Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhlúthdhiosca CD
" Ba é ba chúis leis an rámhaillí seo ar fad dom ná an chéad phort a bhí á sheinm ag Breanndán Ó Beaglaoich ar a dhlúthdhiosca nua *Oíche go Maidean* agus mé ag éisteacht leis.
dhlúthdhiosca CD
" Bhí Tadhg ag obair ar chlár teilifíse darbh ainm "Cúrsaí Ealaíne", a chraoltaí ar RTÉ, agus chuir sé agallamh ar Pheadar faoina dhlúthdhiosca nua.
dhlúthdhiosca CD
" Tá fear amháin as New Jersey a éiríonn go luath ar maidin agus a chuireann an clár ar dhlúthdhiosca.
dhá dhlúthdhiosca two CDs
" Tá na gnéithe éagsúla dá shaol le feiceáil san oifig: tá na fallaí maisithe le pictiúir a tharraing a chuid páistí, tá an giotár sa chúinne, dhá dhlúthdhiosca - Bob Dylan agus Norah Jones - ar an mbord agus graificí óna thionscadal teilifíse is déanaí, "Katie agus Rookie", crochta in aice lena dheasc.
dhá dhlúthdhiosca two CDs
" Antoine Ó Coileáin: Is éard atá anseo ná dhá dhlúthdhiosca agus leabhrán ag gabháil in éineacht leo.
a dhó ar dhlúthdhiosca to burn onto a CD
" Is fearr, mar sin, na grianghraif atá uait a dhó ar dhlúthdhiosca roimh réidh agus an diosca sin a thabhairt don siopa, in áit an chárta grianghraf luachmhar.
a dhlúthdhiosca deireanach his last CD
" “Ach sin ráite, tá lucht seinnte na *techno*-pipes sa Ghailís ag díol na milliúin dlúthdhiosca - Jose Angel Hevia ó Asturias, dhíol a dhlúthdhiosca deireanach milliún go leith cóip agus tá tionchar aige sin ar Éirinn.
dhlúthdhiosca CD
" AÓF: Cloisim go bhfuil tú ag obair ar dhlúthdhiosca de do chuid amhrán.
cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh an archive of every CD ever released
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
ar dhlúthdhiosca, on a CD,
" Tá an fhilíocht ar fad ar dhlúthdhiosca, á n-aithris ag triúr aisteoirí ó Chonamara, Peadar Ó Treasaigh, Darach Ó Tuairisg agus Áine Ní Dhroighneáin, agus tá ceol agus fuaimrian ó John Ryan curtha leis.
Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca we recorded the songs on two CDs
" Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca agus thug muid na dlúthdhioscaí agus na leabhráin do na scoileanna ar fad a bhí ag glacadh páirte sa tionscadal.
dhlúthdhiosca CD(s)
" 99 Eolas faoi oidhreacht an Riadaigh: Chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil an Riadaigh, tá Gael Linn ag foilsiú bailiúchán de thrí dhlúthdhiosca d’ábhar roghnaithe óna shaothar.
dhlúthdhiosca CD
" ie, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge ar fáil anois ar dhlúthdhiosca.
anois ar fáil ar dhlúthdhiosca now available on CD
" ** Cosa gan Bhróga: ======= Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.