Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dóchasach optimistic
" Tá sé dóchasach gur féidir teacht ar an airgead chun páipéar ceart Gaeilge a chur amach in aghaidh an lae.
táthar dóchasach there is confidence
" Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.
dóchasach optimistic
" Deir sé go bhfuil rudaí deacair in Éirinn faoi láthair do ghrúpaí mionlaigh ach tá sé dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí amach anseo, ní hamháin sa tír seo ach ar fud an domhain.
dóchasach optimistic
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Táim dóchasach fúithi.
dóchasach optimistic
" Ach is lab deas é mar thús, agus táimid dóchasach go mbeidh cás láidir againn le leanúint leis an obair, agus le méadú airgid a fháil nuair a bheidh an chéad trí bliana curtha dínn againn.
dóchasach optimistic
" Dúirt Conall liom go raibh siad iontach sásta leis an toradh atá ar a gcuid oibre go dtí seo agus go raibh sé dóchasach go mbeadh ionad acu chun bualadh le chéile agus le bheith ag obair ann amach anseo.
íomhá dhóchasach optimistic image
" Bhí íomhá dhóchasach den todhchaí tugtha sa chéad eagrán de *An tEolaí*, an iris eolaíochta agus teicneolaíochta, i mí na Bealtaine 1991.
dóchasach optimistic
" Níl mé cinnte an bhfuil mé dóchasach faoi thodhchaí na teanga, mar sin, ach ritheann an cur síos liom a thug Norman Davies ar obair a chuid carad sa Pholainn i dtús na n-ochtóidí.
dóchasach optimistic
" Ar an bhonn sin beidh cruinniú ann taobh istigh de shé seachtaine ag lucht Raidió Fáilte le hÚdarás Craolacháin na Ríochta Aontaithe agus tá muid thar a bheith dóchasach go mbeidh ceadúnas againn go luath ina dhiaidh sin.
dóchasach optimistic
" Sin ráite, beidh mé ag tógáil go leor briseachaí chun *lattés *a tharraingt do chustaiméirí rialta an chaife! Beo!: An bhfuil tú dóchasach faoi thodhchaí na teanga? AH: Ar ndóigh tá.
dóchasach optimistic
" Measann sí go mbeadh spéis ag muintir na hÉireann i "Secrets" fosta agus tá sí dóchasach go mbeidh sé le feiceáil ansin am éigin sa todhchaí.
dóchasach hopeful
" Níl sé dóchasach go nglacfar le moltaí an *Blueprint*, mar tá an iomarca eile ag tarlú sa Chumann agus gan dóthain daoine sa CLG buartha faoin iomáint.
dóchasach optimistic
" Tá sé dóchasach go bhfuil rudaí ag athrú agus an dara seans tagtha i bhfeidhm.
dóchasach optimistic
" " Tá sé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge.
dóchasach confident
" Tá Colm féin ag obair ar albam aonair le fada, ach tá sé dóchasach go bhfaighidh sé deis é a chríochnú sna míonna atá romhainn.
thig linn a bheith dóchasach we can be optimistic
" Sin ráite, tá Rann na Feirste níos Gaelaí ná mar a bhí tá 15 bliana ó shin agus, má mhaireann an biseach, thig linn a bheith dóchasach.
dóchasach optimistic
" " Éadóchasach faoin nGaeilge ======= Admhaíonn sé gur minic a bhíonn sé éadóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge: "Tá faitíos orm go dtiocfaidh an oíche go mbeidh an pictiúr den chainteoir deireanach de chuid na Rosann ar chlár teilifíse," a deir sé.
dóchasach optimistic
" " Braitheann Ruairí dóchasach faoi thodhchaí Rua Telecom.
dóchasach hopeful
" Sin le rá, coimeádann lucht sealúchais áirithe luach an talaimh ard trí gan ach méid beag den talamh athchriosaithe ar leo é a scaoileadh ar an mhargadh ag aon am amháin, nó coimeádann siad talamh nach bhfuil athchriosaithe acu féin agus iad dóchasach go ndéanfar é a athchriosú amach anseo.
dóchasach hopeful
" Agus séasúr úr cainteanna ag teacht, tá poblachtánaigh dóchasach go bhfuil turas rompu go fóill.
dóchasach optimistic
ceannródaithe dóchasacha sin those optimistic pioneers
" "Ní fheadar an raibh a fhios ag na ceannródaithe dóchasacha sin cad a thiocfadh as a gcuid oibre uilig.
dóchasach confident
" Tá Yeates dóchasach go dtarraingeoidh an fhéile aird mhuintir na háite ar Ionad Axis agus go gcuirfidh na drámaí go mór le stádas agus íomhá na drámaíochta Gaeilge i gcoitinne.
dóchasach optimistic
" Ach anois, táim dóchasach go mbeidh réiteach éigin acu.
dóchasach hopeful
" " Luann sí freisin go bhfuil sí thar a bheith bródúil as cláracha ilchultúrtha na rannóige agus tá sí dóchasach go gcuirfidh na cláracha le normalú na ndaoine ó chultúir dhifriúla sa todhchaí.
dóchasach confident
" Tháinig breis is 70% de na himeachtaí a bheidh le feiceáil i mbliana ón fheachtas poiblí a eagraíodh chun ábhar tionscadal nua a mhealladh isteach agus tá na heagraithe dóchasach go léireofar spiorad agus meanma na hEorpa ar bhealach an-dearfach in éagsúlacht agus i bhfuinneamh na dtionscadal a fuarthas.
dóchasach confident
" Tá mé dóchasach gur féidir 12,000 logainm riaracháin eile a chur leo sin faoi cheann cúig bliana, gan trácht ar na céadta logainm de chineálacha eile, ainmneacha aibhneacha, sléibhte etc.
dóchasach hopeful
" Tá Anna dóchasach, áfach, gur eisceacht, go pointe áirithe, é Má Nuad.
dóchasach optimistic
" “Tá mé dóchasach i gcónaí.
dóchasach hopeful
" Dúirt Hugh Mulholland, stiúrthóir an ghrúpa Éireannaigh, gur deis mhór é seo do na healaíontóirí a mbeidh a saothar ar taispeáint sa *Biennale *agus dúirt sé go raibh sé dóchasach go spreagfadh an chuairt seo spéis criticeoirí agus stiúrthóirí ealaíne idirnáisiúnta sa saothar suntasach neamhghnách atá á chruthú ag ealaíontóirí na tíre seo faoi láthair.
dóchasach optimistic
" Tá sí dóchasach go gcraolfar na cláracha a dhéanfaidh an ciste a mhaoiniú ag buaic-amanna féachana.
dóchasach confident
" Táimid ag súil go mór leis an dúshlán, áfach, agus táimid dóchasach gur féidir linn seirbhís den scoth a chur ar fáil.
dóchasach optimistic
" Ach tá ceist i bhfad níos bunúsaí ann: Conas is féidir ár sibhialtacht a athrú i rith na haoise seo chun gur féidir linn maireachtáil ar i bhfad níos lú fuinnimh? Is féidir bheith dóchasach, mar shampla, go ndéanfar freasaitheoirí comhtháthála núicléacha (an próiseas céanna a tharlaíonn sa ghrian) a fhorbairt chun fuinneamh glan a dhéanamh, sa chaoi is nach mbeidh níos mó áiteanna mar Sellafield agus a leithéid riachtanach ar fud na domhain.
dóchasach confident
" Táimid ag súil go mór leis an dúshlán, áfach, agus táimid dóchasach gur féidir linn seirbhís den scoth a chur ar fáil.
níos dóchasaí more optimistic
" Ar dtús, féachfaimid ar dhá chás níos dóchasaí, a bheidh i gceist mura dtarlaíonn buaic na hola go dtí 2030.
dóchasach confident
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
dóchasach confident
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
an-dóchasach very optimistic
" Tá mé an-dóchasach ó thaobh na teanga de.
an-dóchasach very hopeful
" Ball amháin den CFI ná iarbhainisteoir Loch Garman, Liam Griffin, agus tá seisean an-dóchasach go mbeidh toradh maith, fiúntach ar obair CFI agus ar cheapadh an stiúrthóra nua iomána.
thar a bheith dóchasach extremely optimistic
" Tá mé thar a bheith dóchasach faoi.
dóchasach optimistic
" Nuair a chuaigh TG4 ar an aer den chéad uair, oíche Shamhna 1996, bhí sé deacair a bheith dóchasach faoi thodhchaí na seirbhíse.
an-dóchasach faoi thodhchaí an cheoil very optimistic about the future of music
" Tá sé an-dóchasach faoi thodhchaí an cheoil sa chathair.
dóchasach optimistic
" Má dhéanaimid scrúdú fuarchúiseach ar staid na hiomána i láthair na huaire is deacair a bheith dóchasach go mbuafaidh aon chontae eile seachas Cill Chainnigh nó Corcaigh arís i mbliana toisc, agus is é seo an fáth is mó, go mbeidh an dara seans acu araon.
dóchasach optimistic
" Go ginearálta, áfach, deir Krauss gur féidir a bheith dóchasach faoi theangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt agus luann sé cúinse eile atá riachtanach má tá teanga le maireachtáil: tacaíocht láidir stáit.
dóchasach optimistic
" Go ginearálta, áfach, deir Krauss gur féidir a bheith dóchasach faoi theangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt agus luann sé cúinse eile atá riachtanach má tá teanga le maireachtáil: tacaíocht láidir stáit.
ní bheinn dóchasach. I wouldn't be optimistic.
" Tá súil agam go n-athróidh, ach ní bheinn dóchasach.
dóchasach, hopeful,
" Tá sí dóchasach, áfach, go dtiocfaidh an fonn ar ais san am atá romhainn.
thar a bheith dóchasach extremely optimistic
" “Bheinn thar a bheith dóchasach go leanfar ar aghaidh leis an chiste seo sa todhchaí agus go bhfeicfidh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta gur chóir dóibh leanúint ar aghaidh ag maoiniú an chláir.
an-dóchasach, very optimistic,
" ” Tá Peter an-dóchasach, ní hamháin maidir le todhchaí a theaghlaigh ach maidir le todhchaí an Tuaiscirt chomh maith.
dóchasach dóchasach
" ” Cé nár éirigh le hiarratas na beirte a bheith mar chuid d’imeachtaí na cathrach don bhliain 2008, tá siad dóchasach go dtiocfaidh athrú ar an scéal roimh i bhfad.
an-dóchasach very hopeful
" Ni bheinn an-dóchasach faoi sin, áfach, mar sílim go mbuafaidh Ciarraí an pheil arís agus sílim go mbuafaidh Cill Chainnigh an iomáint.
dóchasach hopeful
" Bímis dóchasach gur athruithe chun feabhais a bheas i gceist agus gur fearrde astu a bheas an lucht spóirt.
dóchasach hopeful
" “Is duine soirbh agus dóchasach mise; bíonn an ghloine leathlán i gcónaí.
dóchasach hopeful
" Agus an toil pholaitiúil ann, tá sé dóchasach go dtiocfar ar réiteach, a dúirt Maskey.
dóchasach hopeful
" An bhfuil tú dóchasach, leathdóchasach nó an-dóchasach i leith a bhfuil i ndán don tír seo le hais na coda eile den domhan san am atá le teacht? Táim an-dóchasach.
dóchasach encouraging
" Cinneadh suimiúl agus dóchasach – baineann tuairimíocht chlaonta agus eagla le máchail aghaidhe go minic go fóill agus cé go bhfuil dul chun chinn déanta i réimsí eile de dhearcadh an phobail, is léir go spreagann aghaidheanna atá difriúil mothúcháin atá an-phrimitíveach.
dóchasach hopeful
" Tháinig iarurlabhraí Gaeltachta an pháirtí, Fergus O'Dowd, i gcomharbacht air agus bhí gníomhaithe teangan áirithe dóchasach go mbeadh a mhalairt de phort aige, ó tharla gur léir go bhfuil bá aige leis an Ghaeilge.
níos dóchasaí more hopeful
" ” Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh ar 100% de na daoine atá ag cur fúthu sa nGaeltacht máirseáil chun go dtarlóidh na hathruithe seo, ach más féidir leo tacaíochta a thabhairt, a bheith níos dóchasaí ina gcuid suirbhéanna, más féidir leo litir a scríobh chuig an TD, más féidir leo a bheith i láthair ag na cruinnithe poiblí agus a dtoil láidir a léiriú go bhfuil siad ag iarraidh an teanga Ghaeilge agus an tsaíocht ar fad a bhaineann leí a chaomhnú, mura dtaispeántar an toil láidir seo nó mura mbíonn sé ann, níl tú chun aon difríocht a dhéanamh do stádas na Gaeilge.
dóchasach hopeful
" Ach caithfidh muid a bheith dóchasach agus dearfach.
dóchasach faoi thodhchaí hopeful for the future
" Bhíomar ag cur is ag cúiteamh i gciorcal comhrá anseo i nGaillimh aréir, agus tá mé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge.
dóchasach hopeful
" Dúirt stiúrthóirí an chomórtais, agus iad ag míniú na gcúiseanna a bhí acu leis an chomórtas a thabhairt amach as Londain, go raibh siad dóchasach go meallfadh an taispeántas lucht féachana níos fairsinge agus níos éagsúla ach é a bheith le feiceáil i gcathracha difriúla.
dóchasach positive
" Bhí atmasféar sócúil spraoiúil dóchasach le brath i ngach áit.
dóchasach hopeful
" Idir Dhá Chomhairle ============ **SMM: An bhfuil tú leathdóchasach faoina bhfuil ag titim amach maidir leis an nGaeilg sa nGalltacht?** BNC: Braitheann sé ar cén lá atá tú ag caint liom! (Gáire) Mar a tharlaíonn sé, inniu, tá mé dóchasach.
dóchasach hopeful
" Tá sí dóchasach go mbeidh siopa bláthanna aici lá éigin is faide anonn.
dhóchasacha hopefilled
" Níos déanaí i bhFaiche an Choláiste, mheall Obama pobal Bhaile Átha Cliath chomh maith lena phlámás agus lena fhocail dhóchasacha faoin drochdhóigh atá ar chúrsaí in Éirinn i láthair na huaire: “Tá na laethanta is fearr os bhur gcomhair amach go fóill.
dóchasach hopeful
" Ach tá mé dóchasach nach ualach ar do ghualainn é.
dóchasach hopeful
" Fad is atá rialtas éillitheach Karzai i gcumhacht, áfach, nílim dóchasach go mbainfidh cosmhuintir bhocht fhadfhulangach na hAfganastáine an tairbhe chuí as an gcúnamh seo.
cad tuige go mbeadh muid dóchasach why would we be hopeful
" Ach tugaim dúshlán d'éinne a léifidh an cuntas seo a leanas ar iarrachtaí eagras stáit amháin scéim teanga a aontú leis an Roinn, a rá cad tuige go mbeadh muid dóchasach go bhfuil an Roinn in ann an jab ríthábhachtach a bhaineann le pleanáil teanga sa Ghaeltacht a chur i gcrích! Treoirlínte na Roinne ========= Is iad na scéimeanna teanga croílár Acht na dTeangacha Oifigiúla sa mhéid is go leagtar amach iontu na seirbhísí a bheas na comhlachtaí stáit éagsúla ag soláthar trí Ghaeilge.
dóchasach go n-éireoidh leo hopeful that they’ll succeed
" Beidh Droichead an Rialto, a tógadh i 1591 agus atá ar cheann de na séadchomharthaí is aitheanta sa Veinéis, le bheith leathchlúdaithe le fógraí gan mhoill agus tá an chomhairle dóchasach go n-éireoidh leo na cúig mhilliun euro atá de dhith leis an droichead a athchóiriú a ghnóthú as an chíos seo.
dóchasach faoi thodhchaí na heagraíochta hopeful about the organization’s future
" Tá Whelton dóchasach faoi thodhchaí na heagraíochta.
thar a bheith dóchasach very hopeful
" Bhí mé féin thar a bheith dóchasach nuair a d’fhógair siad an Straitéis Fiche Bliain.
bheith dóchasach to be hopeful
" Bliain úr nua ag tosnú agus ba mhaith liom a bheith dóchasach.
dóchasach hopeful
" D’ainneoin na ndeacrachtaí seo, tá Francie Molloy dóchasach faoin ‘Comhaontú idirnáisiúnta oibleagáideach’ mar a thug sé air, ach caithfidh an dá rialtas é a chur i bhfeidhm.
chuirfeadh sé gruaim ar an duine is dóchasaí amuigh would darken the most hopeful of persons
" Ag léamh a gcuid giolcanna, chuirfeadh sé gruaim ar an duine is dóchasaí amuigh.
an fiú a bheith dóchasach is it worth being hopeful
" Focal Mór agus Droch-Chur leis? ============= Ina fhianaise sin go léir, an fiú a bheith dóchasach go ndéanfar aon dul chun cinn le linn an dara Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA a bheidh ar siúl 3 – 4 Deireadh Fómhair? Tá an tÉireannach Peter Sutherland ina Ionadaí Speisialta de chuid Ard-Rúnaí na NA um Imirce agus ba eisean a mhol bunú an GFIF i 2006.
cuma iontach dóchasach a very positive appearance
" " Cé nach bhfuil cuma iontach dóchasach ar an ráiteas sin, níor mhór a admháil nach bhfuil an doras druidte ina iomláine ach an oiread.
dóchasach hopeful
" Cé go bhfuil bearna idir na glúine ó thaobh cumas teangan de, tá Daniellou dóchasach.
dóchasach faoi hopeful about
" Mealladh na sluaite chuig an chathair, go leor acu a tháinig don chéad uair riamh, agus tharla mórán a dtig le muintir na cathrach a bheith sásta leis agus dóchasach faoi agus iad ag déanamh athbhreithniú ar an tréimhse shuntasach seo.
iontach dóchasach go rialófar ar mo shon very hopeful that my appeal shall be upheld
" Ar ndóigh, tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir Faisnéise sa chás áirithe seo agus tá mé iontach dóchasach go rialófar ar mo shon.
an-dóchasach very hopeful
" Ar cheart dúinn madraí a cheannach a fhad is go mbíonn tríocha madra tréigthe ag a n-úinéirí gach aon lá? Tá Kathrina Bentley, Bainisteoir Margaíochta le Dogstrust an-dóchasach go bhfuil athrú ag teacht, de réir a chéile.
dóchasach dearfach positive and hopeful
" An Rud a tChí an Leanbh, Ghní an Leanbh ================= Ní hamháin go mbeidh úsáid an ríomhaí chéime iontach ó thaobh na sláinte de ach beidh tú ag cruthú an dearcadh san aos óg go bhfuil atmaisféar dóchasach dearfach i gceist le cúrsaí spóirt atá sultmhar agus taitneamhach.
dóchasach confident
" In ainneoin go bhfuiltear ag súil leis an Aire Cosanta de Róiste a shaoradh ó mhilleán gan mhoill, níl Dónall Ó Maolfabhail dóchasach go nochtfar an fhírinne ar fad.
dóchasach optimistic
" D'éirigh go dona le hiomaitheoirí na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana arís agus níl Colm Mac Séalaigh dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí san am atá romhainn ach oiread.
dóchasach optimistic
" Tá go leor bacanna le sárú i gcainteanna an Tuaiscirt go fóill ach tá Robert McMillen dóchasach go dtiocfar ar réiteach mar sin féin.
dóchasach hopeful
" Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.
dóchasach hopeful
" Tá Robert McMillen dóchasach go n-éireoidh le Sinn Féin agus leis an DUP teacht ar shocrú stairiúil sna Sé Chontae go luath.
dóchasach optimistic
" Tá go leor daoine ag tréigean iargúil na hAstráile na laethanta seo ach tá Dáithí Ó Colchúin dóchasach mar sin féin go mairfidh na pobail atá lonnaithe inti.
dóchasach hopeful
" Tá Pádraig Mac Éamoinn dóchasach go ndéanfaí Rialtas na hÉireann tuilleadh airgid a infheistiú sna hiarnróid go luath agus go dtiocfaidh forbairt mhór orthu dá bharr sin.
dóchasach optimistic
" In ainneoin na hoibre sin go léir, áfach, níl sé dóchasach go mairfidh aon cheann den 20 teanga mhionlaigh atá á labhairt sa stát faoi láthair agus measann sé nach bhfuil cúis dóchais ag cainteoirí Gaeilge ach oiread maidir lena dteanga siúd.
dóchasach optimistic
" In ainneoin na hoibre sin go léir, áfach, níl sé dóchasach go mairfidh aon cheann den 20 teanga mhionlaigh atá á labhairt sa stát faoi láthair agus measann sé nach bhfuil cúis dóchais ag cainteoirí Gaeilge ach oiread maidir lena dteanga siúd.
an-dóchasach go n-éireoidh leo a mbeatha a thabhairt i dtír very optimistic that they'll manage to make a living
" Tá amhránaí nua agus albam nua ag an ngrúpa traidisiúnta Slide agus iad an-dóchasach go n-éireoidh leo a mbeatha a thabhairt i dtír ag seinm ceoil, mar a mhínigh Daire Ó Breacáin, fidléir an ghrúpa, do Shiobhán Seoighe le déanaí.
Níltear dóchasach people are not hopeful
" Níltear dóchasach dar le Bearnaí Ó Doibhlin.