Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is deacair á shárú It's hard to beat
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
gur deacair é a sharú that it is difficult to do better
" Is éard a rinne gach duine den cheathrar bainisteoirí atá luaite san alt seo ná an leibhéal traenála a ardú agus a chur ar phlána chomh hard gur deacair é a sharú.
is deacair a shamhlú it is difficult to imagine
" Má fheiceann siad eitleáin de chuid aerfhórsa Mheiriceá ag tuirlingt in Éirinn ar a mbealach chun na hIaráice leis an tír sin a bhuamáil nó má chloiseann siad Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann ag rá gurb í An Iaráic féin seachas na smachtbhannaí is cúis leis na scórtha míle páiste bheith ag fáil bháis, is deacair a shamhlú go mbeidh an fonn céanna orthu earraí Éireannacha a cheannach.
an rang ba dheacra the most difficult class
" Ní raibh mórán cleachtadh cainte agamsa ag an am sin, ach bhí mé ag iarraidh an rang ba dheacra a bhí ar fáil a dhéanamh.
an rang ba dheacra the most difficult class
" Ní raibh mórán cleachtadh cainte agamsa ag an am sin, ach bhí mé ag iarraidh an rang ba dheacra a bhí ar fáil a dhéanamh.
dhá oiread níos deacra twice as difficult
" Muna ngníomhaíonn údaráis an stáit go tapa anois, beidh cath dhá oiread níos deacra acu, cath nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbuafaidh siad é.
is deacair a thuar it is difficult to predict
" Ach is deacair a thuar céard atá i ndán don chanúint sna blianta atá romhainn, go mór mór mura bhfuil na gasúir sásta í a úsáid - óir is iad na páistí todhchaí gach teanga.
is deacair a shamhlú it is difficult to imagine
" Dá mba rud é go raibh ar chomhairle preas ag an am, lán le ceapacháin de chuid Fhine Gael, cinneadh a ghlacadh maidir le scéal a foilsíodh i nuachtáin áirithe maidir leis Uasal Lowry, is deacair a shamhlú go rialfaidís i bhfábhar na nuachtán.
Is deacair a shamhlú it's hard to imagine
" Is deacair a shamhlú go n-inseodh ceachtar dream bréag - nach polaiteoirí iad? *Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
tréimhse dheacair a difficult period
" D'admhaigh sé gur spreag tréimhse dheacair a d'fhulaing sé ina shaol pearsanta féin é, tréimhse a chuidigh leis machnamh a dhéanamh ar Pháis Chríost.
ba dheacair iad a chloí they were difficult to beat
" Ach bhí caighdeán maith peile ann roimhe sin agus nuair a bhíodh muintir Mhéalóid, muintir Shúilleabháin, muintir Fhlatharta agus eile i mbun peile ba dheacair iad a chloí.
is deacair a shamhlú it is hard to imagine
" Ach má bhí Garda nó Gardaí i gclaonpáirtíocht leis an IRA, agus is deacair a shamhlú nach raibh, is ag rannóg eolais an IRA a bheadh an t-eolas seo agus is féidir a bheith measartha cinnte nach mbeidh an IRA ag tabhairt aon eolas maidir lena ngréasán eolais, ar luachmhaire go mór é ná gach píosa armlóin dá bhfuil acu.
an rud ar dheacra greim a fháil air the thing that was difficult to get hold of
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
le linn tréimhse deacra during a difficult period
" " Cé go raibh neart nua ag Ray, tháinig sé ar ais go hÉirinn le linn tréimhse deacra.
roghanna deacra hard choices
" Ach ní ag oifigigh na heaglaise amháin atá roghanna deacra le déanamh.
fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid about my interest in this difficult language of theirs
" Bhí mearbhall ar go leor daoine fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid.
fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid about my interest in this difficult language of theirs
" Bhí mearbhall ar go leor daoine fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid.
is deacair a shamhlú it is difficult to imagine
" Is é an t-aon imreoir de “Laochra Gael” 2006 atá fós ag imirt agus is deacair a shamhlú go gcrochfaidh sé suas an camán go ceann i bhfad eile.
deacair a sheachaint difficult to avoid
" Is cinnte go mbaintear barraíocht úsáide as an fhocal “ildánach” ach is focal é atá deacair a sheachaint i gcás Nikki Ragsdale: amhránaí sean-nóis, ceoltóir, dearthóir grafach agus léitheoir lámh.
samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra I imagine it will become more difficult
" I gcás mo leithéidse, ní údar imní é, ach samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra de réir mar a théann na blianta ar aghaidh an lucht féachana a mhealladh má leanann an scéal amhlaidh agus an bhearna idir an mionlach saibhir agus an chuid eile ag méadú.
ba dheacair aon ghiorracht dá thuama a bhaint amach it was hard to get anywhere near his grave
" Cailleadh an ceoltóir mór le rá Czeslaw Niemen in 2004 agus ba dheacair aon ghiorracht dá thuama a bhaint amach toisc go raibh an méid sin coinnle timpeall air.
tá sé iontach deacair smacht a choinneáil air. it's very hard to control.
" Tá mórán an dearcadh céanna agam is atá ag macasamhail Hume i nDoire: nuair a chuireann tú tús leis an fhoréigean, tá sé iontach deacair smacht a choinneáil air.
deacair a chreidiúint hard to believe
" Le fírinne, bhí níos mó *Dubs* ar fhoireann iománaíochta Laighean sna blianta úd ná mar a bhí ar an bhfoireann pheile, rud atá deacair a chreidiúint anois, i bhfianaise stádas íseal Átha Cliath ag an leibhéal sinsearach.
cinntí deacra difficult decisions
" cinntí deacra Iadsan nach bhfuil i mbun fantaisíochta i Meiriceá, tuigeann siad go bhfuil cinntí deacra le déanamh go luath.
is deacair a shamhlú it's difficult to imagine
" Má tá trúpaí breise ón uachtarán, is deacair a shamhlú cé mar a gheobhaidh sé iad gan coinscríobh.
dorcha agus deacair dark and difficult
" Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor chun an dorchadas a scaipeadh.
Ba é an rud ba dheacra a rinne mise riamh. It was the most difficult thing I ever did.
" Ba é an rud ba dheacra a rinne mise riamh.
dúshlánach seachas deacair. challenging rather than difficult.
" Ach faoin tráth seo is dóigh go ndéarfainn go bhfuil sé dúshlánach seachas deacair.
bheadh sé deacair easaontú leis an tuairim sin. it would be difficult to disagree with that opinion.
" Dúirt Seosaimhín Ní Bheaglaoich nach raibh “aon teorainn le tallann na gceoltóirí seo” agus bheadh sé deacair easaontú leis an tuairim sin.
is deacair Nyika a shárú. it's hard to find better than Nyika.
" Tá an áit ciúin – táimid ar a laghad trí huaire an chloig ón gcéad bhaile eile – agus uaireanta bíonn an aimsir thar a bheith cantalach! Ach, gan amhras, más duine tú a bhaineann sult agus tairbhe as a bheith gar don dúlra, a bheith ag éisteacht le fuaimeanna an dúlra seachas fuaimeanna na cathrach agus a bheith in ann na réaltaí a fheiscint i gceart, is deacair Nyika a shárú.
níos deacra more difficult
" Tá sé i bhfad níos deacra craobhchomórtas a bhuachaint mar dhuine aonair ná mar atá sé comórtas foirne a bhuachaint agus dhá fhoireann san iomaíocht, mar a tharlaíonn i gcás Chorn Ryder.
ar deacair iad a scaoileadh that are difficult to let out
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
cé gur deacair a shamhlú although it is difficult to imagine
" Níl córas poiblí ríomhphoist i bhfeidhm i stáisiúin ghardaí an stáit, cé gur deacair a shamhlú go bhfeidhmeodh gnóthaí móra eile d'uireasa a leithéid de chóras sa lá atá inniu ann.
Is deacair gan aontú leis an chur síos sin it's difficult not to agree with that argument
"Is deacair gan aontú leis an chur síos sin agus cuireann sé téis de chuid an scoláire Breandán Ó Buachalla i gcuimhne dúinn.
tá sé ag éirí níos deacra it is getting more difficult
" Is é an aidiacht is coitianta a úsáidtear sna meáin i leith na fianaise seo ná “dochreidte”, agus tá sé ag éirí níos deacra ag Ahern an fód a sheasamh.
tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, it is difficult to estimate what they played really,
" 138 bliain ina dhiaidh sin, tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, ach amháin go raibh rialacha i gceist.
chomh deacair as difficult
" Deir Mind fosta go bhfuil saol na nÉireannach thall chomh deacair is atá sé do na mionlaigh shofheicthe, is é sin, na daoine gorma agus daoine ón Áis.
deacair go leor difficult enough
" ” Maoiniú Shilfeá go mbeadh sé deacair go leor maoiniú a fháil do scannán mar Kings – scannán beag i nGaeilge - ach deir Tom go raibh sé an-éasca.
deacair a thomhas difficult to guess
" ” Sárú na ndúshlánMás fíor go mbíonn sé deacair a thomhas céard iad na comhlachtaí a bhfuil an *X factor* acu san earnáil theilifíse, b’fhéidir go bhféadfaí a thuar go mbeadh rath ar Nemeton.
ba é seo an tréimhse ba dheacra it was the most difficult period
" An galar crúibe is béil ba chúis leis na cealuithe seo, agus dar le hIrial, ba é seo an tréimhse ba dheacra i saolré an chomhlachta.
deacair, difficult,
" Ach bíonn daoine ag gearán faoi TG4 nuair atá rudaí deacair, mar atá faoi láthair.
gur deacair a rá that it is difficult to say
" Go deimhin, ceannaítear agus díoltar cearta grúdaithe agus dáileacháin na mbeoracha seo chomh minic anois gur deacair a rá cé leis iad níos mó, ach amháin gur fiú breis agus 10 faoin gcéad den mhargadh Meiriceánach beorach iad beoracha ón iasacht anois.
Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, it is difficult not to have an affection for Myers on a personal level
" Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, cé go n-easaontóinn féin le cuid dá thuairimí.
níos deacra more difficult
" San aois dhigiteach, áfach, agus deireadh beagnach leis an dlúthdhiosca, b’fhéidir go bhfuil sé níos deacra do cheoltóirí luach a chur ar an obair a dhéanann an dream seo a bhíonn idir iad féin agus an pobal.
fós deacair still difficult
" Léiríonn an phraiseach a rinne úinéirí Facebook den tseirbhís nua seo d'fhógróirí go bhfuil sé fós deacair teacht ar shlite chun airgead a shaothrú as seirbhísí áirithe atá ar fáil ar líne.
deacair difficult
" Nua Eabhracach go smior is ea Giuliani, a bhfuil íomhá an *City Slicker* ag baint leis, agus beidh sé deacair dó lucht na tuaithe a mhealladh.
Bhí an jab sin deacair go leor ann féin, that job was difficult enough in itself
" Bhí an jab sin deacair go leor ann féin, ach ansin bhí an príomhchomórtas ar siúl an lá dár gcionn.
an-deacair go deo really difficult altogether
" Cé go mbíonn buaiteoir glan nó beirt i gceist i gcatagóirí na sóisear de ghnáth, bíonn sé an-deacair go deo teacht ar chomhaontú maidir le buaiteoir sna catagóirí sinsearacha.
is deacair a rá it is difficult to say
" D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime! Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
lucht féachana ní ba dheacra fós an even more difficult audience
" Bhí lucht féachana ní ba dheacra fós acu an dara huair a tháinig mé orthu.
ag éirí níos deacra getting more difficult
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
ceisteanna deacra difficult questions
" ” Ardaíonn an chaint faoi fhilíocht Uí Shearcaigh a bhaint den churaclam ceisteanna deacra faoi chinsireacht, faoin ealaín agus faoin tsochaí.
Tréimhse dheacair A difficult period
" ”AilseTréimhse dheacair ab ea é do Des.
deacair difficult
" Ach is deacair "an oiread sin léitheoirí" agus "foilseachán Gaeilge" a chur go compordach in aon abairt amháin, murar bréagadóir é an té atá á rá.
go mbíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal that it is difficult to do two things at one time
" Is cinnte go mbíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal agus cúraimí náisiúnta agus áitiúla a chomhlíonadh ag an am céanna.
Tá líne curtha faoi na focail is deacra. there is a line under the most difficult words
" Tá líne curtha faoi na focail is deacra.
go raibh sé an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as that it was very difficult to make a proper living out of it
" Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, deir sé go raibh sé an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as a bheith ag seinm leis an ghrúpa.
Tháinig ceisteanna deacra chun cinn difficult questions emerged
" Tháinig ceisteanna deacra chun cinn sa bhliain 1997 nuair a chruthaigh iriseoir ón Ostair go raibh Harrer ina oifigeach san SS sula raibh sé ina oide don Dalaí Láma óg.
Tá líne curtha faoi na focail is deacra. there is a line under the most difficult words
" Tá líne curtha faoi na focail is deacra.
go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh that a very difficult ridge is being ploughed
" ”Is amhlaidh go síleann King go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh ag an earnáil neamhspleách léirithe trí chéile ar na saolta seo.
go mbeadh sé deacair ar dhaoine cuimhneach ar shuíomhín ar nós Muzu. that it would be difficult for people to remember a little site like Muzu
" Ag an bhféile, luann Rónán an suíomh ach is dócha gur beag duine a éisteann lena leithéid de rud: bíonn an oiread sin le cloisteáil agus le feiceáil ag an bPicnic gur dócha go mbeadh sé deacair ar dhaoine cuimhneach ar shuíomhín ar nós Muzu.
deacair difficult
" Ach bhí sé an-deacair; theip ar chuid mhór daoine, go háirithe orthu siúd a bhí ar bheagán Gaeilge.
Is deacair a rá it's hard to say
" ” Cén duine is mó a bhfuil meas aici air/uirthi? - “Is deacair a rá.
deacair é a léamh he's hard to understand
" Is deacair é a léamh agus tá cúlra mí-ámharach, tragóideach fiú, aige a mheallann trua dó (ní hé go lorgaíonn sé é).
ba dheacair dom I found it hard
" Mar sin féin ba dheacair dom a chreidbheáil go bhféadfadh fear dubh anaithnid ainmniúchán na nDaonlathach a bhaint ó Hilary Clinton.
is deacair a shamhlú it's difficult to imagine
" Ní bheadh aon locht agam air as an scairdeitleán a úsáid ar thuras chuig saighdiúirí na hÉireann i N’Djamena i Sead i mí an Mheithimh (ar chostas €102,570) cionn is nach bhféadfaí a bheith ag dréim go mbeadh ar Aire rialtais taisteal go ceantar cogaíochta ar ghnátheitleán! É sin ráite, is deacair a shamhlú cén gnó a bhí ar siúl ag an Aire O Dea i bPáras na Fraince i mí Feabhra seo caite a bhí chomh práinneach sin go raibh air scairdeitleán an rialtais a thabhairt leis ar thuras lae ar chostas beagnach €25,000.
deacair anáil a tharraingt hard to draw breath
" Nuair a tháinig sí a fhad leis an teach s’againn, bhí an torann cosúil le hinneall eitleáin go díreach os cionn an tí, agus bhí sé deacair anáil a tharraingt ar feadh tamaill de dheasca ídiú ocsaigin an aeir.
faoina dheacra how difficult
" Ag trácht ar a raibh le rá ag Íosa Chríost, do réir Lúcáis, faoina dheacra is a bheadh sé ag an bhfear saibhir fáil isteach sna flaithis, chuir Palladius fainic ar lucht rachmais a linne nach mbeadh aon seans acu neamh a bhaint amach mura n-aimseofaí snáthaid sách mór don camall, é sin nó camall sách bídeach le fáil trí chró na snáthaide! Nach bhfuil Dia uilechumachtach? Scríobh sé: “*Of course, it is possible for Him to let the rich into heaven, and to let them bring all their property and baggage and wealth with them; and possible to let the camels in too, into the bargain*.
óir is deacair as it's difficult
" Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe! Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó.
deacair a thuar difficult to foretell
" Más deacair a thuar ar go maith nó go dona a d'éirigh le Obama go fóill, ámh, níl amhras ar bith ach gur thosaigh sé an rás go breá scafánta.
an-deacair very difficult
" Tá sé an-deacair ag lucht polaitíochta an méid sin a thuiscint.
Is deacair it's difficult
" Is deacair tuiscint cheart nó fiú barúil ar bith a bheith ag duine ar mhéid na suime sin.
mba dheacair é it was difficult
" Bhí canúint láidir Shasana ag Charlie, ach bhí gnéithe de chanúint Bhéarla Chiarraí measctha tríthi agus ba dhraíochtúil éisteacht leis ag déanamh cur síos ar eachtraí Micko, cé go mba dheacair é a thuiscint ar uairibh.
deacair difficult
" Elvis Presley and America - deacair a thuiscint cad atá á chanadh ag Bono ach cloisim é fós ag cumadh na bhfocal sa tsonlann.
dheacair difficult
" Cé gur lú i bhfad líon na ndaoine a bhíonn timpeall an Oireachtais le linn sos an tsamhraidh, ba dheacair teacht ar áit chiúin go leor leis an agallamh a thaifeadadh gan an iomarca torainn a bheith sa chúlra orainn.
deacair difficult
" Bíonn an chéad bhliain in áit nua deacair ar chuile dhuine ach tá an chéad bhliain sin curtha dínn anois agus muid ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn.
Ba dheacair it was difficult
" com/watch?v=syGx1zAL8X8) Ba dheacair dom gan cuimhneamh ar Colonna agus ar phríomhcharachtar scéal Maupassant le roinnt seachtainí anuas.
deacair difficult
" Tuigim go bhfuil sé deacair suíomh mór lán d’eolas a choinneáil cothrom le dáta.
deacair difficult
" Tá sé go deas agus tá sé deacair bualadh le gach duine.
Deacair difficult
" Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair.
Is deacair hard to
" An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit! Dochreidte Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige.
a dheacra how hard
" Tá an-deiseanna agam féin ach deirim gur cheart go mbronnfaí an bonn óir ar an duine óg, mar ní thuigeann daoine a dheacra atá sé fás suas.
a dheacra how difficult
" Ní teip iomlán a bhí sa Chomhdháil um Athrú Aeráide a tionóladh i gCóbanhávan an mhí seo caite, ach léirigh sé a dheacra is a bheidh sé aontú mór cuimsitheach a fháil a chuirfidh deireadh le Ré an Charbóin.
is deacra hardest
" Na Baill ==== Anseo, os mo chomhair, bhí fiche duine i láthair, agus cóip de Fontenoy, ceann de na leabhair is deacra Gaeilge a foilsíodh le tamall, léite ag beagnach gach duine acu.
ba dheacair it’d be difficult
" ” Go deimhin nuair a liostálfaí na buanna agus na deiseanna oifigiúla atá ag an Ghaeilge anseo, dar leis, ba dheacair a chreidiúint go bhféadfadh sí a bheith faoi bhrú nó i mbaol ar bhealach ar bith; idir aitheantas Eorpach, aitheantas bunreachtúil mar phríomhtheanga oifigiúil, Acht Teanga, Aire agus Roinn Rialtais a bhfuil an teanga mar chúram ar leith orthu, stáisiún teilifíse is raidió agus dhá nuachtán.
sách deacair difficult enough
" Le linn an dá mhí den samhradh bíonn easpa nuacht chrua ar na meáin, gan na cúirteanna ná tithe an Oireachtais ina suí agus bíonn sé sách deacair goile na gclár cúrsaí reatha ar raidió is teilifís a shásamh.
is deacair a shamhlú it’s hard to imagine
" Bhí mé féin i nGleann Cholm Cille ar lá vótaíochta, mar shampla, agus is deacair a shamhlú aon áit atá níos faide i gcéin ón Astráil ná an gleann álainn iargúlta sin, ach fuair mé vóta poist ann.
an-deacair very hard
" Tá sé an-deacair ag éinne a amharcann air gan a bheith ag meabhrú ar an tionchar a bhí ag an bhuama ar chraiceann agus ar chnámha na ndaoine a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith in aice láimhe nuair a shíob sé.
a dheacra how difficult
" Is léiriú é seo ar ghnéithe achrannacha den saghas oibre seo agus a dheacra atá sé oibrithe baile a eagrú.
Deacair a thomhas it’s hard to guess
" Ar cheart do lucht stáisiún nuachta a bheith ag eagrú slogaí polaitiúla? An féidir leis an stáisiún tabhairt le fios i ndáiríre gur stáisiún tuairisce nuachta iad, seachas stáisiún déanta nuachta? Deacair a thomhas, ach bhí an méid sin feirge ar lucht na stáisiún cábla eile, gur thograigh siad cúpla seachtain ó shin an rud céanna a dhéanamh.
deacair difficult
" OnePageCRM ====== Tá sé deacair rudaí a dhíol na laethanta seo.
an-deacair very difficult
" Tréimhse an-deacair dá shaol a bhí ann ag an am, agus bhí teaghlach Mandelbrot thíos leis an mbochtanas agus bhíodh faoi bhagairt an bháis go minic.
Is deacair it’s difficult
" Is deacair daoine áirithe a shásamh, áfach.
deacair difficult
" (FG) imeacht as an Dáil, mar go ndúirt sé go raibh an Ceann Comhairle *“undermining the credibility of the house”*, rud a bheadh deacair a dhéanamh, im' thuairimse.
ba dheacair teacht it was hard to find
" An bhliain 1972 a bhí ann agus ba dheacair teacht ar ábhar ceart faoin nGaeilge i gCalifornia ag an am.
deacair difficult
" Ó, bhí sé deacair! Theastaigh uaidh bás a fháil in Éirinn.
Deacair dréim le it’s difficult to climb
" Íomhánna áille ar fud na tíre, ar maidin go háirithe, agus é chomh fuar! Bhí aimsir mar seo cheana, na céadta bliain ó shin: Sádhail ár gcoire dá dhrol, Is aistreach lon Leitir Cró, Do mhínigh sneachta Coill Ché, Deacair dréim le Beanna Bó.
deacair smaoineamh ar hard to think of
" Gan ach seachtain fágtha sa dara tréimhse mar uachtarán aige agus mé i mbun méarchláir, tá sé deacair smaoineamh ar pholaiteoir eile a bhfuil oiread measa ag a phobal air agus Luíz Inácio da Silva –nó Lula mar is fearr aithne air.
deacair difficult
" Bíonn sé deacair an t-am a fháil anois agus arís leis an taisteal ar fad idir Baile Átha Cliath agus an Bhruiséal agus Strasbourg agus áiteacha nach iad.
Is deacair a shamhlú it’s hard to imagine
" Is deacair a shamhlú nach mbeidh port Assange seinnte go luath ar shlí amháin nó eile, nuair a chuimhneoidh tú a chumhachtaí is atá na naimhde ina choinne.