Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dialanna diaries
" Tá May i ndiaidh beathaisnéis Íosa a scríobh agus dar leis go bhfuair sé spléachadh ar na dialanna.
dialann a sceitheadh to leak a diary
" "Má thig le duine ar chéim níos airde ná mise dialann a sceitheadh le May Mac Ránais, ar mhaithe le féin-laochadhradh, thig liomsa cion ranna as mo dhialann féin a sceitheadh leatsa le go dtuigfidh daoine mo chás, a Bhalor, agus tú ar chéim litríochta i bhfad níos airde ná an beathaisnéisí bladrach sin," a scríobh Micí agus é ag iarraidh Fear na Súile Nimhe a mhealladh le slíomadóireacht agus le cluanaireacht, amhail is go rachadh tláithínteacht den chineál sin i gcion ar thuairsceoir stuama.
dhialann diary
" Ghlac mo sheanchara, Micí Ó Máirtín, an tAire Easláinte, scíth bheag óna dhialann le cur le moltaí Mhic Dhiúil agus le moladh dá chuid féin a chur ar aghaidh.
dialann diary
" Mar shampla, scríobhann siad dialann faoina n-imeachtaí laethúla agus seolann siad litreacha agus teachtaireachtaí ríomhphoist chugam.
dhialann diary
" B'éigean do Wolfe Tone agus an cabhlach an bá a fhágáil, rud a bhí ina chúis mhór díomá dó, agus dúirt sé ina dhialann: *"Well, England has not had such an escape since the Spanish Armada, and that expedition, like ours, was defeated by the weather.
dhialann diary
" Bhain Brian Friel úsáid mhór as litreacha Uí Dhonnabháin nuair a bhí sé ag scríobh *Translations* agus scríobh sé ina dhialann i Meitheamh 1979: "What worries me about the play - if there is a play - are the necessary peculiarities, especially the political elements.
dialann leictreonach electronic diary
" Foilsítear eolas nua ar bhlag i bhfoirm iontrála gairide agus taispeántar na hiontrálacha ar fad i liosta fada – beagáinín cosúil le dialann leictreonach (bíonn an iontráil is nua ag an mbarr).
dialann leictreonach electronic diary
" Foilsítear eolas nua ar bhlag i bhfoirm iontrála gairide agus taispeántar na hiontrálacha ar fad i liosta fada – beagáinín cosúil le dialann leictreonach (bíonn an iontráil is nua ag an mbarr).
dialanna a dhearthár his brother's diaries
" Ní hamháin go ndúirt Tadhg go mba chóir don bheirt dialanna a dhearthár a thabhairt leo, ach rinne sé na dialanna a sholáthar dóibh gan aon scrúdú a dhéanamh orthu le feiceáil an mbeadh aon ábhar iontu nár mhaith leis daoine eile bheith a léamh.
ag breacadh dialainne writing a diary
" Cuid acu ag ithe ceapairí faoi theas na gréine, cuid eile ag breacadh dialainne nó ag tógáil grianghraf.
dialann bóthair road diary
" Mar chuid den phost choinnigh sé dialann bóthair agus le déanaí d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta an dialann sin sa leabhar *Mise fear ceoil – Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942-1946.
dialann phearsanta nó pholaitiúil a personal or political diary
" Is éard is *weblog* nó blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann.
dialann, diary,
" Líonadh sí a dialann, litreacha agus leabhair nótaí scoile le féinphortráidí agus breacaireacht, agus lean sí don líníocht go dtí gur thosaigh sí ag freastal ar Smith College agus í fiche bliain d’aois.
dialann thríthoiseach three-dimensional dairy
" *Memento hominem* atá sa chnuasach, nó dialann thríthoiseach a chuireann ar ár gcumas spléachadh beag a fháil ar dhomhan aisteach Warhol.
bunaithe ar an dialann based on the diary
" Tá an leabhar bunaithe ar an dialann a scríobh Trench i rith na tréimhse sin.
bunaithe ar an dialann based on the diary
" Tá an leabhar bunaithe ar an dialann a scríobh Trench i rith na tréimhse sin agus craoladh clár faisnéise den teideal céanna ar TG4.
Dialann turais a tour diary
"Dialann turais Thagair mé do dhialann idirlín a choinnigh Cathy tráth a raibh Dervish ar turas sna Stáit Aontaithe.
dhialann idirlín an internet diary
" ” Dialann turais Thagair mé do dhialann idirlín a choinnigh Cathy tráth a raibh Dervish ar turas sna Stáit Aontaithe.
cúl ar an dialann finished the diary
" Chaill mé ceamara is chlis ar mo ríomhaire glúine agus chuir an dá rud sin cúl ar an dialann, ach tá mé ar ais ar an bhóthair arís.
dhialann diary
" Bainim ana-thaitneamh go deo as an leabhar - meascán de dhialann Mháire agus sleachta as litreacha abhaile a chruinnigh a máthair.
dialanna diaries
" Bunaíodh Cartlann: *An Irish Political Archive* i Sasana i Mí Bealtaine 2001 chun ábhar a bhain leis an fheachtas abhus (i Sasana), mar bhileoga, dialanna, leabhair, póstaeir , agallaimh ar téip agus mar sin de, a bhailiú agus a chaomhnú.
dhialann diary
" Both had ‘Oxford’ backgrounds and were a bit posh!’* Ba é an rud ba shuimiúla faoin cheangal seo, ná ba léir ó dhialann Cesca go raibh Claude Chevasse ina phoblachtánach.
dialann mairnéalaigh a sailor’s diary
" Tá sliocht as dialann mairnéalaigh, Lees, in aice leis an ghrianghraf den chluiche seo: *“Tom Crean, our Irish giant, had a fine way of falling on one and then sitting on one’s chest until the ball was well out of the way,”* a scríobh sé.
dialanna diaries
" Tá sé seo le feiceáil ní hamháin sna pictiúir a rinne siad ach i liotagraif, píosaí líníochta, collages, grianghrafanna, dialanna pearsanta, priontaí le Guillermo Kahlo, athair Frida agus scannán leis an ealaíontóir Seapánach, Yasumasa Morimura, atá uilig mar chuid den taispeántas chomh maith.
dialann diary
" Tagann a céasadh ag cúigear mac léinn chun solais ina dialann ar ball.
dialanna diaries
" Tá bailiúchán mór ag an Leabharlann de na litreacha, dialanna agus tuarascálacha a scríobh oifigigh de Chabhlach Ríoga na Breataine, suirbhéirí agus misinéirí i luathstair na nEorpach abhus.
dhialann taistil travel account, diary
" Ach, abair liom mar gheall ar Shéamus Ennis, agus ‘Mise an fear Ceoil’, an leabhar inar chur tú a dhialann taistil ó 1942 go dtí 1946 faoi bhráid an phobail.
sleachta dialainne diary entries
" I ndeireadh an lae, sin atá i Sunday Miscellany chomh maith, gur míreanna eolais atá i gceist, slámanna staire, sleachta dialainne, gach aon chineál scríbhneora, polaitíocht le ‘p’ beag, is dóigh agus taisteal, gach aon chineál ruda.
dialanna diaries
" Ina leabhar breá, The Great War and Modern Memory, do cháin Paul Fussell na foinsí stairiúla traidisiúnta a d’úsáidtí de ghnáth chun uafás an Chogaidh Mhóir a scagadh; nuachtáin, díospóireachtaí parlaiminte, dialanna pearsanta, litreacha dar cuireadh abhaile ón gcath.
chinn siad ar fheidhm a bhaint as an dialann they decided to use a diary
" Bhí cás an fhoireann ionchúisimh ina chíor thuathail tar éis a fhianaise agus chinn siad ar fheidhm a bhaint as an dialann a scríobh Stokes as Gaeilge sa tréimhse roimh an dúnmharú agus ina dhiaidh.
dialann diary
" Tugann an dialann seo dar scríobhadh i Northhampton sna caogaidí droim láimhe dos na fir léinn sin a deir go bhfuil uaisleacht mhórálta de shaghas éigin ag baint leis an mbochtanas saolta, bochtanas a sheasann mar sciath ós comhair chathú agus thruailliú na gcathracha nua-aimseartha.
ar nós a dialann phearsanta a oscailt like opening up her personal diary
" Is rud an-deacair é seo a dheánamh agus mothaím go bhfuil sé ar nós a dialann phearsanta a oscailt don saol mór agus go léann sí na sonraí uile amach os ard do gach éinne! A Saol Gairmiúil ======== Ó shin i leith, tá dhá cheirnín taifeadta aici.
dhialann diary
" B’shin an rud a rinne Oliver Wendell Holmes ina dhialann le linn Chogadh na gCarad i Meiriceá.
Dialanna Chathair na bhFáithe the Vatican Diaries
" Éiginnte i dTólamh ======== Níor ghlac saineolaí Vatacánach eile riamh le comhairle Margherita Guarducci agus dar le John Thavis a scríobh ‘Dialanna Chathair na bhFáithe’ go raibh an t-achrann seo ina ‘ábhar náire’ ag an Eaglais, nár spreag ‘mórán muiníne san Eaglais a bheith ábalta a stair féin a athnochtadh’.
eisítear ceann eile chugainn i gcruth dialainne another is delivered to us in the form of a diary
" Siúlach Thar Lear ======= **SMM: Lonnaigh tú scéal amháin sa Tuirc (Dioscó Dé), an ceann is déanaí sa Bhriotáin (Ar ais go Keriolet, 2011) agus eisítear ceann eile chugainn i gcruth dialainne (An Deireadh).
a dialanna pearsanta personal diaries
" Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha.
a dialanna pearsanta personal diaries
" Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha.
dialann diary
" Tá sleachta eisiacha faighte ag Balor as dialann an Aire Easláinte, Micí Ó Máirtín.