Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhualgas duty
" Mar gheall ar a n-íobairt, tá sé de dhualgas orainn anois cabhrú lena chéile agus domhan nua cothrom carthanach síochánta a chruthú do shliocht ár sleachta.
dhualgas duty
" * I 1994 agus mé ar thuras domhanda, "sos gairme", mar a déarfá, chuaigh mé go hÉirinn ar feadh coicíse mar dhualgas - chuir mo mháthair brú orm dul ann fad is a bheinn thar sáile.
dhualgas tráchta traffic duty
" Arís, más fíor don Aire Dlí agus Cirt, tá 22 garda i mBaile Átha Cliath Lár Theas ar dhualgas tráchta, áit nach bhfuil ach 14 fostaithe le plé le cúrsaí drugaí.
dhualgas duty
" Ní raibh deoch agam le cúpla lá agus nuair a chonaic mé an lipéad "Leann an Eileann" ar an chaidéal láimhe sa Nevis Bar, shíl mé go raibh sé de dhualgas orm tacaíocht a thabhairt don gheilleagar áitiúil ar an Eilean Sgiathanach, áit a ndéantar an leann.
dhualgas duty
" Go bunúsach, tá sé de dhualgas ar Choimisiún Um Chearta Daonna na hÉireann a chinntiú nach sáraítear na cearta uilig atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, ná na cearta atá leagtha síos in aon chonradh idirnáisiúnta atá sínithe ag an stát seo.
dhualgas duty
" An mhí seo caite, dúirt Gerry Adams go raibh sé de dhualgas ar phoblachtánaigh dáimh le haontachtóirí a chothú, gur seo ceann de na hathruithe riachtanacha a gcaithfidh poblachtánaigh dul fríd.
dhualgas responsibility
" Bhí sé mar dhualgas orainne a bhí i Roinn na Teangeolaíochta cuidiú leis na hollúna na ranganna a mhúineadh nó na scrúduithe a cheartú.
dhualgas duty
" Dar liom féin go bhfuil sé de dhualgas ar Rialtas Shaorstát na Baváire cultúr na tíre a chaomhnú agus féachaint chuige gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint as a chultúr féin go nádúrtha.
dhualgas duty
" Chuaigh scéal na Páise go mór i bhfeidhm air agus mhothaigh sé go raibh sé de dhualgas air é a insint ar a bhealach féin.
dhualgas duty
" De réir an achta sin, tá sé mar dhualgas ar gach fostóir sláinte a chuid fostaithe a chosaint agus, de réir cóid cleachtais a eisíodh i Meán Fómhair 2000, tá an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar atá saor ó thoit.
dhualgas duty
" Toisc go bhfuil dearmad déanta againn ar an mbrí atá le saoirse, agus toisc go bhfuil an 'cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta' i ndiaidh forlámhas a ghlacadh ar ár gclár náisiúnta, mionnaím go ndéanfaidh mé mo dhualgas agus go nglacfaidh mé seilbh in athuair ar mo thír féin.
dhualgas duty
" Tá sé de dhualgas orainn mar shochaí díriú ar fhadhb seo na ndrugaí seachas neamhaird a thabhairt uirthi.
dhualgas oraibh
" Tá sé os cionn na coimhlinte agus tá sé de dhualgas oraibh cibé duine nó dream a dhéanann éagóir a thabhairt os comhair na cúirte.
dhualgas duty
" Maidir leis na AFP, tá siadsan ag rá nach mbeidh siad ag gabháil leithscéil ar bhealach ar bith faoin méid a rinne siad sa gcás seo agus go bhfuil sé de dhualgas orthu pobal na tíre a chosaint ó dhrugaí agus mangairí a chur faoi chois.
dhualgas duty
" Measaim go bhfuil sé de dhualgas ar chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhfuil grá acu don teanga agus dea-scéala na teanga a chraobhscaoileadh mar tá neart daoine ann nach bhfuil a fhios acu go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeilge ann ar chor ar bith.
dhualgas duty
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
dhualgas duty
" Tá sé de dhualgas orm sult a bhaint as gach nóiméad de, maith nó olc.
mar dhualgas as a duty
" Tá sé mar dhualgas ar an stát é sin a dhéanamh ach tá deacracht ann: Níl aon cheann de na coláistí oiliúna ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu teagasc gan stró trí mheán na Gaeilge.
go bhfuil sé de dhualgas orthu that it's their duty
" Má dhíbirtear imreoir as cluiche, tá an chuma ar an scéal anois go síleann na hoifigigh chontae go bhfuil sé de dhualgas orthu cás an imreora sin a throid agus an córas smachta a thástáil go dtí a theorainn.
go mbeadh sé mar dhualgas agus mar phribhléid it would be a duty and a privilege
" Ba é *ethos* na scoile ná gur scoil rugbaí í agus go mbeadh sé mar dhualgas agus mar phribhléid a bheith i láthair dá roghnófaí tú d'fhoireann na scoile.
go raibh sé de dhualgas orthu that it was their duty
" Rinne siad beirt dearmad go raibh sé de dhualgas orthu mar aoirí de chuid na hEaglaise dea-shampla a thabhairt don tréad, ach ní dhearna an tréad dearmad *baa-aaa-aaa* a rá leis an bheirt acu.
bhí sé de dhualgas orm tosú amach i gceart. I had a duty to start out right
" Mar bhuarthóir agus mar thógálaí trioblóide agus raice a raibh sé de rún agam an pobal a chur trína chéile ní ba mhoille i mo shaol, bhí sé de dhualgas orm tosú amach i gceart.
dhualgas duty
" Faoin reachtaíocht eisceachtúil seo, má stopann póilíní stáit is áitiúla duine éigin ar chúis dhlisteanach, beidh sé de dhualgas orthu doiciméid aitheantais a iarraidh ar an duine sin má bhíonn amhras measartha orthu go bhfuil sé in Arizona go neamhdhleathach.
Dhualgas duties
" Na 5 Dhualgas Cúige i gCeanada 1.
tánn sé mar dhualgas orainn we are obliged
" Tá poll ollmhór mar sin, i bpolaitíocht na heite clé agus ins na blianta atá amach romhainn, tánn sé mar dhualgas orainn, mar fhreagracht tromchúiseach ar an eite chlé fíor, gluaiseachtaí nua a chur chun cinn a thabharfaidh ionadaíocht mhacánta radacach le malairt pholaitíocht, malairt eacnamaíochta a chur chun cinn.
dhualgas duty
" Tá coiste faoi leith sa Dáil a bhfuil sé mar dhualgas air ceisteanna faoin athrú aeráide a chíoradh, agus d'fhoilsigh an coiste a bhille féin i mí Dheireadh Fómhair anuraidh maidir le hathrú aeráide agus slándáil fuinnimh.
ar dhualgas on duty
" Bíonn póilín armtha ar dhualgas nach mór i ngach ardscoil i Meiriceá, agus i gceantair ardchoiriúlachta mar Newark, NJ (nach bhfuil ach cúpla míle ó mo theach féin) ní mór brathadóir miotail a bheith i bhfearas ar gach doras le cinntiú nach dtugtar gunnaí isteach sa bhfoirgneamh.
mar dhualgas ar obliged
" Mheabhraigh sé go raibh sé mar dhualgas ar Aire na Gaeltachta a chinntiú san am a bhí le teacht go mbeadh *“the viability of new firms is much more thoroughly established by the Údarás before State funds are invested and that the Údarás, through better monitoring of the performance of existing firms, should identify at an early stage, before large amounts of scarce exchequer resources have been wasted, (on) projects lacking viability.
I mbun a dhualgas performing his duties
" I mbun a dhualgas arís atá sé, ag cur córa orthu siúd ar thóir aíochta, ar mhaithe leis an tír.
de dhualgas orainn we’re obliged
" Labhair sé ar dtús le Bullaí Buí Mac an tSiúlaigh: **Balor: Inis dom, a Bhullaí, cad tuige gur gá daoibh an mórshiúl a chleachtadh fríd an cheantar áirithe seo? Nach iomaí áit eile a dtiocfadh libh siúl, áiteanna a mbeadh na múrtha fáilte romhaibh?** Bullaí: An ag magadh atá tú, a Bhaloir? Nach dtuigeann tú a dhath ar bith? Ar léigh tú do Bhíobla riamh? Tá sé scríofa sa Bhíobla, i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar, go bhfuil sé de chead againn, agus de dhualgas orainn, mórshiúl a bheith againn fríd Ard Eoin.
a dhualgas a chomhlíonadh maidir le to fulfil its duty relating to
" Ó scéalta na scoileanna saothair go dtí an tuarascáil dheireanach ar bhás na bpáistí a bhí faoi chúram an FSS, is léir go dteipeann ar an stát a dhualgas a chomhlíonadh maidir le páistí.
de dhualgas ar na Sasanaigh the English were obliged
" Ba chomhartha é go raibh de dhualgas ar na Sasanaigh sinn a smachtú agus a bhéasú.
ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn by which Ireland was obliged
" ’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC).
a dhualgas reachtála agus a dhualgas bunreachtúil its legal and constitutional obligations
" Creidim féin go mba cheart go mbeadh 20% ar a laghad in ann a gcuid oibre a dhéanamh gan stró liomsa nó leatsa tré Ghaeilge ionas go mbeadh an stát in ann a dhualgas reachtála agus a dhualgas bunreachtúil a chomhlíonadh.
gurb é mo dhualgas that it’s my duty
" Ach ba dheas liom a cheapadh gurb é mo dhualgas mar thuismitheoir Gaeltachta é sin a dhéanamh.
bhfuil sé de dhualgas ar is obliged
" Mhaígh sise go bhfuil ‘an tsíleáil ghloine’ fós le sonrú i gcúrsaí rialtais na tíre cé go bhfuil sé de dhualgas ar an bPríomh-Aire dea-shampla de chomhionannas inscne a thabhairt do na hearnálacha eile abhus.
tá sé de dhualgas orainn we are obliged
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
de dhualgas ar an muintir dhúchais troid the native people (were) obligated to fight
" Mhaígh cuid de na húdair go raibh sé de dhualgas ar an muintir dhúchais troid ar son a dtíre, mar a bheadh sé ar na coilínigh dá ndéanfaí ionradh ar a máthairthír.
ag comhlíonadh a dhualgas fulfilling its duties
" Níl an Rialtas ag comhlíonadh a dhualgas faoin Chairt Eorpach chun teanga mhionlaithe, nó mar a deir siad, mionteanga, a chosaint is a chaomhnú, agus níos measa, tá naimhdeas don Ghaeilge sa Tionól, deirtear.
a bhfuil sé de dhualgas orthu who are obliged
" Is léir go gcruthaíonn an leagan Gaeilge deacrachtaí do na húdaráis áitiúla a bhfuil sé de dhualgas orthu leagan dátheangach a chur ar fáil mar is fíormhinic a fheicimid an leagan Gaeilge loite uilig ar chomharthaí.