Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
daonlathas democracy
" Níl sé go maith don daonlathas go mbeadh páirtí amháin i gcumhacht rófhada.
daonlathais democracy
" Mar sin, i mo thuairim féin, tá sé tábhachtach an chuid eile den scéal a thaispeáint: go raibh daoine ann in áiteanna mar an tSúdáin agus Éire ag streachailt ar son saoirse agus daonlathais in aghaidh na himpireachta ba mhó agus ba láidre ar an domhan.
daonlathas democracy
" D'aontaigh an Ceann Comhairle leis agus b'éigean d'fheisirí Shinn Féin fanacht beagnach cúig bliana le dul isteach go Westminster, áit a raibh díospóireacht ar siúl le gairid faoin dóigh is fearr le daonlathas a chruthú san Afganastáin.
córas daonlathais system of democracy
" Seo an córas daonlathais ag oibriú in Éirinn ach is léir go bhfuil níos mó fadhbanna á gcruthú ná a réiteach!
daonlathas democracy
" Is linne an Dáil agus daonlathas na tíre seo.
daonlathas democracy
" Sin an buntáiste a bhaineann leis an daonlathas.
daonlathas democracy
" daonlathas nua-aimseartha ======= Thug "Common Sense" *co-determination* ar cibé socrú a thiocfadh as teacht le chéile "Protastúnaigh Uladh" agus "Caitlicigh Uladh.
croílár an chórais daonlathais the very heart of the democratic system
" Is í Dáil Éireann croílár an chórais daonlathais in Éirinn.
daonlathas democracy
" Scéal an duine i dtíortha gan daonlathas.
daonlathas democracy
" Ní mór dúinn a bheith in ann teacht ar an eolas chun cinntí an Rialtais a scrúdú go mion, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa daonlathas seo a mbíonn muid chomh bródúil as agus muid ag seanmóireacht faoin Iaráic i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
daonlathas democracy
" Is rud tábhachtach é an daonlathas agus is fiú é a choimeád trédhearcach agus simplí.
daonlathais democracy
" Ba iadsan an teaghlach tíoránta a bhí in uachtar i Neipeal ó 1846 go 1951, tráth ar briseadh ar a gcumhacht is ar a gceannsmacht le teacht an daonlathais.
daonlathais democracy
" Cé gur cuireadh an réabhlóid faoi chois go héasca, measann roinnt mhaith daoine gurbh é Eureka bunús an daonlathais san Astráil.
dhaonlathas democracy
" Cé go bhfuil an ceart acu siúd a deir nach bhfuil seo chun leasa dhaonlathas na tíre, ar an lámh eile nílim cinnte an mbeadh toghchán uachtaránachta idir Máire Mhic Ghiolla Íosa agus Dana Rosemary Scallon chun leasa na tíre ach oiread.
daonlathas democracy
" Focail mheallacacha ======= Tá Peter Robinson agus a chomhghleacaithe ag baint úsáide as focail mheallacacha - freagracht, daonlathas, éifeachtacht ach, taobh thiar de seo, measann naisiúnaithe gur bac eile ar an bhealach chuig roinnt na cumhachta atá i gceist.
daonlathas den scoth a great democracy
" Agus an córas ina chíor thuathail sula ndéantar vóta ar bith a chomhaireamh, tá sé ag éirí níos soiléire gur miotas eile de chuid na luath-óige an smaoineamh gur daonlathas den scoth é Meiriceá.
daonlathas democracy
" " In ainneoin na conspóide ar fad faoi Wikipedia, tá sé deacair an dearcadh dearfach atá i gceist i leith na rannpháirtithe a lochtú, gan trácht ar an leagan amach inrochtana, an ghné ilteangach, agus an bhéim ar an daonlathas.
daonlathais oscailte open democracy
" Sampla an-mhaith den saghas daonlathais oscailte a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael, cé, ar nós muilte Dé, go meileann na muilte go mall go minic.
daonlathas democracy
" Tá daonra de 18 milliún aici faoi láthair, agus daonlathas breá sláintiúil sa tír; tá cúrsaí sách socair ansin, go háirithe i gcomparáid leis na tíortha thart timpeall uirthi.
i gcuideachta na saoirse cainte, an daonlathais agus an náisiúnstáit along with freedom of speech, democracy and the nationstate
" Le forbairt an chló agus le leathadh na litearthachta a tháinig an coincheap sin den litríocht chun cinn, agus is i gcuideachta na saoirse cainte, an daonlathais agus an náisiúnstáit a tháinig sé.
daonlathas democracy
" Tá daonra de 18 milliún aici faoi láthair, agus daonlathas breá sláintiúil sa tír; tá cúrsaí sách socair ansin, go háirithe i gcomparáid leis na tíortha thart timpeall uirthi.
i gcuideachta na saoirse cainte, an daonlathais agus an náisiúnstáit along with freedom of speech, democracy and the nationstate
" Le forbairt an chló agus le leathadh na litearthachta a tháinig an coincheap sin den litríocht chun cinn, agus is i gcuideachta na saoirse cainte, an daonlathais agus an náisiúnstáit a tháinig sé.
ag cur an daonlathais i mbaol putting democracy in danger
" “Níl na hionadaithe a thogh muid ag déanamh ionadaíochta ar ár son agus tá sin ag cur an daonlathais i mbaol,” ar sé.
dhaonlathas democracy
" Cén fáth a bhfuil rialtas na Stát Aontaithe chomh seasmhach sin? D'fhéadfá a rá gur meascán de dhaonlathas agus easpa daonlathais a choimeádann é le chéile.
daonlathas democracy
" Seo an t-am nuair a bhí an chaint uilig faoi “Glasnost” in Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha agus Rialtas na Breataine ag cur comhairle ar fáil do rialtas na tíre sin faoin daonlathas agus cearta daonna.
daonlathas democracy
" Comhréiteach a bhí ann idir ríogacht agus poblachtánachas, idir daonlathas agus dialathas, idir olagarcacht agus coitiantacht, idir leas comónta an phobail agus cearta indibhidiúla an duine.
tacaíocht ann do dhaonlathas in Éirinn support for democracy in Ireland
" Ní raibh aon chúiseanna sceimhlitheoireachta in aghaidh baill ar bith den chlub, ach bhí tacaíocht ann do dhaonlathas in Éirinn agus labhair poblachtánaigh ansin anois is arís.
daonlathas democracy
" Córas dhá pháirtí Níl ach dhá pháirtí polaitíochta i Meiriceá, rud a chuireann iontas ar Eorpaigh, a fheiceann cúig nó sé cinn de mhórpháirtithe ina bparlaimintí féin, ach ní ar mhúnla na dtíortha Eorpacha a bunaíodh daonlathas Mheiriceá.
agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir. and to sow the seed of democracy in the middle of the Middle Eastern garden.
" Ba é plean an Rúnaí Cosanta seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir.
daonlathas democracy
" Agus cad é faoin daonlathas sa pháirtí agus toil na ndaoine? Ag an chomhdháil i Manchain shéan Harriet Harman (tánaiste nua Brown) gur vótáil sí ar son an chogaidh, agus ina óráid ansin, gheall Gordon Brown go n-éistfeadh sé le baill an pháirtí agus leis an phobal as seo amach.
daonlathas democracy
" Dá mba mise an tUasal al-Maliki, bheinn ag pacáil mo mhálaí mar is cuma faoin daonlathas - ruaigfear as oifig é más sin toil an CIA.
i ndaingniú an daonlathais in the strengthening of democracy
" Seachas a bheith ina ‘chlochmhíle thábhachtach’ i ndaingniú an daonlathais san Iaráic, mar a mhaígh Uachtarán SAM, George W.
daonlathas parlaiminteach parliamentary democracy
" Bhí daonlathas parlaiminteach in Éirinn mar a bhí in Albain agus sa Bhreatain Bheag.
easpa daonlathais lack of democracy
" Óir is comhartha den easpa daonlathais atá san Aontas Eorpaigh nach mbeidh deis ag pobal na mballstát eile vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na cáipéise ríthábhachtaí seo.
nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin. when democracy was limited to the people of the town only
" Bhí conspóid faoi cé aige a bheadh cead vótála agus ní mó ná sásta a bhí an pobal taobh thiar den Daingean nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin.
i gcoinne an daonlathais. against democracy.
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
daonlathas democracy
" Dá ainneoin sin, is mór an dochar atá déanta cheana féin ag Moon agus a chomhghleacaithe ar an eite dheis don daonlathas ar fud an domhain.
daonlathais democracy
" Gníomh cróga, a Gordon – bulaí fir! Níor cheart, i mo thuairimse, gur faoin lucht spóirt amháin a thitfeadh sé beart a dhéanamh ar son an daonlathais an iarraidh seo.
easpa daonlathais. lack of democracy.
" Sampla an-mhaith a bhí ann den easpa daonlathais.
Páirtí an Daonlathais Chlé Democratic Left
" Roghnaíodh í mar iarrthóir de chuid chomhghuaillíocht páirtithe éagsúla: An Comhaontas Glas, Páirtí an Daonlathais Chlé agus Páirtí an Lucht Oibre.
ar son na saoirse agus an daonlathais for freedom and democracy
" D’éirigh go hiontach le Saakashvili, ar ndóigh, agus mhol na meáin an *coup d’état* gan mharú mar bhua iontach ar son na saoirse agus an daonlathais agus mar bhuille i gcoinne tíorántachta.
daonlathas democracy
" Níl ná baol air, cé go bhfuil sé i bhfad níos goire don daonlathas ná mar atá an Araib Shádach, lena bhfuil dlúthchairdeas ag Meiriceá.
daonlathais democracy
" Leis na Trioblóidí ag dul in olcas ag an am, is dócha go raibh rogha ag 'An Nuachtán Éireannach' i Sasana: an cloigeann a choinneáil síos agus taobhú leis an tseoinínteacht, nó an fód a sheasamh ar son an daonlathais agus ar son chearta na ndaoine.
daonlathais nua-aoisigh modern democracy
" Tá meas mór air ó shin mar dhuine a bhain saoirse amach dona thír dhúchais agus mar dhuine a raibh páirt mhór aige i mbunú an daonlathais nua-aoisigh.
daonlathais democratic
" Má tá fadhb ann, bainfidh daoine leas as an chóras pholaitiúil agus as traidisiún láidir an daonlathais chun feabhas agus leigheas an scéil a chur i bhfeidhm.
daonlathas democracy
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
daonlathas logánta local democracy
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
easpa an daonlathais áitiúil a lack of local democracy
"easpa an daonlathais áitiúil ag feidhmiú sna toghcháin, easpa a thig de dheasca cumhacht na bpáirtithe móra a bhrúnn a dtoil anuas ar na daoine, dá n-ainneoin.
bhforais daonlathais democratic institutions
" Athchóiriú an Oireachtais? Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais.
stair an daonlathais the history of democracy
" Chaith 400 milliún duine a gcuid vótaí sa toghchán is mó i stair an daonlathais.
daonlathas democracy
" An rud is iontaí faoin India, agus an rud is mó a thugann dóchas do mhuintir na tíre sin, ná gur sheas an daonlathas chomh fada inti ar chor ar bith.
daonlathas democracy
daonlathais democracy
" Tá ráflaí ar na meáin faoi láthair go ligfear saor mí na Samhna seo chugainn Aung San Suu Kyi, an bhean ar a dtugtar ceannaire na gluaiseachta ar son an daonlathais i Maenmar, nó Burma mar is fearr aithne ar an áit.
daonlathas democracy
" Beag baol go ndóirtfear fuil an iarraidh seo – tá daonlathas i réim san Airgintín agus níl Gordon Brown na Breataine leath chomh bruíonach is a bhí Margaret Thatcher – ach d’fhéadfadh sé go mbeidh impleachtaí ag athghéarú an achrainn a mhothófar i bhfad ó na hoileáin féin – i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe.
daonlathas democracy
" Caer Went ======= Thosaigh mé san Ollscoil *East Anglia* i nDeireadh Fómhair 1972, áit ar bhuail mé le mic léinn eile ar bhí ar son daonlathas in Éirinn.
daonlathas democracy
" Buntáistí Oideachais do theangacha mionlaithe - Na 7 gCumhacht - Foras fostáit - Scoileanna & Oideachas = an ceann is tábhachtaí do mhionlach - Dúnghaois: aitheantas/pobail, cultúr, cúrsaí agus daonlathas An Chéad Chéim ======= Deir sé go bhfuil COGG ann, atá ina bhord comhairleach, an chéad chéim eile atá le tógáil ná bord le cúraimí reachtúla ann a dhéanamh as.
Daonlathais Shóisialaigh socialist democracy
" Agus 56% de na vótaí aici, fuair Rousseff an lámh in uachtar ar a céile comhraic, José Serra ó Pháirtí an Daonlathais Shóisialaigh Bhrasaíligh (PSDB.
daonlathas democracy
" In 1985, bhí daonlathas i réim sa tír in athuair.
daonlathas democracy
" Is fiú gach pingin é an daonlathas: má bhíonn sé feidhmiúil agus má bhíonn caoi mhaith air.
daonlathas democracy
" Maíonn sé go bhfuil neamhaird á déanamh de dhá dhoiciméad ina bhfuil an daonlathas sa Fhrainc iarchogaidh fréamhaithe.
daonlathas democracy
" Tá sé ráite ag cara le Lantos go raibh an tUngárach ar aon intinn lena chomhthíreach agus dlúthchara Soros maidir le daonlathas agus cearta daonna a chur chun cinn.
daonlathas democracy
" Ní raibh meas ar bith aige ar na rudaí bunúsacha atá mar bhia is mar dheoch ag an daonlathas: oscailteacht, ionracas, agus freagracht.
chláir um daonlathas program for democracy
" org, David Keyes, fear a d’oibrigh mar chomhordaitheoir faoi Sharansky ar chláir um daonlathas ag an Institiúid Adelson, go Nua Eabhrac agus Washington, áit ar fhreastail sé ar chomhdháil faoi easaontas Idirlín ag an Washington Institute for Near East Policy (WINEP), meitheal smaointe a chuir an *American Israel Public Affairs Committee* (AIPAC) ar bun.
ar mhaithe leis an daonlathas for the sake of democracy
" An Teilifís mar Cheart ============ Deir sé gur ar mhaithe leis an daonlathas agus le cúrsaí cultúir a bhunaigh sé TnaG.
daonlathas democracy
" Bíonn ionsaithe ar léirsitheoirí ar son daonlathas sa Libia agus sa tSiria go mór sa nuacht sa lá atá inniu ann, ach ní dhearna meáin chumarsáide na tíre seo, Sasain, aon chomórtas idir iompar na bpóilíní i Londain agus iompar na bhfórsaí slándála sna tíortha thall.
daonlathas democracy
" ‘Is cuma cad a tharlaíonn,’ a scríobh sé ina bhlag, ‘ní thig le rud ar bith stad a chur le roth na staire, a éilíonn saoirse agus daonlathas’.
daonlathais democracy
" Deir sé nach bhfuil sé cinnte an dtuigeann lucht dréachta dúnghaoisí féin na himpleachtaí sin agus na tionchair a d'fheadfadh a bheith acu ar chúrsaí daonlathais, ar scaipeadh eolais agus ar thuiscint na ndaoine ar a bhfuil ag tarlú.
daonlathas democracy
" An dá laige is mó a bhaineann lena scéal go bhfuil an daonlathas áitiúil an-lag, agus nach bhfuil ceist na tuaithe rómhór san allagar náisiúnta (in ainneoin go bhfuil cónaí ar 40% de mhuintir na tíre in áiteanna tuaithe).
Daonlathas ón mBonn Aníos democracy from the ground up
" Athnuachan Ghaeltachta agus an Daonlathas ón mBonn Aníos =============================== Má tá an Ghaeilge le tarrtháil mar theanga laethúil i measc an phobail, theastódh athnuachan sa Ghaeltacht ón mbonn aníos.
daonlathas democracy
" - Tá riar den daonlathas ag baint leis an bProtastúnachas.
cearta an daonlathais democratic rights
" Ta Ali Abdullah al Saleh i Saudi anois, é gortaithe agus dóite tar éis ionsaí RPG ar a lárionad i Sa’ana ar an 3ú Meitheamh le linn na coimhlinte atá sa tír idir an dream Shi’ite a bhfuil ceangal acu le al Qaeda, agus iad siúd atá ag iarraidh cearta an daonlathais a bhaint amach.
daonlathas democracy
" 0) daonlathas go Libya is go Syria.
an córas daonlathais the democratic system
" Ba chuma liom, dá seasfadh rialtais leis na daoine, ach tuigeann muintir na Gréige go bhfuil Merkel agus Sarkozy gan tointe agus an córas daonlathais sléachta roimh na fíormháistrí.
chóras daonlathais democratic system
" Is iad drong an airgid mhóir, an CAI, agus an Banc Ceannais Eorpach, na fíormháistrí agus níl sa chóras daonlathais agus sna pobail a thoghann teachtaí chuige i ndáiríre ach na bómáin atá fágtha ar an bhallán chúil.
Má mheileann muilte an daonlathais go mall if the wheels of democracy are slow
" Má mheileann muilte an daonlathais go mall in aon tír amháin, is measa fós an scéal nuair a bhíonn scaifte mór tíortha i gceist agus iad ag iarradh teacht ar aon intinn maidir le fadhb mhór.
daonlathais áitiúil local democracy
" Ní féidir aon eagraíocht a riaradh i gceart mar seo agus téann sé glan in aghaidh an daonlathais áitiúil.
an daonlathas democracy
" Tráth a bhfuil an daonlathas faoi bhrú, an tsochaí á scoilteadh, agus an cultúr a mhúnlú as a riocht ag fórsaí an domhandaithe, ní mór cuimhneamh gur mór an tionchar a imríonn foinse an airgid ar an ábhar a chraoltar nó a chuirtear i gcló.
lucht an daonlathais democrats
" Chuaigh muinín agus misneach lucht an daonlathais i méid, agus ba é a moladh siúd don Pháirtí Cumannach leanúint lena ghlantachán Earraigh.
sheas an daonlathas democracy survived
" É sin ráite, sheas an daonlathas in Éirinn, bíodh is go raibh sé lochtach, nuair a chlis air ar fud na hEorpa – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn, agus sa Phortaingéil.
daonlathas democracy
" Ní raibh an daonlathas ach ina thús – ní raibh aon tír san Eoraip a raibh sé de chead ag mná vóta a chaitheamh.
chúrsaí daonlathais nó ar chearta daonna democratic process or human rights
" Is é Matiullah Khan ceannaire an chúige agus tá córas feodach i bhfeidhm faoina stiúir, beag beann ar chúrsaí daonlathais nó ar chearta daonna.
chuirfeadh le daonlathas na tíre which would add to the country’s democratic process
" Tá súil agam go gcíorfar an cheist seo i gceart nó d’fhéadfadh feidhm fhiúntach a bheith ag an tSeanad a chuirfeadh le daonlathas na tíre.
dhaonlathas democracy
" Tugann sé le fios fosta nach féidir a bheith ag caint ar dhaonlathas i stát a cruthaíodh le go mbeadh móramh buan ag rannóg amháin den daonra.
ndaonlathas democracy
" Agus is maith is cuimhin le gach mac léinn bunscoile inniu na nathanna eile uaidh; *‘the Father of Waters goes again unvexed towards the sea’*, *‘the quiet dogmas of the past’*, *‘ a new birth of freedom’*, mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin ar an ndaonlathas dar thairg sé féinig i reilig Gettsburg, *‘government of the people, by the people, for the people’*.
atá ag croílár an daonlathais central to democracy
" Níl aon nasc ann idir an ionadaíocht agus an cháin, nasc atá ag croílár an daonlathais.
deireadh le daonlathas the ending of democracy
" Agus dá olcas na buillí a bhuaileadh an teanga is an Ghaeltacht le dornán blianta anuas – Acht na Gaeltachta, deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge, deireadh le daonlathas san Údarás srl.
daonlathas mar sprioc democracy as an aim
" Murar féidir a rá go raibh an daonlathas mar sprioc acu, ar a laghad bhí siad ag iarraidh an chumhacht a tharraingt ar ais ón lár, ’sé sin ón Vatacáin, ar ais chuig an chléir agus chuig na daoine.
rath an daonlathais féin the success of democracy itself
" Má tá an saol i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí glúin nó dhó ó shin, tá ceisteanna móra ann atá le réiteach, cuirim i gcás, an comhshaol, an bochtanas domhanda, an dóigh is feidhmiúla leis an gheilleagar a stiúradh, an neamhionannas, agus rath an daonlathais féin.
ar son daonlathas for democracy
" Bhí an réigiún seo ar son daonlathas sa chogadh 1936-39 agus bhí cos ar bolg ar chultúr agus teanga na háite go dtí gur éag Franco i 1975.
easpa daonlathais ag baint leis an mbealach a lack of democracy pertains to how
" Cinnte, tá easpa daonlathais ag baint leis an mbealach a thoghtar an Seanad.
ag fanacht leis an daonlathas waiting for democracy
" “Táimid fós ag fanacht leis an daonlathas a gealladh dúinn an tráth sin,” a dúirt sí liom.
chun an daonlathas a chosaint in order to defend democracy
" Ceapann siad gurb ionann agus coinsias a bheith ag glacadh le rialacha ó eaglais éigin agus, chun an daonlathas a chosaint, go gcaithfidh tú diúltú dó sin.
ainneoin na staire aistí agus easpa a daonlathais despite the strange history and lack of democracy
" Ní fhéadfaí glacadh leis an gcaoi a fhaigheann daoine isteach ann (gáire), ach ainneoin na staire aistí agus easpa a daonlathais, éiríonn leis ról dearfach a imirt ar shaol polaitiúil Shasana.
mbraitheann neart agus tionchar an daonlathais ar the strength and influence of democracy depends on
" Luíonn sé le ciall go mbraitheann neart agus tionchar an daonlathais ar chumas an phobail cinnidh chearta a thabhairt atá bunaithe ar an eolas.
shláinte an daonlathais féin the health of democracy itself
" Níor tugadh aon aird ar shláinte an daonlathais féin.
daonlathas democracy
" Dúirt an Dr Moyo go raibh an t-iarthar faoi dhraíocht ag trí ghné - an daonlathas liobrálach, an caipitleachas aonair agus tosaíocht cearta polaitíochta ar chearta geilleagair.
níl béim á chur ar an daonlathas democracy isn't emphasized
" Sa tSín, tá caipitleachas stáit i bhfeidhm, níl béim á chur ar an daonlathas agus is tábhachtaí leo cearta geilleagair ná cearta polaitíochta.
daonlathas, an eolaíocht, ealaín, ailtireacht democracy, science and architecture
" Tá sibhialtacht an iarthair go mór faoi chomaoin ag cultúr na Gréige ar an ábhar gur uaidh a tháinig daonlathas, an eolaíocht, ealaín, ailtireacht chomh maith leis na Cluichí Oilimpeacha.
leisciúlacht agus lagar spride an daonlathais Éireannaigh the lethargy and lack of spirit in Irish democracy
" Seo lom-iarracht scagadh a dhéanamh ar leisciúlacht agus lagar spride an daonlathais Éireannaigh, agus is ionann an cur chuige seo agus an cur chuige níos ealaíonta a rinne Tom Garvin níos déanaí ach go háirithe sa leabhar ríthábhachtach aige, *Preventing the Future: Why was Ireland So Poor For So Long?* (2004).