Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dea-thoil goodwill
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
dea-thoil good will
" Níl de dhíth ach foilsitheoir toilteanach, eagarthóir díocasach, agus dea-thoil na ndaoine sin a bhfuil an chuid is mó den obair - an bailiú - déanta acu cheana féin.
dea-thoil goodwill
" Agus an obair mhór a rinne muid le muintir Dhún na nGall agus leis na hóstáin, go bhfuil sé sin uilig imithe anois agus go bhfuil go leor den dea-thoil, go háirithe i gcás turasóirí as Baile Átha Cliath a bhí ag fanacht i dTír Chonaill ar laethanta saoire agus ag caitheamh airgid sa gceantar, caillte.
Dea-thoil goodwill
" Dea-thoil na foirne agus na mac léinn i leith na Gaeilge.
pé dea-thoil whatever goodwill
" Dochar ======= Ní hamháin nár chabhraigh an stocaireacht speisialta ar leith seo ar son úinéir báid amháin le misneach iascairí eile Éireannacha, ach creideann an tUasal Doyle go ndearna stocaireacht an Rialtais dochar freisin do pé dea-thoil a bhí sa Choimisiún i leith iascairí na hÉireann.
dea-thoil good will
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Seachtain na Gaeilge? Is dócha go bhfuil an dea-thoil atá ar fud na tíre don tSeachtain agus an méid daoine atá sásta obair a dhéanamh go deonach ar son na Seachtaine ar na príomhláidreachtaí a bhaineann léi.
Dea-thoil goodwill
" Dea-thoil an rialtais áitiúil.
dea-thoil good-will
" McEneaney ansin murach gur chinn a bhean, a pháistí agus a chairde ar bheith ag obair gan stad chun dea-thoil Eamon agus a ghrá don bheatha a scaipeadh.
dea-thoil goodwill
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?***Tá sé mar fhís agam go mbeidh dea-chaighdeán Gaeilge agus dea-thoil i leith na teanga ag gach páiste a théann tríd an gcóras oideachais; go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn rialta ag na húdaráis; go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí agus go mbeidh méadú mór ar líon agus ar ról na meán Gaeilge.
dea-thoil goodwill
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
ag teacht i dtír ar an dea-thoil taking advantage of the goodwill
" **Imeachtaí eile**Le cois na n-imeachtaí a bhfuil baint dhíreach acu le Seachtain na Gaeilge, bíonn eagraíochtaí agus tionscadail eile ag teacht i dtír ar an dea-thoil i leith na teanga a bhíonn i gceist le linn choicís na féile.
dea-thoil goodwill
" Dar ndóigh, níl mé ag maíomh go dtosóidh gach duine sa tír ag labhairt Gaeilge mar gheall ar go bhfuil Des Bishop ag déanamh amhlaidh – ní dóigh liom go bhféadfadh duine ar bith an mhíorúilt theangeolaíoch sin a bhaint amach – ach is cosúil go gcruthóidh “In the Name of the Fada” dea-thoil sa bhreis i leith na teanga i measc mhuintir na hÉireann.
dea-thoil good will
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
teacht i dtír ar an dea-thoil sin capitalize on that goodwill
" Ach níl mórán muiníne aige go bhfuil an stát ná an earnáil dheonach in ann teacht i dtír ar an dea-thoil sin.
dea-thoil good will
" “Tá dea-thoil ag a lán daoine ar an Oileán don teanga, cé nach bhfuil Gaelg acu féin,” mhínigh Paul dom.