Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí I'm really fed up with the doctors
" Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí.
gáire dóite a miserable/dry smile
" " Rinne Sinéad gáire dóite.
dubh dóite heartily sick
" An iontas ar bith é go bhfuil daoine ag éirí dubh dóite den rud ar fad? Leoga, *plus ça change*.
dubh dóite heartily sick
" Ghéill sí don bhrú sa deireadh, áfach, de bharr go raibh sí dubh dóite dá post le Fuji.
Dóite ar sick of
" Dóite ar an bheirt acu a bhí sí ag an am agus thug rúid ina ndiaidh.
boladh dóite an chíste the burning smell of the cake
" Nuair a scóráil Mikey Sheehy an cúl úd i gcoinne Átha Cliath i 1978, chuir sé Paddy Cullen, cúl báire Átha Cliath, i gcomparáid le bean a bheadh ag rith i dtreo na cistine agus boladh dóite an chíste atá san oigheann á fháil aici.
dubh dóite de chúrsaí sick and tired of things
" Bhí an fáilteoir ag caint léi ar an ghuthán, agus í ag luascadh anonn is anall ina cathaoir, agus cuma uirthi go raibh sí dubh dóite de chúrsaí.
dubh dóite de cheartú aistí sick and tired of correcting essays
" Tharla mé dubh dóite de cheartú aistí cúpla lá ó shin agus chuaigh mé isteach i *diner* béal dorais leis an leabharlann le cupán caife a bheith agam.
dubh dóite den saol, totally sick of life,
" Bhí cuma orthu go raibh siad dubh dóite den saol, tuirseach.
dubh dóite den fheachtas. sick and tired of the campaign.
" Tá comharthaí ann cheana féin go bhfuil an pobal dubh dóite den fheachtas.
dubh dóite fed up, sick and tired
" Cé a dúirt go raibh Éire dubh dóite de bheith an baint na Eurofíse? **Pat Rabbitte (ar clé) agus Éamonn Gilmore (ar deis)** Céad slán le Coinín Pháirtí an Lucht Oibre agus céad fáilte roimh a chlón, Gilmore Pháirtí an Lucht Oibre.
dubh dóite de bheith á freagairt. sick and tired of answering it.
" Ba léir dom láithreach gur seo ceist atá curtha ag iriseoirí uirthi go minic agus go bhfuil sí dubh dóite de bheith á freagairt.
dóite go talamh. burnt to the ground.
" Bhí sceitimíní air a bheith ag fanacht i dteach difriúil ach ní raibh a fhios aige go raibh a dteach féin dóite go talamh.
dóite burned
" Rinneadh ionsaithe buama ar Paddy’s Pub agus an Club Sari inar maraíodh 202 duine as 22 tír éagsúil, agus inar gortaíodh na céadta eile, cuid acu dóite go dona.
dubh dóite worn out, tired
" Seans maith go mbeidh sibh dubh dóite agam le halt eile fá dtaobh de sin amach anseo.
go dóite bitterly
" Rinneadh gach tír, seachas an Bhreatain – (a léiríodh mar spás bán, tagairt gan amhras, do sceipteachas frith-Eorpach na tíre sin) a léiríú i bhfoirm míreanna móra crochta ar fráma tiúbach gorm déanta as miotal agus gi nár tháínig tír ar bith slán ó ghéíre Cerný, tháinig roinnt tíortha amach níos fearr ná an chuid eile! Ní raibh muintir na Bulgáire róshásta go raibh a dtír léirithe mar leithreas Turcach – an cineál a seasfaidh tú ann - agus cháin ionadaí na tíre, Betina Joteva, go dóite é ag rá: ‘Ní thig liom glacadh le leithreas ar léarscáil mo thíre.
dóite burned
" Tharla pléascadh ar an mbád an lá dár gcionn inar maraíodh cúigear agus inar gortaíodh beagnach gach duine eile ar bord, cuid mhór acu dóite go dona.
dubh dóite fed up
" Léadh sinn fá achan ghné de leadrán saoil a chéile?! Tá na rudaí beaga útamálach atá ag dul ar aghaidh agam féin leadránach go leor, gan a bheith dubh dóite ag léamh fá shonraí gan mhaith laethúil ‘cairde’, agus dáiríre, glaonn daoine cairde ar an iomarca daoine – i bhfad, bhfad barraíocht, nuair gur ‘daoine aitheantais’ atá iontu i ndáiríre, agus tá ‘daoine aitheantais’ ina théarma láidir nuair a dhéanann tú machnamh ar an leibhéal cairdis nó muintearais nó caidrimh nó idirghníomhú atá ag an phéire atá i gceist.
dóite burned
" Tá mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla.
dubh dóite den chleas fed up with this trick
" Tugtar an ‘blame game’ ar an gcleas polaitíochta seo ina gcuirtear an fhreagracht ó dhuine go duine, agus tá muintir na stát agus na gcríoch ina mbíonn drochsheirbhísí poiblí acu dubh dóite den chleas, gan aon agó.
dubh dóite de sick and tired of
" Tá Balor bocht chomh dubh dóite de liodán na n-uafás úr a thagann chun solais gach aon lá faoi chléir agus faoi chliarlathas na hEaglaise Chaitlicí go bhfuil sé thar a bheith imníoch faoi thodhchaí na hEaglaise céanna.
dubh dóite fed up
" Ní rachaidh mé isteach sa scéal go mion, ach tá mé dubh dóite di ag gearán de shíor agus ag clamhsán gan stad.
dóite burned
" Tháinig lucht dídin i dtír i Learpholl ar an bhád as Béal Feirste i 1969 tar éis dóibh a bheith dóite amach ag na dílseoirí.
dóite burned
" Dá mbeadh an phríomhchathair nó an leas-phríomhchathair i lár na hÉireann níor ghá a ghabháil ach a leath an bhealaigh agus ar ais, rud a chiallódh leath an bhreosla dóite san aer, leath an ama, leath na contúirte agus leath na tuirse dá réir.
dóite burned
" Tá an carr anois ina chnap de mhiotal lúbtha dóite agus chuirfeadh an cruth agus an dath meirge atá air corpán ársa i gcuimhne duit ach a bheith leasaithe le himeacht mhall an ama sa phortach.
dubh dóite de fed up
" Déan an chéim seo arís agus arís eile, go dtí go bhfuil tú dubh dóite de ar aon nós – sa chruth mar a bhfuil cur síos déanta air ag Koch leantar leis na céimeanna go deo! Áille Mhór sa Mhiondúil =========== Mar is léir, faightear íomhánna gleoite as na halgartaim seo, ach ní raibh mórán measa ag lucht na matamaitice orthu roimh theacht Mandelbrot.
dóite burned
" Bhí dath dubh ar na duilleogaí úra ar na crainnte taobh an bhealaigh ar a rabhas ag siúl: iad dóite ag gaoth goirt na stoirme a d’fhág sáinnithe mé ar fuireach calaidh in Ailt an Chorráin ar feadh seachtaine.
dóite burned
" Ta Ali Abdullah al Saleh i Saudi anois, é gortaithe agus dóite tar éis ionsaí RPG ar a lárionad i Sa’ana ar an 3ú Meitheamh le linn na coimhlinte atá sa tír idir an dream Shi’ite a bhfuil ceangal acu le al Qaeda, agus iad siúd atá ag iarraidh cearta an daonlathais a bhaint amach.
an dtruán dóite the poor burned individual
" Níl fágtha ag an dtruán dóite seo ó thaobh ghrá an tsaoil de ach lámha grámhara na n-altraí, lámha a chuireann bindealáin gharbha ar a shúile réabtha agus a thomann é gan tuiscint i bhfolcadán uisce.
carranna dóite cars burned
" Nuair a bheadh na carranna dóite, bheifeá ag tiomáint tríd an luaithreach agus iad te.
dubh dóite de really fed up with it
" Tá cogadh na hAfganastáine ar siúl le haon bhliain dhéag anuas agus tá muintir na hAstráile dubh dóite de, gan aon agó.
uile bréan bailithe dubh dóite den doineann all completely fed up with the bad weather
" B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais, míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann.
dóite ag an phléasc burned by the blast
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
raibh an lucht vótála dubh dóite the voters were sick and tired
" Glactar leis go forleathan gur chaill Páirtí an Lucht Oibre toisc go raibh an lucht vótála dubh dóite den achrann inmheánach a bhí ar siúl sa pháirtí le breis is trí bliana anuas.
dóite agus leagtha burnt and knocked
" Tá an halla mór sa bPoitín Stil, ina raibh na céadta i láthair ag Corn Uí Riada i 1974, dóite agus leagtha.
dóite agus liath burnt and grey
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.