Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag brath ar depending on
" I gCumbria, cuir i gcás, áit a bhfuil an Lake District, tá 60,000 post ag brath ar an turasóireacht.
ag brath rómhór ar fhostaithe depending too much on employees
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
ag brath barraíocht depending too much
" An margadh dubh ======= Ní bhfuair mé féin agus mo chairde mórán deiseanna a bheith ag taisteal le linn ar dtréimhse ansin de bharr go raibh báisteach throm ann ar feadh ceithre lá (an t-aon cheithre lá sa bhliain a bhíonn fliuch, dar leis na Cúbaigh ar labhair muid leo!) agus de bharr go raibh muid ag brath barraíocht ar an mhargadh dubh.
ag brath ar depending
" Cé go raibh agus go bhfuil siad ag brath ar chomhlachtaí Meiriceánacha, d'éirigh leo fréamhacha 3Com a dhoimhniú sa tír agus sa Ghaeltacht féin.
ag brath depending
" " Iomaíocht ghéar Deir Rachal nach féidir a bheith ag brath ar thacaíocht stáit ach oiread.
brath depend
" Bhí orainn brath go hiomlán ar obair dheonach na ballraíochta ar feadh dhá bhliain.
ag brath depending
" Bhí sé sin an-tábhachtach san am a raibh ganntanas postanna ann agus a rabhamar ag brath go mór ar na postanna a sholáthair na comhlachtaí ilnáisiúnta.
ag brath depending
" Riarann daoine ó áiteanna éagsúla an CLG agus is cuma an bhfuil spéis acu san iomáint nó nach bhfuil, tá cur chun cinn an chluiche ag brath orthu.
ag brath ar depending on
" Bíonn comhairle, tacaíocht agus cúnamh leanúnach á gcur ar fáil do phobail ar fud na tíre, ag brath ar an bplean oibre a leagann siad amach chun leasa an phobail sin ó thaobh cur chun cinn labhairt na Gaeilge, an chultúir Ghaelaigh agus na hoidhreachta áitiúla.
i dtaobh le depending on
" An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
níor bhraith siad they didn't depend on
" Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú.
ag brath air depending on it
" Ach caithfidh Sinn Féin an fhírinne iomlán a inse maidir leis an Cholóim - tá todhchaí phróiseas na síochána ag brath air.
ag brath ar depending on
" Beidh an tír nua ag brath ar chúnamh idirnáisiúnta go ceann trí nó ceithre bliana.
ag brath depending
" Dar ndóigh, tá sé seo ag brath an-mhór ar an tarna íodam sa liosta so.
braitheann sé it depends
" Ach an ndeachaigh sé timpeall na cruinne? braitheann sé.
ag brath ar depending on
" Dá bhrí sin, tá foilsitheoirí na Gaeilge ag brath ar dheontais chun an tseirbhís a chur ar fáil.
ag brath ar depending on
" Nuair a bhíonn amhránaithe sean-nóis agus seanchaithe óga an lae inniu ag foghlaim a gceirde is minic iad ag brath ar an fhocal scríofa nó ar thaifeadadh a rinneadh i bhfad siar.
nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú that all the photos taken on that day couldn't be depended upon to prove the truth
" Chruthaigh an taithí sin, dar leis, nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú.
braitheann geilleagar an oileáin go mór the economy of the island depends a lot
" Seachas an marú agus an gortú, braitheann geilleagar an oileáin go mór ar an turasóireacht.
ag brath ar depending on
" So rinneamar cinn dhifriúla ar bhealaí difriúla, ag brath ar céard a bhraitheamar ab fhearr le déanamh leis an amhrán sin ag an am.
ag brath ar depending on
" An gcreideann tú gach rud a léann tú ar an idirlíon? Bíonn cuid mhaith daoine ag brath ar an eolas a bhíonn ar shuímh ghréasáin éagsúla - idir fhoinsí nuachta, chomhairle sláinte agus eolas ar chúrsaí airgeadais.
ag brath go mór depending greatly
" Bíonn urraí an ghradaim, Gailearaí an Tate agus Channel 4, ag brath go mór ar chonspóidí chun rud *avant-garde*, corraitheach agus radacach a dhéanamh den ghradam.
Bhí gach rud ag brath ar everything depended on
" Cé go raibh maoiniú Keough tábhachtach, deir sé: "Bhí gach rud ag brath ar an duine ceart a fháil le dul i mbun na hInstitiúide.
braitheann sé sin ar an gcomhluadar! that depends on the company
" AÓF: Ceist amháin eile agam ort: Cén t-am a dtéann tú a chodladh? DNíS: Bhuel, braitheann sé sin ar an gcomhluadar! Tá tuilleadh eolais le fáil faoin ngrúpa Solas ag: (www.
ag brath ar depending on
" Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.
ag brath orainne ar fad depending on us entirely
" Deir sé nár theastaigh uathu gur "eolas athláimhe ar Éirinn nó aithne athláimhe orthu féin mar Éireannaigh a bheadh ag ár gcuid leanaí orthu féin, go mbeidís ag brath orainne ar fad leis an nasc a dhéanamh le hÉirinn.
ag brath an iomad depending too much
" Is é an fhadhb ó thaobh fhoireann an Chláir de ná go bhfuil siad ag brath an iomad ar a leathchúlaí iontach láir, Seáiní Mac Mathúna, chun scóranna a fháil dóibh ó phocanna saora i bhfad amach, agus is é sin an fáth nach mbuafaidh siad tada arís i mbliana.
ag brath go mór depending a lot
" Mar sin féin tá tionscail áirithe sa tír ag brath go mór ar mhargaí na dtíortha seo.
ag brath rómhór depending too much
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht? An laige is mó ná go bhfuilimid ag brath rómhór ar fhoinse amháin oibre - *the old Dunnes Stores factor*.
i dtuilleamaí depending on
" Ach bhí máinliath na scine róghnóthach ag gearradh is fágadh an slua i dtuilleamaí a gcuid smaointe is a gcuid freagraí fánacha féin.
an dtig brath ar bhrathadóir can you depend on an informer
" Ceist mhór: an dtig brath ar bhrathadóir? Ní mhairfidh siad i bhfad gan aithint i dtábhairní na hÉireann gan crúsca ina nglaic acu agus gan iad bheith ag bladar go húdarasách fríd a gcuid tóineacha ar cheisteanna móra ár linne.
ag brath go mór depending greatly
" Tá muid ag brath go mór ar fhocal béil agus dea-mhéin daoine ar suim leo an teanga.
ag brath air depending on him
" 33 milliún in 2001, de bharr nach bhfostaíonn sé ach thart ar 100 duine níl ach timpeall 1% díobh siúd a oibríonn i dtionscal iascaireachta na hÉireann ag brath air.
ag brath ar thoradh an easaontais depending on the outcome of the disagreement
" Tá próiseas na síochána ag brath ar thoradh an easaontais.
ag brath ar do dhearcadh féin depending on your own outlook
" Rótháirgeacht ======= D'fhéadfadh an scéal a bheith i bhfad níos measa - nó níos fearr, ag brath ar do dhearcadh féin.
ag brath oiread depending so much
" Tá slí mhaireachtála an bhruachbhaile agus an chaoi a mbítear ag brath oiread ar an charr mar chuid de chultúr seo na caoithiúlachta chomh maith.
ag brath an iomarca depending too much
" Is gnách go mbíonn comhlachtaí beaga ag brath an iomarca ar láidreachtaí na mbunaitheoirí - agus sin í an phríomhlaige a bhaineann leo.
Braitheann sé ar an uirlis that depends on the instrument
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar thuismitheoir atá ar tí uirlis cheoil a cheannach dá pháiste? SC: Braitheann sé ar an uirlis, ar ndóigh, ach mholfainn d'éinne gan an ceann is saoire atá ar fáil a cheannach, ach an ceann is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach.
ag brath ar depending on
" Bíonn an dú-rud dul siar ann, ag brath ar an chóras eagarthóireachta a chuirtear i bhfeidhm.
ag brath ar chaighdeán an tsolais depending on the standard of light
" Bhíodh éifeacht na ngrianghraf sin ag brath ar chaighdeán an tsolais ar an lá a thógtaí iad, ach anois is féidir úsáid a bhaint as bogearraí cumhachtacha chun na híomhánna a fheabhsú.
ag brath orthu depending on them
" Cén sórt meoin atá acu? Tá na lúthchleasaithe ag brath orthu in a lán slite ach an bhfuil siad ag déanamh a leasa? Céard tá i ndán do na lúthchleasaithe amach anseo nuair a éireoidh siad as an spórt? Tuilleadh cur i gcéill agus uisce faoi thalamh b'fhéidir? Agus drochfhadhbanna sláinte níos déanaí is dóigh.
a bhraitheann go mór which depends a lot
" Tá comhlacht amháin in Alice Springs a bhfuil 20 tiománaí fostaithe aige a bhraitheann go mór ar iompar bóthair idir Alice agus Darwin.
ag brath ar na daoine thuasluaite depending on the above-mentioned
" Mar is eol d'aon duine atá ag obair i saol na Gaeilge nó a bhfuil suim aige sa teanga, tá go leor ag brath ar na daoine thuasluaite.
ag brath ar depending on
" Fionraí cuí i gcás imreoirí a dhíbrítear den pháirc - bíonn sé rófhada nó róghearr, ag brath ar cé acu an le do chlub/chontae féin a imríonn siad nó nach ea.
ag brath ar depending on
" Uaireanta ní dhéantar an rogha cheart ach tá na léiritheoirí ag brath ar an rogha atá acu.
ag brath go huile is go hiomlán depending totally
" Leis an gcaint ar fad ar spásárthaigh ag dul go Mars le cúpla mí anuas, cheapfadh aon duine go raibh an réalteolaíocht ag brath go huile is go hiomlán ar roicéid agus róbónna.
Braitheann sé ar it depends on
ag brath ar shíniú dhuine depending on someone's signature
" In ionad a bheith ag brath ar shíniú dhuine chun a chéannacht a chruthú beidh na cártaí nua seo ag úsáid uimhir aitheantais phearsanta, agus beidh micrishlis bheag iontu chun nach féidir iad a chóipeáil go héasca.
a bhraitheann an duine the person depends
" Conas a bhraitheann an duine ar an gcreideamh agus céard a dhéantar leis.
ag brath ar an turasóireacht depending on tourism
" Tá an lucht gnó atá ag brath ar an turasóireacht ag cur is ag cúiteamh faoin titim thubaisteach atá tagtha ar an líon daoine atá ag tarraingt ar pháirteanna áirithe den tír an samhradh seo.
ag brath le fada ar Ghael-Mheiriceánaigh depending for a long time on Irish-Americans
" Tá na ceantair seo ag brath le fada ar Ghael-Mheiriceánaigh agus ar lucht leanúa Maureen O'Hara, John Huston agus Barry Fitzgerald (*The Quiet Man*, agus araile).
ag brath depending
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le PLleG? Ceann de na laigí is mó a bhaineann linn ná go bhfuilimid ag brath go huile is go hiomlán, nach mór, ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.
ag brath ar a lán cuiditheoirí deonacha depending on a lot of voluntary helpers
" Mar sin, bíonn muid ag brath ar a lán cuiditheoirí deonacha.
braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór the pay and bonuses of the chief executives depend greatly on
" Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú, braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór ar luach na scaireanna.
braitheann sé sin that depends
" Ba bhreá liom dá mbeadh réimse níos leithne ábhar Gaeilge ann amach anseo, ach braitheann sé sin ar chúrsaí airgid.
ag brath ar do dhearcadh depending on your view
" I ndiaidh 35 bliain d'fhoréigean polaitiúil (nó 900 bliain, ag brath ar do dhearcadh), tá an chuma ar an scéal nach mbeidh gá le gunnaí i bpolaitíocht na hÉireann ach leanfaidh na hionsaithe uafásacha ar aghaidh - agus níl mé ag caint ar na paraimíleataigh.
braitheann sé it depends
" Antaine Ó Faracháin: A Áine, cad a chiallaíonn "sean-nós" duitse? Áine Ní Dhroighneáin: Is traidisiún é - ealaín, dúchas, comhluadar, seanchas AÓF: An bhfuil aon tréithe áirithe sainiúla a bhaineann leis? ÁNíD: Amhráin as Gaeilge iad ar ndóigh! Agus freisin braitheann sé ar an gceantar.
ag brath ar an am depending on the time
" Tá sé ag obair/staidéar i mBaile Átha Cliath agus tar éis na traenála nó an chluiche tugann sé aghaidh ar aistear nach bhfuil an-fhada ó thaobh mílte dhe ach, ag brath ar an am, fada to leor ó thaobh ama dhe.
ag brath ar chúinsí geilleagracha depending on economic circumstances
" Ach, cé go ndúirt an Taoiseach sa Dáil go bhfuil “airgead sa bhuiséad do Chonair Iarnróid an Iarthair” dúirt sé freisin - agus go cúramach - nach dtabharfar faoin tionscadal iomlán ar dtús, ach go ndéanfar an fhorbairt céim ar chéim, ag brath ar chúinsí geilleagracha.
ag brath air depending on it
" Mar a dúirt tú, tá a beo ag brath air - a beo síoraí sna flaithis.
Braitheann sé ar it depends on
" Braitheann sé ar an áit a bhfuil tú i do chónaí nó an áit ina bhfuil do shaol sóisialta.
braitheann smaointe ar fhocail thoughts depend on words
" Ní raibh Gaeilge líofa ag gach duine, mar sin ní bhímis ag déileáil le téamaí intleachtúla den chuid is mó mar braitheann smaointe ar fhocail.
Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta. We depend too much on direct foreign investment.
" Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta.
ag brath depending on
" An é 2005, mar sin, a luafar sna leabhair staire mar an bhliain inar scoir na Sealadaigh? Is é an fhírinne go bhfuil freagra na ceiste seo ag brath i bhfad níos mó ar iar-Aire Thuaisceart Éireann, Paul Murphy, agus ar a cheapadh le gairid mar chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine, ná mar atá sé ag brath ar a ndeir nó a ndéanann an tUasal Hain.
ag brath ar depending on
" Tá an ré órga sin ag sleamhnú uainn agus ní thig linn bheith ag brath ar mheascán de thoscaí teagmhasacha le tionscal turasóireachta a thógáil agus a fhorbairt.
ag brath ar depending on
" Anois is arís d’fheictí píosa scannáin de chluiche mór nó d’ócáid spóirt sa phictiúrlann ach, den chuid is mó, bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió.
ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige depending on how bad the foul that he had committed was
" Chuirtí pionós breise ansin ar imreoir, ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige (imirt chontúirteach, buille le dorn nó camán, agus araile) Má bhí imreoir ar fionraí, sheas sé sin i gcás aon sórt cluiche a raibh an t-imreoir i dteideal imirt ann – ní raibh aon eisceacht i gceist.
ag brath ar an aimsir depending on the weather
" Agus de réir an chultúir agus an dúchais agus na hoidhreachta sin, ní miste dúinn máirseáil chomh minic agus is féidir linn (ag brath ar an aimsir, dar ndóigh!) fríd cheantair Chaitliceacha.
ag brath ar nithe éagsúla depending on various things
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá roinnt acu bainte amach agus cuid eile acu atá ag brath ar nithe éagsúla le go mbeadh a gcur i gcrích indéanta.
i muinín do shamhlaíochta depending on your imagination
" Beidh tú in ann na rudaí beaga a fheiceáil i gceart gan a bheith i muinín do shamhlaíochta.
ag brath ar depending on
" Is minic a fheictear daoine óga as tíortha eile istigh i gcaifí i mBaile Átha Cliath, agus i gcathracha agus bailte eile nach é, agus cuma an uaignis orthu, iad, bí cinnte de, ag smaoineamh ar a muintir i bhfad uathu agus iad ag brath ar an chárta fóin le hiad a choinneáil i dteagmháil leis an bhaile.
ag brath depending
" Is minic a fheictear daoine óga as tíortha eile istigh i gcaifí i mBaile Átha Cliath, agus i gcathracha agus bailte eile nach é, agus cuma an uaignis orthu, iad, bí cinnte de, ag smaoineamh ar a muintir i bhfad uathu agus iad ag brath ar an chárta fóin le hiad a choinneáil i dteagmháil leis an bhaile.
ag brath ar nithe éagsúla depending on various things
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá roinnt acu bainte amach agus cuid eile acu atá ag brath ar nithe éagsúla le go mbeadh a gcur i gcrích indéanta.
brath ar depend on
" San am b’fhurasta don Pháirtí Liobrálach a chur ina luí ar an phobal gur cheart dóibh scanradh a bheith orthu roimh pholasaithe an Pháirtí Choimeádaigh ach gurbh fhéidir leis an phobal brath ar na Liobrálaigh chun cosaint a dhéanamh ar bhunluachanna ar nós an chórais sláinte phoiblí.
ag brath ar na gnáthscoileanna depending on regular schools
" Cuimhnigh nach dtéann mórán le cois 5% de pháistí na tíre chuig Gaelscoil; tá an 95% eile ag brath ar na gnáthscoileanna.
ag brath go mór depending a lot
" Beidh éifeacht dhiúltach gheilleagrach ar thíortha atá ag brath go mór ar easportáil le haerlasta.
ag brath ar an am den bhliain depending on the time of year
" Cén obair a dhéantar in Feachtas ó lá go lá? *** Athraíonn sé ó lá go lá agus ag brath ar an am den bhliain atá i gceist.
ag brath ar dhea-thoil an Rialtais depending on the goodwill of the Government
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Feachtas?*** An laige is mó a bhaineann le Feachtas ná go bhfuil muid ag brath ar dhea-thoil an Rialtais chun maoiniú ceart a thabhairt dúinn, rud nár tharla go dtí seo.
ag brath ar na struchtúir agus na hinstitiúidí depending on the structures and institutions
" Más fíor an méid sin, cén seans atá ag foireann as Baile Átha Cliath briseadh tríd an doras agus páirt a ghlacadh sa chóisir mhór? Tá a lán ag brath ar na struchtúir agus na hinstitiúidí i mBaile Átha Cliath agus i gCLG i gcoitinne.
ag brath ar an turasóireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír depending on tourism to make a living
" Tá an tír breac le “Pinewoods”, “Oak Way” agus “Willow Drive” – eastáit a ainmníodh in onóir na gcrann a leagadh le hiad a thógáil! Daoine ag brath ar an turasóireacht ======= Tá a fhios agam go ndeirtear nach gcuireann radharcanna deasa bia ar an phláta, ach ná déanaimis dearmad go bhfuil go leor daoine ag brath ar an turasóireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír.
Braitheann sé ar an bhfonn atá orm! It depends on the mood I'm in!
" Braitheann sé ar an bhfonn atá orm! Thóg mé réimse an cheoil san áireamh nuair a chum mé an píosa seo.
ag brath fós go huile is go hiomlán still depending entirely
" Ach is beag éifeacht a bheidh aige ar an bpobal áitiúil atá ag brath fós go huile is go hiomlán ar an bhfarraige, agus a mhaireann gan uisce píoba agus gan leictreachas, agus, bhí an chuma ar an scéal, gan oideachas oifigiúil ar bith.
ag brath ar Tom depending on Tom
" Le himeacht na mblianta, tá mé ag tuiscint níos mó agus níos mó an méid atá muid ag brath ar Tom agus a mhéara agus a chluasa draíochta.
ag brath depending
" Beidh siad féin agus an Lucht Oibre ag brath, mar sin, ar pháirtí amháin eile ar a laghad más mian leo rialtas a chur le chéile.
brath ar a chuid oibre to depend on his work
" “Muna dtig le daoine brath ar a chuid oibre, éireoidh siad as a shaothar a cheannach.
ag brath barraíocht ar an earnáil phoiblí. depending too much of the public sector.
" Ceann de na cinn is mó ná an dóigh a bhfuil muid ag brath barraíocht ar an earnáil phoiblí.
ní gá brath ar chláir ó chomhlachtaí eile it is not necessary to depend on programs from other companies
" Ach tá cúpla tréith nua faoi cheilt taobh thiar den chomhéadan nua casta seo agus an ceann is fearr liom féin ná gur féidir comhaid PDF a chruthú go héasca laistigh de Word – ní gá brath ar chláir ó chomhlachtaí eile chun é sin a dhéanamh.
ag brath go huile is go hiomlán totally depending on
" Leoga, tá pleananna ann tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise.
ag brath ar bhreosla iontaiseach depending on fossil fuel
" Níor mhór dúinn fosta glacadh leis i bprionsabal, mar atá déanta ag an tSualainn romhainn, nach dtig linn leanúint de bheith ag brath ar bhreosla iontaiseach mar fhoinse fuinnimh a thuilleadh.
braitheann sé sin that depends
" An bhfeicfidh sé solas an lae riamh? Bhuel, braitheann sé sin ar cé acu a mheasann an earnáil mhíleata sna Stáit Aontaithe go mbeidh an t-eitleán seo de dhíth orthu chun soláthairtí a iompar timpeall an domhain nó nach mbeidh.
ag brath ar an solas. depending on the light.
" Athraíonn na dathanna gach cúpla nóiméad, ag brath ar an solas.
ag brath rómhór depending too much
" Níl a fhios agam céard a tharla do Bhaintreacha na Sean-Óglach ach glacaim leis gur tugadh aire dóibh agus nach rabhadar ag brath rómhór ar na síntiúis a d’fhaighidís uainne.
ní raibh orm brath go hiomlán ar sheirbhísí aistriúcháin. I didn't have to depend entirely on translation services.
" De bharr gur fhoghlaim mé an Ghaeilge ní raibh orm brath go hiomlán ar sheirbhísí aistriúcháin.
ag brath ar depending on
" Ach tá sé bríomhar agus fuinniúil go maith agus níl sé ag brath ar an maide*.
ag brath ar depending on
" Sna Stáit Aontaithe go háirithe, tá mórán cumhachta polaitiúla ag na feirmeoirí atá ag fás an arbhair Indiaigh: tá roinnt mhaith den ioncam agus fostaíocht i stáit mar Iowa ag brath ar an bharr seo, agus más féidir an cás a dhéanamh gur “foinse fuinnimh ghlais” é nó go spreagfaidh sé "slándáil fuinnimh”, glacfar leis sin.
Braitheann sé. It depends.
" AÓF: Cé mhéad ama a thógann sé ort fidil a dhéanamh ó thús deireadh? YB: Braitheann sé.
ag brath fós still depending
" Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d'fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite.
ag brath ar chuinsí oibreachais. depending on work circumstances.
" Cuirtear córais phoiblí ríomhphoist ar fáil do ghardaí, do sháirsintí agus d’oibrithe aonair eile i gcásanna ar leith, ag brath ar chuinsí oibreachais.
ag brath ar obair sclábhaithe sna plandálacha. depending on the work of slaves on the plantations.
" Mar sin, bhí rath Chromba ag brath ar obair sclábhaithe sna plandálacha.
ag brath ar depending on
" Clár daichead nóiméad atá ann agus déanaimid ceann nua amuigh is istigh ar gach coicís, ag brath ar an méid atá ar siúl.