Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líon íseal seo daoine this small number of people
" Cothaíonn an líon íseal seo daoine deacrachtaí maidir le cúrsaí sochtheangeolaíochta agus iompar teanga.
Loic daoine orainn People let us down
" Loic daoine orainn cúpla uair - cuireadh turas amháin ar ceal gan míniú ar bith, mar shampla, agus dá bharr sin ní fhaca muid Cayo Largo, oileán beag ar an chósta ó dheas agus ceann de na hionaid saoire is deise i gCúba, deirtear.
ag moladh do dhaoine recommending to people
" Náisiúnaithe ar bís ======= Den chéad uair i mbliana, áfach, tá na páirtithe polaitíochta, go háirithe Sinn Féin agus an SDLP, ag moladh do dhaoine agus do náisiúnaithe go mór mhór, foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach.
dhaoine aonair individuals
" Cén fáth ar bunaíodh í? Theastaigh ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair deis a bheith acu a theacht le chéile agus ábhair a phlé agus gníomhaíochtaí a rachadh chun leas comónta na Gaeilge a chur chun cinn.
le cur in iúl do dhaoine to inform people
" Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht.
Castar cuid mhór daoine orm I meet a lot of people
" Cén fáth, mar sin, a raibh an oiread sin daoine ag beannú di amhail is dá mba rud é gur chomharsa dá gcuid a bhí inti? Mhínigh Bríd féin an scéal dom: "Castar cuid mhór daoine orm a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair.
go mothóidh daoine that people will feel
" Is é an dóigh is fearr le dul chun cinn a dhéanamh ná níos mó saothair a chaitheamh in áiteanna mar seo, sa dóigh is go mothóidh daoine go bhfuil siad páirteach sna rudaí atá ag tarlú.
daoine neamhurchóideacha innocent people
" Bhí ceist mhór mhorálta ann fosta mar go raibh daoine neamhurchóideacha ag fáil bháis.
beatha daoine people's lives
" " beatha daoine "i mbaol" ======= Má bhí Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus an ATP sásta le breith an Bhoird Pleanála, ní raibh daoine agus grúpaí eile sa chontae ar aon fhocal leo.
cur ina luí ar dhaoine convince people
" " Céard iad na fadhbanna a bhí acu go dtí seo? "Is dócha gurb é an rud is mó ná teacht ar an margadh agus cur ina luí ar dhaoine go bhfuil sé ceart go leor ceannach ar an idirlíon.
Díshealbhaíodh go leor daoine a lot of people were evicted
" Díshealbhaíodh go leor daoine mar nach gcuirfidís a gcuid gasúr ar scoileanna Protastúnacha.
Goilleann sé go mór ar go leor daoine it bothers a lot of people
" Goilleann sé go mór ar go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den Chumann, go mbíonn mórchuid airgid ag dul isteach i gcistí an Chumainn, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh i rith mhíonna fada an tsamhraidh.
téann na daoine seo le báiní these people become furious
" Chuile uair a bhíonn comhscór ann téann na daoine seo le báiní ar fad toisc go gcreideann siad, ní hea ach go bhfuil a fhios acu go maith, go líontar pócaí daoine áirithe leis an airgead a chaitheann gnáthmhuintir na hÉireann agus iad ag tabhairt tacaíochta dá gcontae dúchais.
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin I fell out with the people there
" D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin.
réitíonn daoine le chéile people get on with each other
" Caithfidh mé a rá gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go réitíonn daoine le chéile.
daoine muinteartha relatives
" I gcúlsráideanna cúnga chathracha na Sé Chontae, tá cónaí ar dhaoine a bhfuil cuimhne acu ar an dóigh ar buaileadh a gcomharsa go dona agus gan é ach ag teacht chun an bhaile ón phub, ar an dóigh ar cuireadh a gcuid daoine muinteartha amach as a gcuid tithe, ar an dóigh a mharaigh "an taobh eile" a gcairde - mothúcháin chomh láidir, chomh daonna sin nach bhfuil seans da laghad ag an chóras d'Hondt iad a leigheas.
Baineadh stangadh as go leor daoine A lot of people were taken aback
" Baineadh stangadh as go leor daoine le gairid nuair a cuireadh in iúl go raibh an scian i ndán do bhuiséad Raidió na Gaeltachta.
a chur ina luí ar dhaoine to convince people
" Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine man is a social animal
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
dornán beag daoine a small number of people
" Is minic le deich mbliana anuas a bhí mé i láthair ag dráma Gaeilge agus gan ach dornán beag daoine sa lucht éisteachta.
teacht i dtír ar dhaoine take advantage of people
" Sa chlár seo, bhí ról Donoghue aige, caimiléir agus slíodóir as Éirinn a bhí i gcónaí ag iarraidh teacht i dtír ar dhaoine.
castáil ar dhaoine suimiúla meet interesting people
" Thug an teanga deis domh a dhul áiteacha, agus castáil ar dhaoine suimiúla, rud nach mbeinn in inmhe a dhéanamh gan í.
daoine a rangú de réir cumais to categorize people according to ability
" Is fearr daoine a rangú de réir cumais agus díriú ar ghrúpaí éagsúla ar nós *ex-pats* agus daoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
ag imirt deismireachta ar dhaoine casting a spell on people
" Tá sé chomh maith sin ag imirt deismireachta ar dhaoine lena chuid aisteoireachta go gcreideann sé féin sa ról atá á ghlacadh aige sa deireadh.
dhaoine aonair individuals
" "Tá siad go breá mar dhaoine aonair, ach cuireann na dronga imní ar dhaoine.
bhogfadh daoine áit inteacht eile people would have moved elsewhere
" Sa tseanam, nuair nach raibh a leithéid ann, bhogfadh daoine áit inteacht eile ag lorg oibre.
daoine aeracha gays
" Léiriú maith ar dhearcadh an phobail an méid a bhí le rá ag duine amháin ar cuireadh agallamh teilifíse air ar an tsráid: "Ní maith liom daoine aeracha ar chor ar bith, ach is maith liom an méid atá le rá ag Fortuyn".
an chaoi a dtéann daoine craiceáilte faoi the way people go mad over it
" Tuigim sin, ach an chaoi a dtéann daoine craiceáilte faoi - sin an pháirt nach dtuigim.
daoine aonair individuals
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
lear mór daoine a great number of people
" Tá sé óg agus fuinniúil, dóighiúil (dar leis na mná, seachas liomsa!) agus faiseanta, agus éiríonn leis lear mór daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge gan a bheith ag brú na teanga orthu nó a bheith ag seanmóireacht mar gheall uirthi.
a cháineann daoine áirithe that some people criticise
" Chinn sé ansin ar bhliain eile a chaitheamh i nGaillimh chun Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach a dhéanamh, cúrsa a cháineann daoine áirithe de bharr, dar leo, go bhfuil sé róghinearálta.
dhaoine míchumasacha the handicapped
" Dá mbeadh fíorspéis ag an Taoiseach sna moltaí a rinneadh bheadh sé tar éis ainmniúchán a thabhairt do leithéid Kathryn Sinnott, a sheas don Dáil agus don Seanad le haird a tharraingt ar an easpa tacaíochta atá ar fáil do dhaoine míchumasacha, nó do Rosaleen McDonagh a sheas ar son cearta don Lucht Taistil.
d'fhormhór na ndaoine for most of the people
" Ní raibh an t-aistriú éasca d'fhormhór na ndaoine a rinne é.
níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail people only need a hint, i.e. to gossip
" " "An bhfuil a fhios agat seo," arsa Nuala, "níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail.
daoine aonair san áireamh individuals included
" Tá baill de Gluaiseacht ar fud na tíre, agus cé nach mbíodh ach eagraíochtaí ó choláistí ann roimhe seo tá gach saghas duine páirteach ann anois - a lán daoine aonair san áireamh.
geit a bhaint as daoine to startle/shock people
" Deir sé go ndéanann sé iarracht uaireanta geit a bhaint as daoine agus é ag léamh go poiblí.
go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo that victory was coming to these people
" ) Bhuel, ag fáil léargais dó ar an dóigh a raibh an freasúra neamhdhlíthiúil sa Pholainn ag obair, ag foilsiú leabhartha, ag cruthú sochaí dhaonlathach beag beann ar an chóras oifigiúil, ba é an tátal a bhain sé as an scéal ná "go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo".
bunús na ndaoine most of the people
" Beo bocht ======= Sa tseanam ba ar an iascaireacht agus ar an fheirmeoireacht a mhair bunús na ndaoine, dalta pobal na tuaithe i ngach áit eile, agus taobh amuigh den tae, siúcra agus an plúr bhí gach bia eile dá gcuid féin acu.
ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine catering for people's needs
" Bhíodh lucht siúil gur tháilliúirí, ghréasaithe agus lucht déanta cannaí iad ag taisteal i ngach ceantar ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine.
scata maith daoine a good number of people
"scata maith daoine sa gceantar ag coinneáil orthu ag iascaireacht i gcónaí, ach tá tuilleadh forbartha ag teastáil ar an obair sin.
ag cur comhairle ar dhaoine advising people
" Cén obair a dhéantar sa chomhlacht ó lá go lá? Ag díol leabhar; ag plé le horduithe na gcustaiméirí; ag cur comhairle ar dhaoine maidir le leabhair agus cúrsaí; ag meas leabhar nua; ag freagairt comhfhreagrais agus teachtaireachtaí ríomhphoist.
dhaoine iontacha great people
" Chuir mé aithne an- an-mhaith ar dhaoine iontacha i dTír Chonaill, daoine ar nós Anthony Gillespie, agus tá fíormheas agam orthu.
dála mórán daoine like a lot of people
" Ár dtus bhí mé i mo "lurker", dála mórán daoine.
daoine aonair individuals
" Theastaigh uaidh déileáil mar ba chuí le gach aon aicme sa tír agus roinnt daoine aonair chomh maith.
chun dallamullóg a chur ar dhaoine to hoodwink people
" Léiríonn na suímh ollscoile aite thuas gur féidir seoltaí bréige sráide a úsáid freisin chun dallamullóg a chur ar dhaoine.
chaitheadh daoine seile orm people used to spit at me
" D'éirigh mé as an tsiopadóireacht a dhéanamh sa bhaile sin, mar chaitheadh daoine seile orm.
daoine den scoth great people
" Áit iontach agus daoine den scoth a bhí agus atá i Loch Garman, dar le Mícheál.
a mheallann daoine which attracts people
" Scríbhneoirí an Bhlascaoid ======= Lasmuigh d'áilleacht an pharóiste tá gné eile den saol a mheallann daoine anseo agus is é sin an litríocht.
atá fós ar bhéalaibh daoine which are still being spoken of
" Tair agus fiafraigh dúinn mar gheall ar Thig Mhóire, ar "Bhád na nGort nDubh", ar an "Santa Maria de La Rosa", ar "Dhóiteán Bhailícín" agus na gnéithe sin ar fad de shaol agus de stair an pharóiste atá fós ar bhéalaibh daoine.
líon mór daoine a large number of people
" Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002.
daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach to attract young people from the area in
" Bhí sé mar chuid den sprioc ag an ghrúpa seo daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach chun a bheith ag obair ar thionscadal lena dtimpeallacht a dhéanamh níos deise agus dóchas a chruthú don todhchaí agus don ghlúin atá le teacht.
daoine daonna human beings
" Is daoine daonna iad baill an DUP, lán contrárthachtaí agus coimhlintí inmheánacha fá cad is ceart agus cad is contráilte ann, ainneoin na híomhá a chuirtear chun tosaigh go bhfuil siad mar phictiúr Andy Warhol, ina gclóin ag Ian Paisley.
ag mealladh daoine attracting people
" "Deinim amach, dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart agus a bheith ana-chúramach ina bhun, ní gá gur ag mealladh daoine ón nGaeilge nó ó na ranna Gaeilge ar fad a bheadh Léann na hÉireann ach ag tabhairt daoine de réir a chéile isteach sa líon, más maith leat.
le cruthú do dhaoine áirithe to prove to certain people
" Tá roinnt amhrán Béarla scríofa acu le tamall anuas, leithéidí "Dunnes Stores Girl" agus "The Song of Lies", agus deir de Paor gur thug sé faoi liricí a scríobh i mBéarla le cruthú do dhaoine áirithe nach bhfuil Gaeilge acu go bhfuil caighdeán ard ag baint lena shaothar.
daoine a chur ar a suaimhneas to ease people's minds
" Ar ndóigh, tá iarracht déanta ag an Mhéara Mike Bloomberg agus ag ceannairí eile polaitiúla daoine a chur ar a suaimhneas.
daoine léannta learned people
" daoine léannta ======= Rinne daoine léannta a mbealach chuig Inis Mór síos trí na blianta agus bhain cuid acu úsáid as mar chúlra dá gcuid scríbhneoireachta.
le meon na ndaoine a thuiscint to understand the way the people are thinking
" Is beag nach gcuirfeadh Howard de Valera i gcuimhne dhuit - ní gá dó ach breathnú isteach ina chroí féin le meon na ndaoine a thuiscint.
réimse leathan daoine a wide range of people
" Tá bialann bhreá ansin a bhíonn gnóthach i gcónaí - agus ní lucht na Gaeilge amháin a bhíonn ag úsáid na háise ach réimse leathan daoine a meallann an t-atmaisféar agus an bia blasta iad.
Tarchéimníonn daoine people transcend
" Tarchéimníonn daoine nithe dofhulaingthe agus cuireann siad tús le rud úr … Ní daoine éagumasacha muid … Is uirlis chumhachtach iad na healaíona a thacaíonn leis an sracadh le maireachtáil agus chun fuascailt a bhaint amach.
dhaoine gan dídean the homeless
" Hatch airgead a chur ar fáil chun áit ar a dtugtar an chéad mhisean tarrthála do dhaoine gan dídean a bhunú, is é sin, Helping Hand For Men.
dhaoine faoi mhíchumas handicapped people
" Deir Uachtarán an Choimisiúin go dtacóidh an Coimisiún freisin i gcás cúirte le leithéidí Mr Jamie Sinnott a bhí ag éileamh cearta oideachais do dhaoine faoi mhíchumas, nó le tuistí neamh-Éireannacha ar rugadh a bpáistí sa stát seo.
dhaoine míchumasaithe people with disabilities
" " Tá gairdín deas ann atá dírithe ar dhaoine míchumasaithe.
daoine dalla blind people
" Tá plandaí ann a mhothaíonn mar a bheadh cleití ann, nó a bhfuil boladh nó fuaim speisialta acu, ar féidir le daoine dalla a bheith ag obair leo.
a ghair daoine who called people
" Tar éis an tsaoil ba é féin an chéad duine a bhí ar an láthair ceathrú uaire roimhe sin, a chonaic é gan aithne gan urlabhra agus a scaip an scéinscéal, a ghair daoine, daoine a bhí anois ag tabhairt cluas bhodhar dó.
ag cur ina luí ar dhaoine convincing people
" Ach anseo in Éirinn, caithfidh tú leanúint ar aghaidh gach aon mhí ag cur ina luí ar dhaoine canathaobh a bhfuil tú á dhéanamh sa tslí seo agus cúiteamh ana-ard a íoc.
chun daoine a smachtú to control people
" Mhothaigh sé gur thosaigh na liobrálaigh nua-aoiseacha ag baint úsáid fhairsing as an chinsireach chun daoine a smachtú agus a choimeád ar imeall na sochaí agus, ar an drochuair, gur lean an polasaí lochtach seo ar aghaidh ar feadh blianta fada na coimhlinte.
ag scaoileadh le daoine letting people go
" Tá meath tagtha ar an líon fostaíochta atá dhá chur ar fáil ar an eastát, áfach, agus bhí leithéidí Insilco Technologies ag scaoileadh le daoine anuraidh.
Mhaígh daoine áirithe certain people claimed
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
leis an méid sin daoine a mhealladh to attract that number of people
" Ní theastaíonn uathu glacadh le níos mó ná 20 duine in aon rang, ach bíonn a lán oibre ag teastáil leis an méid sin daoine a mhealladh fiú.
Samhlaíonn daoine people imagine
" "Samhlaíonn daoine, fiú amháin sna scoileanna Gaeilge, go bhfuil breis oibre ag baint leis (cúrsa trí Ghaeilge).
go gcuimhneodh daoine uirthi that people would remember her
" Mar fhocal scoir agus mé ag siúl amach an doras, d'fhiafraigh mé di conas gur mhaith léi go gcuimhneodh daoine uirthi.
dhaoine aeracha gay people
" Tá faobhar ar a scríobhann sé - bíonn a altanna i gcónaí greannmhar ach bíonn pointe dáiríre á dhéanamh in achan cheann acu, bíodh sé ag scríobh fá pholaitíocht, fá dhaoine aeracha ó thuaidh, fán turasóireacht sna Se Chontae nó cibé rud.
rabharta daoine óga greannmhara a wave of funny young people
" Cá bhfuil na fir/mná grinn a dtig leo gearradh fríd an bhealachtachas uilig ar a bhfuil an córas polaitíochta ó thuaidh bunaithe? Tháinig rabharta daoine óga greannmhara chun cinn sna 90í ach cá bhfuil siad anois? Sa chianaimsir, ba iad leithéidí Frank Carson, Jimmy Cricket agus Roy Walker ambasadóirí grinn an tuaiscirt.
ag faire ar dhaoine watching people
" Tá go leor rudaí ag crá daoine ar an idirlíon faoi láthair - idir víris, phéisteanna agus bhogearraí "*spyware*" a bhíonn ag faire ar dhaoine i ngan fhios dóibh.
aird daoine a tharraingt to draw people's attention
" Bíonn fógróirí i gcónaí ag iarraidh aird daoine a tharraingt - agus go minic cuireann sé sin bac ar an úsáid a bhí á baint as suíomh gréasáin.
an líon daoine gan dídean the number of homeless people
" Ach is é an fhírinne go mbeidh ar an rialtas i bhfad níos mó ná ionaid a oscailt má táid le srian a chur leis an líon daoine gan dídean, líon atá ag méadú in aghaidh an lae sa stát seo.
daoine fásta adults
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Ceapaim féin go mbeidh todhchaí na Gaeilge in áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, mar shampla, agus go mbeidh an teanga á labhairt i measc daoine fásta agus ag daoine fásta lena bpáistí.
daoine daonna human beings
" Corcaigh ab fhearr i mbliana ina gcoinne, an t-aon fhoireann a thug le fios gur daoine daonna iad na Cait agus nach innill nó robots iomána iad.
an t-uafás daoine a lot of people
" Ach an raibh an ceart aige? Cinnte, chreid an t-uafás daoine go raibh, Jack McConnell, an Chéad Aire, san áireamh.
daoine a shá to stab people
" Fir óga de chuid na haicme oibre agus an t-ólachán is cúis le cuid fadhbanna na hAlban, fir óga a chreideann, agus iad faoi thionchar an óil, go gcaithfidh siad daoine a shá.
le daoine a díshealbhú to evict people
" Tá macasamhla ann de rudaí a tharla ag an am, mar shampla corp á chaitheamh isteach in olluaigh agus reithe cogaidh á úsáid le daoine a díshealbhú.
murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán unlike most of the people from the island
" Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
Á brú siar sa scadán ag daoine shoving it (Irish) down people's throats
" Á brú siar sa scadán ag daoine, an dóigh chéanna ar brúdh Béarla orthu, céad go leith bliain ó shin ná mar sin.
B'amaideach an mhaise do dhaoine a mhalairt a cheapadh. It would be foolish of people to think the opposite.
" B'amaideach an mhaise do dhaoine a mhalairt a cheapadh.
daoine aonair individuals
" Is céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
daoine feiliúnacha suitable people
" Tá súil againn go bhfanfaidh siad linn mar tá sé fíodheacair daoine feiliúnacha a fháil.
daoine aonair individuals
" Go traidisiúnta, is daoine aonair de ghnáth a dheánann iarracht scrios a dhéanamh ar shaothair ealaíne san iarthar.
gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge that most of these people abandoned the Irish language
" Is fíor fosta gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge nuair a bhain siad Meiriceá amach, mar bhí a fhios acu go maith gurbh é an Béarla teanga na tíre, agus gurb é a bheadh á labhairt ag bunús na ndaoine a chuaigh ann rompu.
bunús na ndaoine a majority of the people
" Is fíor fosta gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge nuair a bhain siad Meiriceá amach, mar bhí a fhios acu go maith gurbh é an Béarla teanga na tíre, agus gurb é a bheadh á labhairt ag bunús na ndaoine a chuaigh ann rompu.
daoine dúthrachtacha devoted/diligent people
" Cé nach raibh an Ghaeilge riamh chomh láidir leis na teangacha eile a bhí á labhairt sa tír, bhíodh méid áirithe daoine dúthrachtacha ann i gcónaí a bhíodh dílis di.
sa chruth is go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim so that people could learn it
" Luadh teanga na hÉireann i lámhscríbhinní daoine tábhachtacha i Meiriceá, scríobhadh colúin Ghaeilge i bpáipéir nuachta in áiteacha áithrid, agus cuireadh ranganna ar fáil, fiú, sa chruth is go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim.
agus suim inti a spreagadh i ndaoine eile and to stimulate an interest in it in other people
" Tá achan duine acu ansin ar chúis amháin: leis an Ghaeilge a fhoghlaim, a chur chun cinn, agus suim inti a spreagadh i ndaoine eile.
i líon na ndaoine in the number of people
" Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh.
daoine a oiliúint to train people
" "Táimid ag déanamh taighde faoi láthair, agus táimid chun cúrsa a eagrú ag tús mhí Mheán Fómhair do chuairteoirí baile teangan, daoine a oiliúint chun teanga teaghlaigh a phlé leis an gclann, abair na roghanna teangan.
Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu young people today have no time to sit or stand
" Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu.
nach n-aontódh go leor daoine liom that a lot of people wouldn't agree with me
" Sílim gurb iad na hamhráin dúshraith an cheoil rince agus gurb iad is tábhachtaí, dá bhrí sin! B'fhéidir nach n-aontódh go leor daoine liom faoi sin ach sin mo thuairim phearsanta féin.
daoine cruógacha busy people
" Tuilleann (*oops!*) - faigheann ceathrar acu breis agus míle euro an duine sa mhí mar chostais! Agus cad é a fhaigheann Balor Bocht in aghaidh na míosa? An méid céanna is a bhí á fháil aige nuair a tháinig an liarlóg seo amach an chéad lá riamh: ceithre cent déag; cúig cent déag má bhíonn tríocha a haon lá sa mhí; dhá cent déag i mí Feabhra agus trí cent déag gach ceathrú Feabhra nuair is bliain bhisigh a bhíonn ann - mar atá i mbliana, buíochas le Dia! Yahú! Bhí sé ag madraí an bhaile riamh anall gur daoine cruógacha a bhí i mbaill tofa an Údar Ass, cuid acu níos cruógaí ná a chéile, agus an ceathrar ar bharr an liosta is cruógaí ar fad acu: Pádhraic Ó Bia, Brains Ó Domhnaill, Daithí Elkhorn agus Randy Mac Gearailt.
tathant ar dhaoine to persuade people
" Thuig Fianna Fáil go luath go raibh Fine Gael chun toghchán tubaisteach a bheith acu agus creideadh go bhféadfadh a leithéid de ráiteas tathant ar dhaoine a bhí i dtaithí ar vóta a chaitheamh do Fhine Gael, aistriú go Fianna Fáil.
ag brath ar na daoine thuasluaite depending on the above-mentioned
" Mar is eol d'aon duine atá ag obair i saol na Gaeilge nó a bhfuil suim aige sa teanga, tá go leor ag brath ar na daoine thuasluaite.
ag gríosadh daoine óga encouraging young people
" Ní ligim féin faill ar ceal ach ag gríosadh daoine óga chun slí bheatha den tsórt sin a thoghadh.