Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhiongbháilteacht staunchness
" Díchoimisiúnú ======= Tá an Fíor-IRA réidh le teacht i dtír ar dhiongbháilteacht na nAontachtach i leith an dhíchoimisiúnaithe.
diongbháilteacht determination
" Chuir an méid a bhí le rá ag O'Doherty (aontachtaí Caitliceach) iontas orm agus an diongbháilteacht lenar sheas sé an fód do na *wee six*.
diongbháilteacht determination
" Ach chuaigh diongbháilteacht ionadaithe na cathrach i bhfeidhm go mór air.
dhiongbháilteacht determination
" Ansin tosaíonn an tÍocharán ag caint) A Bhaloir, a iriseoir is ansa liom ar domhan, is mór an meas atá ag léitheoirí na cruinne ort féin agus ar do scríbhinní, ar do dheisbhéalachas agus ar do dhiongbháilteacht leis na ceisteanna crua; agus os rud é gur chuir tú an cheist chomh deaslabhartha agus chomh múinte sin, déanfaidh mé í a fhreagairt: na crúibíní! Sin freagra do cheiste! Ar mhaithe leis na crúibíní a tháinig mé anseo.
diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh the resolve of the unionists in the north
" Shíl siad go mbeadh siad ábalta an Bhreatain a ghortú níos mó ná mar a bhí siad; níor thuig siad diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh agus ní bhfuair siad a sáith tacaíochta ón taobh eile den teorainn d’fheachtas ionsaitheach in áit feachtais chosanta.
diongbháilteacht determination
" Léirigh siad tréithe fíorsheaimpíní: scil, diongbháilteacht, féinmhuinín, spiorad agus imirt foirne agus go mórmhór an cumas tábhachtach sin scóranna a aimsiú ag an am ceart sa chluiche, mar shampla sa cheathru deiridh den chluiche leathchraoibhe i gcoinne an Chláir.
diongbháilteachta determination
" Ba ghearr gur thuig mé go raibh struchtúir ghramadaí an-chasta sa Ghaeilge, nach mbeadh sé éasca í a fhoghlaim agus go dtógfadh sé neart ama agus diongbháilteachta chun mo chuid féin a dhéanamh di.
teacht aniar agus diongbháilteacht. resilience and determination.
" Ó bheith i mo ghníomhaí polaitiúil, d’fhorbair mé teacht aniar agus diongbháilteacht.
diongbháilteacht determination
" Beidh sé deacair, ach is cinnte go bhfuil an cur chuige agus an diongbháilteacht ag Pádraig le hé a bhaint amach.
diongbháilteacht steadfastness
" Imreoir iomána ar leith Deir Val Dorgan sa bheathaisnéis a scríobh sé ar Christy Ring nach raibh sárú Christy le fáil mar iománaí maidir le crógacht, scil, stíl a chuid imeartha, diongbháilteacht a aigne agus fad a thréimhse imeartha.
dhiongbháilteacht determination
" An bhfuil todhchaí shíochánta an réigiúin ag brath ar dhiongbháilteacht na heagraíochta rúnda seo siúl thrí cheantracha nach bhfuil fáilte rompu agus crosadh atá á thabhairt dóibh ag Peter Robinson ar aon dul chun cinn ar réimsí eile polaitíochta? Is furasta a chreidbheáil.
diongbháilteachta determination
" Ní easpa airgid, nó easpa diongbháilteachta, ag an phointe seo, a chuirfidh bac ar fhás na Síne sa réimse seo, ach cúrsaí cultúir.
diongbháilteacht determination
" Deir saineolaithe go bhfuil Katie Taylor inchurtha le fear ar bith maidir le scil agus teicníc, agus i ndiaidh a catha i gcoinne Queen Underwood, is léir go bhfuil misneach agus diongbháilteacht dochloíte aici freisin.
diongbháilteacht steadfastness
" Agus mar is dual don iar-iomanaí contae seo as Cill Chainnigh, tá an diongbháilteacht go smior ann.
dhiongbháilteacht an Rialtais governmental determination
" “Níl aon mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga.
a ndiongbháilteacht dhobhogtha their immoveable obstinacy
" Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d'Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh ag a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
a bhuíochas sin dá dhiongbháilteacht thanks to his determination
" Ach choinnigh sé leis agus chuaigh TnaG ar an aer Oíche Shamhna 15 bliana d’éag ó shin, a bhuíochas sin dá dhiongbháilteacht.
an diongbháilteacht determination
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
diongbháilteacht steadfastness
" Ceist eile í diongbháilteacht an chultúir.
an diongbháilteacht chéanna insa bheirt acu this same staunchness in both of them
" Cuireann athair Hugo athair Niall Tóibín i gcuimhne dúinn ós rud é go bhfeictear an diongbháilteacht chéanna insa bheirt acu.
diongbháilteacht agus crógacht steadfastness and bravery
" Is duine é a bhfuil diongbháilteacht agus crógacht ann.
diongbháilteacht determination
" Tá a lán buanna ag Brian Ó Drisceoil mar imreoir rugbaí – tuiscint, scil, diongbháilteacht, luas – ach thar aon ní eile, is í an chrógacht an tréith is suntasaí a bhaineann leis dar liom.
Fulaingt agus Diongbháilteacht suffering and determination
" Fulaingt agus Diongbháilteacht ============= Éacht ar leith é dá bhrí sin, éacht mór millteach, Craobh an Domhain a bhuachan faoi mar atá déanta ag Rob Ó hIfearnáin agus éacht atá inchurtha (mura bhfuil siad sáraithe aige) le héachtaí laochra eile spóirt na tíre bige seo le trí scór bliain anuas, laochra ar nós Uí Dhubhshláine, Uí Chochláin, Ní Shúilleabháin, Nic an Táilliúra, Uí Arrachtáin, Uí Dhuinn agus Carruth.
ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné F’s determination was the aspect
" Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.