Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dháilcheantar constituency
" Dá mba rud é gur fheirmeoir mé as a dháilcheantar a raibh deacrachtaí agam ag líonadh foirme éigin a bhain le scéim Eorpach, is cinnte go mbeadh a mhalairt de scéal i gceist.
ina dháilcheantar Muimhneach féin in his own Munster constituency
" Agus leathshúil aige ar na feirmeoirí ina dháilcheantar Muimhneach féin, bhí seisean i bhfad níos cáintí mar gheall ar an socrú nua ná mar a bhí na hurlabhraithe talmhaíochta Mary Upton ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Martin Ferris de chuid Shinn Féin.
ina dháilcheantar féin in his own constituency
" **C** John O’Donoghue, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta: Ciste deas le dáileadh aige agus é fial flaithiúil le heagraíochtaí spóirt ina dháilcheantar féin.
trí dháilcheantar three constituencies
" Beidh trí dháilcheantar nua sa tír: Oileán Thoraí (cúig shuíochán), Droim Conrach i mBaile Átha Cliath (seacht suíochán) agus Baile Bhúirne (trí stól).
Dháilcheantar electoral division
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
dháilcheantar electoral area
" Bhí Tír Aodha ina chuid de dháilcheantar Dhún na nGall sa chéad Dáil agus ina chuid den dáilcheantar Dún na nGall Thiar Theas ó roinneadh an chontae ina dhá chuid.
ina dháilcheantar féin in his own electoral area
" Go deimhin chuir an tAire Gaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, brú ar an gComhdháil éirí as an obair seo, obair ar cheart a bheith ar siúl ag a Roinn féin ó cheart ach ní raibh sé de mhisneach ag Ó Cuív, in ainneoin a bhladair faoin nGaeilge, dul in éadan na bhforbróirí ina dháilcheantar féin.
ina dháilcheantar in his electoral division
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.