Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá cothromaíocht leochaileach delicate balance
" Gan dabht, tá cothromaíocht leochaileach idir saoirse trádála agus sláinte ainmhithe.
íogaire delicate
" Cé go bhfuil a líon níos lú na laethanta seo, tá traenáil níos fearr, dar le daoine áirithe, faighte ag na sagairt óga maidir le cúrsaí íogaire gnéis.
cigilteacha delicate
" Easpa gnímh is cúis leis an phrácás atá déanta de na ceisteanna cigilteacha uilig faoi thodhchaí na haerlíne.
cheist chigilteach delicate question
" Bhí an chuma ar an scéal go raibh sé ag caint ón dá thaobh dá bhéal ar an cheist chigilteach seo.
chigilteach delicate
" Tá neart roghanna ag an Aire Ó Cuív más mian leis tabhairt faoin cheist chigilteach seo.
ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada putting this delicate question on the long finger
" Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte *yuppies* i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar? Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada.
an cheist chigilteach seo? this delicate matter?
" Más rud é gur beag nár thit an tóin as an Eagraíocht Trádála Domhanda (WTO) mar gur theip orthu a theacht ar aontú faoi dheireadh a chur le fóirdheontais talmhaíochta, cén seans go n-éireodh níos fearr leo agus iad ag plé leis an cheist chigilteach seo? Is éard atá de dhíth ná an toil pholaitiúil le haghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda.
Ceist chigilteach delicate question
" Ceist chigilteach í seo d'Fheisire Kirkcaldy agus Cowdenbeath, Gordon Brown – fear a bhíonn ag plé le cúrsaí reachtaíochta i Sasana ó am go chéile.
leochailleacha delicate, needy
" Is mithid dóibh uilig (idir pháirithe an rialtais agus an fhreasúra) cinnireacht a léiriú sula n-iarrfar ar ghrúpaí leochailleacha den phobal ualach míchothrom a iompar.
leochailleacha delicate, weaker
" Is mithid dóibh uilig (idir pháirithe an rialtais agus an fhreasúra) cinnireacht a léiriú sula n-iarrfar ar ghrúpaí leochailleacha den phobal ualach míchothrom a iompar.
coimheá leochailleach delicate balance
" Grád:E John Gormley (An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil) Gnaithe maith déanta aige ach tá coimheá leochailleach le socrú idir a dhílseacht chomhghuallaíoch don Rialtas agus mianta a chúlbhinseoirí féin a shásamh.
leochaileacha delicate
" Bhítheas den bharúil go dtiocfadh le ‘míghnaoi’ an chailín óig seo cur isteach ar chustaiméirí leochaileacha agus iad ag déanamh gur créacht fhuilteach a bhí ann.
is leochaillí most delicate
" San am is leochaillí i saol an duine, ina óige, a tharla na heachtraí seo.
is soghonta delicate
" Ach seachas na Mór-Lochanna agus an mhíshocracht fhuilteach, tá rud eile ag roinnt leis na ceithre thír seo nach bhfuil mórán cur amach ag an saol mór air, is é sin, muintir Batwa, grúpa eitneach Pigmí atá ar na pobail is boichte agus is soghonta i gCeantar na Mór-Lochanna.
sobhriste delicate
" Tá sé ina scrios i dtír ann anois, agus tá an-dochar déanta acu do ghnáthóga sobhriste an fhásaigh.
Leochaileacha delicate
" **** Ba é Fiachna Ó Braonáin ó na Bláthanna Leochaileacha a thug spléachadh dom ar mhacnamh don chéad uair.
chigilteach problematic, delicate
" ” Cead Slí ar na Fargáin Ní fiú, áfach, a bheith ag caitheamh anuas ar an easpa dul chun cinn ar an cheist chigilteach seo, gan a mhalairt de phlean a chur chun tosaigh.
is íogaire most delicate
" Cén idirghabháil is féidir le clár athbheochana teanga ar bith a dhéanamh i réimsí pearsanta an tsaoil? Táimid ag caint anseo ar an gcistin agus ar an seomra suí, ná réimsí teanga is íogaire agus is príobháidí dá bhfuil ann.
leochaileach delicate
" Ach tuigimid go bhfuil an tsíocháin seo leochaileach, fad agus is ann don seicteachas agus don pharaimíleatachas.
an-leochaileach very delicate
" BD: Do bharúil faoi staid na Gaeilge is na Gaeltachta faoi láthair? PÓC: Chuala mé an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ag rá le déanaí go raibh seasamh na teanga ag an leibhéal náisiúnta “níos daingne ná ag aon tréimhse eile le deireanas” ach go raibh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ag leibhéal an-leochaileach.
a leochaillí how delicate
" Cuireann bolcán i gcuimhne dúinn a leochaillí is atá muid i rith an ama ar ár bpláinéad agus an méid nach bhfuil faoi smacht againn sa saol.
a íogaire how delicate
" Bíonn cur chuige trasphobail an Iontaobhais ag díriú go príomha ar na haicmí éagsúla seo taobh istigh den phobal aontachtach/Phrotastúnach, chomh maith le hobair atá le déanamh leis an phobal náisiúnaíoch le cinntiú go n-aithnítear a íogaire is atá sé an Ghaeilge a chur chun tosaigh ar mhodh uilechuimsitheach,” ar sé.
leochaileach delicate
" Tá sé chomh leochaileach, soineanta.
leochailleach delicate
" Snas Cruthanta ====== Rothaí móra an tsaoil a thugann Riko eolasach agus Haru leochailleach i láthair a chéile.
íogair delicate
" I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
leochailleach delicate
" Ní amhránaí oilte í Philipsz, rud a chuireann tocht ina glór agus a dhéanann a cur i láthair leochailleach, macánta agus simplí.
chomh leochaileach how delicate
" An chéad cheann a thaispeánann cé chomh leochaileach agus a bhí an teanga ná seo - *“Anybody who can recall the Ireland of 1897 will know what I mean.
is leochailí most delicate
" Is í an Libia an tír leis an mbonneagar idirlín is leochailí de na tíortha ina raibh muirthéacht go dtí seo, agus gan amhras is míbhuntáiste é sin don lucht freasúra, atá anois i ndeabhaidh lainne le réimeas Gaddafi.
toisc a leochailí because of how delicate
" Bhí fásra mara agus an mhórsceir le feiceáil go soiléir faoin uisce freisin ach níl cead ag na turasóirí lámh a leagan orthu toisc a leochailí is atá siad.
leochaileacha delicate
" Nuair a smaoiním ar an dochar a dhéanann na pokies ar dhaoine leochaileacha, áfach, feictear dom gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
t-othar leochaileach delicate patient
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
leochailleach delicate
" Seo bean leochailleach, chruaidh, fhabhtach, ghrástúil, aoibhinn, cliste, láimhsitheach, nuair ba ghá – bean chreidiúnach, iomlán daonna.
ainm agus aidiacht leochailleach a delicate noun and adjective
" Is ainm agus aidiacht leochailleach é ‘Albanach’ nuair a bhíonn ‘Preispitéireach’ i gceist mar is as an stair a tháinig sé anuas chugainn.
t-ábhar cigilteach seo this delicate matter
" Níl sa mhéid sin ach barúil faoin mhalairt rogha agus tá mé cinnte go ndéanfar an t-ábhar cigilteach seo a scansáil go mion agus go minic le linn saolré an rialtais seo, agus uair na cinniúna don tSeanad ar an tsúil againn.
mhórcheist chonspóideach íogaire one of the major delicate controversies
" Tá dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
Leochaileacht na Cruinne s’Againne our world’s delicate balance
" Leochaileacht na Cruinne s’Againne ========== Ón cheamara taobh amuigh den árthach, bhí bun na spéire le feiceáil siar amach mar fháinne.
A leochailí atá staid na teanga the language being as it is in a delicate position
" A leochailí atá staid na teanga, an teanga liteartha is sine san Eoraip lasmuigh den Ghréigis atá fós á labhairt - agus í i mbéal báire ag lucht polaitíochta.
daoine leochaileacha a chosaint protect delicate people
" Is é mo mheas go gcaithfimid daoine leochaileacha a chosaint ar dhaoine leochailacha eile, ach tá an saol agus gach ní leagtha amach don dream fuinniúil láidir daoine gur cuma leo na buillí a buaileadh, a bhuailtear is a bhuailfear orthu.
ar dhaoine leochailacha eile from other delicate people
" Is é mo mheas go gcaithfimid daoine leochaileacha a chosaint ar dhaoine leochailacha eile, ach tá an saol agus gach ní leagtha amach don dream fuinniúil láidir daoine gur cuma leo na buillí a buaileadh, a bhuailtear is a bhuailfear orthu.
daoine leochaileacha eile other delicate persons
" Mhaígh na breithimh fé dheireadh ná féadfaidís cead a thabhairt do Marie Fleming socruithe a dhéanamh deireadh a chur lena saol le cabhair sheachtarach gan daoine leochaileacha eile sa chomhphobal a chur sa bhearna bhaoil.
gcuirtear teanga leochaileach i mbaol breise a delicate language is more endangered
" Ní aontaím leis an tuairim sin ach thacóinn leis an tuiscint go gcuirtear teanga leochaileach i mbaol breise gach uair a mbrúitear amach ar an imeall í as réimse eile den allagar phoiblí.
an caidreamh íogair the delicate relations
" Kiernan agus Delia Murphy ======== Chuir de Valera Kiernan chun na hAstráile sa bhliain 1946 mar ‘Aire Lánchumhachtach’ agus d’aidhm aige an caidreamh íogair idir an dá thír a chur ina cheart.
Leochaileacht Beatha Linbh a child’s delicate life in the balance
" Leochaileacht Beatha Linbh ========== Caithfidh tú troid i gcoinne rabhartha na mionsonraí agus DFW á dhíleá, agus faigheann na léitheoirí a ghlacann leis an ndúshlán sin duaiseanna iontacha fé dheireadh.
Obair íogair delicate work
" Nósanna Stasi ======= Obair íogair is ea obair an NSA.
leochaileach delicate
" Ach é sin ráite, tá cuid mhór pinsinéirí leochaileach agus cuireann na scéalta seo buaireamh intinne orthu atá, uaireanta, níos troime ná ba chóir.
ar an cheist chigilteach seo in such a delicate matter
" An bhféadfadh i ndáiríre go raibh a laghad sin taifead ag an Roinn a rinne an cinneadh ar an cheist chigilteach seo? Bhí an dá fhreagra a fuair mé ón dá Roinn díreach mar an gcéanna, focal ar fhocal.
eolas atá íogair nó pearsanta delicate or personal information
" Léiríonn scéal neamhchas na bpointí pionóis go bhfuil an chontúirt i gcónaí ann go mbainfí mí-úsáid as eolas atá íogair nó pearsanta.
chairdeas leochaileach na bhfear the men’s delicate friendship
" Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe.
dul i ngleic leis an dúshlán íogair seo to tackle this delicate problem
" Beidh le feiceáil má tá ar a chumas dul i ngleic leis an dúshlán íogair seo.
ach cruthanna leochailleacha sobhriste (nothing) but just delicate breakable forms
" In áit an chraicinn mhín shíodúil a chruthaigh Canova ina dhealbh, Pauline Borghese (1805-8), nó matán teannta Apollo (Apollo agus Daphne 1622-25)) le Bernini, feictear go ndéanann Giacametti tochailt dhomhain ar a chuid figiúirí go dtí nach bhfuil fágtha díobh sa deireadh ach cruthanna leochailleacha sobhriste.
leochailleacha delicate, needy
" Leis an chonradh shóisialta a chothromú, caithfidh polaiteoirí na tíre gearradh siar ar a gcuid costais sula ngearrfar seirbhísí atá riachtanach do dhaoine leochailleacha dar le Breandán Delap.
leochailleacha delicate, weaker
" Leis an chonradh shóisialta a chothromú, caithfidh polaiteoirí na tíre gearradh siar ar a gcuid costais sula ngearrfar seirbhísí atá riachtanach do dhaoine leochailleacha dar le Breandán Delap.
ar a leochailí how delicate
" Ag amharc chun cinn atá Ciarán Mac Aonghusa ar chuairt an Uachtaráin ar Shasain an bhliain seo chugainn agus ar a leochailí is atá ceannasacht tíortha beaga ár linne.