Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
diongbháilte steadfast
" Ainneoin go bhfuil a mbunchreideamh chomh docht diongbháilte agus a bhí riamh, tá an saol ag athrú thart orthu.
go diongbháilte steadfastly
" Tá sí sárchumasach, nua-aimseartha, forásach, réalaíoch agus is léir go gcreideann sí go diongbháilte san obair atá ar siúl aici.
níos diongbháilte more determinded
" Chonaic muid gur thosaigh an cogadh go maith do na forsaí Angla-Mheiriceánacha, ach diaidh ar ndiaidh táthar ag troid ar ais ar bhealach atá níos déine agus níos diongbháilte ná mar a bhí éinne ag súil leis.
seasamh diongbháilte, dobhogtha firm, unyielding stand
" Beidh daoine ag vótáil ar son na bpáirtithe a mbeidh an mhuinín acu a gcuid tuairimí a chur chun cinn san idirbheartaíocht a thiocfas i ndiaidh an toghcháin, agus, mar a tharlaíonn roimh aon idirbheartaíocht, beidh seasamh diongbháilte, dobhogtha ag achan dream.
diongbháilte determinded
" Níl mórán daoine ann atá chomh diongbháilte sin agus go ndéanfaidís staidéar uaigneach fada leo féin (thugadh mo chairde "torathar" orm) - agus ní dheanfainnse féin an tslí chéanna é, dá mbeadh an dara rogha agam.
go diongbháilte strongly
" Ach mar iriseoir atá fós ag obair, creidim go diongbháilte go n-insíonn rialtais bréaga agus tá siad calaoiseach i bhfad níos mó ná mar a thiocfadh leo a bheith nó a ligfí dóibh a bheith fiche no tríocha bliain ó shin.
a dhílseacht dhiongbháilte his steadfast loyalty
" Tá an grianghraf íocónach - Donaldson gualainn má ghualainn le Bobby Sands - mar theastas ar a dhílseacht dhiongbháilte.
chomh diongbháilte so strongly
" Ach ní ghéillfidh CLG go bog air sin agus sin an fáth gur labhair Nicky Brennan chomh diongbháilte faoi ag tús a uachtaránachta.
tuairim dhiongbháilte na bPolannach the Poles' firm belief
" Is é tuairim dhiongbháilte na bPolannach gurbh éagóir fhollasach é seo agus goilleann sé orthu go dtí an lá atá inniu ann.
gníomh diongbháilte determinded action
" In ionad gníomh diongbháilte a ghlacadh in aghaidh an Derry Club, chuir Merseyside Police brú orainne, agus rinne póilíní a raibh meaisínghunnaí agus héileacaptar acu ruathar ar chlub na nÉireannach (cf.
diongbháilte firm
" ” Tá Nicholas diongbháilte faoin mhéid seo: má fhágann amhránaí nó grúpa an traidisiún ina ndiaidh, ní bheidh áit acu sa Taisce.
diongbháilte determinded
" Tá sé go maith a bheith dírithe ar rudaí agus a bheith diongbháilte mar gheall orthu.
go diongbháilte. positively.
" An bhfuil aon rud anseo nach dtaitníonn léi? “An aimsir,” a deir sí go diongbháilte.
go diongbháilte firmly
" Ní chreidim go raibh a leithéid i gceist ag ailtirí Chomhaontú an Chéasta, iad siúd ar theastaigh uathu “comhurraim” a bhunú go diongbháilte ó thuaidh.
ba dhiongbháilte most steadfast
" Duine de na tacaithe ba chrua agus ba dhiongbháilte ar fhoireann Chill Chainnigh ab ea Fan Larkin.
diongbháilte in éadan very stongly against
" Balor: Ón am a chuala muid caint fút ar dtús bhí tú i gcónaí diongbháilte in éadan rud ar bith a raibh rian den Chaitliceachas nó den náisiúnachas nó den phoblachtachas ag baint leis.
meon diongbháilte a set mind, determination
" Ní hamháin sin ach teastaíonn meon ar leith ón duine a dteastaíonn uaidh buaic na glóire a bhaint amach – meon diongbháilte, láidir a chuireann ar chumas an duine roghanna deacra a dhéanamh, roghanna a chinnteoidh nach dtitfidh sé i leataobh nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne sna dúshláin mhóra a bhaineann le gach aon spórt.
tuairimí diongbháilte steadfast opinions
" ” Proinsias Mac AonghusaAgus pearsantacht chomh cumhachtach sin ag Harris agus tuairimí diongbháilte á nochtadh aige go neamhbhalbh, ní ionadh go bhfuil éirithe idir é agus daoine éagsúla le linn a shaoil agus ar na daoine ar thit Harris amach leo i rith na mblianta, bhí an Gaeilgeoir oirirc, Proinsias Mac Aonghusa.
diongbháilte a determined
" Tá leasuithe molta ar an chóras a íoctar costais le Teachtaí Dála agus tá an tAire Brian Lenihan le moladh as seasamh diongbháilte a ghlacadh ar an cheist.
diongbháilte vehemently
" 1991: "Is é stát na 26 Chontae an stát is mó atá chun tosaigh ó thaobh líon na n-eisimirceach de sa Chomhphobal Eorpach agus é go diongbháilte in éadan vótaí a thabhairt dá shaoránaigh thar lear.
go diongbháilte steadfastly
" B'as an mheánaicme measúil coimeádach a chreid go diongbháilte san Impireacht agus in Aontas na Ríochta Aontaithe í.
diongbháilte a rún set and determined
" Ós rud é nach bhfuil ag éirí le hionsaithe fuilteacha na saighdiúirí rialtais an tacaíocht a thugtar don KNLA a fháscadh as an bpobal Carainn, is féidir a bheith deimhneach de gur go géar atá stát dá gcuid féin ag teastáil is gur diongbháilte a rún.
diongbháilte rigid
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
diongbháilte determined
" ” Cinnte, bhí a barúlacha maidir le homaighnéasaigh doghlactha ach chreid sí go diongbháilte gur theagasc Íosa Críost di go raibh an homaighnéasachas “*abominable*.
diongbháilte steadfast
" Tá an bheirt acu – Iris agus Benedictus – diongbháilte docht daingean ina gcreideamh faoin fhirinne atá follasach i leabhair an tSean-Tiomna.
diongbháilte set, determined
" Dar le McAliskey gur thuig Aontachtaithe sin agus gurb shin é an fáth a raibh siad chomh diongbháilte sin in éadan an leasaithe ba shuaraí.
go diongbháilte determinedly
" In Aghaidh a Thola ======== Cén fáth a raibh an fear as oirthear Bhéal Feirste ag iarraidh a bheith ina cheannaire ar an pháirtí a bhí ag máirseáil go diongbháilte go bun an bhóthair chaoch.
diongbháilte confirmed
" Agus tá mé diongbháilte faoi sin.
diongbháilte deteremined
" Le slua mór daoine ag obair as lámh a chéile is féidir táimhe nádúrtha na sochaí a shárú, agus fiú mian rialtas diongbháilte a athrú, mar a léiríodh sa Bhreatain.
níos diongbháilte steadfast
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
diongbháilte determined
" Ní foláir a bheith diongbháilte i leagan amach na dtosaíochtaí.
diongbháilte steadfast
diongbháilte determined
" Gaeilgeoir diongbháilte ab ea a athair, Seán, fear nár ghéill riamh don bhéarlachas, fiú nuair a chruthaigh an naimhdeas cultúrtha sin achrann dá chlann.
phobal diongbháilte determined community
" " Mhair an cath ar feadh thrí lá agus thrí oíche agus gach duine sa phobal diongbháilte nach mbeadh an bua ag an RUC a raibh oiread sin fuatha acu dóibh nó ag na Paisleyites a bhí ag cuidiú leo.
chreid sé go diongbháilte he strongly believed
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
atá chomh diongbháilte faoin nGaeilge are as determined about Irish
" Tá daoine den scoth ag an bhfoireann oibre ag TG4 i mBaile na hAbhann atá chomh diongbháilte faoin nGaeilge is a bheinn féin.
ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad they were determined natural combatants
" B’fhéidir gur áibhéil a rá go mba naimhde iad, ach cinnte ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad muintir Chiarraí agus muintir Átha Cliath ó na caogaidí i leith.
diongbháilte determined
" Fuair sí amach go raibh dianchúrsa le bheith ar siúl ag an Droichead ar an Íochtar Ormeau, ceantar ina raibh trioblóid a bhain le mórshiúlta aimsir Dhroim Cria, ach bhí Linda diongbháilte.
go diongbháilte determinedly
" Polannais a labhróidh sí leis an naíonán sin, mar cheistigh mé í ar an ábhar sin go díreach thart ar sé bliain ó shin agus d’fhreagair sí amhlaidh mé, go diongbháilte.
ar a dhiongbháilte atá siad how determined they are
" (Níl carr ar bith in Éirinn mór a dhóthain le é a iompar, ná bus ar bith a bhfuil an doras leathan a dhóthain le é a ligean isteach!) Ag meabhrú a bhí sé ar mhuintir Mhaigh Eo, agus ar a dhiongbháilte atá siad in éadan chruatain an tsaoil seo agus in éadan chora crua na peile.
Caithfear a bheith diongbháilte one must be steadfast
" Ach, nach amhlaidh atá sé i ngach réimse den saol inniu? Caithfear a bheith diongbháilte agus tiomanta i leith pé réimse saothair is áil leat, go háirithe i láthair na huaire agus cúrsaí geilleagair mar atá.
diongbháilte steadfast
" Ní scéal ruin é nuair a bhíonn a fhios ag Wikileaks! Chaith Tomás Ó hAodha súil ar scéal Julian Assange, fear atá diongbháilte ina chuid prionsabal agus fear a bhfuil líomhaintí tromchúiseacha curtha ina choinne sa tSualainn.