Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
san fhaopach céanna in the same dire straits
" Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach? Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta.
sáite i ndaorbhroid stuck in dire bondage
" " Seo mar a thosaíonn an dán "Bealtaine 1916": I Sasana i gcéin ó Éirinn bhúidh Do chaitheas-sa tréimhse i ngéibhinn dlúth Ag Gallphoic ghránna sáite i ndaorbhroid De dheascaibh mo ghrá do Chlár geal Éibhir Mar bhí mo dhúil ó thús mo shaoil I saoirse, i gclú 's i sóchas Gael.
i lúb an angair in dire need
" Mar sin, tá dualgas orm cuidiú leo siúd is mó atá i lúb an angair.
in umar na haimléise in dire straits
" Feallmharú ceannaire Tríocha bliain níos déanaí bhí an duine gorm fós in umar na haimléise go heacnamaíoch agus go sóisialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
ar an ngannchuid in dire straits
" 5 milliún daoine ar an ngannchuid.
faoin gcruachás about the dire strait
" Agus é ag labhairt ar an fhealsúnacht san eacnamaíocht, ’sé sin an tionchar a bhíonn ag smaointí agus barúlacha an duine ar an gheilleagar, dúirt sé gur cheart dúinn uile go léir ár gcuid teilifíseán a mhúchadh agus éirigh as a bheith ag léamh scéalta nuachtáin faoin gcruachás ina bhfuil muid faoi láthair.
in umar na haimléise in dire straits
" An chuma air in amanna nach bhfuil sé i dtiúin mar is dual le haisfhreagra feargach an phobail agus sinn in umar na haimléise.
géarghá dire need
" I bhfocail eile, braithim go bhfuil géarghá le nuachtán Gaeilge mar gur boichte an saol dá uireasa le leathbhliain anuas.
san fhaopach in dire straits
" Go dtí sin, fanfaidh muid san fhaopach.
fhaopach dire straits
" Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? - Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B'fhiú 'Bille' a bhaisteadh air feasta in áit 'Bill'.
tá géarghá there’s a dire need
" Beidh thart faoi chéad billiún €uro ag teacht bealach s’againne gan mhoill, agus má shíleann duine ar bith go dtiocfadh le muintir bhocht bhrúite na hÉireann a leithéid sin de shuim airgid a íoc ar ais riamh, tá géarghá ag an duine sin le cuairt ar shíciatraí.
chruachás dire straits, difficulty
" Ní nach ionadh, bhí Teachtaí Dála sa bhfreasúra ag iarraidh tús áite a thabhairt sa Dáil don chruachás ina raibh geilleagar na tíre.
géarghá dire need
" Deis Leasaithe ======= Níl an eagraíocht gan locht agus bhí géarghá le leasú a dhéanamh ar an bhord, a bhí rómhór agus ró-amscaí le feidhmiú i gceart mar Pharlaimint Gaeltachta.
gcruachás dire strait
" Agus is leasc leo aird a tharraingt orthu féin nó ar an gcruachás ina bhfuil siad ar eagla go gceapfaí fúthu gur orthu féin atá an milleán má tá siad ina n-aonar.
san fhaopach in dire straits
" Is é an ghné is tábhachtaí le cuimhneamh air ná gur fágadh daoine san fhaopach - seandaoine, daoine breoite agus leanaí ina measc – agus nár cheart go dtarlódh sé arís.
millteanach serious, dire
" Bíonn Balor bocht faoi bhrú millteanach ón Eagarthóir Mac Slua Muirí, cionn is go síleann sé nach mbíonn súil nimhe Bhaloir sách nimhiúil in amanna.
an ghátair (dire) need
" Is léir an meas atá ag Hessel ar mhuintir Gaza agus ar an dóigh ina dtéann siad i ngleic leis an saol in ainneoin an ghátair i measc an phobail de dheasca coscanna trádála atá curtha i bhfeidhm ag na hIosraelaigh.
idir dhá thine Bhealtaine in dire straits
" Idir dhá cheann na meá atá sé, idir dhá stól; agus cé gur mí Mheán an Fhómhair atá ann, tá sé idir dhá thine Bhealtaine.
in umar na haimiléise into dire straits
" - (ii) An dara céim ar dhréimire na foghlama is ea éisteacht leis na tráchtairí céanna anois agus sinn sleamhnaithe leath bealaigh anuas in umar na haimiléise.
a raibh práinn breosla orthu who were in dire need of fuel
" Ach diaidh ar ndiaidh thosaigh na stáisiúin artola ag athoscailt le gineadóirí, agus ciondáil artola i bhfeidhm acu, rud a d'fhág scuainí fada ar na bóithre agus fanacht cúig uair an chloig orthu siúd a raibh práinn breosla orthu.
as an drochbhail ina bhfuil siad for their dire circumstance
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
in umar na haimléise in dire straits
" Tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil sé iomarcach a bheith ag trácht ar chearta eachtrannach sa tír seo nuair atá an méid sin Éireannach in umar na haimléise.
cruachás dire strait(s)
" Iarracht Luachmhar ========= I mbliana áfach, roghnaigh Corcadorca téama níos pearsanta príobháideach ná cruachás Shylock agus sáinn an adhmadóra ó Nazareth.
seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn I’d physically stand between you and dire straits
" An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin? > ‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.
géarghá socheolaíoch a dire social need
" B’fhacthas di, is cosúil, go raibh géarghá socheolaíoch lena leithéid.
beo bocht in dire poverty
" Bhí na hiarsclábhaithe beo bocht, agus don chuid is mó d'fhanadar ar na plandálaithe ag obair mar oibrithe íoctha.
fágtha in anchaoi i gceart left in dire straits
" Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.