Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go dlisteanach legitimately
" Bhuaigh an Clár orthu toisc go raibh siad níos láidre agus bhí siad in ann an céile comhraic a bhrú as an mbealach go dlisteanach agus go minic go neamhdhlisteanach (ní fhaca an réiteoir an méid feallanna is a chonaic an lucht féachana).
dhlisteanach legitimate
" Tar éis an tsaoil, a dúirt sé leis féin, ba cheist thábhachtach dhlisteanach a bhí inti a chaithfeadh Dia a réiteach sa saol eile mura mbeadh réitithe dó ag daoine ag fágáil an tsaoil seo.
dlisteanacha legitimate
" Má dhéantar Bus Éireann a phríobháidiú, an leanfar ar aghaidh ag soláthar seirbhísí bus do cheantair chúlráideacha nuair nach bhfuil aon bhrabús le déanamh astu? Ceisteanna dlisteanacha iad sin ar fad, ach ní heol dúinn cén seasamh a ghlacann rialtas na hÉireann orthu ag cruinnithe rúnda Choiste Alt 133.
forneart “dlisteanach” 'legitimate' force
" De réir an fhealsaimh Antonio Gramsci, coinníonn an stát smacht ar an tsochaí fríd an fhorneart (forneart “dlisteanach”) agus ag an am chéanna baintear heigeamaine amach nuair a ghlacann an grúpa ceannasach tús áite i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí.
a dhéanamh dlisteanach to justify
" Níl go leor daoine in Éirinn chun na costais a bhainfeadh lena leithéid de thraein a dhéanamh dlisteanach.
a dhéanamh dlisteanach to justify
" Níl go leor daoine in Éirinn chun na costais a bhainfeadh lena leithéid de thraein a dhéanamh dlisteanach.
go dlisteanach cruinn diligently and accurately
" Chuir siad ceisteanna a d’fhreagair Dónall agus Máire go dlisteanach cruinn.
aonad dlisteanach legitimate unit
" Tuigeann siad gur gá aitheantas oifigiúil mar aonad dlisteanach taobh istigh de CLG a fháil don GPA ar dtús agus ansin is féidir an doras a bhrú ar oscailt de réir a chéile go dtí go nglacfar le prionsabal na híocaíochta i bhfoirm éigin.
na hoidhrí dlisteanacha the rightful heirs
" Sa deireadh lonnaíodh an bailiúchán i Músaem Belvedere i Vín, áit ar fhan sé go dtí gur chuir neacht leis na Bloch-Bauers, Maria Altmann (90), a tháinig slán ó chinedhíothú na Naitsithe í féin agus atá ina cónaí i Meiriceá ó shin, gur chuir sí tús le cás gan fasach sa Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe chun go dtabharfaí an bailiúchán ar ais do na hoidhrí dlisteanacha.
i measc na gceann dlisteanach. amongst the legitimate ones.
" Bhí Drewe chomh maith sin ag cur dallamullóg ar dhaoine gur éirigh leis fáil isteach chuig cartlann na hiarsmalainne Victoria agus Albert, agus cartlann na hiarsmalainne Tate, le tuairiscí bréagacha ar a gcuid pictiúr a chur isteach i measc na gceann dlisteanach.
dlisteanach legitimate
" Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach.
dhlisteanach legally proper
" Faoin reachtaíocht eisceachtúil seo, má stopann póilíní stáit is áitiúla duine éigin ar chúis dhlisteanach, beidh sé de dhualgas orthu doiciméid aitheantais a iarraidh ar an duine sin má bhíonn amhras measartha orthu go bhfuil sé in Arizona go neamhdhleathach.
dlisteanach legal
" Mhaígh ceannasaithe an pháirtí nach raibh rialtas Gillard dlisteanach mar nach bhfuair sé saintaca na dtoghthóirí, ach is léir nach bhfuair ceachtar acu a leithéid.
comharba dlisteanach legitimate successor
" Lena chinntiú nach bhfágfar an Ghaeilge ar lár, mar a tharlaíonn rómhinic sa tír seo, mholfainn do Chonradh na Gaeilge, tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar The Necessity for De-Anglicising Ireland, in éindí le heagraíochtaí eile, ar chás leo todhchaí na tíre: Conradh na Gaeilge mar is é an comharba dlisteanach ar an ngluaiseacht náisiúnta a bunaíodh mar thoradh ar léacht de hÍde 120 bliain ó shin.
nach raibh a ceapadh dlisteanach that her appointment wasn’t legally proper
" Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.
Dlisteanach rightful
" Tuigeann Balor anois go bhfuil Aon Rí Dlisteanach na hÉireann ar son na Cúise Daingne, na Ceart-Ghaelainne agus na Slachtseanfhocal.