Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ach amháin má deir siad a mhalairt unless they say otherwise
" Cé gur mná Gael-Mheiriceánacha ab ea céatadán ard de na múinteoirí i scoileanna Nua-Eabhrac roimhe seo, in aigne dhaltaí an lae inniu is Giúdaigh iad na múinteoirí geala ar fad, ach amháin má deir siad a mhalairt.
Braithim ón mhéid a deir sé liom I get the feeling from what he tells me
" Braithim ón mhéid a deir sé liom nach bhfuil sé róthógtha le cuid den dream atá ag obair ansin anois agus nach bhfuil siadsan róthógtha leisean ach oiread.
táthar ann a deir there are people who would say
" Ach táthar ann a deir go mbeidh nuachtáin linn i gcónaí go dtí go gceapfar scáileán a thig a chrapadh faoi d’ascaill, sceallóga a bhurláil ann agus tine a lasadh leis! Bíodh sin mar atá, tá fianaise ann lena léiriú go bhfuil teacht aniar áirithe sna meáin fhadbhunaithe.
Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, Some people say it was only soccer,
" Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, ar leagadh rialacha síos dó sa bhliain 1863 i Sasana.
a deir sé agus a ghuth ag briseadh air, he says with his voice breaking
" Ach caithfidh mé a admháil,” a deir sé agus a ghuth ag briseadh air, “nach raibh mé buartha fúithi.
ar an gcéad bhean riamh a deir go hoscailte gur leispiach í she is the fist openly gay woman
" Ina theannta sin, tá Penny Wong ar an gcéad bhean riamh a deir go hoscailte gur leispiach í a toghadh chun na parlaiminte seo.
a deir go labhraíonn siad go laethúil í who say that they speak it daily
" 8 milliún a mhaíonn go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, thuaidh agus theas, an 450,000 a deir go labhraíonn siad go laethúil í (sa Phoblacht amháin) agus an sciar beag den phobal a cheannaíonn nuachtán Gaeilge.
Táthar ann a deir There are those who say
" Táthar ann a deir nár cheart go mbeadh Comhaltas ag fáil maoiniú ó Chiste na Gaeilge ar chor ar bith mar gur eagraíocht ealaíne iad, go príomha, a bhfuil cur chun cinn an cheoil Ghaelaigh mar phríomhchuspóir acu.
deir na pobalbhreitheanna the (latest) polls say
" Is cosúil go deimhin, gur thit na Poblachtaigh isteach ina ghaiste, ó deir na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil pobal Mheiriceá míshásta leis an gcaoi ina bhfuil an páirtí ag seasamh in aghaidh athstructúrú ghéilleagair na tíre, de réir cosúlachta.
deir says
" Ní insíonn an ceamara bréag, mar a deir an seanfhocal, ach tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.
deir say
" Tá leathbhliain ann ó tháinig deireadh le Foinse agus beagnach bliain ó stad Lá Nua ag trádáil.
Deir saoithe the wise say
" * (1965) An Gheit gan Choinne ============ Deir saoithe, nuair is eachtra spioradálta a shantaíonn duine, gur fearr go mór dó ligint don ‘ngeit gan choinne’ teacht aniar aduaidh air.
mar a deir an dream thiar as the people say in Connacht
" Ceist eile is ea caighdeán na n-earraí sin agus b’fhéidir go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach i ngnóthaí soláthar earraí in iarthar domhain le tamall de bhlianta anuas go bhfuil, mar a deir an dream thiar, sleaic ag teacht ar lucht déantús earraí.
Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin various news-people in the media say
" Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo.
Is é sin a deir na húdair so say the authors
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
deir na pobalbhreitheanna the polls tell us
" Fiú má sciobann, ámh, deir na pobalbhreitheanna go gcaillfidh na Daonlathaigh suíocháin sa toghchán seo, agus go bhfanfaidh na Poblachtánaigh chun cinn go maith orthu sa chéad Chomhdháil eile.
Deir na saineolaithe experts say
" Deir na saineolaithe go bhfuil i bhfad an iomarca daoine sa tír seo ag brath ar fhrithdhúlagráin.
Deir na saineolaithe linn the experts tell us
" Deir na saineolaithe linn nach bhfuil mórán ama fágtha ag an nGaeilge, mar theanga bheo i measc an phobail, fiú sna Gaeltachtaí is láidre dá bhfuil againn.
Deir an mhórchuid acu most of them say
" Deir an mhórchuid acu go bhfuil gaol acu le hÉirinn, ag maíomh gur tháinig a sinsear ar imirce go Ceanada agus gurbh é an ceangal sin a spreag iad chun iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim.
a deir go leor what a lot of people say
" **Balor: An bhfuil sibh ag snámh in aghaidh easa anseo, a Dháithí, ag múineadh Gaeilge do lucht na cathrach gallda seo? Nach obair in aisce atá ar siúl agat? Nó sin a deir go leor.
a deir lucht na humhlaíochta d’aon ghuth amháin say the humble folk unanimously
" “Cá mbeimis gan iad?” a deir lucht na humhlaíochta d’aon ghuth amháin.
deir na staraithe the historians tell us
" Meastar gur tháinig German ón gCeiltis gar- (glao, gairm) – ba dhaoine glóracha iad, a deir na staraithe, agus féach garrulous – ón am ina mbíodh na Ceiltigh láidir ar an Mór-Roinn.
Deir daoine rudaí gránna liom people say horrible things to me
" Deir daoine rudaí gránna liom sa tsráid.
deir gach duine réasúnta every reasonable person says
" Is tábhachtach a mheabhrú, gur cuma cén fhealsúnacht atá agat, más creidmheach thú nó a ghlanmhalairt, deir gach duine réasúnta go bhfuil meas acu ar an mbeatha.
deir mo leathbhinseoir says the person sharing the bench with me
" “Níl a fhios agam céard a dhéanfas muid,” a deir mo leathbhinseoir.
a deir mo dhuine says my man
" “Níochán carrannaí?” a deir mo dhuine agus na súile ag leathadh air.
ina lapa aige a deir in his paw which says
" Píosaí ilghnéitheacha agus greann dubh ag baint leo go minic atá déanta ag David Shrigley, ina measc madadh stuáilte agus plaiceard ina lapa aige a deir ’tá mé marbh’.
a deir linn which says to us
" Solas geal a thagann amach as an dorchadas atá ann, solas a thuilleann ár n-aird agus ár meas agus a deir linn gur marthanóirí atá sna daoine seo agus ní íospartaigh.
Táthar ann a deir there are those who say
" Leigheas Galar Súl ======== Táthar ann a deir nárbh fhéidir lena leithéid de chaidreamh fás ó shíol a chuirtear chomh éadomhain agus a chuirtear le Tinder: níl ach cuma fhisiciúil an duine tábhachtach ar an áis.
Ní deir siad rud ar bith they don’t say anything
" Ní deir siad rud ar bith faoina chumas le gunna; ach nach cuma, nuair atá daoine eile aige chun a chuid gaolta a chur chun báis.
Deir according to
" Deir Skoda gur féidir MPG de 61.
Deir says
" Deir an foras cáiliúcháin a bhíodh ag cur na scrúduithe Gaeilge ar fáil gur de bharr easpa éilimh a deineadh an cinneadh.
deir an tacadóir sacair the soccer supporter says
" Ag labhairt ar an fhiontar úr, deir an tacadóir sacair Seán gur: “Cuireadh an síol lá samhraidh amháin agus mé ag díol bróg ar Thrá Bondi san Astráil.
mar a deir an Gall as the English speaker(s) say
" Chun na rógairí a choimeád as achrann a chuirtí imeachtaí mar sin sin ar siúl, de réir dealraimh, ócáidí le haghaidh scliúchais is cearrbhachais agus ‘giota de conas tá t’athair’ mar a deir an Gall.
Deir sé he says
" Deir sé nach n-athróidh mórán ag deireadh thiar thall, má shocraíonn An Lucht Oibre dul i gComhrialtas le Fine Gael.
Deir says
" Deir Donncha Ó hÉallaithe nach n-athróidh mórán de thoradh an olltoghcháin ag Deireadh thiar thall agus go n-íocfaidh An Lucht Oibre as dul i gComhrialtas le Fine Gael.
Deir says
" Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.