Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dearbhuithe assurances
" Fuair siad dearbhuithe ó Sir Ronnie go raibh sos cogaidh an UDA á mheas "ar bhonn laethúil", agus d'imigh an toscaireacht léi sona sásta.
a bhféiniúlacht a dhearbhú to re-assert their identity
" Ach éiríonn leis na grúpaí seo a dteanga, a mblas cainte agus a dtraidisiúin - a dtéann a bhformhór i gcoinne ghnáthluachanna na sochaí Meiriceánaí - a choimeád agus a bhféiniúlacht a dhearbhú, in ainneoin *suburbia*, glúin i ndiaidh glúine.
dearbhú assurance
" I measc gheallúintí an Chomhaontaithe, bhí dearbhú ón dá rialtas go síneofaí Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna agus go mbunófaí Coimisiún Um Chearta Daonna ó thuaidh agus ó dheas.
Comh-Dhearbhú Joint Declaration
" Meastar go mbeadh sé sásta glacadh le Comh-Dhearbhú an dá rialtas ach cinnteacht a bheith aige go raibh Sealadaigh an IRA réidh le dul ar an pinsean.
dearbhú confirmation
" Mar a dúirt sé, ag lainseáil feachtas ollmhór frithsheicteachais: "Is dearbhú iad na bearta seo nach gcuirfidh Albain suas níos mó le gníomhartha ar léiriú iad ar an fhuath reiligiúnda .
dearbhú declaration
" Tarlóidh sé ar Lá na Saoirse, an 4 Iúil, nuair a shíneoidh daoine ar fud na Stát an dearbhú sin agus é curtha faoi bhun bratacha bréige ar a bhfuil lógónna na gcorporáidí móra ar nós IBM, Exxon agus McDonald's curtha in áit na ngnáthréalt a sheasann don 13 stát bunaidh de chuid an aontais.
dearbhú confirmation
" Níl aon dearbhú tugtha fós ag an Rialtas go gcuirfear an t-airgead ar fáil chun an raon áiseanna sláinte atá beartaithe a thógáil.
dearbhú declare
" Ach bheadh ar an rialtas lárnach dearbhú go raibh sé mídhleathach, ós rud é nach nglacann Bunreacht na Spáinne in aon chor leis an bhféidearthacht seo.
dearbhú confirmation
" Ba gheall le dearbhú ar líomhaintí na mban é tairiscint an IRA dúnmharfóirí Robert a scaoileadh.
dearbhú confirmation
" Ainneoin nach bhfuil na Gardaí ná an PSNI tar éis aon dearbhú a thabhairt go fóill gur bhain an t-airgead Sasanach a aimsíodh i gCorcaigh le robáil Bhanc an Tuaiscirt, deir an tAire Dermot Ahern nach bhfuil aon amhras ar an rialtas ach gur ón robáil seo a tháinig ar a laghad cuid den airgead a fuarthas.
dearbhú declaration
" Agus cé go bhfuil baint níos mó ag an dearbhú seo le fadhbanna atá aige maidir lena pholasaithe eile ná le tiontú ar an bhóthar go Damascus, is cúis dheas iontais é a leithéid d’fhocail a chloisteáil ón fhoinse seo.
dátaí taispeántais a dhearbhú. to confirm exhibition dates.
" ” Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú.
a dhearbhú to confirm
" ) Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.
le dearbhú to assert
" Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, bronntar teastas air le dearbhú go bhfuil cumas sa teanga bainte amach aige ag leibhéal áirithe.
dearbhú confirmation
" Níl ciall ná réasún ag baint leis an chóras mar atá agus buntáiste á thabhairt do scoláirí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu dul go síceolaithe príobháideacha le dearbhú a fháil uathu go bhfuil fadhb foghlama teanga acu ar nós disléicse.
d'ainneoin na ndearbhuithe despite their reassurances
" " Cén sórt córais amaidigh é seo? Caitheann an Roinn a lán ama – agus a lán airgid – ar Limistéir faoi Chosaint Speisialta a ainmniú agus ansin, ní dhéanann siad mórán chun iad a chosaint, d'ainneoin na ndearbhuithe ar a suíomh gréasáin.
dhearbhú assure
" Thig liom féin a dhearbhú, áfach, nach neamhláithreacht an chultúir atá ag cothú na suime doshásaithe seo.
Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine International Declaration of Human Rights
" “Tá sé sin fíor agus sin an fáth go bhfuil a oiread sin tábhachta ag baint le Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine,” arsa John.
dhearbhú confirm
" Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
ag dearbhú certifying
" Bíonn sé te go minic an tráth seo bliana i bPáras, ag dearbhú go bhfuil an t-am tagtha finalement chun na héadaí geimhridh a chur i stóras.
dhearbhú assert
" Dúirt an fealsamh Emmanuel Kant go bhfaighimid léargas ar an áilleacht, nuair a chuirimid ár leas féin de leataobh agus nuair a bhreathnaímid rudaí áille, ní le húsáid a bhaint astu ná lena míniú ach le glacadh leo mar atá siad agus iad a dhearbhú inár saol féin.
dhearbhú affirm
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
dearbhú assurance
" Ach éireoidh An Rí Brian an Chreamha ina sheasamh agus déanfaidh sé fógairt agus dearbhú agus cuirfear deireadh leis an éagaoineadh agus leis an éagnach agus leis an chrá croí, nó fógróidh sé an tír ar fad ina Gaeltacht mhór amháin.
dearbhú to confirm
" Bhí an t-iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d'Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte.
dhearbhú ascertain
" B'éigean d'iníon le cara liom an Fhaiche a shiúl ina hiomláine lena dhearbhú dom nach raibh a leithéid ann.
le dearbhú to be certified
" Ní beag iad na hacmhainní céanna seo atá faoin Mol Thuaidh, ach tá sé fós le dearbhú cé leis an taisce luachmhar seo.
Dearbhú Uilechoiteann universal declaration
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
dearbhú confirming
" Míshásamh le Meirge ========== Tá daoine áirithe ag dearbhú a míshástachta le bratach na tíre beagnach ón gcéad lá ar fógraíodh é mar bhratach na hAstráile, i gcomharbacht ar bhratach na Breataine, sa bhliain 1954.
Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine the Declaration of Human Rights
" Cúpla bliain ó shin, bhí mé ag léacht i mBéal Feirste a thug iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, mar cheiliúradh ar Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine.
Dhearbhú an Neamhspleáchais the Declaration of Independence
" B’ionann bunreacht Mheiriceá agus Dhearbhú an Neamhspleáchais ag Jefferson le *‘apple of gold in a frame of silver’* Thug an bunreacht airgid cosaint saolta do bhunphrionsabail órga Jefferson.
dearbhuithe declarations
" Gan trácht fiú ar ráiteas cáiliúil Oliver Wendell Holmes gurbh ionann focal ann le *“the skin of a living thought”*, níor shásaigh dearbhuithe oifigiúla an Choiste Slándála gach éinne.