Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dheirfiúr chéile sister-in-law
" Tá a dheirfiúr chéile, Cáitlín Mhic Gearailt, ag stiúradh na hoifige i mBaile na nGall, Contae Chiarraí.
lena dheirfiúr a chur san uaigh to bury his sister
" Bhuail mé le seanfhear ar an eitleán go Chicago - ar a bhealach ar ais abhaile go Chicago tar éis filleadh go hÉirinn lena dheirfiúr a chur san uaigh.
ná súile a deirféar, Tóiceo. than the eyes of her sister, Tokyo.
" Tá a súile dúnta i bhfad níos luaithe ná súile a deirféar, Tóiceo.
ba ghnách leis a dheirfiúracha a thionlacan he used to accompany his sisters
" Bhí leabhar clúiteach ceoil Captain O’Neill aige agus ba ghnách leis a dheirfiúracha a thionlacan nuair a bhíodh siad ag déanamh damhsaí Gaelacha sna hionaid siopadóireachta nó i dtithe altranais.
deirfiúr sister
" Dhá uair rinneadh €112 a chur chuig a muintir i Srí Lanca agus thabharfadh deirfiúr an fhostóra airgead póca di.
dheirfiúr sister
" Nuair a dúras le mo dheirfiúr i nGaillimh go rabhamar le dul go Baltimore, d'fhreagair sí "seachain na cailíní díomhana!" De réir dealraimh, níl stopadh leo i mBaltimore, más fíor do *‘He's Just Not That Into You’*.
deirfiúr sister
" Níl aon fhocal ar leith do dheartháir ná deirfiúr ach tá focail ann don deartháir níos sine is níos óige agus an deirfiúr níos sine is níos óige araon mar go léirítear stádas i measc na clainne leo.
deirfiúr sister
" Arsa Ann Travers, deirfiúr Mary agus í ag cáineadh Martin McGuinness i mbliana i ndiaidh dó dúnmharú Ronan Kerr a dhamnú: *“They never once siad sorry for my sister's murder.
hiníon deirféar liom my sister’s daughter
" Ná go mbeadh sé agus a bhean chéile ag labhairt le hiníon deirféar liom, sé bliana d’aois, a bhfuil cónaí uirthi ansin, agus a rá léi gur ainm álainn í “Caoimhe” (agus an ceart aige — is mise a mhol an t-ainm dá máthair).
deirfiúracha sisters
" Bhí an bheirt deirfiúracha i dteach i Fallowfield, Manchain i 1974 nuair a phléasc buama a bhí á dhéanamh ann.
chéile a deirféar her sister’s husband
" Is brídeog úr í Justine (Kirsten Dunst) atá dhá uair a chloig déanach don mbainis a bhí réitithe fána coinne i dteach galánta chéile a deirféar.
chaill deirfiúr eile dá chuid a meabhair another sister lost her reason
" Bhí a athair ina sheanmóirí mire, fuair a mháthair agus a dheirfiúr bás nuair a bhí seisean óg agus chaill deirfiúr eile dá chuid a meabhair.
a dheirfiúr his sister
" Sna 1980í luatha, d’fhreastalaíodh Jim de Stín, a dheartháireacha, Brian agus Daithí, agus a dheirfiúr Sharon ar Choláiste na bhFiann.
a deirfiúracha her sisters
" Is marthanóir í Donna agus tarraingíonn sí ar fhoinsí inmhéanacha agus seachtracha le í féin a choinneáil slán agus, mar aon leis an tacaíocht agus sólás a fhaigheann sí óna muintir féin, a máthair agus a deirfiúracha Anna agus Martha, a fhanann go dilís léi i gcónaí.
deirfiúracha sisters
" Tá Séamus McSherry as Béal Feirste ag múineadh Gaeilge i gceantar Toronto le tamall fada anois, agus idir an dá linn tá Allyson agus Michelle Reid, deirfiúracha óga as Toronto, ar bord mar fhoghlaimeoirí ardleibhéal agus gníomhairí, chomh maith le Pádraig de Róiste, dlíodóir óg a d’fhás suas i dToronto agus i mBaile Átha Cliath.
maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar insults on his sister’s F. page
" Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d'inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de! Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.
Deirfiúr cleamhnais an fheisire a sister-in-law of the MP
" Deirfiúr cleamhnais an fheisire David Ervine nach maireann agus bean Brian Ervine, iarcheannaire an PUP, bhí Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste ag caint leis an Chéad Aire Peter Robinson le linn ceiliúradh 60 bliain den scoil a raibh sí ag obair inti, Ashfield Girls’ High School.
do dhalta a bhfuil a chuid deartháireacha nó deirfiúracha to a pupil whose brothers and sisters
" Tuigim fosta cad tuige go mbeadh an tAire Quinn ag iarraidh deireadh a chur leis an nós go dtugtar buntáiste iontrála do dhalta a bhfuil a chuid deartháireacha nó deirfiúracha ag freastal ar an Ghaelcholáiste.
a dheirfiúr his sister
" Is scríbhneoir é féin, Pádraig Ó Cíobháin, agus cé go bhfuil sé ina chónaí i nGaillimh anois tá a dheirfiúr Joan ina cónaí i gCorca Dhuibhne go fóill agus mar sin fanaim leis an dteaghlach sin agus nuair a théim siar Corca Dhuibhne.
d’fhógair a dheirfiúr his sister announced
" Bhí cor eile sa scéal, áfach, nuair a d’fhógair a dheirfiúr, Christine, go bhfuil lámh agus focal idir í féin agus a páirtí fadtéarmach, bean darb ainm Virginia Edwards.
deirfiúracha ag imirt leo sisters playing for them
" Is iomaí club iomána, peile, cispheile agus eile ar fud na tíre a mbíonn deartháireacha agus/nó deirfiúracha ag imirt leo.
Is sárcheoltóir í mo dheirfiúr my sister is an excellent musician
" Is sárcheoltóir í mo dheirfiúr Bríd freisin, agus bhíodh ár dtuismitheoirí bochta dár dtiomáint timpeall na tíre chuig ócáidí ceoil, nó fleadhanna, nó chuig ranganna ceoil i gcónaí.
a deirfiúr her sister
" Beidh sise 16 i mbliana agus tá a deirfiúr Maeve, 9 bliana, ag freastal ar an Bhunscoill anois,” arsa Paul liom.
mo dheirfiúr sa bhaile my sister home
" Bhí mo dheirfiúr sa bhaile as Londain agus bhí sí ag aithris dán Aoidh Ruaidh, ‘Triallaidh liom ar bhord mo loing’ arsa an captaen go dtí an béal binn bréagach’.
le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha during the (Price) sisters’ hunger strike
" Tugann Campbell léargas ar leith dúinn ar chur chuige Jenkins le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha Price, Marion agus Dolours, i mBrixton, beirt dar ciontaíodh as buamáil an Old Bailey agus a bhí i gcarcair le fiche bliain.
gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha not to yield to the sisters’ threat
" “*Fortified by one of Roy’s dangerously potent dry Martinis*”, mhol a chomhairleoir Anthony Lester don Stát-Rúnaí gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha go nglacfaidís lámha ina mbás féin muna gcuirfí iad siar go carcair Éireannach.
deirfiúr sister
" Scríbhneoir agus bon-viveur ab ea Jenkins mar aon le polaiteoir cumasach (bhí caidreamh collaí aige lena chomhghleacaí Tony Crosland le linn a óige agus le deirfiúr Jackie Kennedy níos déanaí, peacaí pearsanta a ghnóthaigh maithiúnas óna bhean chéile Jennifer).