Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deichniúr Poblachtánach ten republicans
" Tharla an stailc ocrais a thug bás deichniúr Poblachtánach i lár a thréimhse ansin, i 1981, agus maraíodh roinnt mhaith eile sna círéibeacha a tharla i dtrátha an ama chéanna.
deichniúr poblachtánach ten republicans
" An t-aonú stailceoir déag a tugadh air mar gur ghlac sé páirt i stailc ocrais 1981, nuair a fuair deichniúr poblachtánach bás.
deichniúr ten people
" Ba rud mór é deichniúr a tharraingt le chéile agus a eagrú chun dul anonn go hÉirinn.
deichniúr aosánach ten young people
" Ba lá speisialta é, mar bhí deichniúr aosánach ag dul faoi lámh easpaig.
deichniúr Daonlathach ten Democrats
" Cheana féin tá deichniúr Daonlathach agus 17 bPoblachtánach tar éis clárú leis an gCoimisiún Toghchánaíochta.
deichniúr seanadóirí a ainmniú, to name ten senators,
" Dá n-iarrfá ar chéad duine ar shráid ar bith in Éirinn deichniúr seanadóirí a ainmniú, ní bheadh tuairim ag an chuid is mó acu.
agus páiste amháin as deichniúr and every child in ten
" Ba é an chonclúid ar thángthas uirthi ag deireadh na tuarascála ná gur tharla a leithéid i gcás idir páiste amháin as triúr agus páiste amháin as deichniúr ón líon iomlán páistí Bundúchasacha a bhí sa tír idir 1910 agus 1970.
deichniúr Síneach ten Chinese people
" Ba de barr an ghearáin sin a tháinig an Tóirse Clúiteach Cáiliúil sin chuig Tír na Naomh agus na nOllamh le camchuairt na hÉireann a dhéanamh – ach go ciúin! Tháinig an Tóirse i dtír i mbréagriocht in Iarthar Chorcaí, é i bhfolach i mburla i measc burlaí cócaoin ar snámh san fharraige amach ó Charn Uí Néid – an Tóirse i mburla amháin agus an deichniúr Síneach a bhí le hé a thionlacan i mburlaí eile.
triúr as gach deichniúr three in every ten
" Ach ní thugann ach triúr as gach deichniúr scoláire faoin pháipéar onórach agus iarrthóirí fireanna is ea 30% acu sin.
deichniúr ten people
" , rud a chiallaíonn go marófar tuairim is deichniúr duine nó mar sin, nó breis.
deichniúr ten
" Iompar a Insíos go Leor Le linn na trioblóide, gortaíodh deichniúr póilín ach is éigean an cheist a chur, cén fáth nach raibh an PSNI in ann stad a chur leis an rúscadh sular thosaigh sé.
deichniúr ten
" “Ba mhaith liom cur ina luí ar dhaoine nach bhfuil cáilíocht dá laghad ach ag buachaill amháin as gach deichniúr a fhágann an scoil i gcríocha aontachtacha den aicme oibre.
thar deichniúr more than ten people
" Bhí dream beag ar an turas mar níor thóg an t-eitleán sin thar deichniúr in am ar bith.
teaghlach deichniúr a family of ten
" Roz Glannon, leascheannaire Comhairle na Cathrach, go dtáinig a sin-seanathair ó Chorcaigh go Learpholl in am an Drochshaoil nuair a bhí sé 10 bliana, an t-aon marthanóir amháin as teaghlach deichniúr.
deichniúr caillte a lost decade
" Tá ‘deichniúr caillte’  roimh an Ríocht Aontaithe, dar le scríbhneoir amháin agus measann scríbhneoirí éagsúla go bhfuil Seansailéir Státchiste na Breataine George Osborne i sáinn agus gimicí á dtairiscint aige; go bhfuil polasaí *“hoping for the best”* aige; go bhfuil sé i mbun feachtais mhaolú dochair; gur theip air borradh a chur faoi jabanna a chruthú nó fás a spreagadh agus go bhfuil cruth piorra ar an gheilleagar.
rugadh deichniúr fionnán i ndiaidh a chéile ten blond kids were born in a row
" Breis is fiche bliain i ndiaidh na tubaiste mhothaigh mé gur bhaist an dochtúir i mo shráidbhaile féin, ‘bliain na bhfionnán’ ar an bhliain i ndiaidh Searnóbail, cionn is gur rugadh deichniúr fionnán i ndiaidh a chéile san áit, a mhac féin san áireamh bíodh go raibh na tuismitheoirí ar fad chomh dubh leis an bhac.
duine as deichniúir one in ten
" Níos measa fós, tá duine as deichniúir in Éirinn anois nach bhfuil in ann bia a cheannach.
idir cúigear agus deichniúr between five and tem
" Deir Coláiste na nGael go mbíodh idir cúigear agus deichniúr dalta ag tabhairt faoin scrúdú GCSE go rialta i Sasana le dornán blianta anuas.