Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
difríochtaí idirchultúrtha nó idirchreidmheacha intercultural or interreligious differences
" Má bhraitheann daoine difríochtaí idirchultúrtha nó idirchreidmheacha sa tír seo, níl gá ach cuairt ar thabhairt ar an Meánoirthear le fíordhifríochtaí a fheiceáil.
difríocht shuntasach noticeable difference
" Is é an chéad difríocht shuntasach a thug Laoch na Litríochta fá deara nuair a shiúil sé isteach sa Brandon an easpa gleo.
difríochtaí anatamaíocha anatomical differences
" Dúirt an comhairleoir Yvette Clarke, atá ag tacú leis an bhille, gur minic a bhíonn páistí beaga faoina gcúram ag na mná, agus luaigh sí na difríochtaí anatamaíocha chomh maith.
difríochtaí suntasacha noticeable differences
" Ach tá difríochtaí suntasacha idir na ceamaraí digiteacha is saoire agus na cinn is daoire agus is gá an teicneolaíocht atá le fáil iontu a thuiscint chun an luach is fearr a fháil.
difríochtaí caolchúiseacha subtle differences
" *"The Religious Right is Neither Religious nor Right"* (greamaitheoir ar thuairteoir cairr) *"Christian Right is Better than Wrong"* (greamaitheoir tuairteora de chuid an Christian Coalition of America) Dá mhéad ama a chaithim in Éirinn is soiléire dom na difríochtaí caolchúiseacha atá idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe, mo thír dhúchais.
difríochtaí differences
" Níl an méid sin difríochtaí eatarthu ó thaobh cúrsaí geilleagair.
difríochtaí móra big differences
" An mbeidh Ahern agus a aire úr Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, ábalta cur ina luí ar thoscaireacht an DUP go bhfuil siad sásta gach cuidiú a thabhairt dóibh, ach ag an am chéanna, bheith daingean go gcaithfidh "ailtireacht" Chomhaontú Aoine an Chéasta fanacht? Ar an chlár "Hearts and Minds" ar an BBC, dúirt Gregory Campbell go mbeadh difríochtaí móra idir Comhaontú 1998 agus Comhaontú 2005.
difríocht ollmhór a huge difference
" Measann Ó Riain go ndéanfadh sé difríocht ollmhór dó dá mbeadh leathanbhanda aige.
difríocht ollmhór a massive difference
" Feiceann sé go bhféadfadh an beartas forbartha atá fógartha ag an bPríomhfheidhmeannach Pádraig Ó hAoláin difríocht ollmhór a dhéanamh, áfach.
difríocht difference
" Ní nach ionadh, tá na difríochtaí costas i gcás na nglaonna idirnáisiúnta ag cruthú go leor spéise i measc daoine a bhíonn ag déanamh glaonna thar sáile go minic.
difríocht difference
" Gan an Ghaeilge ní raibh aon difríocht idir mé féin agus na Sasanaigh a bhí ina gcónaí thart timpeall orm.
nach chím aon difríocht that I don't see any difference
" Tá sé chomh beo agus mórthimpeall orm aga baile nach chím aon difríocht idir an dá shórt rud.
an chéad difríocht shuntasach the first noticeable difference
" ” Ba é seo an chéad difríocht shuntasach a thug Balor an Bromaire Bomannach faoi deara, ach níorbh fhada go bhfacthas dó go raibh an tErectus seo ní hamháin ina *cock-up* ach ina *cock-up* aisteach fosta.
An difríocht is suntasaí, the most noticeable difference,
" An difríocht is suntasaí, dar liom, seachas cúrsaí airgid dar ndóigh, ná go bhfuil traenálaithe ag Setanta agus Aisake a bhíonn ar fáil gach lá le cabhrú leo i ngach gné den spórt agus den ullmhúchán ó thaobh nirt, aclaíochta, scileanna éagsúla, bia, síceolaíochta, agus araile.
an difríocht sin eatarthu a laghdú. to reduce that difference between them.
" “Táim ag iarraidh an poll sin idir ficsean agus réalachas a líonadh – an difríocht sin eatarthu a laghdú.
ana-chuid difríochtaí a lot of differences
" “Tá ana-chuid difríochtaí ann freisin, níl muid ag iarraidh rudaí áiféiseacha a rá, go bhfuil muid díreach mar a gcéanna, mar níl, ach mar sin féin is iontach an rud é go bhfuil nasc ann maidir leis an miotaseolaíocht, an tábhacht atá ag baint leis an mbó, cuirim i gcás, leis an talamh féin, leis an traidisiún atá ag baint leis na haicmí agus leis an léann.
an difríocht the difference
" Is mór an difríocht idir sin agus an t-atmaisféar anois.
na difríochtaí the differences
" “Ar chláir amháin chuir mé agallamh ar bhuíonta ceoil ón bPolainn a bhí ag teacht anseo, ar chlár eile chuireamar triúr cailíní Polannacha ar choinne le hÉireannaigh agus labhair mé leo go léir faoin eachtra agus faoi na tuairimí a bhí acu dá chéile, agus na difríochtaí idir Polannaigh agus Éireannaigh.
an difríocht the difference
" * Lorcán Mac Mathúna: Albam amhrán atá ann, ach b'fhéidir gurb é an difríocht idir an ceann seo agus stuif eile ná gur chuireas béim ollmhór ar an gceol atá sna hamhráin agus chóirigh mé iad le ceoltóirí breátha a bhí cruthaitheach agus sásta rudaí nuálaíocha a thriail.
difríochtaí is mó biggest differences
" Is iad na difríochtaí is mó idir an dá chineál damhsa ná go mbíonn an corp díreach taobh thuas den choim sa damhsa céime agus bíonn na géaga le taobh an damhsóra.
difríocht ollmhór huge difference
"difríocht ollmhór idir Ahern agus Kenny.
na difríochtaí seo these differences
" Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), *rapporteur* leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
mórán difríochta a lot of difference
" Ar an gcéad spléachadh, ní fheictear mórán difríochta idir *An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín *agus an ghnáthlitríocht do dhaoine óga sa Ghaeilge: cló mór (tearc go leor) chomh maith le pictiúir ar chuile leathanach.
níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic there is no difference evident in Iraq
" Ach de réir dealraimh níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic – nó in aon áit eile – anois agus an bhuíon bheag d’fhórsaí Astrálacha ar ais ar an bhfód dúchais.
difríocht chaolchúiseach subtle difference
" Ach sa Bhéarla, tuigeann muid an difríocht chaolchúiseach idir na focail sin.
rangú difríochta the classification of difference
" Tá mo ghlór féin idir an dá cheol, measaim, agus níor chuala mé an rangú difríochta idir an dá cheol go dtí go ndeachaigh mé isteach sa ghrúpa Dervish.
domhnaíocht difríochta a world of a difference
" Níl sé neamh-Shasanach a rá go raibh an domhnaíocht difríochta eatarthu.
difríocht an domhain a world of a difference
" Bhí difríocht an domhain an uair sin, agus b’fhéidir go bhfuil fós, idir iompar teanga an imreoir rugbaí agus a mhacasamhail i mbun peile nó iománaíochta.
difríocht inbhraite measureable difference
" Sin an fáth go mbíonn an oiread sin spéise nuair a sheoltar iPhone nó iOS nua: déanfaidh na feabhsúcháin difríocht inbhraite sa saol laethúil.
na difríochtaí the differences
" Labhair Alan Desmond léi le gairid faoina cúlra, faoina saol nua in Éirinn agus faoi na difríochtaí idir fir na hÉireann agus fir na Polainne.
difríocht ollmhór huge difference
" Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.