Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deasghnátha rites
" Déanann Billy Quinn agus Abigail O'Brien cur síos ar an bheatha a bhfuil tréine ag baint leis ó thaobh mothúchán de, Quinn ag díriú ar an athrú róil a thagann ar an chaidreamh idir páistí agus a dtuismitheoirí ina shaothar "Billy's Da" agus O'Brien ag féachaint ar an bhás ina saothar "The Opelia Room", áit a scrúdaíonn sí deasghnátha an bháis.
Deasghnáth rite, formality
lean mac athar sa deasghnáth the custom/practice was passed on
" Bhí an nós ann ar fad a dhul ag tórraimheacha na gcomharsan sa dá pharóiste agus lean mac athar sa deasghnáth sin.
dheasghnátha bliantúla annual rituals
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú .
deasghnáth ritual
" Sula n-itear iad, áfach, bíonn deasghnáth speisialta le déanamh.
dheasghnátha bliantúla annual rituals
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach go ndéanfaidh Balor Críonna Eagnaí Éigseach tuar agus tairngreacht faoi imeachtaí na bliana atá romhainn amach.
lena ndeasghnátha a chleachtadh to practice their customs
" Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.
deasghnáth ceremony
" Is é an baisteadh an deasghnáth is mó atá ag na Mandaean agus is deasghnáth é a tharlaíonn breis is uair amháin i rith shaol an duine.
deasghnáth ceremony
" Mary MacKillop is ainm don bhean a bheas ina céad naomh ag an Astráil, agus táthar ag súil go mbeidh an deasghnáth ar siúl sa Róimh sna míonna beaga amach romhainn.
deasghnátha ceremonies
" Díreach mar atá sé i gcás aon mhionlach eitneach eile san Afraic a ndearnadh díshealbhú orthu, níl rochtain ag na hEndorois ar reiligí a sinsear is níltear in ann adhradh a dhéanamh, ná deasghnátha creidimh a chomóradh, ag na hionaid is naofa leo.
deasghnátha ceremony
"deasghnátha an lae seanbhunaithe anois.
Ba dheasghnáth aistrithe saoil was a rite of passage
" Ba dheasghnáth aistrithe saoil é d’ógra geal na hAstráile le blianta fada an t-achar fada intíre a thaisteal leis an gcarraig a dhreapadh.
ndeasghnáth the customs
" Go minic sa lá atá inniu ann, mura bhfuil iomám ann a chinnteoidh go maraítear an chaora de réir na ndeasghnáth atá leagtha síos, bíonn ar fhear an tí é féin an íobairt a dhéanamh.
dheasghnátha ceremonies
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo thús na bliana ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire.
Cloch dheasghnátha a ceremonial stone
" Cloch dheasghnátha atá ann agus tá siad coitianta in Éirinn agus tá siad le fáil ar Oileán Mhanainn agus in Albain chomh maith.
deasghnáth na seamróige the shamrock ceremony
" Sé lá tar éis deasghnáth na seamróige i Halla na Cathrach, maraíodh Irish Guard eile as Merseyside san Afganastáin, An Sáirsint Mark Burgan, 28.
deasghnáth ceremony
" Ach chuir seanaois agus na tríoblóidí nua stad leis an traidisiún stairiúil seo thart ar 1970, cé go n-eagraíodh an ghlúin aníos deasghnáth iad féin, anois is aris.
dheasghnáth na hoscailte the opening ceremony
" I measc na n-imeachtaí a bhí mar chuid de dheasghnáth na hoscailte, bhí claisceadal de 600 gasúr ó scoileanna éagsúla fud fad na cathrach, a tháinig le chéile ar an droichead ón dá bhruach le tús a chur leis.
deasghnáth a ceremony
" Eagraíonn Rialtas na hÉireann deasghnáth mar seo gach bliana - anuraidh i Nua-Eabhrac a bhí sé agus bhí sé ag Grosse Isle, Quebec, Ceanada, arú anuraidh, 2009, áit a bhfuair 6,000 Éireannach bás san ionad coinneála ansin.
Sean-Deasghnátha á gCleachtadh old customs in practice
" Sean-Deasghnátha á gCleachtadh =============== Labhair mé le Bogdan Neagota, eitnegrafaí as ollscoil Cluj maidir le gnéithe de chultúr na tuaithe sa Rómáin.
deasghnátha na heaglaise church ceremonies
"deasghnátha na heaglaise agus gnáis an phobail fite fuaite ina chéile chomh maith.
fá smacht dheasghnátha na bréagshiabhialtachta controlled by the ceremonies of a fake civilization
" I dtús báire, tá na fíochmarachtaí seo uilig fá cheilt, fá smacht dheasghnátha na bréagshiabhialtachta.
deasghnátha a chleacht siad ceremonies they practiced here
" Ní fios na deasghnátha a chleacht siad anseo ar an iargúil, cén teanga a labhair siad, ná cén creideamh a bhí acu.
Deasghnáth leis an anam a ghlanadh a ceremony to cleanse the soul
" Deasghnáth leis an anam a ghlanadh a bhí san fhéile seo anallód.
deasghnáth the ceremony
" “Bíonn deasghnáth againn i seomra na n-ealaíon troda gach ré Domhnach.
deasghnátha dubha aisteacha strange dark ceremonies
" Tugadh ‘cultas’ ar a gcreideamh agus maíodh go raibh deasghnátha dubha aisteacha ar siúl aige, íobairt a n-óige san áireamh.
dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh this annual midwinter ritual
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú, a bhriseadh.
sa deasghnáth a dhéanfadh saoránach in a ceremony which would make him a citizen
" Tá cara ag mo mhac arb as na hOileáin Fhilipíneacha é agus an tseachtain seo caite, thug sé ruaig suas go Caisleán Cromghlinne le go mbeadh sé páirteach sa deasghnáth a dhéanfadh saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe é.
ghlan sé í le deasghnáth he released her with a ceremony
" Thug sí í chuig an Imam (sagart Muslamach) agus ghlan sé í le deasghnáth agus le hurnaithe.
agus deasghnáth deamhandíbeartha faoi lánseol while an exorcism ceremony was in full flight
" Chonaiceas scannán leis an stiúrthóir clúiteach Rómánach Cristian Mungiu ar na mallaibh, scannán bunaithe ar fhíoreachtra a thit amach i séipéal iargúlta sa Mholdáiv, sa Rómáin, sa bhliain 2005, áit a bhfuair bean óg bás agus deasghnáth deamhandíbeartha faoi lánseol, nó sin a deirtear ar aon chuma.