Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dheachtóireacht dictatorship
" Bhí go leor foréigin ar na sráideanna, íomhánna nach raibh le feiceáil ó bhí blianta deiridh dheachtóireacht Franco ann.
dheachtóireacht dictatorship
" Déanann sé comparáid idir an chaoi a bhfuil cúrsaí san Arab Shádach inniu agus an Iaráin faoi dheachtóireacht an *Shah *i 1979.
deachtóireacht phrólatáireach proletarian dictatorship
" Bhí leithéidí McKearney ag moladh go fiú go mbunófaí deachtóireacht phrólatáireach agus go ndéanfaí na feirmeacha a chomhshealbhú.
deachtóireacht fhaisisteach. fascist dictatorship.
" Ba mhaith leo cosc a chur ar shearmanais chuimhneacháin ag uaigh Franco agus níos mó aitheantais a thabhairt dóibh siúd a d’fhulaing bás agus céasadh le linn 40 bliain den deachtóireacht fhaisisteach.
mar dheachtóireacht, as a dictatorship,
" Ar ndóigh, chuirfeadh easaontóirí síos ar seo mar dheachtóireacht, go bhfuil Sealadaigh shinsearacha ceannaithe le “impireachtaí” dá gcuid féin.
deachtóireacht mhíleata a military dictatorship
" Dá bhrí sin, cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad rialtais dhaonlathaigh ar bith a bhí báúil leis na boicht i dtír i ndiaidh tíre, ag tosú leis an mBrasaíl i 1964.
deachtóireacht bhrúidiúil brutal dictatorship
" Is é an t-aon tairbhe a thiocfaidh, i mo thuairimse, as cinneadh náireach Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha cluichí na bliana seo a bhronnadh ar an tSín ná go dtugann sé deis don phobal idirnáisiúnta a dhéistin a chur in iúl faoin chos ar bolg atá á déanamh ag an deachtóireacht bhrúidiúil seo ina tír féin agus ina cuid críoch faoi fhorghabháil.
dheachtóireacht dictatorship
" ” Taobh istigh de thrí mhí, tar éis dhó na focail breátha sin a rá, cheadaigh Kennedy don CIA, ionradh náireach a dhéanamh ar Chúba, a bhí tar éis saoirse ó dheachtóireacht Baptista a bhaint amach, an bhliain roimhe sin.
deachtóireacht dictatorship
" Ach an ndéanfadh sé aon dochar dá dtéidís i léig faoi mar a chuaigh an fhístéip nó an gramafón? Leanfadh deachtóireacht i bhfeidhm gan aon nuacht a bheith á scaipeadh inti, ach tá an oscailteacht mar fhuil i gcóras daonlathach.
deachtóireacht dictatorship
" (Féach na naisc thíos) Ceacht staire gairid do na hógánaigh agus dóibh siúd nach raibh ag tabhairt aon aird ar an scéal thiar sa bhliain ’82: ghabh fórsaí na hAirgintíne, tír a raibh deachtóireacht mhíleata i réim ag an am, na hoileán Falkland gan mórán deacrachtaí.
deachtóireacht dictatorship
" Bhí deachtóireacht mhíleata i réim sa Bhrasaíl ag an am agus bhí cosc ar pháirtithe polaitiúla.
deachtóireacht dictatorship
" ” Is duine é Ai Weiwei a úsáideann a stádas mar ealaíóntóir, dearthóir ailtireachta, agus tráchtaire sóisialta chun aird a tharraing ar an easpa daonlathais atá ina thír dhúchais féin agus le brú a chur ar an deachtóireacht Shíneach a bheith níos fulangaí.
cineál deachtóireacht nua a new type of dictatorship
" Is mór an tionchar a bhíonn ag cláir fógraí ar aeistéitic áite, gan amhras, ach an féidir chomh maith creimeadh áirithe a bhrath ar chaighdeán morálta na n-údarás poiblí a leanann beartais mar seo? Deir Hanno Rauterberg, a scríobhann don nuachtáin Gearmánach, Die Zeit, gur cineál deachtóireacht nua atá san fhógraíocht nach bhfuil duine ar bith ábalta a sheachaint agus, le himeacht aimsire, go nglacfar leis mar rud atá, ní hamháin ‘nádúrtha,’ ach go bhfuil sé de cheart ag fógróirí an lámh in uachtar a bheith acu ar spásanna poiblí.
do chóras deachtóireachta to a dictatorial system
" Agus é ag labhairt fén *Welfare State* dar ghearr Rialtas Atlee as an gcloch idir 1945-51, mar aon leis na gearáin chantalacha Chaitliceacha a dhéantaí ina leith, scríobh sé: “Is é mo bharúil féin gur túisce a ghéillfeadh muidne in Éirinn, bíodh is gur Caitlicigh muid, do chóras deachtóireachta ach go dtiocfaidh sé uainn féin ón taobh istigh.
a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne which ended the military dictatorship of the time
" Bhí seisean ag léirsiú don chéad uair ina shaol, ba chuimhin léise na holl-léirsithe ag tús na 1980í a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne.
saor ó dheachtóireacht free from the dictatorship
" Tá léargas ar shaol úr saor ó dheachtóireacht Saddam Hussein agus ó chogadh le feiceáil i bpailliún na hIaráice, a bhfuil saothar ó aon ealaíontóir déag ó áiteanna éagsúla sa tír ann agus a dhéanann ceiliúradh ar chruthaíocht agus spiorad an ealaíontóra atá in innimh saothar ealaíne a chruthú in áit nach bhfuil mórán eile fágtha.