Pota Focal Intergaelic
deoir | daor | dear | decor | deir | deo
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce blood is thicker than water
" Nuair atá deireadh ráite, ar sé leis féin, is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce.
Is beag deor a shilfear few tears shall be shed
" Is beag deor a shilfear sa Roinn Oideachais, fágaim, má chuirtear deireadh leis an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) mar atá molta – teist mhaith ar a gcuid éachtaí oibre mar dhream a shnámh go minic in aghaidh na Roinne céanna.
deor dhomlais a bitter drop
" Anois, ó tá tinneas cinn agat, ar mhaith leat cupán tae? Más ea, ar mhaith leat deor dhomlais leis? Dáta mór sna Stáit Aontaithe is ea an 15ú Aibreán.
fliuchann tuile deor a flood of tears wets
" Deinim iarracht mé féin a tharraingt ón áit ach teipeann orm; fliuchann tuile deor mo mhuinchille.
deor (shedding) a tear
" Cuireann Josh glaoch gan deor ag iarraidh cabhrach ar an tseanmháthair ná faca sé le blianta.
deor as cloich tear(s) out of a stone
" Bhainfeadh an tagairt a dhéanann Corduff don chithréim dhomhain ghoineach atá fágtha, dar leis, ag na himeachtaí seo ar phobal beag tuaithe, deor as cloich, lorg a mhairfidh, dar le Corduff, ar feadh na nglún agus a chuirfidh comharsana agus clanna in adharca a chéile go ceann i bhfad.
ag sileadh deor crying
" Ní luaithe a bheifeá ag gáire leis ná ag sileadh deor mar gheall ar a scéal.
Is beag deor i shilfear few tears shall be shed
" Is beag deor i shilfear i Sráid Mhaoilbhríde mar sin faoin ghreasáil a tugadh don Oifig.
imithe go deo na deor gone forever
" "Bhí m'athair mór chomh croíbhriste sin i ndiaidh mo mháthair mhór Julia, bás a fháil, é i gcónaí ag iarraidh glacadh leis go raibh sí imithe go deo na deor.