Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an t-ionad ildisciplíneach ealaíon the multi-disciplinary art venue
" Bhí mé ann le labhairt leis an phéintéir Susan McKeever faoina taispeántas a bheas le feiceáil an mhí seo sa Waterfront Hall, an t-ionad ildisciplíneach ealaíon a d'oscail sa chathair cúig bliana ó shin.
idirdhisciplíneach inter-disciplinary
" Tá an t-ionad a bhfuil sé féin ina bhun idirdhisciplíneach, mar sin is síneadh leis na ranna agus leis an seanchóras ba cheart a bheith ann, dar le de Paor, "áit i leataobh ón gcóras traidisiúnta go bhféadfadh sruthanna teacht le chéile agus mar sin de.
choiste smachta disciplinary committee
" Bhí Patterson, cara dílis de chuid Trimble, le bheith ar an choiste smachta a bheas ag éisteacht chás Jeffrey Donaldson, David Burnside agus Martin Smyth.
cinntí coistí smachta the decisions of disciplinary committees
" Pléitear cinntí coistí smachta go mion go rialta, ach is fíorannamh a dhéantar plé ar ról an bhainisteora agus lucht bainistíochta.
idirdhisciplíneach inter-disciplinary
" Fuair sí deis ansin bheith páirteach i léann idirdhisciplíneach, rud a gcreideann sí go láidir ann.
iarchathaoirleach an choiste smachta the former chairperson of the disciplinary committee
" Tá gach coiste contae freagrach as imeachtaí ina chontae féin agus tá aithne ag gach duine ar (a) na réiteoirí (b) baill an choiste contae (c) uncail a d'imir leis an gcontae (d) iarchathaoirleach an choiste smachta, agus mar sin de.
rialacha smachta disciplinary rules
" B’fhéidir go bhfuil cuid áirithe den fhírinne sa mhéid sin, ach le tamall anuas níl aon dabht ach go bhfuil na rialacha smachta imithe ó smacht! Tá sé feicthe againn freisin níos mó ná uair amháin go bhfuil imreoirí sásta dul i muinín dhlí na tíre chun sásamh a fháil nuair is cosúil, dar leo féin, go bhfuil éagóir déanta orthu.
an choiste smachta the disciplinary committee
" Cé go mbíonn gach imreoir i dteideal a scéal féin a chur faoi bhráid an choiste smachta, sin an méid ama a thógann an próiseas ar fad, rud a chuireann daoine le báiní go minic.
i leith na rialacha agus an chórais smachta. regarding the rules and the disciplinary system.
" Nárbh é sin an t-imreoir céanna a raibh an oiread sin clampair faoin gcaoi ar caitheadh chun talaimh é go dleathach le linn cluiche a imríodh i gcoinne na hAstráile faoi rialacha idirnáisiúnta an fómhar seo caite? Fadhbanna leis an gcóras Ach is í an fhadhb is mó atá ag CLG ná seasamh na n-imreoirí, na mbainisteoirí agus na n-oifigeach i leith na rialacha agus an chórais smachta.
an córas smachta a thástáil go dtí a theorainn. to test the disciplinary system to the limit.
" Má dhíbirtear imreoir as cluiche, tá an chuma ar an scéal anois go síleann na hoifigigh chontae go bhfuil sé de dhualgas orthu cás an imreora sin a throid agus an córas smachta a thástáil go dtí a theorainn.
cur chuige ildisiplíneach inter disciplinary approach
" Úsáidtear cur chuige ildisiplíneach ann le léargas cuimsitheach a chur ar fáil don léitheoir maidir leis an riocht ina bhfuil an teanga sa tsochaí chomhaimseartha.
uirlis smachtaithe a disciplinary instrument
" Ritheann sé le Balor go mbeadh sé thar a bheith áisiúil mar arm agus mar uirlis smachtaithe i saol tuata na hÉireann.
dlíthe crua smachtúla hard disciplinary laws
" Tá aird tarraingthe fosta ar an chlaonadh choimeádach atá ag an rialtas ó thaobh dúnghaoise de, ar nós dlíthe crua smachtúla in éadan homaighnéasach, dlíthe a dtacaíonn an Eaglais Cheartchreidmheach go mór leo.
os comhair choiste smachta before a disciplinary committee
" Is é an taobh is measa den scéal nár iarradh ar Ó Conaill teacht os comhair choiste smachta le míniú a thabhairt ar an méid a tharla.
an córas smachta the disciplinary system
" Ní raibh an córas smachta a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael roimhe seo foirfe ach ar a laghad bhí sé i bhfad níos soiléire ná an córas atá i bhfeidhm faoi láthair, dar le Colm Mac Séalaigh.