Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlíthiúil legal
" Tá díol haisíse agus marachuain dlíthiúil sna caifí, ach níl taobh amuigh.
cheart dlíthiúil legal right
" Ach bhí coinníollacha ag baint leis - níor mhór do na daoine a bheith beo in 2002 agus bhí orthu admháil a shíniú go raibh aon cheart dlíthiúil acu d'aon airgead eile dá shórt curtha ar ceal.
dlíthiúil legal
" Tá poitín dlíthiúil anois sa tír ach tá an pobal iontach fraochta Nó níl feirmeoirí ag obair ach iad uilig sa leaba caochta Is tá Enda Kenny ceapaithe mar Aire Talmhaíochta Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
a caomhnóir dlíthiúil her legal guardian
" Thug Michael Schiavo, fear céile Terri agus a caomhnóir dlíthiúil, cead do na dochtúirí córacha leighis de chineálacha éagsúla a thriail, agus chuaigh sé ar ais chun na hollscoile le staidéar a dhéanamh ar an altracht sa dóigh is go bhféadfadh sé aire níos fearr a thabhairt di.
dlíthiúil lawful
" Gach duine a bhfuil amhras air mar gheall ar rud éigin atá déanta ag a rialtas in ann fáil amach an bhfuil sé ceart agus dlíthiúil.
go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu that they would be instituting legal proceedings
" Sna sála ar an bhreith seo, d’fhógair grúpa aturnaetha in Éirinn go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu go luath ar son íospartaigh MRSA agus a muintir.
dlíthiúil legal
" Tá córas cúléisteachta dlíthiúil i bhfeidhm i Meiriceá cheana féin, córas a d'úsáid an tUachtarán Bush 1,758 uair in 2005.
dlíthiúil judicial
" Is ionann Cúirt Uachtarach na hÉireann, nach mór, agus brainse dlíthiúil rialtas Mheiriceá.
cáipéisí dlíthiúla legal documents
" Earraí beaga éadroma ======= Agus cad é an “lasta” seo? Sliseanna sileacain, b’fhéidir, nó cáipéisí dlíthiúla.
dúshlán dlíthiúil legal challenge
" Thug Ronnie dúshlán dlíthiúil i gcoinne an choisc ar oideachas nuair a bhí sé i Hull i 1979 ach dúirt an gobharnóir leis nach raibh sé i dteideal a leithéid mar go raibh sé ag cur in aghaidh an chórais.
riachtanais dhlíthiúla legal requirements
" Cuirfear oiliúint ar dhaoine maidir le riachtanais dhlíthiúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.
éiginnteacht dhlíthiúil legal uncertainty
" Is léir ó na cáipéisí go bhfuil an éiginnteacht dhlíthiúil seo faoi stádas an churaclaim á plé sa roinn le beagnach dhá bhliain anuas.
stádas dlíthiúil legal status
" Tabharfar stádas dlíthiúil do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus, seiftiúil go leor, tabharfar cead den chéad uair do bhallstáit an tAontas Eorpach a fhágáil.
seasamh dlíthiúil legal position
" Ní raibh bunús na pobalbhreithe iontach soiléir ón tús siocair nach raibh sé cinnte cén seasamh dlíthiúil a bhí aige.
stádas dlíthiúil legal status
" Is cosúil go bhfuair an t-aire rialtais a bhí freagrach as na hathruithe, Éamon Ó Cuív, comhairle ón Ard-Aighne nach mbeadh stádas dlíthiúil ar bith ag an phobalbhreith agus chuir sé Comhairle Contae Chiarraí ar an eolas faoi sin.
fadhbanna móra dlíthiúla big legal problems
" Bhí go leor daoine eile a raibh fadhbanna móra dlíthiúla acu ina mball chomh maith – leithéidí Agha Hasan Abedi, mar shampla, a bhunaigh BCCI, banc a d’úsáid an CIA chun sciúradh a dhéanamh ar airgead a tuilleadh as díol drugaí.
stádas dlíthiúil legal status
" De réir an Chonartha, cuirim i gcás, chaithfí cóireáil leighis éigeandála a chur ar fáil d’imircigh bonn ar aon le saoránaigh agus bheadh ceart chun oideachais ag leanaí na n-oibrithe Imirce gan aird ar stádas dlíthiúil.
córais dhlíthiúla jurisdictions
" D'éalaigh triúr a bhí ag déanamh staidéir ar phróisis shíochána ó cheann de na córais dhlíthiúla ba mheasa ar domhan an tuigbheáil atá ag Ruane agus í ag cur síos ar na cages inar coinníodh na fir i gcuideachta mangairí drugaí, agus paramilitares den eite dheis, gardaí armtha gach áit.
dlíthiúla legal
" Go deimhin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil feachtas ar bun ar an idirlíon le dúshlán a thabhairt do na horduithe gobáin agus leis na séala dlíthiúla a scaoileadh.
cosaint dhlíthiúil defence in law
"cosaint dhlíthiúil aici faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus Acht na Gaeilge 2005 (Dún Éideann), a chuir an Ghaeilg ar comhstádas leis an Bhéarla *("a national language of Scotland with equal respect to English")*.
stádas dlíthiúil iomlán full legal status
" r hunting,”
Bhí stádas dlíthiúil iomlán ag an bhundúchasach - mar dhea - rud a chuir isteach ar na cimí saortha.
níl aon dualgas dlíthiúil there’s no legal obligation
" Is próiseas neamhfhoirmiúil é an FDIF, áfach, atá lasmuigh de struchtúir na NA is níl aon dualgas dlíthiúil ag baint leis na cinntí a thógtar mar chuid den phróiseas seo.
caithfear cloí leis na dualgais dlíthiúla the legal obligations must be adhered to
" Fiú má tá ceart ag an AE a theorainneacha a rialú, caithfear cloí leis na dualgais dlíthiúla atá aige i leith na ndaoine a iarrann a theorainneacha a shroichint.
cumhachtaí dlíthiúla legal powers
" Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine gearán a dhéanamh maidir leis an leagan Gaeilge ar chomhartha, níl aon oifig lárnach ann le cumhachtaí dlíthiúla chun an cheist a láimhseáil.
stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile legal status of the New Primary School Curriculum
" Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile.