Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlite entitled
" Méala mór eile dó nach bhfuil sé dlite imirt fiú faoi Riail na Mamónna.
a bhí dlite dóibh that they were entitled to
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
a bhí dlite dom to which I was entitled
" Ar ndóigh, níl pingin rua faighte agam ó na crannchuir thuasluaite mar níor líon mé na foirmeacha isteach leis an airgead a bhí dlite dom a fháil.
dlite allowed
" ’ Bhí ar a laghad dhá insint ar an scéal (3): (a) tá lánchead ag Dati dul ar ais ag obair aon uair is mian léi taobh istigh den tréimhse ama atá dlite di, fágaimis an cinneadh fúithi féin nó (b) ag dul ar ais ag obair chomh luath sin, nach bhfuil Dati ag tabhairt le fios gur tábhachtaí a cuid oibre ná a hiníon agus nach gá saoire máithreachais chomh fada a bheith ann in aon chor.
dlite entitled
" Tá gach tacaíocht (idir chúnamh airgid is mórálta) dlite don dá fhoilseachán má táthar leis na cosa a thabhairt leo ón ghéarchéim reatha.
dlite entitled
" D’éirigh rudaí teasaí nuair a thug Ceannaire na n-Aontachach Ulaidh, David Trimble, le fios go raibh an t-aitheantas céanna dlite don Ultais: *“Bertie did not take quite the same relaxed view of the importance of Ullans as I did, suggesting that maybe David would like to speak some of ‘the fecking thing’ so we could hear what it sounded like; and David taking umbrage at the idea that the dialect was a Unionist invention, explaining solemnly and at length the Scottish roots of Ullans with all the sensitivity of a landowner talking to the village idiot.
dlite entitled
" Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid toghcheantar.
moladh dlite praise deserved
" Chomh maith leis an bhfoireann dearscnaitheach aisteoirí, tá moladh dlite don dearthóir cúlra Paul O Mahony as an leagan amach samhlaíoch agus mórthaibhseach agus ag an dearthóir cultacha Peter O Brien lena chuid cultacha seanré áille.
bhíodh cosaint dlite faoin fhéineachas don ghasúr children were due protection under Brehon law
" (Bhí Jean-Jacques Rousseau ar na céad smaointeoirí a raibh cur chuige páiste-lárnach aige; bhíodh cosaint dlite faoin fhéineachas don ghasúr fosta, dála an scéil).
dlite do phobal na tíre seo the people are entitled to
" Is ea, tuigim gur cheist chasta ghabhlánach is ea í ach tá míniú soiléir sothuigthe dlite do phobal na tíre seo sula n-íocann siad bonn bán den 3.
Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin those victims (…) deserve a full explanation
" Conas a tharla sé mar shampla gur cailleadh fianaise thábhachtach agus cé a bhí freagrach as? An fíor mar a mhaígh dlíodóir Uí Lubhlaí, James Orange, ag an am nár lorg na Gardaí cuid den fhianaise a bhain leis na líomhaintí agus nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh blianta sula ndeachaigh siad chuig na húdaráis? Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin nach bhfuair cothrom na Féinne ariamh.