Pota Focal Intergaelic
| D | | -de | dea
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de bharr na péine because of the pain
" Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí de bharr na péine.
beairic mhór de chuid na bpéas beairic de chuid na bpéas: a police barracks
"beairic mhór de chuid na bpéas díreach os mo chomhair, rud nach bhfuil chomh deas céanna.
leabharlann de cháipéisí inmheánacha a library of internal documents
" Anuas air sin, d'fhéadfaí leabharlann de cháipéisí inmheánacha comhlachta a bhainistiú go héasca agus iad ar fad a chur ar fáil dá oifigí ar fud an domhain.
de réir fhigiúirí an daonáirimh according to census figures
" Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh.
nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair when you look at them first
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" Ar de bhunadh na hÉireann a mháthair? 'Of Irish parentage' a scríobh nuachtán a linne agus é ag trácht ar Billy.
comhdhéanta de made up of
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ar dtús bhí an Chomhdháil comhdhéanta de na heagraíochtaí Gaeilge agus daoine aonair, ach ó lár sheascaidí an chéid seo caite is eagraíochtaí amháin atá cláraithe leis an gComhdháil.
Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí I'm really fed up with the doctors
" Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí.
de ghlan mheabhair off by heart
" Bhí an plean leagtha amach go beacht acu, bhí na preasráitis réidh, bhí "an líne" de ghlan mheabhair acu.
de réir na n-oideachasóirí gairmiúla according to the professional educators
" Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán.
de réir na saineolaithe according to the experts
" Daoine idir 18 agus 25 is ea an chuid is mó de na léirseoirí, an t-aoisghrúpa is fuarchúisí ó thaobh vótála de, de réir na saineolaithe.
ag athrú de shíor forever changing
" Tá na gutháin shoghluaiste agus na ríomhairí neamhshreangaithe ag athrú de shíor agus is é an t-idirlíon is cúis leis seo.
de cheal because of lack of
" Labhair an t-iriseoir seo le hurlabhraí de chuid Bhord Sláinte an Iar-Thuaiscirt a dúirt nach raibh aon eolas aici faoi threalamh a bheith gan úsáid de cheal cumhachta leictrí.
de dhroim an domhain off the face of the earth
" Sin mar a cuireadh in iúl dhom féin go raibh an t-ionad do chuairteoirí a bhfuil Ceol mar ainm air le himeacht de dhroim an domhain sul i bhfad.
de ghlanmheabhair off by heart
" Uaireanta, cuirimid béim rómhór ar fhíricí a fhoghlaim de ghlanmheabhair, seachas tuiscint a fhorbairt ar fhadhbanna agus ar cheisteanna an tsaoil.
de dhroim oíche overnight
" D'iompaigh na Cúbaigh ina bPoblachtaigh de dhroim oíche nuair a chuir Reachtas Clinton an buachaill Elian Gonzales ar ais go Cúba.
De réir dealraimh apparently
" De réir dealraimh, thit sé i ngrá leis an chuma a bhí ar an bhuidéal vodca agus spreag sé seo go mór é.
A léithéid de lá what a day
" "A léithéid de lá," arsa Rita léi féin nuair a bhí an racht casachtaí curtha thairsti.
éagsúlacht de chanúintí a variety of dialects
" Déantar iarracht gach bliain éagsúlacht de chanúintí agus de stíleanna a chur i láthair.
de thairbhe because of
" Dúirt David Blunkett MP, An Rúnaí Gnóthaí Baile, go bhfuil scileanna ar leith ag an Bhrainse Speisialta agus MI5 de thairbhe na dtrioblóidí in Éirinn, ach níor mhínigh sé cén sórt scileanna.
de réir an tseanchais according to lore
" Bhí cáil ar an gcoláiste Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh ag tús an chéid dár gcionn, agus is ann a casadh Éamon De Valera agus Sinéad Ní Fhlannagáin ar a chéile, de réir an tseanchais.
De dheasca an spriocama because of the deadline
" De dheasca an spriocama atá ann don alt, bíonn i gcónaí géarchéim réidh le titim amach nó ar tí á réiteach agus mé i mbun pinn.
De chinniúint by chance
" De chinniúint a bhíos féin i Manhattan.
de réir cosúlachta apparently
" Agus sin an áit, de réir cosúlachta, ina dtosaíonn an bua ag na sinsir, is é sin ag an mbonnleibhéal.
Ní raibh tada de sin there was none of that
" Ní raibh tada de sin ann le mo linnse.
a mhalairt de scéal the opposite
" Dá mba rud é gur fheirmeoir mé as a dháilcheantar a raibh deacrachtaí agam ag líonadh foirme éigin a bhain le scéim Eorpach, is cinnte go mbeadh a mhalairt de scéal i gceist.
de réir judging by
" Tá roinnt mhaith Éireannach ann, de réir na nuachtán atá le fáil (fiú an *Irish News* ó Bhéal Feirste) agus na tithe tábhairne inar féidir leat amharc ar chluichí CLG ar an teilifís.
fá dtaobh de about it
" Rud ar bith a chuireann comhaoibhneas ar an cheathrar sin ní miste a bheith amhrasach fá dtaobh de," dar le fear na Súile Nimhe.
i dtaca le costas de as regards cost
" Ach má amharctar ar an phróiseas mar leathnú ar an ghnó, is cinnte gurb ionann é agus ceann de na roghanna is éifeachtaí, i dtaca le costas de, do ghnólacht ar bith.
De réir gaolta according to relatives
" Duine gan trua a bhí ann, ach cad é faoi ról a mhná céile, Primrose, a bhí i láthair nuair a mharaigh sé cuid de na daoine? De réir gaolta, ghoid sí seodra agus ornáidí ó na híospartaigh, agus fuarthas earraí mar seo ina dteach.
Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis He'd adopted every one of his bad habits
" Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis.
beagnach de dhlúth agus d'inneach ann almost innate
" Bhí siad beagnach de dhlúth agus d'inneach ann anois agus ní ligfeadh an eagla dó a rá lena athair nach raibh dea-thomáint aige agus é ar an bhealach leis na cianta.
de thairbhe because
" Tá sé ráite ag Fianna Fáil, Fine Gael, an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach nach nglacfadh siad leo i gcomhrialtas de thairbhe go bhfuil baint acu leis an IRA.
de shíor ag fás ever-increasing
" " Tá an clinic ag freastal ar dhaonra atá de shíor ag fás, agus féachann sé le cláracha nua a chur ar fáil de réir mar a bhíonn siad ag teastáil.
bréan de sick of, bored with
" Seo fear as Éirinn ag labhairt Ghaeilge na hÉireann liomsa agus mise ag labhairt Gàidhlig leisean agus tá muid in ann a chéile a thuiscint'!" "Ros na Rún" ======= Tar éis a thréimhse in Albain, fuair Diarmuid deis eile a bheith ag obair ar "The Morbegs" ach thosaigh sé ag éirí bréan den chlár.
nach bhfuil sé de chead ag éinne that no one has the right
" Measann sé nach bhfuil sé de chead ag éinne, áfach, brú a chur ar dhuine teanga a labhairt mura bhfuil sé ag iarraidh í a labhairt, ach, mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad ag fáil airgead rialtais, gur cheart dóibh an iarracht a dhéanamh.
de dheasca féinmharaithe due to suicide
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
bréan bailithe de sick and tired of
" Dúirt sí go raibh sí bréan bailithe de bheith ag léamh aistriúchán Béarla dá saothar agus nach raibh sí chun é a dhéanamh ar an ócáid áirithe seo.
de bharr an struis a bhraitheann sí because of the stress she feels
" De réir dhlí na hÉireann faoi láthair, tá cead ag bean ginmhilleadh a fháil más féidir léi féin nó le dochtúir a chruthú go bhfuil sí chun lámh a chur ina bás féin de bharr an struis a bhraitheann sí.
sa chéad chás de on the one hand
" Tá mearbhall orthu de bharr go bhfuil, sa chéad chás de, an Rialtas, an Eaglais Chaitliceach agus go leor eile i bhfábhar an daingniú dlí a chur i bhfeidhm (mar gheall ar léamh na cúirte ar chás X) ach, os a choinne sin, go bhfuil páirtithe an fhreasúra ina aghaidh, chomh maith le grúpaí dlí agus ar a laghad beirt de na heaspaig Chaitliceacha, nach bhfuil sásta go bhfuil an moladh daingean go leor.
de shíor constantly
" Tá na hinstitiúidí stáit ag brú Béarla de shíor ar phobal na Gaeltachta, mar shampla Bord Sláinte an Iar-Thuaiscirt, An Chomhairle Contae, An Roinn Dlí agus Cirt, agus a macasamhail.
fá dtaobh de about it
" "Bhí imní orm roimh ré fá dtaobh de, ach nuair a bhí muid istigh ag caint leis bhog an comhrá ar aghaidh gan stró.
daoine a rangú de réir cumais to categorize people according to ability
" Is fearr daoine a rangú de réir cumais agus díriú ar ghrúpaí éagsúla ar nós *ex-pats* agus daoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
Lasmuigh de apart from
" Lasmuigh de mhic léinn na Roinne tá suim ag gnáthmhuintir na cathrach i gcúrsaí na hÉireann freisin.
Craobh de Chumann na Máisiún a Freemasons lodge
" I 1981, fuarthas amach freisin go raibh Berlusconi ina bhall de P-2, Craobh de Chumann na Máisiún atá mar ghréasán rúnda ag póilíní, baill de na fórsaí slándála agus den rúnseirbhís, lucht gnó, baincéirí agus baill de na meáin chumarsáide.
de réir dealraimh apparently
" Cé hé féin? Bás nádúrtha a fuair sé, de réir dealraimh, ach ní fios cé hé féin.
a raibh de dhíobháil orthu all that they wanted
" Agus ba mhaith liom na ceamaraí sin - nach raibh ar siúl nuair a bhris an triúr gadaí isteach in Castlereagh an mhí seo caite; thug gríosáil do bhall den fhórsa; chuaigh fríd comhaid an-rúnda ar feadh 10-30 bomaite; sciob a raibh de dhíobháil orthu agus d'imigh - a chur i Seomra 220.
Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell the yellow colour on the hall wall almost blinded Nell
" Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell.
duine de bhunadh na háite a local person
" "Gleann Fhinne, Gleann Fhinne, Gleann Fhinne mo ghleann" mar a deir an t-amhrán a chum Padaí Mag Fhloinn, duine de bhunadh na háite.
de réir an tseanchais according to lore
" Bhí caisleán ag an Tiarna Charles Styles i nGleann Fhinne agus bhí sé fearúil leis na bochta, de réir an tseanchais.
de ghlan mheabhair off by heart
" Samhlaím má chuirim a bhfuil ar an dá leathanach seo de ghlan mheabhair go mbeidh meadhrán orm ina dhiaidh.
de phreib with a start
de rúid with a rush
" Tháinig Áine aníos an halla de rúid.
sé bréan de sick of
" (Dala an scéil is cuimhin liom gur dhúirt fear, atá anois ina eagarthóir ar iris éigin idirlín, liom lá amháin ag an gcúrsa sin go raibh sé bréan de bheith ag labhairt Béarla liom, agus mise i mo mhúinteoir Béarla i gceantar in aice le Toulouse.
bréan de sick of
" Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin," a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí.
Díthionsclú de-industrialisation
" Díthionsclú a thugtar ar an athrú seo.
díthionsclaithe de-industrialisation
" Cad é is féidir a dhéanamh le scileanna agus postanna a thabhairt do na daoine ón dá phobal atá caite ar leataobh de bharr an díthionsclaithe? Seans maith nach mian leis na polaiteoirí an cheist a chur ar an dóigh sin mar go mbraitheann a gcuid vótaí ar an scoilt sheicteach.
Brúisc de bhean rough unmannerly woman
" Brúisc de bhean óigeanta lena thaobh nár aithin mé ar an gcéad amharc, í ramhar otair ag breathnú.
sonc de m'uillinn nudge with my elbow
" Le sonc de m'uillinn a chuir mé in iúl do Susan go n-ólfadh muid deoch amháin eile go sciobtha tar éis thob ann agus thob as a bheith againn éirí agus imeacht nuair a d'fholmhódh muid an chéad cheann.
tá a mhalairt de scéal ag titim amach the opposite is happening
" Ach nuair atá uafáis leanúnacha ar siúl in oirthear agus i dtuaisceart Bhéal Feirste agus in oirthear Aontroma, tá a mhalairt de scéal ag titim amach i dtuaisceart Aontroma.
thart fá dtaobh de around it
" Is é Bunscoil Phobail Feirste an chéad bhunscoil lán-Ghaelach a tógadh sa chathair agus tugann an foirgneamh misneach do na tithe thart fá dtaobh de, chomh maith le hardú croí a thabhairt do Ghaeilgeoirí na cathrach.
fá dtaobh de na piteoga céanna the same sissies
" Agus ós ag caint dúinn ar scliúchas sin Chorn na Cruinne, meabhraítear domh rud eile a déarfadh mo mháthair mhór fá dtaobh de na piteoga céanna: 'A chonách sin oraibh, a bhrealláin gan mhaith.
a leithéid de shaibhreas agus de ghalántacht such wealth and luxury
" Ba mhisniúil a chloisint gur ó ghluaiseacht naíonraí Gaelacha na hÉireann a fuair lucht Saterfriesisch an smaoineamh! Ach, a leithéid de shaibhreas agus de ghalántacht ní fhaca mé le fada.
lán de bheocht full of life
" Bíonn an tÁras Pobail lán de bheocht i rith na bliana.
barraíocht de shú na heorna too much beer
" "Órú, barraíocht de shú na heorna, sin an rud a tháinig air," a d'fhreagair Siobhán.
fá cheann cúpla mí de phósadh within a couple of months of marrying
" "Cha ndéanfadh sí a leithéid sin agus í fá cheann cúpla mí de phósadh.
níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail people only need a hint, i.e. to gossip
" " "An bhfuil a fhios agat seo," arsa Nuala, "níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail.
Níl a dhath de sin that's not true
diomaite de thréimhsí gairide apart from short periods
" Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an fhear deisbhéalach seo a rugadh agus a tógadh i Mín na Leagha agus a bhfuil bunús a shaoil caite aige sa cheantar álainn seo, diomaite de thréimhsí gairide in áiteanna mar Londain, Chill Dara agus Luimneach nuair a bhí sé níos óige.
Iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí a former Supreme Court judge
" Iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí i Victoria, Alec Southwell, a bheas i mbun an fhiosraithe agus is dóigh go mbeidh sé dhá mhí nó trí sula mbeidh toradh air.
fá dtaobh de seo regarding this
" Chuir sé faoi gheasa droma draíochta mé gan rud ar bith a rá fá dtaobh de seo.
de dheasca an chruinnithe because of the meeting
" Tuairiscíonn Anton Mac Cába sa nuachtán *Lá *go bhfuil an chuma ar an scéal "go mbeidh deireadh leis an UPRG" de dheasca an chruinnithe le Maskey.
de bhunadh California of Californian origin
" Seasann Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, agus cuireann fáilte roimh na foghlaimeoirí chuig an an "Deireadh Seachtaine Gaeltachta", mar a thugtar ar an imeacht bliantúil seo.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Ní raibh eolas ar bith aici ar an chultúr Gaelach ná ar an teanga ar feadh na mblianta agus níor thuig sí fiú gur de shliocht Éireannach í féin.
bhaill de na foirne tarrthála members of the rescue teams
" "Ní taispeántas ealaíne é seo sa ghnáthchiall," a dúirt sé, "ach seasann sé mar chomhartha tacaíochta do na daoine a bhí mar bhaill de na foirne tarrthála.
de réir tír dhúchais agus gnéis according to country of origin and sex
" ) Na laethanta seo, tá striapacha le fáil i bpáirteanna éagsúla de na cathracha móra, ach bíonn a bhformór ag obair i gcúpla príomhcheantar de ghnáth agus bíonn siad scartha de réir tír dhúchais agus gnéis go minic.
bréan de bored with
" Nuair a éiríonn fir óga sna fichidí agus sna tríochaidí bréan de na tithe tábhairne agus de na clubanna, agus nuair a bhíonn fonn orthu rud éigin difriúil a dhéanamh don oíche, tiománann siad timpeall agus labhraíonn siad leis na striapacha, ag cur i gcéill go bhfuil suim acu a gcuid seirbhísí a úsáid (rud a bhíonn, uaireanta).
polaiteoirí de chuid na heite deise right-wing politicians
" Le cúpla bliain anuas, tá roinnt polaiteoirí de chuid na heite deise ag moladh go ndéanfaí na drúthlanna a athoscailt; tá siad mídhleathach faoi láthair ach tá siad ann mar sin féin, cé go mbíonn siad ag cur i gcéill gur gnó eile ar fad iad.
gur ruaigeadh de Róiste as a phost that de Róiste was driven from his job
" Más amhlaidh go raibh Dwyer ag obair don rialtas ag an am, an bhfuil seans ann gur ruaigeadh de Róiste as a phost toisc go raibh eagla ar údaráis áirithe ag an am go bhfaighfeadh de Róiste, de bharr gur leifteanant é, an méid seo amach agus b'fhéidir tuilleadh.
ar a leithéid de thuras on such a journey
" Ní dhéanfainn mo thurais féin a chur i gcomparáid go deo lena gceann siúd ach tuigim go maith nach mairfinnse go deo ar a leithéid de thuras.
an marlachán de dhuine sin that weakling of a man (lit. person)
" "Anois, a Áine," ar seisean, "má chluinim go bhfuil an marlachán de dhuine sin fá scread asail den teach, nár aifrí Dia orm é, cuirfidh mé amach ar an tsráid thú.
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht because they're turning their back on their heritage
" Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
de bhéal verbally
" Dúirt an t-easpag: "An t-aon rud, an t-aon ábhar faoisimh ná go bhfuil muid ag caint faoi idéanna agus tuairimí á gcur chun cinn de bhéal … chomh fada is a bhí a fhios agam ag an am, ní raibh sé páirteach i ngníomhaíochtaí ar bith.
chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí some of the most senior church leaders
" " Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.
atá de dhlúth agus d'inneach iontu which are in their very fibre
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
a leithéid de shiopa that type of shop
" Cén fáth a raibh gá leis? Nach bhfuil go leor siopaí leabhar ann cheana? Chun freastal ar na Gaeil trí mheán na Gaeilge i gContae Chill Mhantáin, áit nach raibh a leithéid de shiopa cheana.
de réir na nAnnála according to the Annals
" Tharla sé sin sa bhliain 976, de réir na nAnnála.
de thaisme by accident
" "Chas mé le Paddy Bird de thaisme san aerfort i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh," a dúirt sé liom.
de réir na síciatraithe according to the psychiatrists
" Ach de réir na síciatraithe, tá Shipman 'i mbun séanta' go fóill.
fíorbhuíoch de really grateful to
" Tá muid fíorbhuíoch de gach duine de na ceoltóirí as an gcúnamh a thug siad dúinn an dlúthdhiosca a chur le chéile.
de chiorcal áirid of a certain circle
" Tá sé thar cionn go bhfuil an t-aitheantas sin le fáil ag daoine taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, taobh amuigh de chiorcal áirid.
chuaigh dhá ghrianghraf de Collins i bhfeidhm go mór ar McEvoy two photos of Collins struck a deep chord with McEvoy
" Cé gur dhírigh an t-ábhar sa phacáiste ar Eamon de Valera den chuid is mó, chuaigh dhá ghrianghraf de Collins i bhfeidhm go mór ar McEvoy.
chroith McEvoy lámh de Valera McEvoy shook de Valera's hand
" I ndiaidh ceolchoirme tráth, chroith McEvoy lámh de Valera, an fear a mheastar ar mharaigh fórsaí a bhí dílis dó Collins.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Go bhfios dom ag an am, ní duine de shliocht Éireannach a bhí ionam.
de thairbhe go bhfuil because there is
" Ach tá neart in ann gléasraí ceoil a sheinm de thairbhe go bhfuil buíon cheoil ar an bhaile ó bhí na 1970í ann.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
de bharraíocht in excess
" * Gluais • Glossary doirtealsink cith fearthainnea rain shower trup na veainthe noise of the van cabhsalane uiligall thriomaigh méI dried go bhfeicfinnuntil I'd see inneall an chairrthe engine of the car casta asturned off ar bheannaigh sé domhthat he greeted me modhúilgentle bradáinsalmon scadáinherring beithíochbeast boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us leitheannaflat-fish troisccod Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder? cibé ar bithanyway reoiteoirfreezer bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs crágalarge hands gágcrack de bharraíochtin excess cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice ina mullachon top of them bhog sé go fadálachhe moved slowly cruithump go foighdeachpatiently drochthimpistea bad accident is mór an garit's a good thing dhéanfaidh sin muidthat'll do gan a thomhaswithout weighing it dlaíóg ghruaigestrands of hair sa chisteanachin the kitchen cuma bhrónacha sad look ó mhaidinsince this morning corrlásome days deoirdrop go fuireachaircautiously ródhánatoo bold/cheeky sliosslice tarraingtto draw Tae uilig a ólaimseI only drink tea an aimsir seothese days Ailt an ChorráinBurtonport ráchairtrun, demand monarchainfactories d'fhear céileseyour husband iascairefisherman An ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that'll last dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget a cailleadhwho died an lá faoi dheireadhthe other day Char mhothaighI didn't (hear) stócach óga young lad ailsecancer cearrwrong Thug sé a bhásIt killed him bolgam taea mouthful of tea fuarthas a chorp báitehis drowned body was found dhá chónairtwo coffins dhá fhairetwo wakes coisreacadh Dé orainnGod bless us A Dhia ár sábháilGod save us buille tromheavy blow bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake lán marahigh tide sruthánstream meascaithe leismixed with it slanntracha éiscfish scales fearthainnrain níochánwashing ar son an taefor the tea B'fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI'd better be going ar shiúlgone ag teacht isteach domhon my return uchtánarmful, load carried close to chest éadaí leaththirimehalf-dry clothes a smaointigh méthat I remembered nár íoc méthat I didn't pay
De réir tuarascála according to a report
" Ceist amháin a bheadh agam orthu ná seo: cén fáth a bhfuil RTÉ ag sárú a chuid rialacha féin lá i ndiaidh lae maidir le fógraíocht do pháistí? De réir tuarascála de chuid na Náisiún Aontaithe tá Éire ar cheann den dornán tíortha a chuireann srianta fógraíochta áirithe i bhfeidhm, mar dhea, maidir le cláracha do pháistí.
de shíor incessantly
" Ní léir aon teorainn leis an bhfógraíocht chliste seo faoi bhréagáin na Nollag, faoi fhíseáin nó faoi earraí tarraingteacha eile atá á pumpáil amach de shíor acu.
d'fhiafraíos de I asked him
" Ag deireadh ár gcomhrá d'fhiafraíos de cé mhéad bliain a bhí caite aige ag plé le cúrsaí iomána.