Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlúthchuid integral part
" (Ceist eile is ea an léiríonn sé sin easpa aitheantais don dearcadh aontachtach gur dlúthchuid den Ríocht Aontaithe é Tuaisceart Éireann nó an léiríonn sé easpa aitheantais don Phoblacht mar stát iomlán neamhspléach).
dhlúthchuid an integral part
" Tugadh faoi fosta cionn is go bhfuil plean ann chun Ceathrú Gaeltachta a bhunú anseo i mBéal Feirste agus tá Raidió Fáilte mar dhlúthchuid den phlean sin.
dhlúthchuid central part
" D’fhéadfadh sé anois go bhfuilimd ar thairseach ré nua ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, agus díograis Dhonncha Uí Éallaithe mar dhlúthchuid den ré sin.
mar dhlúthchuid as an integral part
" “Bíodh a fhios agat go bhfuil an dá bhó mar dhlúthchuid de dhúchas agus de bhéaloideas agus de pholaitíocht na hÉireann, a Bhaloir.
Dlúthchuid Central component
" Dlúthchuid d’aon tseirbhís mhaith nuachta an clúdach a dhéantar ar chúrsaí polaitiúla, dar liom.
dhlúthchuid integral part
" Tá éagsúlacht chine, chreidimh agus saoil mar dhlúthchuid de shaol na ndaoine abhus.
Ba dhlúthchuid it was an integral part
" Ba dhlúthchuid den ghluaiseacht nua seo an turgnamh pearsanta, agus bhíodar ar a ndícheall ag iarraidh triail a bhaint as pé ar bith rud a bhí úrnua, fuinniúil agus a gheallfadh deis taithí saoil as an ngnách a bhlaiseadh.
dlúthchuid den an integral part of
" Is dlúthchuid den “Aisling Mheiriceánach” é sin ar ndóigh: smaoinigh ar leithéidí Huckleberry Finn, The Grapes of Wrath, Thelma and Louise nó The Road bunaithe ar leabhar Cormac McCarthy.
mar dhlúthchuid as an integral part
" Tá córas na scéimeanna teanga mar dhlúthchuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla fé mar atá an phleanáil teanga sna pobail Ghaeltachta mar dhlúthchuid d’Acht na Gaeltachta.
mar dhlúthchuid a central aspect
" Gnóthaí Graí ===== Tá na capaill mar dhlúthchuid de chultúr na hAirgintíne - mar atá sé in Éirinn - agus is iomaí Gael-Airgintíneach, idir fhir agus mhná, a d’imir an spórt, Guillermo ina measc.