Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na daonlathaithe Críostaí the Christian democrats
" Bhí go leor de na vótóirí nach raibh muinín acu as an dream nua seo, an LPF, chun an tír a reáchtáil agus dá bharr sin thug siad a vóta do na daonlathaithe Críostaí, páirtí a bhí lag roimhe sin.
na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach the social democrats and liberals
" Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas.
eolas daonlathaithe democratised knowledge
" Is suíomh neamhbhrabúsach é a bhfuil stádas ponc org aige (tá sé ag brath go hiomlán ar shíntiúis phríobháideacha agus ar an Wikipedia Foundation), agus tá moladh ard faighte aige mar shampla den eolas daonlathaithe agus de bhrí nach bhfuil sé lán fógraí a léimeann aníos agus go bhfuil saoirse iomlán ann ó thaobh eolas a thabhairt agus a fháil.
bunchloch na sochaí daonlathaí foundation of any democratic society
" Dar ndóigh, bunchloch na sochaí daonlathaí is iad na meáin chumarsáide.
easpa freagrachta daonlathaí a lack of democratic accountability
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
Daonlathaithe Liobrálacha Lib Dems
" Toghadh triúr ón Pháirtí Choiméadach faoin chóras seo, beirt ó Pháirtí an Lucht Oibre agus duine amháin ón BNP, UKIP agus na Daonlathaithe Liobrálacha.
níos daonlathaí more democratic
" Níl stiúrthóir scannáin ann níos daonlathaí ná é.
Daonlathaithe Liobrálacha Lib Dems
" Shíl mé féin go raibh an rogha idir comhrialtas de chuid an ‘clé láir’ le Páirtí an Lucht Oibre (PLO) agus Na Daonlathaithe Liobrálacha (DL) lena chéile, nó rialtas mionlach Coimeádach ag brath ar thacaíocht ó an DL.
níos daonlathaí more democratic
" Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim gur gá athruithe radacacha a dhéanamh ar an Seanad chun é a dhéanamh níos daonlathaí.