Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhiúltaigh siad they refused
" Ar ndóigh, ní raibh Rialtas Shasana sásta le hÉire neamhspleách agus dhiúltaigh siad glacadh leis an vótáil dhaonlathach sin.
dhiúltaigh siad they refused
" Ghlac oifigigh eile an Cúigiú Leasú Bunreachta in aghaidh féinchiontaithe agus dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt.
dhiúltaigh siad go hiomlán they totally refused
" Ach dhiúltaigh siad go hiomlán rud ar bith a rá dom.
dhiúltaigh siad they refused
" Idir 1922 agus 1936 rinne an Seanad 37% de bhillí a leasú agus dhiúltaigh siad d'ocht gcinn.
dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh he refused to continue
" Chuir seo olc ar an amhránaí agus dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh.
Dhiúltaigh sé he refused
" Dhiúltaigh sé agus bhagair sé an cruinniú a chur ar ceal.
Dhiúltaigh sé filleadh ar Éirinn he refused to return to Ireland
" Dhiúltaigh sé filleadh ar Éirinn go lá a bháis i 1985.
a dhiúltaigh glacadh leis who refused to accept him
" Ansin tháinig cuireadh i Laidin, "*Veni statim*", "Tair gan mhoill," ón dream a dhiúltaigh glacadh leis an chéad lá - Maigh Nuad.
a dhiúltaigh bogadh who refused to move
" Taobh istigh d'achar gearr bhí glais lámh phlaisteacha curtha ag póilíní in éide chíréibe agus ar chapaill ar 150 den lucht agóide a dhiúltaigh bogadh.
agus gur dhiúltaigh sé and that he refused
" Ag an chruinniú, a tharla ina theach i mBaile Átha Cliath, deir an Ceannfort Trears gur deineadh iarracht cur ina luí air oibriú do sheirbhísí rúnda na Breataine agus gur dhiúltaigh sé.
Ach dhiúltaigh captaen an Chatalpa, George Anthony, géilleadh But the captain of the Catalpa, George Anthony, refused to surrender.
" Ach dhiúltaigh captaen an Chatalpa, George Anthony, géilleadh.
dhiúltaigh siad they refused
" Bhí náire ar an seandream agus dhiúltaigh siad an teanga a theagasc dá bpáistí, mar go raibh níos mó "féidearthachtaí" ag baint leis an Bhéarla.
dhiúltaigh sé glan dom he refused me outright
" Le fada an lá bhí mé ag impí ar Ó Doornail mé a chur mar thuairsceoir chuig an Irish Fest i Milwaukee agus dhiúltaigh sé glan dom gach bliain.
dhiúltaigh sé glan he totally refused
" Thiontaigh an tUachtarán, Gonzalo Sánchez de Losada, nó el Goni mar a thugtar air, ar an lámh láidir; d'ordaigh sé don Arm na hagóidí a chur faoi smacht agus dhiúltaigh sé glan ceist an gháis a phlé le ceannairí na n-agóidí a fhad is a leanfaidís ar aghaidh ag agóid.
dhiúltaigh an rialtas iad the government refused them
" "Bhí grúpaí éagsúla ag iarraidh cosc mar sin i Samhradh 2003 ach dhiúltaigh an rialtas iad.
Dhiúltaigh an tUasal Stoker an graffiti a cháineadh. Mr Stoker refused to condemn the graffiti.
" Dhiúltaigh an tUasal Stoker an graffiti a cháineadh.
Dhiúltaigh an Astráil Australia refused
" Dhiúltaigh an Astráil glacadh feasta leis an gCúirt Idirnáisiúnta Bhreithiúnais agus an Binse Idirnáisiúnta ar an gCoinbhinsiún maidir le Dlí na Mara dhá mhí sular bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach.
dhiúltaigh sé he refused
" Ach in ainneoin iarrachtaí an Taoisigh, thuig an tUasal Ryan nach mbeadh seo chun a leasa agus, mar gheall air sin, dhiúltaigh sé don phlean.
cionn is gur dhiúltaigh siad because they refused
" Tá cúigear fear áitiúil i bpríosún ó dheireadh mhí an Mheithimh cionn is gur dhiúltaigh siad gan cosc a chur ar Shell píblíne a thógáil fríd a gcuid talún.
dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe I refused to eat grapes
" Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
gur dhiúltaigh an Roinn that the Department refused
" Chuir sé fearg ar Mhuireann agus ar go leor daoine eile gur dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do na blianta sin a d’oibrigh Mícheál gan pá ón Stát agus, dá bharr sin, go raibh air blianta breise a oibriú nuair a bhain sé aois an phinsin amach.
gur dhiúltaigh mé don ghreamaitheoir that I refused the sticker
" Níl aon aiféala orm, mar sin, gur dhiúltaigh mé don ghreamaitheoir a raibh na focail “Garret the Good” air a thairg an cailín deas sin dom breis is scór bliain ó shin.
Dhiúltaigh an t-oilithreach sin a dhéanamh. The pilgrim refused to do that.
" Dhiúltaigh an t-oilithreach sin a dhéanamh.
Dhiúltaigh mé glan léimneach bhuinsí a dhéanamh, I totally refused to do a bungee jump,
" Dhiúltaigh mé glan léimneach bhuinsí a dhéanamh, agus diúltaím fós, in ainneoin mhaíomh na n-amadán a rinne é.
nuair a dhiúltaigh mé when I refused
" Chuir sé brú beag lag orm, ach nuair a dhiúltaigh mé glacadh le pingin rua uaidh bhí seisean sásta fosta.
dhiúltaigh Wilson Wilson refused
" Cé go raibh an Bhreatain go mór i bhfiacha ag na Stáit Aontaithe ag an am sin (ón dara Cogadh Domhanda), dhiúltaigh Wilson Arm na Breataine a sheoladh chuig Vítneam agus ní raibh sé ag sodar i ndiaidh LBJ an dóigh a raibh Blair ag sodar i ndiaidh George W.
dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush his wife refused to meet Bush
" Tháinig Uachtarán na Fraince ar cuairt, ach dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush agus chuaigh sí ag siopadóireacht ina áit sin.
dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo a group they refused to talk to
" Bhí Oráistigh Dhroim Cria ag éileamh cainteanna le bunadh Bhóthar Gharbh Achaidh, dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo ar feadh 13 bliana nó mar sin.
nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht. when they voted against the Constitution
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
Dhiúltaigh sé don airgead he refused the money
" Dhiúltaigh sé don airgead ach chuir sé isteach air i ndiaidh é a theacht amach as an phríosún go raibh iarphríosúnaigh beo bocht agus fadhbanna sláinte agus síceolaíocha acu.
Dhiúltaigh sé glacadh he refused to accept
" Dhiúltaigh sé glacadh le húsáid an fhocail “goidte” freisin de bharr go raibh cuid de na tuismitheoirí toilteanach a bpáistí a thabhairt do na húdaráis agus de bhrí gur tógadh cuid eile mar gheall ar fhadhbanna éagsúla ina dteaghlaigh.
dhiúltaigh an Bord Pleanála don fhorbairt An Bord Pleanála refused the development
" Ba i dTuar Mhic Éadaigh a bhí an t-aon eastát amháin i limistéar Gaeltachta inar tugadh cead pleanála i Maigh Eo le blianta beaga anuas ach dhiúltaigh an Bord Pleanála don fhorbairt ina dhiaidh sin.
as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge. because of the negative attitude of the northern authorities with regard to the language
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
dhiúltaigh sé he refused
" Iarradh ar Teddy éirí as a phost, ach dhiúltaigh sé ar an ábhar gur ceapadh é de réir an phróisis a bhí leagtha síos agus ar an ábhar nach raibh dada as bealach déanta aige.
a dhiúltaigh dá dánta féin. who refused her own poems.
" Tá Kate Murphy ann – an file nach file í ach atá anois ina riarthóir filíochta, í sásta tionchar a imirt ar chúrsaí filíochta trí phátrúnacht a hoifige agus trí dhíoltas a bhaint as craiceann foilsitheoirí a dhiúltaigh dá dánta féin.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh Prionsa Seoirse na Gréige d’achainí phearsanta a rinne O’Connor leis – dúirt sé, go searbhasach, go dtiocfadh le lúthchleasaithe na hÉireann dul in iomaíocht faoina mbratach féin nuair a bheadh a rialtas féin acu.
Dhiúltaigh an Ísiltír, The Netherlands refused
" Dhiúltaigh an Ísiltír, an Spáinn agus an Eilvéis dul ann fosta mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, a raibh cur faoi chois fuilteach déanta aige ar éirí amach na hUngáire.
nuair a dhiúltaigh muintir na Fraince agus na hÍsiltíre when the people of France and the Netherlands refused
" Rinneadh iarracht Bunreacht Eorpach a bhrú ar bhallstáit an Aontais in 2004 agus theip air sin nuair a dhiúltaigh muintir na Fraince agus na hÍsiltíre glacadh leis i reifrinn in 2005.
Dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Nice the people of Ireland rejected the Nice Treaty
" Dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Nice ach d’éirigh leis an rialtas é a bhrú ar an bpobal, i reifreann nua, le prótacal faoi chúrsaí neodrachta.
dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Liospóin. the Irish people rejected the Lisbon Treaty.
" An mhí seo caite, dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Liospóin.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh Príomhaire na Fraince, Dominique de Villepin, an focal ‘círéibeanna’ a úsáid agus é ag caint faoin gcorraíl.
dhiúltaigh refused
" Níor chuir Paul Kimmage fiacail ann nuair a dhiúltaigh sé fáilte a chur roimh fhilleadh Lance Armstrong ar spórt na rothar.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh na hÉireannaigh don amaidí seo agus theip air tar éis cúig mhí, "Chaill siad £140,000 ar an fhiontar," dúirt Breandán liom.
dhiúltaigh refused
" Níor shínigh an India an conradh riamh agus dhiúltaigh an rialtas nua san Astráil a dhúnghaois a mhaolú.
dhiúltaigh refused
" Sular osclaíodh é i 1869, tógadh balla naoi dtroigh FAOIN TALAMH le Caitlicigh agus Protastúnaigh a choinneáil scartha!) Mar léargas eile ar dhearcadh McCausland, i 2002 dhiúltaigh Comhairle Chathair Bhéal Feirste maoiniú a thabhairt do fhéile scannánaíochta cionn is go raibh an focal Celtic sa teideal.
Dhiúltaigh refused
"Dhiúltaigh mé seasamh mar iarrthóir sna toghcháin Eorpacha i mbliana.
dhiúltaigh refused
" Mar atá an córas i láthair na huaire, tá idir 25 agus 50 milliún duine i Meiriceá nach bhfuil árachas ar bith acu mar dhiúltaigh na comhlachtaí árachais iad, nó thograigh siad gan árachas a cheannach.
dhiúltaigh refused
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
dhiúltaigh refused
" Nuair a dhiúltaigh Labhrás maoin na hEaglaise a thabhairt uaidh is amhlaidh gur daoradh chun báis é.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh an rialtas náisiúnta an moladh i mí Eanáir i mbliana, ach dúirt an tAire Comhshaoil, Peter Garrett, go raibh sé “dóchasach” go laghdófaí líon na dturasóirí a dhreapann Uluru sna blianta beaga amach romhainn.
dhiúltaigh sé he refused
" Agus dhiúltaigh sé go gcuirfí ar fáil do lucht nuachta aon tuairisc inmheánach roinne nó rialtais ar chás Commins faoi Alt 25 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh an tAire Comhshaoil sa rialtas náisiúnta ag an am, Peter Garrett, an t-iarratas, áfach, mar gur mheas sé nach raibh an cur chuige oiriúnach do riar na n-ainmhithe.
dhiúltaigh sí she refused
" Luaigh Gillard ceist an bheartais scoir ina ráiteas sa pharlaimint, ach dhiúltaigh sí scun scan aon dáta a chur in iúl don scor mar gur mhaígh sí go mbeadh an cinneadh seo ag brath ar “na cúinsí ar an talamh”.
Dhiúltaigh sé he re-used
dhiúltaigh refused
" Theip air, nó dhiúltaigh sé, dul i gcumarsáid leis an tír go hionraic glan.
dhiúltaigh refused
" Níor mhór an cheist a chur, cad chuige ar dhiúltaigh an rialtas do bhreis is tríocha ceann de na moltaí sin? An raibh fiúntas ar bith leis an phróiseas fhadálach chomhairliúcháin - idir chruinnithe pobail, aighneachtaí srl.
dhiúltaigh refused
" Thacaigh baill Pháirtí an Lucht Oibre leis an rún, ach dhiúltaigh baill den fhreasúra, atá comhdhéanta as dhá pháirtí coimeádacha, tacú leis.
dhiúltaigh siad they refused
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh an Príomh-Aire glacadh le moladh Ausflag an lá dár gcionn, cé go bhfuil dúnghaois ag a páirtí poblacht a chur i bhfeidhm.
dhiúltaigh refused
" Ar ndóigh, dhiúltaigh an tUachtarán Obama a bheith ina arracht na seacht gceann uilig, agus choinnigh a theastas sa tarraiceán.
dhiúltaigh refused
" Ina ainneoin sin, cailín an-chliste atá in Michaela ach dhiúltaigh an scoil a roghnaigh sí áit a thabhairt di ainneoin go raibh na torthaí cuí GCSE baint amach aici.
dhiúltaigh sé glan amach he completely refused
" Cheap mé go soineanta go n-iompródh m’fhear céile an trealamh dom dá mbeadh sé trom ar aon chaoi ach baineadh siar asam nuair a dhiúltaigh sé glan amach toisc go raibh a threalamh féin á iompar aige! Nuair a taispeánadh na bunghníomhartha dom sa rang teagaisc, bhain mé an-taitneamh as an sciáil.
dhiúltaigh refused
" Bhí a fhios ag an saol go raibh a phort seinnte nuair a dhiúltaigh Ardchúirt na Stát Aontaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal ar an 20 Meán Fomhair, ainneoin achainí ar an stát a shínigh milliún duine.
dhiúltaigh siad they refused
" Ar roinnt cúiseanna, rinne Fine Gael éagóir ar an dtír, nuair a dhiúltaigh siad ainmniúchán d’iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox.
dhiúltaigh giollaí na hIarsmalainne the museum porters refused
" Níor chuir sé iontas ar bith air, agus é ag féachaint siar go 1978, gur dhiúltaigh giollaí na hIarsmalainne i mBéal Feirste an pictiúr a chrochadh agus gur thacaigh iontaobhaithe na hIarsmalainne leis an chinneadh seo agus deir sé gur ‘paramíleataigh chultúir’ a bhí sna hiontaobhaithe sin ag an am.
Dhiúltaigh siad don they rejected
" Dhiúltaigh siad don status quo.
dhiúltaigh refused
" Déanann Gammage mionstaidéar inti ar na radhairc a phéinteáil na healaíontóirí go luath i stair na coilíneachta, agus ar an dóigh ar dhiúltaigh na criticeoirí glacadh leis go raibh a n-íomhánna cruinn.
dhiúltaigh refused
" '* (Ó Ceasefire le Michael Longley) Rith na línte seo i mo chloigeann an mhí seo caite nuair a dhiúltaigh Ardmhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile, gradam Duke of Edinburgh a bhronnadh ar chailín 15-bliana d'aois a bhí ina dalta in Arm na Breataine.
dhiúltaigh refused
" An tAire Gnothaí Baile idir 1921 agus 1943, Dawson Bates, dhiúltaigh sé glacadh le haon Chaitliceach ina roinn den státseirbhís.
dhiúltaigh refused
" Lorg Terry sár-urghaire chun an scéal faoin gcaidreamh seachphósta a cheilt ach dhiúltaigh an breitheamh dó.
dhiúltaigh an toghlach dóibh the electorate rejected them
" I láthair na huaire tá sé ina theach tearmainn d’iar-Theachtaí Dála ar dhiúltaigh an toghlach dóibh san olltoghchán agus ina naíolann do pholaiteoirí óga uaillmhianacha atá ag iarraidh tréimhse oiliúna a chur isteach.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh go leor polaiteoirí don mholadh vóta a fhágáil ag lucht na himirce in imeacht na mblianta – i 1988 thug Brian Lenihan T.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh Lincoln íde speisialta a thabhairt dos na Stáit theas agus é beag beann beagnach ar a gcuid tréas bunreachtúil, agus Dhiúltaigh Andy an t-idirdhealú céanna a dhéanamh ina shearmóin.
dhiúltaigh Éireannaigh shuntasacha áirithe certain remarkable Irish people refused to subscribe
" D’fhonn na Daonnachta =========== Ní dóigh liom gur rith sé leis an Uachtarán ná lena lucht éisteachta gur dhiúltaigh Éireannaigh shuntasacha áirithe don nasc sin agus do chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh mar aon leis.
dhiúltaigh triúr three refused
" Tháinig an chéad reacht slán, ach dhiúltaigh triúr den chúigear cead a thabhairt don Dháil Acht na hEorpa Aontaithe a dhaingniú gan reifreann.
a dhiúltaigh ómós a dhéanamh do laochra na staire which refused to revere history’s heroes
" ’)* Ní foláir nó go raibh Vidal ceangailte go daingean docht freisin leis an dtraidisiún stairiúil raidiceach sin a bhláthaigh i Meiriceá ó 1900 ar aghaidh, an traidisiún sin a dhiúltaigh ómós a dhéanamh do laochra na staire.
dhiúltaigh mé fanacht leo I refused to stay the night with them
" Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.
a dhiúltaigh iompú ar who refused to turn to
" Aon duine amháin a dhiúltaigh iompú ar an Bhéarla nuair a thréig seisear cainteoirí dúchais Gaeilge a dteanga mar gheall ar bhean óg amháin.
dhiúltaigh sé seasamh he refused to stand
" Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint.
dhiúltaigh refused
" Ach dhiúltaigh Rialtas na Breataine fiosrúchán poiblí a ghairm, rud a chur dlús le turnamh Rialtas Liobrálach Gladstone in 1885 nuair a thacaigh Charles Stuart Parnell agus na feisirí Éireannacha leis na Caomhaigh.
dhiúltaigh refused
" De réir dealraimh, dhiúltaigh an Bhreatain agus Rialtas na hÉireann é seo a shíniú agus theip orthu cosaint ón ndlí idirnáisiúnta a dh’fháilt do chultúr traidisiúnta Gaelach na tíre.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
dhiúltaigh refused
" Ateangaireacht ====== Breitheamh eile, Patrick Keenan Johnson, a d’éist leis an chás an iarraidh sin ach dhiúltaigh an tUasal Ó Monacháin a chuid fianaise a thabhairt i nGaeilge cionn is go raibh an breitheamh ag brath ar ateangaire le linn na héisteachta.
dhiúltaigh sé é sin a íoc he refused to pay that
" Gearradh fíneáil eile air agus cuireadh go príosún Mhuinseo é ar an 21 Meitheamh, 1976 nuair a dhiúltaigh sé é sin a íoc.
dhiúltaigh sé scun scan he refused completely
" Bhí John Howard ina Phríomh-Aire um an dtaca sin agus dhiúltaigh sé scun scan cead a thabhairt do chaptaen an Tampa na teifigh a tharrtháil sé a thabhairt chun na hAstráile.
dhiúltaigh refused
" Is ceart aird na nAirí Cultúir a dhíriú ar an gcontúirt mhór atá ann go bhfaighfidh an Ghaeilge bás mar theanga bheo pobail, taobh istigh d’achar gearr, mar gur dhiúltaigh an rialtas cosaint cheart a dhéanamh ar na ceantair ina bhfuil sí fós in úsáid i measc an phobail.
dhiúltaigh mé do gach cineál tairisceana I turned down every kind of offer
" Ar dtús bí mé sásta go leor le mo chinneadh agus dhiúltaigh mé do gach cineál tairisceana a tháinig i mo threo go ceann bliana.
Dhiúltaigh na breithimh the judges refused
" Dhiúltaigh na breithimh Nicholas Kearns, Paul Carney agus Gerard Hogan cead a thabhairt do Mharie Fleming lánchead toilteanach a thabhairt dá fear chéile deireadh a chur lena saol, saol atá loite ag Multiple Sclerosis le níos mó ná scór bliain de shaol uafáis.
dhiúltaigh sí bia she refused food
" Tháinig scéal amach tar éis do Spence éirí as a stailc ocrais go raibh an Seanadóir Patrick Brazeau ag magadh fúithi sa Dáil, go raibh amhras air gur dhiúltaigh sí bia le linn na stailce toisc nach raibh an iomarca meacáin caillte aici.
Dhiúltaigh tuismitheoirí an linbh cead a thabhairt the child’s parents refused permission
" Dhiúltaigh tuismitheoirí an linbh cead a thabhairt de dheascaibh a gcreideamh i gcoinne aistriúchán fola.
Dhiúltaigh refused
" Dhiúltaigh an Iarsmalann di agus lean conspóid an cinneadh sin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.
dhiúltaigh refused
" Laghad Líon a gComhad as Méid a Saothair ================= Ach dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta 88% de na cáipéisí a bhí acu faoin ábhar a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
dhiúltaigh sé cead cainte he refused permission to speak
" Tá tiománaí tacsaí de chuid Hampden Cabs faoi imscrúdú de bharr gur dhiúltaigh sé cead cainte do bheirt deartháireacha comhrá Gaeilge a dhéanamh sa tacsaí.
dhiúltaigh refused
" Comhairleoirí ar Easpa Gaeilge ============== **CMacS: Tuairiscíodh le déanaí gur dhiúltaigh gach ceann de na ceanneagraíochtaí Ghaeilge glacadh le comhairle ó chomhlucht comhairleoirí darb ainm Treacy atá fostaithe ag Foras na Gaeilge.
dhiúltaigh do chathú an airgid who refused the temptation of money
" Ani DiFranco ===== Is gníomhaire sóisialta í Ani DiFranco; is file agus amhránaí iomráiteach í a dhiúltaigh do chathú an airgid sna nóchaidí agus a ghlac ród an neamhspleáchais mar cheoltóir féinriartha.
dhiúltaigh aon rud a dhéanamh refused to do anything
" B’í sáinn na heisimirce príomhbhéim na haiste seo, ach go háirithe iadsan a dhiúltaigh aon rud a dhéanamh chun é a leigheas ós rud é go gceaptaí go raibh buntáistí creideamhacha agus sóisialta ag baint leis an sruth daonna ollmhór sin.
Dhiúltaigh coláistí éagsúla ealaíne various art colleges refused
" Dhiúltaigh coláistí éagsúla ealaíne áit a thabhairt do Mark “Rasher” Kavanagh ar a gcúrsaí i lár na nóchaidí ach anois tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar ealaíontóir agus tá Tom Cruise i measc a chuid custaiméirí.
inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh the judges refused the argument
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.