Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
De ghnáth bheadh a theanga amuigh He'd usually be salivating
" De ghnáth bheadh a theanga amuigh ag amharc ar an chineál sin bróige.
de ghnáth usually
" de ghnáth, seo an cineál ruda a deirtear: “Is maith liom Google.
de ghnáth usually
" de ghnáth, seo an cineál ruda a deirtear: “Is maith liom Google.
nach gcasfaí air de ghnáth that he wouldn't otherwise meet
" ” Le linn do Peter bheith ar an gCoimisiún, ba é an caidreamh a chothaigh sé le daoine ó aicmí agus ó chúlraí éagsúla – daoine nach gcasfaí air de ghnáth – an rud ba mhó a bhain sé amach, dar leis.
de ghnáth. usually.
" Cinnte, tá rian láidir Sasanach ar an Nua-Shéalainn, ach ag an tráth seo bliana bíonn an Mhaoiris, ar a dtugtar Te Reo, níos feiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth.
de ghnáth usually
" Ní ba dhéanaí sa lá, chuaigh mé chomh fada leis an mBráthair Thomas le rá leis nach mbeinn ar fáil ar an Satharn, dá mbeinn ag teastáil, mar go mbeadh cluiche peile Gaelaí agam de ghnáth an tráthnóna sin.
de ghnáth usually
" Is minic a fheictear daoine, a bhíonn cuibhiúil deas de ghnáth, á marú le maidí gailf nó le haon uirlis troda a bhíonn áisiúil.
de ghnáth usually
" Bíonn sé soiléir ón gcéad chomhairimh, de ghnáth, cé thógfas an chéad is an tarna suíochán.
de ghnáth usually
" Guth na nÉireannach Chaith na hÉireannaigh vóta anseo do Pháirtí an Lucht Oibre de ghnáth.
de ghnáth usually
" Tá an loch in oirthuaisceart na hAstráile Theas, tuairim is 700 ciliméadar ó thuaidh as Adelaide, príomhchathair an stáit, agus ní bhíonn ann ach réileán salainn de ghnáth.
de ghnáth usually
" Cuireann formhór mór mhuintir na hAstráile geall ar an rás, fiú iad siúd nach mbíonn aon bhaint acu le cúrsaí geallta is graí de ghnáth.
de ghnáth usually
" Bíonn pobalbhreith Ipsos/MRBI measartha cruinn de ghnáth.
de ghnáth usually
" Ach cad faoin taobh eile den scéal? Feicimid breáthacht an domhain timpeall orainn gach uile lá, ach is áilleacht gan slacht í de ghnáth.
de ghnáth usually
" Rogha na coitiantachta de ghnáth, is ea go nglactar le John (“Johnny”) Giles, an ceannfort lár páirce, a ndearnadh a lá breithe seachtó bliain a chomóradh le déanaí.
De ghnáth usually
" De ghnáth bíonn an t-imeartas polaitíochta á imirt ag tíortha an domhain faoi cheilt uainn, ach tugann an sceitheadh is déanaí ó WikiLeaks sracfhéachaint dúinn ar conas a fheidhmíonn saol rúnda na taidhleoireachta.
de ghnáth usually
" Tá sé intuigthe – de ghnáth is oibrithe deonacha iad, agus bíonn cúramaí an tsaoil ag cur isteach orthu an t-am ar fad, is cuma cé chomh dílis is a bheas siad ar dtús.
de ghnáth usually
" Ach bíonn na dromanna slán ó mhaidhmeanna sneachta de ghnáth agus mar sin chuaigh mé féin, Chris, Alan agus Andy go dtí Am Mónadh Ruadh le Fiacaill Coire an t-Sneachda a dhreapadh Dé Céadaoin.
De ghnáth usually
" Leis an rón beag, ní bhreathnaíonn sé cosúil leis an madra céanna! De ghnáth, bíonn aghaidh bheag ghleoite air gan smut, ach le srón craptha agus an-chosúil le spáinnéar shéarlais san aghaidh i ndáiríre.
de ghnáth usually
" Tá éagsúlachtaí sa chluiche comhghéillte ón gcluiche a bhíonn á imirt de ghnáth ag na himreoirí agus bíonn ar an dá thaobh géilleadh do chuid de rialacha an taoibh eile.
de ghnáth usually
" Ní bhíonn, de ghnáth, ach Béarla bunúsach ag muintir na háite sna bailte beaga agus níos lú fós a bhíos amuigh faoin tuaith.
De ghnáth usually
" De ghnáth, bíonn an bua ag an sealbhóir, mar bíonn aithne fhairsing air agus deir na staidrimh gur fearr le vótóirí an té a bhíos i seilbh na cumhachta.
d’úsáidtí de ghnáth were generally used
" Ina leabhar breá, The Great War and Modern Memory, do cháin Paul Fussell na foinsí stairiúla traidisiúnta a d’úsáidtí de ghnáth chun uafás an Chogaidh Mhóir a scagadh; nuachtáin, díospóireachtaí parlaiminte, dialanna pearsanta, litreacha dar cuireadh abhaile ón gcath.
nasctha de ghnáth usually linked
" Is féidir sprioc coigilte a bhreacadh isteach, nasctha de ghnáth, le hócáid nó le táirge, le laethanta saoire nó le ríomhaire nua cuirim i gcás.
de ghnáth usually
" An raibh sé níos measa i mbliana ná mar a bhíonn de ghnáth.
de ghnáth usually
" Srian ar an Fhiántas ====== Is ar an chuid den chósta idir Bun Glas agus Málainn Bhig an t-aon áit amháin go gcasann muid ar shiúlóirí eile ar an leathinis, de ghnáth, agus níl ach 20 duine eile i rith an lae atá i gceist agam.
san áit nach mbíonn de ghnáth ach ceo where one would expect to see nothing more than fog
" Pé scéal é, is de sheandraíocht an tsaoil oileán a fheiceáil ar mhaol na bóchna san áit nach mbíonn de ghnáth ach ceo.
de ghnáth usually
" Cuirtear an scéim seo i láthair de ghnáth mar scéim a thugann ‘deontais’ do dhaoine sa Ghaeltacht ach ar ndóigh is a mhalairt ar fad a dhéanann sé.
ag fás de ghnáth growing generally
" Tá sé imithe ó smacht cheana féin sa Ríocht Aontaithe mar a mbíonn 80,000,000 crann fuinseoige ag fás de ghnáth.
de ghnáth usually
" Coimhlint a mhair ar pháirc na himeartha i mí Mheán Fómhair de ghnáth agus ar fhás cairdeas agus meas idir imreoirí dá bharr.
de ghnáth usually
" **CF: An dtéann tú chuig an Oireachtas de ghnáth?** CAB: Is aoibhinn liomsa an tOireachtas.
as ceantair flúirse de ghnáth from well off areas usually
" Ba é m’athair mo thraenálaí ach tuigim do cheist mar ní thagann dornálaithe as ceantair flúirse de ghnáth.
De ghnáth usually
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
gan téadaí de ghnáth without ropes usually
" Déantar altán mar seo gan téadaí de ghnáth –‘soloing’ a thugtar air - agus mar sin caithfidh tú a bheith curamach gan titim! Má thiteann tú, caithfidh tú cosc a chur faoin siúl le do phiocóid oighir a thapúla is a thig leat le do bhás a sheachaint.
de ghnáth de thoradh ar eachtra usually as a result of an incident
" Tá ciall níos leithne leis inniu, mothú nó léargas ar an bhunchiall atá le rud, léargas a thagann de ghnáth de thoradh ar eachtra nó ar thaithí bheag shimplí nó choitianta.
de ghnáth usually
" Tá daoine ann le tuairimí éagsúla nach dtagann ón saol polaitiúil de ghnáth, daoine a thugann an-léargas ó thaobh na gcúiseanna a thagann isteach, ag brath ar an saineolas atá acub.
De ghnáth usually
" De ghnáth, éiríonn lena gcuid iarrachtaí coinsias an phobail iartharaigh a cheansú.
de ghnáth usually
" Ealaín áititheach is ea an pholaitíocht, áfach, agus is trí mheán na reitrice a chuireann polaiteoirí a gcuid áiteamh siar orainn de ghnáth.
De ghnáth usually
" De ghnáth, bíonn glasraí is luibheanna ag teacht ar aghaidh sa gháirdín freisin.
de ghnáth usually
" Is tionscadal é seo ina gcuirfidh daoine óga aithne ar a chéile agus ar cheantracha nach leagfadh siad cos go deo iontu de ghnáth.
ní theaspáintear de ghnáth ach an cuid is spraoiúla only the most lively is usually shown
" Ar an gclár teilifíse faoin Oireachtas, ní theaspáintear de ghnáth ach an cuid is spraoiúla agus is bladhmannaí agus is seafóidí den chur agus cúiteamh a bhíonn ann faoi ‘Order of Business’, amhail is nach mbíonn tada eile ar bun sa Seanad.
in ainneoin a cheapann daoine de ghnáth despite what people usually think
" Ach in ainneoin a cheapann daoine de ghnáth, is fír iad 25% de na daoine a mbíonn an galar seo orthu, de réir psych.
Is mór an rírá a bhaineann de ghnáth leis there’s generally a great hubbub at
" Is mór an rírá a bhaineann de ghnáth leis an Biennale di Venezia, an taispeántas ealaíne is mó ar domhan, a tharlaíonn achan dara bliain i Veinéis agus atá ar siúl i gCathair na nDroichead faoi láthair.
De ghnáth usually
" De ghnáth, ainmnítear an té a bhfuil na sonraí ag teastáil faoi, ach sa chás seo is iad sonraí gach úsáideora sa chóras teileafóin a bhí i gceist, cuma an raibh sé faoi amhras nó nach raibh.
de ghnáth usually
" Bíonn an taispeántas seo le feiceáil de ghnáth i Tate Britain (an dánlann ealaíne nua-aimseartha is mó sa Bhreatain) agus is é seo an chéad uair riamh dó a bheith taobh amuigh den Bhreatain.
ag an bhfreasúra de ghnáth usually by the opposition
" (Eagrán 148 , mí Lúnasa 2013) Ní minic a bhíonn athrú rialtais abhus, ach nuair a tharlaíonn a leithéid bíonn ollbhua, nó tagann sé ina mhaidhm, ag an bhfreasúra de ghnáth, agus mar sin a thit sé amach an iarraidh seo.
de ghnáth usually
" Is ionann liobrálaí, de ghnáth, agus duine le hintinn atá oscailte le smaointe nua a chuimsiú, ach ciallaíonn sé ‘coimeádach’ abhus.
De ghnáth usually
" De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí.
de ghnáth usually
" Tá drochchlú ar bhia ag staid sacair - pióga agus a leithéid a bhíonn ar fáil de ghnáth, agus cé go bhfuil an biachlár san iarsmalann bunaithe ar rudaí simplí mar sin, bhí gach rud de dhéantús baile agus an-bhlasta ar fad.
De ghnáth usually
" De ghnáth, socraítear riar suíocháin Dála le slám beag vótaí ag deireadh an chomhairimh.
de ghnáth usually
" Má vótálann Nua-Gheirsí go daonlathach de ghnáth, ní hionann sin is a rá gur liobrálaigh iad.
De ghnáth usually
" Naoi mí athshlánaithe ======== De ghnáth leis an ghortú seo agus ó thaithí imreoirí, bíonn siad ar ais ar an pháirc tar éis naoi mí ar a laghad.
de ghnáth usually
" Déantar an turas seo de ghnáth ag meánoíche ar 9ú Meitheamh (Lá Fhéile Cholm Cille) nuair a shiúlann na hoilithrigh thart cúig stad déag atá scaipthe ar fud na Glinne.
De ghnáth usually
" De ghnáth titeann an comórtas amach le linn an tsamhraidh agus tuigimid go gcaitheann tacadóirí sacair a gcuid tacaíochta taobh thiar de thír amháin fiú nuair nach n-éiríonn lena náisiúin féin áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais.
de ghnáth usually
" Cheapfá scaití go bhfuil ar chumas fhoireann Átha Cliath cnaipe éigin a bhrú nuair is gá dóibh chun an lámh in uachtar a fháil ar an bhfreasúra, sa cheathrú deiridh de chluiche de ghnáth.
réidh de ghnáth usually ready
" Níl sé amuigh air, áfach, gur duine é a bhíonn réidh de ghnáth teacht chun comhghéillte.
de ghnáth usually
" Áibhéil, dar ndóigh, ach nach minic an áibhéil agus an spórt i dteannta a chéile? Buaiteoirí ===== Maidir le cén fhoireann/tír a bhuafas an comórtas, níl aon tuairim agam féin ach amháin go measaim go mbeidh dhá cheann de na tíortha láidre, na tíortha a bhíonn san áireamh de ghnáth, sa chluiche ceannais: An Bhrasaíl, an Airgintín, An Ísiltír, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil.
De ghnáth usually
" De ghnáth nuair a éiríonn liom Comhar nó Feasta a cheannach bíonn alltacht orm leis an leagan amach seanaimsearach leadránach, a bhíonn orthu.
de ghnáth usually
" Ní maith liom rudaí nua, saorga, in áiteanna fiáine, áille, de ghnáth, ach tá cuma shnasta ar an leacht tuisceaneach seo, atá déanta de chloich áitiúil.
de ghnáth usually
" Ach de ghnáth, bhíodh cuisneoir agus gríoscán agus brúbhruthaire agus uirlisí ar fad na cistine in aice láimhe agus ar bharr mo mhéar agam.
de ghnáth usually
" Beidh muintir na Fraince ag díriú a n-aird i mbliana ar an té sin sa chomharsain nach gcuimhnítear air de ghnáth.