Pota Focal Intergaelic
dío- | do | dob | doc | dod
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha in competition with one another for gigs
" Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha.
níos cóngaraí do mo chroí nearer my heart
" Is beag áit atá níos cóngaraí do mo chroí ná áit ar bith eile, ach amháin trá Mhálainn Bhig i nGleann Cholm Cille lá breá samhraidh, b'fhéidir.
do chúis for a cause
" Ach ní ar cuairt a thagaidís go díreach ach is amhlaidh a bhíodh ag díol ticéad le haghaidh chrannchur na scoile nó ag cruinniú airgid do chúis, do cheist nó do chiste éicint.
ar a bhfaca sí riamh whatever she did
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
ag moladh do dhaoine recommending to people
" Náisiúnaithe ar bís ======= Den chéad uair i mbliana, áfach, tá na páirtithe polaitíochta, go háirithe Sinn Féin agus an SDLP, ag moladh do dhaoine agus do náisiúnaithe go mór mhór, foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach.
le cur in iúl do dhaoine to inform people
" Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht.
Déan an dá thrá a fhreastal do two things at once
" "Déan an dá thrá a fhreastal," a chomhairlíonn Balor don eagarthóir.
déanamh dá ceal do without it
" Ach tá rogha le déanamh ag an bpobal maidir leis an oidhreacht luachmhar shainiúil seo a bhuanú sa leithinis nó déanamh dá ceal.
do chóras imdhíonach your immune system
" Ach má bhíonn fadhb agat le do chóras imdhíonach, bíonn an galrú níos contúirtí.
Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana European Bureau for Lesser Used Languages
" Luigh an chathaoirleacht ar Choiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, mar sin, leis an obair eile a bhí ar siúl ag Neasa leis an bhFéile Scannán agus le RTÉ.
tú breá cluimhrithe well done up/spruced up
" Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil tú breá cluimhrithe.
tú breá cluimhrithe well done up/spruced up
" Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil tú breá cluimhrithe.
ar theann a ndíchill doing their best
" Ní nach ionadh go bhfuil siad ar theann a ndíchill an Tionól a choinneáil.
Dhéanfaidh cider mise cider will do for me
" "Dhéanfaidh cider mise," arsa Síle.
Dhéanfaidh cider mise cider will do for me
" "Dhéanfaidh cider mise," arsa Síle.
do mo mhaslú insulting me
" Ag an bpointe sin thosaigh na mná do mo mhaslú go fíochmhar agus dúirt, "You ain't lettin' us in cause we're black".
Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann you were sunken-eyed
" Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann.
Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann you were sunken-eyed
" Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Tá an taispeántas a bhí le feiceáil sa Rubicon snasta, bríomhar agus éagsúil ach tá an cheist go fóill le freagairt: an ealaín é nó fógraíocht chliste? B'fhéidir go bhfuil ag éirí leis an dá thrá a fhreastal.
Rinne tú do bhealach you made your way
" "Rinne tú do bhealach" arsa bainisteoir na hoifige.
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
An ólann tú bainne agus siúcra? do you take milk and sugar?
" "Ta mé ag dul suas a dhéanamh tae domh féin," arsa Caitríona "Ar mhaith leat braon? An ólann tú bainne agus siúcra?" "Chan ólaim ceachtar," arsa Rita.
tiomnaite do dedicated
" Baineadh na crainnte ghiúsacha sa choill is mó atá ann sa mbliain 2000 mar chuid de tionscadal mílaoise Coillte Teoranta, agus tá crainnte dúchasacha na tíre curtha ina n-áit, gach crann tiomnaite do chlann faoi leith.
do shliocht ár sleachta for our children's children
" Mar gheall ar a n-íobairt, tá sé de dhualgas orainn anois cabhrú lena chéile agus domhan nua cothrom carthanach síochánta a chruthú do shliocht ár sleachta.
i do lása in your day
" Ní bhfuair aon duine torrach riamh i do lása, an bhfuair?" Caithfidh sé go raibh an comhrá seo againn milliún uair cheana.
do mo ghléasadh féin dressing myself
" Beidh mé do mo ghléasadh féin chomh luath agus a imíonn tú síos an staighre!" B'fhearr liom mura ndéanfadh Neain an oiread peataireachta orm.
Do bharúil? Do you think so?
" " "Do bharúil?" arsa Sinéad.
do do mhuirniú go séimh gently carressing you
" Déan dearmad d'áilleacht thránna geala Mhuir Chairib agus samhlaigh tú féin ag siúl ar ghaineamh niamhrach dubh faoi theas na gréine, cúr bán na farraige dorcha gorm do do mhuirniú go séimh, na carraigeacha in aice láimhe, plandaí agus bláthanna glasa, corcarghorma agus buí ag fás orthu.
róghar do too close to
" De réir reachtaíocht na gcógaslann 1996, níl cead ag poitigéir cógaslann a oscailt atá róghar do cheann eile nó má chuireann sé isteach ar ghnó na gcógaslann eile sa cheantar.
tóiteog lazy woman, doing nothing
" Ní raibh post faighte ag Dervla go fóill agus ach go bé gur casadh Máire uirthi bheadh sí ina suí suas ina tóiteog agus gan focal aici le héinne ó dhubh go dubh.
níl caill ar é seo ina cheann he's not bad at it (i.e. he does it well)
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
cead raide leave to do as they please
" " "Tá, is dócha," arsa Tadhg, "ach bheir muid cead raide daofa ar na bronntanais lá Nollag nó ní bhíonn siad beag óg ach an seal gairid.
Fuair tú éirí, an bhfuair you mangaged to get up, did you
" "Fuair tú éirí, an bhfuair," arsa Tadhg lena mhac Féilim nach bhfacthas táisc ná tuairisc air go dtí seo.
a bheith i do charracháinín críochnaithe to be totally puny
" Léiríonn sé arís, mar a rinne John McEnroe, nach míbhuntáiste ar bith é a bheith i do charracháinín críochnaithe má tá tú ag iarraidh daoine eile a chloí.
a bhuíochas sin do thanks to
" Feiceann siad sceimhlitheoir ar chúl gach crainn agus thart gach coirneál, a bhuíochas sin do Tom Ridge agus an rialtas.
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh When you give up your rights for security, you wind up having neither
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Bhí sé dian go maith an dá thrá a fhreastal.
Caith do shoc amach Stick your nose (front of car) out
" "'Dhia a mhic, cén mhoill atá ort? Caith do shoc amach ansin anois, nó beidh muid anseo go dtiocfaidh thiar aniar," arsa a athair agus iad ag iarraidh fáil ón fhobhóthar go dtí an príomhbhóthar agus ghluaisteáin ag siosarnaigh thart leis mar a bheadh an diabhal ann.
mar a d'iarrfadh do bhéal iad a bheith just as you'd like it
" Bhí gach rud ag feidhmiú mar a d'iarrfadh do bhéal iad a bheith: na solais treo, an solas cúlaithe, na ceannsolais, agus na solais chliatháin.
a thug bata agus bóthar do Ceausescu that sent Ceausescu packing
" Cad a tharla do *people power*, an chumhacht ollmhór sin a bhris riail iarainn an Cumannachais agus a thug bata agus bóthar do Ceausescu, do Hoenniger, don iliomad deachtóir, beag agus mór, in oirthear na hEorpa? Cá bhfuil sé i dtuaisceart na hÉireann? Tá an oiread sin eagla ar dhaoine roimh an dream eile - agus sin gach aicme den tsochaí - nach bhfuil siad sásta bata agus bóthar a thabhairt don tseicteachas.
bheifeá i do cheap magaidh you'd be a laughing-stock
" Dá mbrisfeadh scéal i ngan fhios duit, bheifeá i do cheap magaidh.
do chumas fealsúnachta your ability to philosophise
" Níl rud ar bit níos fearr ná splif suntasach chun do chumas fealsúnachta a mhúscailt agus a chur a dh'obair.
gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid that this image was more suitable for the likes of me
" Chonacthas dom an iarraidh seo gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid.
déanamh amhlaidh do the same
" Is cinnte go bhfuil daoine sásta airgead mór a íoc chun dul chuig drámaí agus ceolchoirmeacha, mar sin cén fáth nach mbeadh siad sásta déanamh amhlaidh i gcás taispeántas? Gan amhras ar bith, déanfaidh an gailearaí brabach ar an taispeántas luachmhar seo.
ghrá geal do chroí the love of your life
" "Árú anois," arsa Pádraig, "nach ndéanfá sin do ghrá geal do chroí?" "Seo," arsa Tadhg, "beidh níos lú den tseanchaint agam.
Tá ceo ar do chuid súl ag an ghrá seo This love thing has you blinded
" "Tá ceo ar do chuid súl ag an ghrá seo, a ghasúir.
a dhéanfadh gnaithe that would do
" Cinnte le Dia chonaic tú rud inteacht a dhéanfadh gnaithe.
I ndeireadh na dála when all is said and done
" Tháinig an smaoineamh seo chun cinn go deireanach i 1992 agus dóbair gur ghlac John Bruton leis, ach I ndeireadh na dála chuaigh an Lucht Oibre isteach le Fianna Fáil cibé.
a bhainfeadh blaosc do chinn duit that would blow your head off (loud)
" Leis sin lig cailleach inteacht racht a bhainfeadh blaosc do chinn duit.
Ní d'aon ghnó a dheineadar é They didn't do it deliberately
" Ní d'aon ghnó a dheineadar é.
ag tagairt do referring to
" Bhí seisean ag tagairt do chaidreamh trasphobail, ach in áit bheag mar na Sé Chontae faoi Fhorghabháil, comhairle mhaith atá ann maidir le suíomh ar bith ina bhfuil tú.
i mbarr do shláinte in good health
" Tá sé deacair go leor ríomhaire a úsáid nuair atá tú i mbarr do shláinte, gan trácht ar cheann a úsáid nuair atá tú faoi mhíchumas ar shlí éigin.
i ndeireadh báire when all is said and done
" San úrscéal tréitheach le hIsaac Bashevis Singer, *Scum*, deir an príomhcharachtar ann nach bhfuil sa saol i ndeireadh báire ach nithe ag titim amach mar a chaithfidh a thitim amach, nithe a taibhríodh duit cheana, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil tú á bhfeiscint anois den chéad uair, mar dhea, le do shúile cinn.
lena míle dícheall a dhéanamh to do their very best
" Nuair a rith na fír óga as Biorra, Droichead an Chláirín, Nemo agus Baile an Doire amach ar Pháirc Semple ar Lá Fhéile Pádraig, a gcroí lán le bród agus paisean dá n-áit dhúchais is dá bpobal féin, bhí siad réidh lena míle dícheall a dhéanamh ar son cairde agus comharsana ar fhás siad suas in éineacht leo.
An ndéan sí coimhthíos Does she make strange (when she meets strangers)?
" "An ndéan sí coimhthíos nó an faiteach atá sí?" arsa Nell.
Ná habair nár cuireadh ar do shúile é don't say you weren't warned
" Ná habair nár cuireadh ar do shúile é," arsa Lillian.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Tháinig eascairdeas millteanach idir Ó Peann Luaidhe agus Fear na Súile Nimhe blianta fada ó shin nuair a bhí an bheirt acu ar a seacht ndícheall ag iarraidh éalú ó shéirse na searbhóige seineafóbaí sin, Ainbhlinn Ní Chonaill.
ar a ndícheall doing their best
" Beidh orthu a bheith céim chun tosaigh ar *wits* Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
dlúthdhiosca inléite do-athraithe CD-ROM
" An dara rud ná gur éirigh linn an chéad leabhar do pháistí i mBéarla nó i nGaeilge as Éirinn a chur amach ar dlúthdhiosca inléite do-athraithe.
Bí ag faire amach do look out for
" Bí ag faire amach do Vincent Mac Dowell - m'athair féin - i nDún Laoghaire, atá ag seasamh mar neamhspleách toisc gur imir na glasaigh feall air trí pharaisiút a chur isteach sa dáilcheantar.
rud inteacht a dhéanamh to do something
" Chinn Rob ar rud inteacht a dhéanamh le cuidiú a thabhairt daofa.
dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite if the above accusatons were true
" Dúirt ceannaire an UUP go mbeadh cibé maitheas a chothaigh an dara beart díchoimisiúnaithe curtha ó mhaith dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite.
ar do chaid very drunk
" Ní ligfear isteach thú má tá tú ar do chaid nó má tá galar éigin tógálach ort.
má ghéilltear do na fórsaí sin if those forces are yielded to
" Tá imní ar dhaoine go bhféadfadh na cluichí Gaelacha a bheith scuabtha de dhromchla an domhain má ghéilltear do na fórsaí sin.
ag amharc uaibh looking around, i.e. not doing anything
" "Seo," arsa Tomás, "ná bígí in bhur seasamh ansin ag amharc uaibh.
aon cheo a dhéanamh to do anything
" Ar ndóigh tá daoine ag rá gurb é an deacracht atá ag an rialtas go mbraitheann siad go mór ar na cánacha a bhailíonn siad ar thobac agus go bhfuil leisce orthu aon cheo a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an bhfoinse airgid sin.
amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith the same as any Ulster person would do
" Thuig muid nach mbeadh muid in ann páistí a thógáil agus ár súile oscailte go hiomlán don saol a bhí thart timpeall orainn agus don chontúirt a bhí thart timpeall orainn, amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith.
ag tagairt do referring to
" Le linn an cheistithe seo dúirt Byrne, ag tagairt do dhúnmharú Josie Dwyer, "Ive nothing to say.
do d'uireasa without you
" Fáilte an deamhain is an diabhail romhat, ar fhaitíos nach raibh ár ndóthain teannais againn do d'uireasa, a smaoinigh mé go bréan dom féin.
do mo stiúradh guiding me
" Bhí Susan tar éis breith ar uillinn orm do mo stiúradh go discréideach go dtí coirnéal neodrach.
níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil the emphasis on training did not decrease
" Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
gur deacair é a sharú that it is difficult to do better
" Is éard a rinne gach duine den cheathrar bainisteoirí atá luaite san alt seo ná an leibhéal traenála a ardú agus a chur ar phlána chomh hard gur deacair é a sharú.
an ndéanfá grá Dé would you do me a favour?
" "A Derek, a chroí, an ndéanfá grá Dé agus an rud atá cruinn thart faoin doras a ghlanadh suas.
dlúthdhioscaí inléite do-athraithe CD-ROMs
" Tá réimse breá dlúthdhioscaí inléite do-athraithe curtha ar fáil ag Fios Feasa ((www.
gach trá a fhreastal do everything at the same time
" Thuig sí nach dtiocfadh léi gach trá a fhreastal.
fé mar a dheinim as I do
" B'fhearr liomsa díreach dul isteach sa stiúideo agus Gaelainn a labhairt fé mar a dheinim le mo dheartháireacha agus le m'uncailí.
do mhachnamh a dhéanamh ar reflect on
" "Is féidir leat bualadh isteach anseo chun do mhachnamh a dhéanamh ar an Ghorta.
agus a bheith réidh leis and to be done with it
" Bheadh sé chomh maith againn ár gcuid tithe agus tailte a bhronnadh orthu agus a bheith réidh leis.
an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana European Bureau for Lesser Used Languages
" Bhí mé ar thuras taighde leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, in éindí le mo chomhghleacaithe ó réigiúin eile san Aontas Eorpach ina bhfuil mionteangacha á labhairt agus ba mhisniúil é treallús daoine eile a fheiceáil agus iad ag obair leo ar son a dteangacha féin.
Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile no one else would dare
" Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile éirí amach agus a leithéid orthu.
ar na bacáin in the course of being done
" " Tá go leor ar na bacáin ag Ó Searcaigh faoi láthair.
go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo that victory was coming to these people
" ) Bhuel, ag fáil léargais dó ar an dóigh a raibh an freasúra neamhdhlíthiúil sa Pholainn ag obair, ag foilsiú leabhartha, ag cruthú sochaí dhaonlathach beag beann ar an chóras oifigiúil, ba é an tátal a bhain sé as an scéal ná "go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo".
agus cá háit ar ráinigh ár laoch and where did our hero arrive
" Ag tús na bliana chuir an Pápa é mar idirghabhálaí go dtí Bali Hi agus cá háit ar ráinigh ár laoch ach i mBaile Thaidhg! "Ní go Bali Hi a cuireadh mise, ámh, ach go Baghdad, fá choinne cruinnithe le Saddam Ó hOisín.
gar do close to
" Tá suas le 50% de phobal na Poblachta ag cur fúthu gar do chathair Bhaile Átha Cliath nó sa chathair féin, agus tá an líon seo ag méadú bliain i ndiaidh bliana.
in ómós do in honour of
" Toradh a gcuid oibre ná an dlúthdhiosca *Cairde* a rinneadh in ómós do Sheán, mar cheiliúradh ar an gcaoi ar tháinig sé tríd an tinneas a bhí air agus chun tacú leis an ospidéal inar cuireadh cóir leighis air.
a rachas chun sochair do which will benefit
" Sna blianta atá amach romhainn, beidh dúshlán mór roimh mhuintir Chill Chartha agus roimh mhuintir iardheisceart Dhún na nGall ina iomláine: an oidhreacht a chaomhnú ag gach leibhéal de shaol na ndaoine, agus na nithe atá maith ó thaobh teanga, ó thaobh ceoil agus ó thaobh cúrsaí cultúrtha a choinneáil chun neart a chur leis an turasóireacht chultúrtha, ar bhealaí a rachas chun sochair do gach duine sa cheantar agus do na glúnta atá le theacht amach anseo.
Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin not only did she fulfil that promise
" Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin, ach tá éacht déanta agus á dhéanamh aici ó thaobh na Gaeilge de i gCalifornia.
i ngar do na hAlpa beside the Alps
" Sea, is as München na Gearmáine ó dhúchas mé, an chathair álainn sin i ngar do na hAlpa, áit a bhfuil cónaí orm fós.
sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit a lot of language crimes will slip into your head unbeknown to you
" Ní hamháin go méadóidh do stór focal, ach sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit.
ag tagairt do chonarthaí cruithneachtan referring to wheat contracts
" Ach nuair a thosaigh oifigigh de chuid na hIaráice ag fiafraí cén fáth a mbeadh Astrálaigh ag troid san Iaráic, agus ag tagairt do chonarthaí cruithneachtan gur fiú na céadta milliún in aghaidh na bliana iad, dúirt ceannairí na bhfeilméaraí go sciobtha nár chóir don Rialtas aon bhlas a dhéanamh a chuirfeadh an margadh sin i mbaol.
aon bhlas a dhéanamh do anything
" Ach nuair a thosaigh oifigigh de chuid na hIaráice ag fiafraí cén fáth a mbeadh Astrálaigh ag troid san Iaráic, agus ag tagairt do chonarthaí cruithneachtan gur fiú na céadta milliún in aghaidh na bliana iad, dúirt ceannairí na bhfeilméaraí go sciobtha nár chóir don Rialtas aon bhlas a dhéanamh a chuirfeadh an margadh sin i mbaol.
Tiomnaithe do dedicated to
" Ag an deireadh, tagann na focail seo ar an scáileán: "Tiomnaithe do na páistí uilig atá ina n-íospartaigh chogaidh".
nach ndéanfá gnaithe gan an tobac couldn't you do without the tobacco?
" "A Dhaidí, nach ndéanfá gnaithe gan an tobac, go dtí go mbeidh an dinnéar thart féin?" arsa Áine.
d'fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart I'd leave you with your head spinning
" ' "Dá mbeadh seans agamsa," arsa Dónall leis féin, "d'fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart.
chomh righin le bonn do bhróige as tough as old boots
" Ghlac Dónall píosa agus cé go raibh sé chomh righin le bonn do bhróige níor dhúirt sé focal.
ar do bhonnaí i gceart on your feet
" "B'fhearr liom gan jab ar bith a bheith agat go mbeidh tú ar do bhonnaí i gceart, b'fhéidir ansin .
do mo mhacasamhailse for someone like me
" Is é ábhar bróid do mo mhacasamhailse go n-éisteodh siad liom.
an rud ba ghaire do pharthas ar an saol seo the closest thing to paradise
" Bhí sé ráite gurbh é Bali, oileán san Indinéis taobh thoir de Java, an rud ba ghaire do pharthas ar an saol seo.
tar éis do na buamaí pléascadh after the bombs had exploded
" Bhí a bhformhór dóite go dona de bharr na tine a bhí sa Sari tar éis do na buamaí pléascadh.
Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn You must have seen great changes in your time
" "Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn," arsa an polaiteoir.