go ceann cúpla bliain eile.
dóchas hope
" Agus má cheapann an tAire Airgeadais go bhfuil an tír seo go maith toisc go raibh na Sasanaigh ann, is dóigh liom go bhfuilimid caillte dáiríre, nach bhfuil dóchas dá laghad ann.
easpa dóchais lack of hope
" Ach, ar shlí, bhí sé i bhfad níos deacra a bheith ag plé leis an easpa dóchais agus leis an mbrón a bhí ar go leor daoine.
Tuar dóchais amháin one positive sign
" Tuar dóchais amháin, áfach, ná clann na n-imirceach nua atá ag teacht isteach sa tír seo le tamall de bhlianta agus atá ag teacht i gcónaí, go mbeidh siadsan ábalta an fód a sheasamh ar son na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha amach anseo! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
údar dóchais cause for optimism
" Táthar ag súil, áfach, gur údar dóchais agus bróid do lucht na drámaíochta Gaeilge a bheidh san mhionfhéile seo, a chuirfidh go mór le híomhá agus stádas na léiriúchán Gaeilge.
dóchas hope
" Sílim go bhfuil cúrsaí amhránaíochta i staid mhaith ach sílim freisin go bhfuil cuid den dóchas ag imeacht as an amhránaíocht.
dóchas hope
" Deir sé nach nglacfaidh sé le spriocam ar bith, ach tá an *momentum *tosaithe arís, tá dóchas na ndaoine ardaithe arís.
dóchas hope
" Agus sílim ó atoghadh Bush mar uachtarán, gur beag dóchas atá ann dóibh sna ceithre bliana atá amach romhainn.
dóchas hope
" Deirim íoróin mar gurbh é príomhchuspóir an chuimhneacháin uafás an uileloiscthe a chur i gcuimhne na ndaoine, leis an dóchas nach ligfimid i ndearmad go deo scála na tubaiste sin ná an marc dorcha a d'fhág sé ar anam an chine dhaonna.
dóchas hope
" Cuireann sé in iúl go soiléir agus go macánta an t-éadóchas agus an chumha a bhaineann le bás agus cailliúint.
dóchas hope
" Ach anois tá imní sa chathair go bhfuil dochar déanta ag *Léargas *don turasóireacht áitiúil, mar bíonn a lán Éireannach ag an *Grand National *i mí an Aibreáin de ghnáth, agus bhí dóchas ann go dtiocfadh níos mó daoine trasna i 2008, nuair a bheidh Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
ábhar dóchais reason to be optimistic
"ábhar dóchais é, áfach, gur fhógair Paul Murphy i mí Feabhra i mbliana agus é mar Stát-Rúnaí ar Thuaisceart Éireann gur mhian leis gur ag MI5 seachas MI6 a bheadh an smacht iomlán ar chúrsaí slándála na Sé Chontae faoin mbliain 2007.
ábhar dóchais reason for optimism
"ábhar dóchais é, áfach, a laghad airde a thug an dá rialtas ar chruachás náisiúnaithe na Sé Chontae an uair úd sna seascaidí a d'fhág an IRA an stáitse.
ábhar dóchais a reason for optimism
" Tá an tOirmhinneach ag dul in aois ach tá rud amháin fá Paisley atá ina ábhar dóchais don todhchaí – a *ego*.
dóchas optimism
" Ach tá téarmaí an fhiosrúcháin sin róchúng, dar le muintir Rossiter, agus níl aon dóchas acu go n-aimseofar an fhírinne madir le cad a tharla dá mac.
Tuar dóchais a sign of hope
" Tuar dóchais do mhuintir Átha Cliath ab ea éacht na mionúr a thug Craobh Laighean leo tar éis an bua a fháil ar Chill Chainnigh agus Loch Garman.
a lán dóchais a lot of hope
" Dála na ndaoine i Smoke Free Liverpool, faigheann an Dr Kelly a lán dóchais ó dhea-shampla na hÉireann agus cuireann siléig rialtas Shasana sa cheist seo díomá air.
dóchais hope
" Tá an rialtas anseo ag rá nach bhfuil mórán dóchais acu faoin gcás.
dóchas optimism
" Ach tá téarmaí an fhiosrúcháin sin róchúng, dar le muintir Rossiter, agus níl aon dóchas acu go n-aimseofar an fhírinne madir le cad a tharla dá mac.
dóchas hope
" Sin an dóchas atá ag John Street agus an dream i gComhairle Contae Cheshire mar go dtuigeann siad gur féidir le hamadán amháin an-dochar a dhéanamh don gheilleagar áitiúil.
ceithre ábhar dóchais four reasons to be optimistic
" Ach tá ar a laghad ceithre ábhar dóchais aige don bhliain úr: Fine Gael, An Lucht Oibre, Sinn Féin agus na Glasaigh.
gan dóchas without hope
" Má dhéanann muid amhlaidh, ní bheidh muid ach ag aisíoc na fáilte a cuireadh romhainn féin nuair a bhí muid i bhfad as baile, dearóil go minic agus gan dóchas.
dóchas hope
" ” An raibh aon dóchas ann dom? Nach raibh aon ghréasán thart timpeall a bhféadfainn mo chárta nua a thástáil air? Ansin chuimhnigh mé go mbíonn gréasáin gan sreang ag óstáin go minic agus trasna an bhóthair liom go dtí m’óstán galánta áitiúil.
lán dóchais full of hope
" Dé Domhnaigh seo chugainn, 5 Márta, beidh súile an domhain ag amharc ar na réaltaí móra scannáin ag déanamh a mbealaigh go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre i Hollywood, iad lán dóchais go mbeidh siad ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus an deilbhín beag clúiteach sin, a aithníonn achan duine mar Oscar, faoina n-ascaill acu.
ábhar dóchais grounds for optimism
" Ach is beag ábhar dóchais atá ansin, mar gur cheart nach mbeadh an teanga brúite amach ar an imeall nó i seilbh aicme amháin.
dóchas hope
" ” An raibh aon dóchas ann dom? Nach raibh aon ghréasán thart timpeall a bhféadfainn mo chárta nua a thástáil air? Ansin chuimhnigh mé go mbíonn gréasáin gan sreang ag óstáin go minic agus trasna an bhóthair liom go dtí m’óstán galánta áitiúil.
cúpla comhartha dóchais a few signs of hope
ní raibh mórán dóchais ann there wasn't much optimism
" ” Ach ar ais i 1988 ní raibh mórán dóchais ann.
dóchais optimism
" Críochnaíonn an taispeántas ar nóta misnigh agus dóchais le pictiúir ó Stuart Franklin a líonann an tsúil le ragairne mhic léinn Choláiste na Tríonóide agus iad ag ceiliúradh go croíúil ag a mbál bliantúil.
gan dóchas without hope
" Gan comhluadar ná meas na gcomrádaithe, gan feidhm, gan ghrá, gan dóchas.
dóchas hope
" Sa deireadh thiar, i ndiaidh tréimhse fhada conspóide, thosaigh an obair arís sna caogaidí agus tá dóchas ann go mbeidh sí críochnaithe faoin bhliain 2020.
comharthaí dóchais signs of hope
"comharthaí dóchais ann.
dóchas hope
" An ceol lag go maith ach lán le sprid, lán le dóchas, lán leis an tsuim agus an cur chuige a thugann saorchead don cheol gluaiseacht ó ghlúin go glúin beagnach i ngan fhios do dhaoine.
ar bís agus lán le dóchas on tenterhooks and full of optimism
" Tá an lucht leanúna ar bís agus lán le dóchas.
ag lorg chomharthaí dóchais looking for signs of hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
tuar dóchais sign of hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
dóchas hope
" Agus luachanna tithe ag titim, go háirithe i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, tá sciar níos mó de thuarastal na ndaoine á chaitheamh ar mhorgáistí gan dóchas ag na húinéirí céanna go bhfaighidh siad costas a dtithe ar ais nuair a dhíolfaidh siad arís iad.
dóchas dá lucht leanúna. hope to their followers.
" Tabharfaidh sé sin uchtach agus misneach d’iománaithe óga na cathrach agus dóchas dá lucht leanúna.
a scrios dóchas 1974. who destroyed the optimism of 1974.
" Nach íorónta é gurb é Ian Paisley, an té a bheas mar Phríomh-Aire sa Tionól úr seo (má éiríonn leis), an fear ba mhó a scrios dóchas 1974.
ar tuar dóchais é. which gives rise to hope.
" Críochnaímis le sampla den chineál seo taighde ar tuar dóchais é.
cúis dóchais reason to be optimistic
" Ach is cúis dóchais bheith in ann a thuairisciú go bhfuiltear ag iarraidh dul i ngleic le cúpla ceann de na fadhbanna seo arís.
saghas dóchais a kind of optimism
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
An dóchas the optimism
" An dóchas atá ag baint le, cuirim i gcás, daoine óga, agus an tábhacht atá ag baint leis sin.
An t-ábhar is mó dóchais the most hopeful thing
" É sin ar fad ráite, sílim gur Cill Chainnigh a bhuafaidh Craobh na hÉireann arís! An t-ábhar is mó dóchais i mbliana ó thaobh dul chun na hiomána sa todhchaí ná bua Átha Cliath i ngrád na mionúr agus Faoi 21 i gCúige Laighean agus an fhoireann Faoi 21 ag dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann.
nár chaill dóchas riamh who never lost hope
" Fear nár chaill dóchas riamh ab ea Ingmar Bergman.
an dóchas the hope
" ” Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
atmaisféar dóchais an atmostphere of hope
"atmaisféar dóchais ar an gcampas an fómhar seo, murab ionann agus an séasúr deireanach, nuair nár éirigh leo oiread agus bua amháin a bhaint amach.
lán dóchais agus uaillméine, full of hope and ambition,
" Bhí siad lán dóchais agus uaillméine, iad ag súil go raibh saol níos fearr i ndán dóibh, in áit a mbeadh siad mar ríthe.
a ndóchas their hope
" Níl na matáin chomh láidir is a bhí, agus tá a ndóchas ídithe mar thoradh ar a bheith ag obair ar bhóithre agus ar láithreáin tógála na Breataine.
gan dóchas. without hope.
" Bhí áiteanna mar Croxteth agus Norris Green gan dóchas.
tá údair éagsúla dhóchais ag an ALP. the ALP have many reasons to be hopeful.
" É sin ráite, tá údair éagsúla dhóchais ag an ALP.
de dhóchas as a hope
" Cad é a tharla do “parity of esteem”, coincheap agus cur síos a bhí i mbéal gach duine tráth? Bhí sé de dhóchas ag cuid mhór daoine go mbeadh gach dream in ann a fhís féin i leith na sochaí úire a bhaint amach agus an foréigean ruaigthe go buan ó pholaitíocht na hÉireann.
dóchas hope
" Ní raibh clú agus cáil i ndán dom an samhradh seo, tar éis an tsaoil! Gan dóchas ar bith fágtha go bhfaighinn post, ghlac mé leis go raibh saol an duine dhíomhaoin i ndán dom.
níl mórán dóchais i ndán dóibh. there's not much hope for them
" Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo – i ndiaidh dóibh a bheith i mbun rialtais le fada – níl mórán dóchais i ndán dóibh.
dóchas hope
" Agus an rud a thugann dóchas dom? Gach bliain in Portland titeann 95 ceintiméadar báistí, ar an meán.
mórán dóchais a lot of hope
" Baineann an anailís a rinneadh sa tuarascáil seo le croí na faidhbe – nuair a thagann an crú ar an tairne, is léir nach bhfuil mórán dóchais i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail más rud é nach bhfuil an teanga á húsáid mar theanga theaghlaigh ar bhonn laethúil.
lán dóchais full of hope
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
dóchas hope
" Tá 25 bliain imithe tharainn ó bhí meathlú i gceist sa tír seo agus dá gcaithfeá an iomarca ama ag léamh na nuachtán agus ag breathnú ar thuairiscí teilifíse, shílfeá nach raibh dóchas ar bith i ndán dúinn.
mórán dóchais a lot of hope
" Níl mórán dóchais i ndán don speiceas, de réir na tuarascála.
scéal dóchais story of hope
"scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
dóchas hope
" Nuair a chuala mé ag tús na bliana go raibh deontas de €213,225 ceadaithe ag an Aire Turasóireachta, Seamus Brennan (nach maireann), le haghaidh oibre breise ar Shliabh Liag chun é a fhorbairt mar bhall áilleachta, bhí dóchas agam ar dtús go ndeiseoidís an tobar.
idir chainteoirí dúchais agus chainteoirí dóchais native speakers and learners
" 6 milliún Gaeilgeoir, idir chainteoirí dúchais agus chainteoirí dóchais.
comhartha dóchais a sign of hope
" ‘Is comhartha dóchais í Betancourt do mhuintir na Fraince,’ a dúirt uachtarán na tíre, Nicolas Sarkozy, fúithi agus é ag cur fáilte roimpi ar ais sa Fhrainc.
dóchas hope
" Thaispeáin na figiúirí, dar le cuid de na hiriseoirí, go raibh dóchas ag daoine i dtodhchaí na tíre in ainneoin na géarchéime geilleagraí.
lóchrann dóchais a beacon of hope
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
dóchas forleathan widespread hope
" “Ag deireadh 2005, bhí na hIosraelaigh díreach i ndiaidh tarraingt amach as Gaza, bhain siad féin na lonnaíochtaí midhleathacha anuas as a stuaim féin agus bhí an dóchas forleathan go raibh réiteach ar na gaobhair.
mhúch an dóchas doused the hope
" D’athraigh gach rud mar bhí freasúra le toradh an toghcháin sin a mhúch an dóchas a bhí ag daoine.
mórán dóchais much solace/hope
" Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe! Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó.
bhí dóchas againn we hoped
" An Kinder Downfall Leis an tréimhse fhada fhuar i Mí Nollag, bhí dóchas againn go mbeadh muid ag filleadh ar 'an seansaol breá'.
dóchas hope
" Tá an dóchas agus an t-ionchas ann go mbeidh toradh agus réiteach dearfach na bhfadhbanna ann sa deireadh thiar thall.
théaltaigh an dóchas hope has vanished
" Is léir ar shuaracht an bhruachbhaile gur théaltaigh an dóchas as an áit seo i bhfad siar.
dóchas hope
" Má thugann tú misneach agus dóchas don duine óg, is féidir leis teacht chun cinn as féin.
dóchas hope
" Dar leis an staraí Jean-Pierre Rioux ina leabhar De Gaulle, La France à Vif, b’eachtra ar leith an Appel du 18 juin i stair na Fraince san fhichiú haois, eachtra a léirigh go raibh todhchaí na Fraince ag brath ar dhuine amháin, eachtra a thug dóchas don phobal.
dóchas hope
" An rud is iontaí faoin India, agus an rud is mó a thugann dóchas do mhuintir na tíre sin, ná gur sheas an daonlathas chomh fada inti ar chor ar bith.
coinneal an dóchais candle of hope
" D’fhág siad coinneal an dóchais ar lasadh tamall eile, agus súil acu go bhfuil rath i ndán dá dtír mhór, álainn, ársa.