Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhá oiread níos deacra twice as difficult
" Muna ngníomhaíonn údaráis an stáit go tapa anois, beidh cath dhá oiread níos deacra acu, cath nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbuafaidh siad é.
le linn tréimhse deacra during a difficult period
" " Cé go raibh neart nua ag Ray, tháinig sé ar ais go hÉirinn le linn tréimhse deacra.
roghanna deacra hard choices
" Ach ní ag oifigigh na heaglaise amháin atá roghanna deacra le déanamh.
samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra I imagine it will become more difficult
" I gcás mo leithéidse, ní údar imní é, ach samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra de réir mar a théann na blianta ar aghaidh an lucht féachana a mhealladh má leanann an scéal amhlaidh agus an bhearna idir an mionlach saibhir agus an chuid eile ag méadú.
cinntí deacra difficult decisions
" cinntí deacra Iadsan nach bhfuil i mbun fantaisíochta i Meiriceá, tuigeann siad go bhfuil cinntí deacra le déanamh go luath.
níos deacra more difficult
" Tá sé i bhfad níos deacra craobhchomórtas a bhuachaint mar dhuine aonair ná mar atá sé comórtas foirne a bhuachaint agus dhá fhoireann san iomaíocht, mar a tharlaíonn i gcás Chorn Ryder.
tá sé ag éirí níos deacra it is getting more difficult
" Is é an aidiacht is coitianta a úsáidtear sna meáin i leith na fianaise seo ná “dochreidte”, agus tá sé ag éirí níos deacra ag Ahern an fód a sheasamh.
níos deacra more difficult
" San aois dhigiteach, áfach, agus deireadh beagnach leis an dlúthdhiosca, b’fhéidir go bhfuil sé níos deacra do cheoltóirí luach a chur ar an obair a dhéanann an dream seo a bhíonn idir iad féin agus an pobal.
ag éirí níos deacra getting more difficult
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
ceisteanna deacra difficult questions
" ” Ardaíonn an chaint faoi fhilíocht Uí Shearcaigh a bhaint den churaclam ceisteanna deacra faoi chinsireacht, faoin ealaín agus faoin tsochaí.
Tá líne curtha faoi na focail is deacra. there is a line under the most difficult words
" Tá líne curtha faoi na focail is deacra.
Tháinig ceisteanna deacra chun cinn difficult questions emerged
" Tháinig ceisteanna deacra chun cinn sa bhliain 1997 nuair a chruthaigh iriseoir ón Ostair go raibh Harrer ina oifigeach san SS sula raibh sé ina oide don Dalaí Láma óg.
Tá líne curtha faoi na focail is deacra. there is a line under the most difficult words
" Tá líne curtha faoi na focail is deacra.
is deacra hardest
" Na Baill ==== Anseo, os mo chomhair, bhí fiche duine i láthair, agus cóip de Fontenoy, ceann de na leabhair is deacra Gaeilge a foilsíodh le tamall, léite ag beagnach gach duine acu.
níos deacra more difficult
" Go deimhin, beidh sé níos deacra do na lusanna i mbliana tar éis an gheimhreadh nimhneach fuar a bhí againn in Éirinn.
is deacra hardest
" ’ Is gnách go dtugaim freagra orthu ar nós ‘Tá an Béarla ar cheann de na teangacha is deacra ar Domhain.
níos deacra more difficult
" Shíl mé go mbeadh ceisteanna níos deacra ná sin agat le cur orm.
na mblianta is deacra the hardest years
" Tá a fhios agam gur oibrigh tú mar altra i Nua-Eabhrac sna caogaoidí, ach abair liom ar dtúis, conas a tharla sé gur bhain tú jab mar altra ceanntair agus scoile amach in iarthar Bhéal Feirste agus conas gur fhan tú ag obair ar feadh seacht mbliana déag, ag obair i measc an phobail le linn na mblianta is deacra i dTuaisceart Éireann?** PNC: Tháinig m’fhear céile, Seosamh Mac Parthaláin, ó Bhéal Feirste.
míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra an explanation of difficult words and terms
" Is i nGaeilge shimplí atá na scéalta scríofa le míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra.
níos deacra more difficult
" Ach sílim féin go bhfuil sé ag goilleadh ar dhaoine go bhfuil an saol níos deacra ná mar a bhí.
a dhath níos deacra a jot more difficult
" Níl saol an lae inniu a dhath níos deacra ná mar a bhí an saol ag an ghlúin a tháinig romhainn ná ag an ghlúin a tháinig roimhe sin arís.
is deacra dul i mbun stailce it’s harder to strike
" Tá sé sin intuigthe, nó is deacair dul i mbun ballóide nuair atá múinteoirí ar saoire agus cuid acu imithe as baile; ach is deacra dul i mbun stailce nuair nach bhfuil múinteoirí ag obair.
níos deacra more difficult
" Saol Corrach na Polaitíochta ========== Bhí sé níos deacra a bheith gníomhach i gcúrsaí polaitíochta sna seachtóidí, an tréimhse sin ó 73 go 77 go háirithe nuair a bhí an comhrialtas uafásach sin ann de Fhine Gael agus an Lucht Oibre.
cé tá níos deacra orm which is more difficult for me
" Níl a fhios agam cé tá níos deacra orm: iad siúd a cheapann go bhfuil sé an-easca go deo tabhairt faoi na meáin sóisialta chun a ngnó a chur chun cinn nó iad siúd atá reoite le eagla.
is blianta deacra iad na déaga the teens are difficult years
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
níos casta agus níos deacra more complicated and more difficult
" Dá bharr sin tá rialú an stáit níos casta agus níos deacra.
roinnt ceisteanna deacra some difficult questions
" San alt seo, díríonn John Walsh ar roinnt ceisteanna deacra a eascraíonn as an ngéarchéim atá díreach curtha di ag (i)Lá Nua(/i).