Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rídhéanaí up to date, most recent
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach agaibh? An sprioc mór a leagamair síos dúinn féin ó thosach ná réimse de phacáistí ríomhaireachta a sholáthar ag cur chultúr na hÉireann i láthair leis an teicneolaíocht is rídhéanaí, agus tá sé sin á dhéanamh againn.
dáta foilsithe the date of publication
" Díolachán leabhar a mhéadú ionas go ndíolfaí ar a laghad míle cóip de gach leabhar nua taobh istigh de bhliain ón dáta foilsithe.
mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí to engage in date mining
" Is cosúil gur cheap siad go bhféadfadh dream éigin mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí a bhí bailithe ar chomhordanáidí na bhfón.
an dáta is fóirsteanaí the most suitable date
" An 13 Samhain an dáta is fóirsteanaí, meastar.
suas chun dáta up to date
" Tá teicneolaíocht suas chun dáta á húsáid ag seandálaithe ina gcuid oibre le fada.
dátú radacarbóin radiocarbon dating
" Cuireann sé síos ar áiteanna áirithe mór le rá ón Aois Mhéisiliteach go dtí an seachtú haois déag, agus léiríonn sé modhanna taighde fosta, mar shampla dátú radacarbóin agus anailís phailine.
ganntanas dátaí scarcity of dates
" Ceann acu ná go mbíonn ganntanas dátaí a bhíonn saor le haghaidh cluichí breise agus toisc go bhfuil sé an-chostasach ar dhaoine filleadh arís chun cluiche athimeartha a fheiceáil.
dátú carbóin radiocarbon dating
" Rinneadh dátú carbóin air, agus fuarthas amach go bhfuil sé thart fá 5,000 bliain d'aois.
líon ollmhór suíomh déanta coinní a huge number of dating sites
" Réimse suíomh ======= Tá líon ollmhór suíomh déanta coinní ar an idirlíon, ag freastal ar gach cineál custaiméara, ina measc suímh d’fheoilséantóirí, úinéirí peataí, Poblachtánaigh, Daonlathaigh, céimithe de chuid an Ivy League, milliúnaithe, Giúdaigh, Críostaithe, Moslamaigh, daoine arda, daoine méithe, agus daoine atá buailte ag an abhcacht.
Baineann sí greann as an dáta breithe seo. She finds humour in this date of birth.
" Baineann sí greann as an dáta breithe seo.
ar chlár cleamhnais on a dating programme
" I measc an naonúir, bhí bean ann a chaill a cuid fiacla ar fad i ndiaidh di dul faoi scian chun a bolg a dhéanamh níos lú sa chlár “Brand New You”, agus fear óg a bhí trína chéile i ndiaidh dó a bheith ar chlár cleamhnais agus gan fhios aige gur fear a bhí sa mhainicín dathúil a raibh sé sa tóir air/uirthi.
dátaí taispeántais a dhearbhú. to confirm exhibition dates.
" ” Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú.
dátaí cúlaithe don arm withdrawl dates for the army
" D’éirigh leis na Daonlathaigh an ruaig iomlán a chur ar an Uachtarán Bush le déanaí nuair a sheoladar bille cogaidh chuige agus dátaí cúlaithe don arm luaite ann.
dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór the dates of nearly all the gigs
" Seo chugainn an samhradh agus tá dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór socraithe, cúrsaí taistil eagraithe, díosal curtha sa veain, scuaba agus taos fiacaile pacáilte, fuadar faoin bhfear fuaime, na huirlisí deisithe agus faobhar á chur ag gach éinne ar a fhiacla ceoil.
ar choinne on a date
" “Ar chláir amháin chuir mé agallamh ar bhuíonta ceoil ón bPolainn a bhí ag teacht anseo, ar chlár eile chuireamar triúr cailíní Polannacha ar choinne le hÉireannaigh agus labhair mé leo go léir faoin eachtra agus faoi na tuairimí a bhí acu dá chéile, agus na difríochtaí idir Polannaigh agus Éireannaigh.
an dáta a aimsiú. to find the date.
" Fuair na seandálaithe rianta d'fhoirgnimh a léirigh go raibh lonnaíocht luath ann, ach ní raibh siad ábalta an dáta a aimsiú.
go bhfuil a spriocdháta díola bainte amach aige, that he has passed his sell-by date,
" Tá go leor daoine den tuairim go bhfuil a spriocdháta díola bainte amach aige, mar a deirtear sa Bhéarla.
mar chomóradh ar a dáta breithe to mark her date of birth
" Saolaíodh Plath i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1932 i mBostún - bheadh sí 75 bliain d’aois dá mbeadh sí beo léi - agus ba mar chomóradh ar a dáta breithe a foilsíodh an leabhar speisialta seo, a bhfuil *Eye Rhymes: Sylvia Plath’s Art of the Visual * (Oxford University Press) mar theideal air, cúpla seachtain ó shin.
an dáta is tábhachtaí. the most important date
" Ach is é an 5 Feabhra an dáta is tábhachtaí.
thar an a spriocdháta díola, over its sell-by date
" Ach tá sé deacair a thuar cé acu an bhfuil an fhoireann imithe thar an a spriocdháta díola, nó an bhfuil speach fós inti.
atá suas chun dáta which are up to date
" Tá Google Earth agus na híomhánna satailíte atá mar chuid den phacáiste sin á n-úsáid in am éigeandála cheana féin, ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá bhféadfaí teacht go tapa ar íomhánna atá suas chun dáta agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach.
trí sheirbhísí bréagacha déanta coinní a thairiscint dóibh. by offering them false dating services
" Agus an t-alt seo á scríobh agam, tá clár faisnéise ar an teilifís faoi chaimiléirí sa Nigéir a mheallann daoine aonaránacha ar fud an domhain trí sheirbhísí bréagacha déanta coinní a thairiscint dóibh.
Cothrom 45 bliain an dáta it was the 45th anniversary of the date
" Cothrom 45 bliain an dáta a thug an tUrramach Martin Luther King a óráid cháiliúil "*I have a Dream"* ab ea é, agus ar ndóigh, cé bhí gualainn ar ghualainn le Obama ach Martin Luther King III, mac an fhir chlúitigh.
fíbíní cleamhnais, speed-dating
" Ach ní hé go raibh cigire ag dul timpeall agus bata ina lámh aige lena chinntiú go raibh an teanga á labhairt ag gach uile dhuine: ba í an sprioc a bhí leis ná spraoi agus siamsaíocht a chur ar fáil – agus diabhlaíocht a chothú! “Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl sa phuball – fíbíní cleamhnais, seónna puipéad, fuirseoireacht agus ceachtanna inar múineadh do dhaoine conas eascainí a ligean trí Ghaeilge! I measc na n-imeachtaí ba mhó ar éirigh leo, dar liomsa, bhí imeacht ar ar bhaist muid Cáirióice CLG.
chnap dátaí block of dates
" Sciúird níos mó ná turas, ba léir ar an chnap dátaí a bhí leagtha amach rompu.
dáta reatha inghlactha current date acceptable
" Dúirt sé chomh maith gur mhian leis comhrá náisiúnta a chur ar siúl arís i dtaca le dáta an lae náisiúnta, go háirithe mar nach bhfuil an dáta reatha inghlactha ag bundúchasaigh na tíre, a mheasann gur lá an dobróin é.
amach anseo at a later date
" Thug Charles Krauthammer, colúnaí nuachoimeádach, “dúnghaois Bush” ar an bpolasaí maidir le réamhionsaí a dhéanamh ar aon tír a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt do SAM ag an am nó amach anseo.
cothrom le dáta up to date
" Tuigim go bhfuil sé deacair suíomh mór lán d’eolas a choinneáil cothrom le dáta.
aníos cothrom le dáta up to date
" ) Níl mórán idir na teachtaireachtaí seo agus stádas a thabhairt aníos cothrom le dáta ar *Twitter*, nó ar *Facebook*, le difríocht tábhachtach amháin: láithreacht an úsáideora.
ag siúl amach le dating
" Ach na stráinséirí inár measc, spreagfaidh siad muid agus tá a lán acu ag siúl amach le hÉireannaigh agus fiú le Gaeilgeoirí.
lá éigin is faide anonn at some later date
" Tá sí dóchasach go mbeidh siopa bláthanna aici lá éigin is faide anonn.
cothrom le dáta up to date
" Coinnigh an phróifíl seo cothrom le dáta: aon uair a fhaigheann tú ardú céime nó a n-athraíonn tú do phost bí cinnte é seo a chur in iúl láithreach sa phróifíl agus líon isteach gach réimse arís le haon eolas nua.
sobalchlár feoite a dated soap opera
" Glactar leis go forleathan anois go bhfuil sorcas Sarah Palin thart, gan fágtha di ach sobalchlár feoite ar na stáisiúin teilifíse.
cothrom le dáta up to date
" Tá súil agam go dtugann siad ábhar an tsuímh cothrom le dáta nó beidh a fhios ag an bpáiste is sine againn go bhfuil rud éigin cearr.
gan dáta air that there was no date on it
" B’iontach liom gan dáta air.
am éigin amach anseo at some future date
" Údar meidhréise ag pobal Chill Chainnigh dar ndóigh an scéala seo, ach údar scátha agus imeagla é do mhuintir na gcontaetha eile a bhfuil sé d’uaillmhian acu Corn Liam Mhic Cárthaigh a bhreith leo am éigin amach anseo.
mheamram dar dáta a memorandum dated
" Seo mar a scríobh sé sa mheamram dar dáta 6 Bealtaine 1974 a chuir sé ag an Aire don tSeirbhís Poiblí, Richie Ryan, faoin moladh: “*It must be recognised that abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first language of the state and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so*.
dáta nó teideal date nor title
" Níl dáta nó teideal ag dul leis na pictiúir agus mar gheall ar an easpa eolais seo, mar aon leis an chur i láthair drámatúil, tá tréith chóir a bheith bíobalta ag baint leis an saothar.
ag athrú sean-nós na geandála changing the old habit of dating
" Tá an tindreáil ag athrú sean-nós na geandála nó an tochmhairc in Éirinn.
gheandáil leis dating with
" Mar is i measc dhream na gáifeachta agus na bpleotaí a thiocfaidh tú ar an bplúr agus is eachtraíocht a bheas sa gheandáil leis an duine sin.
seirbhís geandála dating service
" Agus déanann sí é sin níos fearr ná aon ghréasán nó seirbhís geandála eile.
seirbhíse déanta coinní ar líne online dating service
" Labhair Mary Beth Taylor le Meiriceánach mná le gairid ar éirigh léi grá geal a croí a aimsiú – le cuidiú seirbhíse déanta coinní ar líne.