Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dealbhóireachta saol na dealbhóireachta: the world of sculpture
" In ainneoin go mbaineann a shaothar le cúrsaí faisin agus *haute couture*, tá dlúthcheangal le saol na healaíne agus na dealbhóireachta le brath sa taispeántas seo.
dealbhóireacht bheo moving sculpture
" Is í an dealbhóireacht bheo (saothar a ghluaiseann le hinneall) a comhartha aitheantais.
dealbhóireachta poiblí public sculpture
" Ar an 19 Meitheamh, lainseáladh píosa dealbhóireachta poiblí a rinne an t-ealaíontóir áitiúil Locky Morris.
dealbhóireachta sculpture
" Caitheann Dorothy Cross súil aorach agus chliste ar chúrsaí inscne lena píosaí dealbhóireachta "Saddle" agus "Kitchen Table", saothar atá déanta as rudaí atá faighte aici in áiteacha éagsúla agus athraithe chun ráiteas dúshlánach a dhéanamh.
dealbhóireachta sculpture
" Tá saothar dealbhóireachta de chuid John Coen le feiceáil faoi láthair i ndánlann Uí Chionnaith.
dealbhóireacht sculpture
" Na modhanna traidisiúnta ======= Tá breis is 400 saothar le feiceáil i dtaispeántas na bliana seo, agus is ar na modhanna traidisiúnta - an dealbhóireacht agus an phéintéireacht - atá an bhéim den chuid is mó.
píosaí dealbhóireachta pieces of sculpture
" Chomh maith leis na binsí, beidh píosaí dealbhóireachta, gairdín luibheanna, agus lúbra ann, le cois rudaí eile.
dealbhóireacht sculpture
" Fógraíonn *graffiti*, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo.
píosaí dealbhóireachta pieces of sculpture
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
dealbhóireacht sculpture
" Tá tréithe láidre ailtireachta agus dealbhóireachta le brath ina saothar agus, gidh nach bhfuil an duine le feiceáil, tá "an corp" i láthair i gcónaí ar bhealach díreach nó indíreach.
dealbhóireacht ársa ancient sculpture
" Go deimhin, ní fada ó shin ó rinne an Taliban smidiríní den dealbhóireacht ársa ag léiriú an Bhúda in Bamiyan na hAfganastáine.
dealbhóireacht sculpture
" " Ní ealaíontóir foirmeálta é Clemente agus úsáideann sé réimse leathan meán, ina measc pastail, uiscedhath, líníochtaí dúigh, freascónna, ola agus an dealbhóireacht chun a chuid smaointe a nochtadh.
dealbhóireacht sculpture
" Tá breis is 40 píosa le feiceáil ann, ina measc dealbhóireacht, suiteálacha, grianghrafadóireacht, taibh-ealaín agus scannáin, agus tógann an t-ealaíontóir muid ar thuras, a dhéanann teagmháil fhisiciúil leis na céadfaí agus a spreagann iontas, greann agus, in amanna, míshuaimhneas ionainn.
dealbhóireacht sculpture
" Is féidir péintéireacht, dealbhóireacht, fís-suitéalacha agus grianghraif a fheiceáil inti, ag baint leis an tréimhse ó 1850 ar aghaidh.
blúirí dealbhóireachta fragments of sculpture
" Is é croí an taispeántais na blúirí dealbhóireachta déanta as gaineamhchloch agus snoite go hachrannach álainn.
ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í on holy sculpture on Iona
" Tá cuais mar seo le feiceáil ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í agus in áiteanna eile.
samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta the lovely examples of sculpture and architecture
" Ach, seachas sin go léir, fágann na samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta atá le feiceáil gur fiú cuairt a thabhairt ar an reilig seo.
dealbhóireacht sculpture
" **‘Domsa, is í an dealbhóireacht mo cholainn agus is í mo cholainn an dealbhóireacht.
iarsmalann dealbhóireachta mara marine sculpture museum
" Baineann an saothar seo leis an iarsmalann dealbhóireachta mara is mó ar domhan atá cruthaithe ag de Caires Taylor ar chósta Cancún i Meicsiceo agus is é an sprioc atá aige ná 400 figiúr ar fíormhéid a shuíomh ar ghrinneall na farraige roimh an 24u lá de Mhí na Samhna.
saothair dhealbhóireachta pieces of sculpture
" Amharctar ar na saothair dhealbhóireachta agus ar na hearraí fínéalta ársa seo mar rudaí a bhí lán suntais agus tábhachta ó thaobh an chreidimh de.
dealbhóireacht sculpting
" An Díláithriú ====== Rinne sí céim san ealaín/dealbhóireacht sa Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, Baile Átha Cliath 1983-87 agus bhí sí ina hEalaíontóir Cónaítheach i nDánlann Butler i gCill Chainnigh i 1992 sular bhog sí go Londain i 1994 le MA a dhéanamh i gColáiste Goldsmiths.
dealbhóireacht sculpture
" Bhí an tionchar le feiceáil in achan ghné den tsochaí agus go háirithe ar an dreach fhisiciúil - an dealbhóireacht, an ailtíreacht agus an phéintéireacht agus ba iad na baincéirí fosta a thug tacaíocht do bharrshamaileacha daonnachais, an fhealsúnacht a spreag an Athbheochain sa chéad dul síos.
saothar dealbhóireachta agus ealaín suiteála pieces of sculpting and of sited luminous art
" Lumière agus Turner ======== I measc buaicpointí na n-imeachtaí ealaíne a bhí le feiceáil sa chathair i rith na bliana bhí Lumiere, taispeántas solais ollmhór a bhunathraigh an chathair le 17 saothar dealbhóireachta agus ealaín suiteála solais a bhí le feiceáil ar fhoirgnimh agus i spásanna poiblí ar fud na háite i mí na Samhna.
na leaca dealbhóireachta seo these sculpted slabs
" Dúirt Elgin nach raibh uaidh ach an saothar ársa a shabháil ó chreachadh agus mhaígh sé go bhfuair sé cead ón sabhdán Otamánach a rogha rud a dhéanamh leis na leaca dealbhóireachta seo.
ndealbhóireacht na hÉigipte Egyptian sculpture
" Ba é an fhoirm stílithe, shiméadrach a chonaic sé i ndealbhóireacht na hÉigipte in iarsmalann i bhFlórans, áfach, is mó a chuaigh i bhfeidhm air, agus tá an tionchar seo le brath ar a shaothair sa taispeántas.
an tsraith dealbhóireachta the sculpture series
" Deir Christian Klemm, coimeádaí an taispeántais agus saineolaí ar Giacometti, go gcuireann an tsraith dealbhóireachta dar teideal L'Homme Qui Marche, seargán ag teacht amach as fearta i gcuimhne duit agus ainneoin na leochailleachta a bhaineann leo, go bhfuil láidreacht sna dealbha fosta.
ilghnéitheach dealbhóireachta multi-featured sculpture
" Míníonn Ciara Nic Gabhann roinnt de shaothar ilghnéitheach dealbhóireachta Éamoinn Uí Dhochartaigh a fuair bás ar na mallaibh.
Chorraigh taispeántas dealbhóireachta a sculpture exhibition moved
" Chorraigh taispeántas dealbhóireachta sa Róimh croí Chiara Nic Gabhann.