Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos daibhre poorer
" Cathair is ea Lublin atá in Oirthear na Polainne (ceantar a dtugtar an Pholainn B uirthi mar go bhfuil sé níos daibhre ná an chuid den Pholainn atá ar an taobh thiar d'abhainn na Wisla).
daibhir poor
" Agus má chuirimid an cumas agus an cur chuige atá ag roinnt leis an CLG i gcomórtas le hiarrachtaí an Rialtais, mar shampla, i leith nithe níos tábhachtaí ar nós cúrsaí oideachais agus sláinte, an bhearna idir saibhir agus daibhir, truailliú na timpeallachta agus mar sin de, caithfear a rá dá bhféadfaí cuid de chur chuige agus d'fhís an CLG a chur i bhfeidhm ar ghnéithe eile den saol go mb'fhéidir go mbeimis i bhfad níos fearr as mar phobal agus mar náisiún.
chomh daibhir le daol dubh as poor as a church mouse
" “Is mór an gar,” arsa Liam, “nó dá mbeadh muid ag iompar an chíosa seo cúpla mí eile bheadh muid chomh daibhir le daol dubh.
chomh daibhir le daol dubh stone broke
" ” “Má fhaigheann,” arsa Fíona “is ortsa a bheas siad ná tá mise chomh daibhir le daol dubh.
thugadh sé cuairt ar dhaoine daibhre he used to visit poor people
" Ní bhíodh sé sa bhaile Lá Nollag, thugadh sé cuairt ar dhaoine daibhre chun bia agus éadaí a thabhairt dóibh.
saibhir is daibhir rich and poor
" Ba é bun agus barr a chuid fealsúnachta ná go raibh an mhíchothromaíocht idir saibhir is daibhir ag dul in aghaidh toil Dé.
daibhre poor
" Is i Cox’s Bazar, ceann de na réigiúin is boichte sa Bhanglaidéis, a chuireann na Rohingya fúthu agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach bhfearann daoine daibhre dúchais na háite fáilte rompu.
daibhir poor
" Deir an tAire gurb é an socrú is fearr go mbeadh muintir na tíre uile, bídís saibhir nó daibhir, ag tarraingt phinsin nó ina n-ógánaigh, in ann na cluichí a fheiceáil gan dul i gcostas breise trí íoc as córas príobháideach nó gan dul go dtí an teach tábhairne.
daibhre poor
" Ach pé athrú a thiocfaidh ar an gcúnamh forbartha a chuireann an Domhan Thiar ar fáil, ba dheacair áibhéil a dhéanamh ar an tábhacht atá le seoltáin i dtíortha daibhre is forbraíochta.
shaibhre is dhaibhre rich and poor
" Bíonn scileanna oibrithe iasachta ag teastáil ó stáit shaibhre is dhaibhre ar na saolta seo.
dhaibhir poor
" Ba é láidreacht uachtaránacht Lula ná go raibh fás i ndán do gach uile aicme, idir shaibhir agus dhaibhir.
idir shaibhir agus dhaibhir both rich and poor
" Ní dhearna muintir na Brasaíle – idir shaibhir agus dhaibhir – oiread dul chun cinn ó thaobh chaighdeán saoil is a rinne le linn na n-ocht mbliana a chaith Lula i mbun cúraim.
saibhir agus daibhir rich and poor
" Ach cé gur laghdaigh géire an bhochtanais d’fhan an deighilt idir saibhir agus daibhir chomh leathan agus a bhí riamh.
saibhir agus daibhir rich and poor
" Ar bhealach cuirfidh sé leis an deighilt idir saibhir agus daibhir faoi mar a rinne gach gléas teicneolaíochta eile ón ghuthán go dtí an teilifís.
bhearna idir an saibhir agus an daibhir gap between rich and poor
" Meastar go bhfuil fás na dtuarastal seo ar cheann de na cúiseanna leis an mhéadú a tháinig ar an bhearna idir an saibhir agus an daibhir le linn na tréimhse seo.
daibhir poor
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
a luach a thabhairt don daibhir to give the wealth gained to the poor
" Tá Balor ar tí a chuid sómhainní a dhíol, a luach a thabhairt don daibhir, soc a dhéanamh dá chlaíomh, é féin a bhearradh agus a lomadh, an deannach a chreathadh dá chuaráin agus dul trí chró snáthaide.