Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deimhniú affirm
" John Reid, siar ó chinneadh a bhí déanta aige deimhniú go hoifigiúil go raibh sos cogaidh an UDA, agus a arm marfach an UFF, críochnaithe.
chun an scéal a dheimhniú to confirm the story
" Ba léir ag an am gur beag cruthúnas a bhí ag an rialtas leis na líomhaintí seo, agus nuair a ceistíodh iad, tugadh dhá ghrianghraf do na meáin chumarsáide in éineacht le físeán ar dhrochchaighdeán chun an scéal a dheimhniú.
é seo a dheimhniú to confirm this
" Is féidir liom féin é seo a dheimhniú mar seacht mbliana ó shin ba dhuine acu mise.
chun seirbhís ghairmiúil chuimsitheach a dheimhniú to ensure a professional comprehensive service
" Tá géarghá le buanacht agus leanúnachas i gcúrsaí pleanála, gníomhaíochta agus fostaíochta chun seirbhís ghairmiúil chuimsitheach a dheimhniú.
a dheimhniú to confirm
" Cén obair a dhéantar ansin ó lá go lá? Is é príomhchuspóir an Bhrainse Logainmneacha taighde a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann agus leaganacha oifigiúla Gaeilge díobh a dheimhniú agus a chur ar fáil faoi chomhairle an Choimisiúin Logainmneacha.
deimhniú affirmation
" ” Cé nach raibh sa ráiteas sin ach deimhniú ar an mhéid a bhí ar eolas ag madraí an bhaile le fada, bhí tábhacht faoi leith ag baint leis sa mhéid is gur léir go n-aithnítear go hoifigiúil go bhfuil fadhb ansin le sárú.
deimhniú confirmation
" Fuair mé deimhniú ar an tuairim seo i mí an Mhárta 1988 nuair a fuair mé cead isteach go Gartree, tar éis gearán oifigiúil a dhéanamh leis an Roinn.
faoina ndeimhniú about their certification
" Ní raibh amhras ar dhaoine faoina ndeimhniú dá bharr sin.
lena dheimhniú to ascertain
" Ba leor é seo go léir chun na céadta míle Polannach óg a tharraingt chun na n-ionad vótála ar an 21 Deireadh Fómhair lena dheimhniú nach dtoghfaí PiS arís.
ag deimhniú confirming
" Athraíodh an t-ainm go Comhphobal Eorpach i gConradh Maastricht (1992), ag léiriú agus ag deimhniú go raibh ról polaitiúil le bheith ag an gComhphobal feasta chomh maith le ról eacnamaíochta, cineál Aontas Eorpach.
deimhniú certification
" Ní íocfar an tsuim seo gan deimhniú gur freastalaíodh ar an Chomhdháil, ach ní gá aon chruthúntas a chur ar fáil gur thaisteal tú i do charr féin nó gur fhan tú san óstán atá luaite leis.
dheimhniú certification
" Ní hiontas é nach mbíonn na taispeántais gan chonspóid agus cuireadh brú ar Premier Exhibitions an áit as a dtáinig na marbháin a dheimhniú agus an dóigh a bhfuair siad bás sular chriochnaigh siad reoite os comhair an tsaoil mhóir ina gcodanna de thaispeántas poiblí.
deimhnithe confirmed
" Mar a dúirt mé cheana, próiséas fada atá ann - ainneoin nach mbeidh constaic ar bith roimpi ar bhealach an ainmnithe, caithfear fanacht go gcríochnóidh téarma reatha na Cúirte (tá sí ag tógáil áit bhreitheamh atá ag éirí as), agus is beag seans go bhfeicfear deimhnithe í go dtí mí Lúnasa.
dheimhniú guarantee
" ‘An féidir leis an stát’, a d’fhiafraigh an seanadóir Jacques Legendre ó pháirtí an UMP (páirtí Nicolas Sarkozy), ‘a dheimhniú go mbeidh seasamh náisiúnta ag na cáilíochtaí seo?’ Ceist mhór.
deimhniú certificate
" De réir m’athar, tharla an t-athrú nuair a bhí deimhniú breithe chéadlinbh mo sheanmháthar á líonadh isteach.
deimhniú affirming
" Léirítear an bolcán coirceogach clúdaithe le crainn agus feictear Bacchus, Dia an Fhíona, ag deimhniú ardchaighdeán na bhfíonchaora ag fás ar thalamh méith an tsléibhe.
deimhnithe assured
" Tá teoiricí ann a mholann go bhfuil gaol idir an tSeapáinis agus an Chóiréis, rud nach bhfuil deimhnithe go fóill.
dheimhniú confirm
" Má roghnófar é, deir sé go pléifidh sé le cuid de na hábhair atá faoi chaibidil san agallamh seo ach cad é na tosaíochtaí a bheadh aige? “B'fhéidir an tsaoránacht a dheimhniú, is é sin an bhéim a leagan ar an tsaorántacht.
Deimhniú é seo this is confirmation
" Deimhniú é seo fosta an géarghá atá le madra faire maith agus neamhspleách chun a chinntiú nach sárófar na cearta a baineadh amach tar éis blianta fada streachailte.
deimhnithe confirmed
" Bhí an cuireadh deimhnithe acu, bheadh fáilte romham, ach bheadh orainn imeacht ar iompú na boise.
Deimhnithe certified, guaranteed
" Ba as sin a d'eascair an reachtaíocht chun Páirceanna Náisiúnta a bhunú i 1949 (ceantar Kinder Scout ina measc) agus an reachtaíocht i 2000 a thug Cead Slí Deimhnithe do dhaoine ar cheithre mhilliún acra de thalamh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
dheimhniú eadóirseachta a certificate of naturalization
" Ag deireadh 2005, d’fhonn stádas níos socra a fháil, rinne an tUasal Mallak iarratas ar dheimhniú eadóirseachta, rud a dhéanfadh saoránach Éireannach de.
Tá deimhniú faighte anois acu they have received confirmation
" Tá deimhniú faighte anois acu den tábhacht a bhaineann leis na turasanna chun na Gaeltachta sa samhradh.
nach féidir iad a dheimhniú céad faoin chéad they can’t be a hundred percent certain
" Tá na córais seo chomh casta agus nach féidir iad a dheimhniú céad faoin chéad.
Ba dheimhniú do was a confirmation to
" Ba dheimhniú do mhuintir na hÉireann í cuairt na banríona go raibh deireadh leis an choimhlint agus leis an tsíor-achrann.
deimhniú oifigiúil a fháil to get official confirmation
" *" Cad tuige gur tugadh oiread sin suntais don eagarfhocal seo? ’Sí freagra na ceiste ná go raibh ríméad orainn deimhniú oifigiúil a fháil ónar gcomharsain béal dorais ar an rud atá soiléir do chách - gur cluiche maith í an iománaíocht! Mar a dúirt an té a dúirt: "*Arise Knocknagoshel, and take your place among the nations of the earth!*" Más Dona Galltacht is Measa Gaeltacht is Lucht Gaeilge ===================== Dá olcas an tír frí chéile, is measa i bhfad cíocras phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta stampa aitheantais a fháil ón taobh amuigh go bhfuil tábhacht ag baint lena n-oidhreacht.
chineál deimhniú a sign of confirmation
" Aon duine amháin a chreid an liodán uafáis uaidh agus nuair a scaoil sé leis na deora, ba chineál deimhniú don chuid eile againn nach raibh air ach cliseadh néaróga ag cur as dó.
gnéithe den chóras deimhniú eadóirseachta aspects of the process of certification of naturalization
" Léiríonn scéal Ghandi Mallak, as an tSiria, gnéithe den chóras deimhniú eadóirseachta in Éirinn, dar le Alan Desmond, gnéithe ar chóir dúinn a chur ina gceart.