Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile no one else would dare
" Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile éirí amach agus a leithéid orthu.
má thugann tú leathmharú do dhuine if you half kill someone
" I bhfocail eile, má thugann tú leathmharú do dhuine ar pháirc na himeartha agus fionraí sé mhí tuillte agat dá bharr, mura bhfuil tú i do "*alien*" amach is amach beidh aithne agat ar dhuine éigin a bheas in ann cuidiú leat éalú ón bpionós atá ag dul duit.
i ngan fhios do dhuine ar bith unbeknown to anyone
" Ach tharla go raibh fear feasa feachtnach fíréanta amháin ag éisteacht le Balor Fáidh i ngan fhios do dhuine ar bith " agus i ngan fhios dó féin, fiú.
ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh one must make a formal complaint
" (A mhalairt ar fad atá i gceist sa Bhreatain: ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh chun stop a chur leis an dramhphost.
ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh one must make a formal complaint
" (A mhalairt ar fad atá i gceist sa Bhreatain: ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh chun stop a chur leis an dramhphost.
áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit. where he greeted everyone in the place by name.
" I ndiaidh an agallaimh chuaigh muid go dtí bialann phlódaithe, áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit.
mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua if you don't seize your opportunity with every new person
" ’ “Tá mé cinnte gur cheap go leor daoine, ‘Tá an t-amadán seo ag dul thart ag rá go bhfuil sé ag scríobh bheathaisnéis Joe Éinniú nó ag scríobh bheathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, ach mura n-ndeir tú é sin, mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua nó le chuile dhuine a chastar ort go minic, cén seans eile atá agat labhairt faoi, é a tharraingt anuas.
is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin. it is a bad wind that doesn't blow good for somebody
" Ach mar a deir an seanfhocal, is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin.
do dhuine to one
" Léiríonn an cultúr gnéithe de stair na tíre do dhuine agus tugann sé a brí agus a sainiúlacht féin leis.
i gcuimhne do dhuine remind one
" Chuirfeadh an ceangal seo idir Le Touquet agus Páras i gcuimhne do dhuine an ceangal atá idir Luimneach agus Cill Chaoi ar chósta iarthair an Chláir nó an ceangal idir Trá Lí agus Baile an Bhuinneánaigh b’fhéidir, an sórt áite a dtéann daoine ar sos gearr.
Níl aon ghaoth nach séidfidh cóir do dhuine éigin there’s a good side to every story
" Níl aon ghaoth nach séidfidh cóir do dhuine éigin, mar a deir an seanfhocal.
B’annamh do dhuine one is seldom
" Moill ar an Deifir ========= B’annamh do dhuine gan imní a bheith air faoi rud éicínt.
Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin everything has some positive aspect to it
" Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin.
Mar is eol do chuile dhuine as everyone knows
" Sprioc na Straitéise Fiche Bliain =========== Mar is eol do chuile dhuine faoin am seo, ’sé an sprioc atá leagtha amach sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 cainteoirí laethúla ann taobh amuigh den chóras oideachais faoi cheann fiche bliain.
Ba chóir do dhuine a person ought to
" Ba chóir do dhuine a bheith ag tnúth le mórimeachtaí spóirt an tsamhraidh, na craobhchomórtais iomána agus peile sa bhaile, agus na himeachtaí spóirt idirnáisiúnta thar lear, go háirithe na Cluichí Oilimpeacha i Londain agus *Euro 2012* sa Pholainn/ Úcráin.
ní mór do dhuine one must (be)
" Faoi láthair ní mór do dhuine 35 bliain a bheith slánaithe aige le bheith ina iarrthóir don oifig is airde sa stát.
i gcuimhne do dhuine (it’d) remind one of
" Chuirfeadh sé Machaire Uí Rabhartaigh i gcuimhne do dhuine.
i gcuimhne do dhuine faoi remind one of
" Chuirfeadh an méid a dúirt sé, breithiúnas an Tiarna Denning ar achomharc Sheisir Bhirmingham i gcuimhne do dhuine faoi *“such an appalling vista that every sensible person would say, 'It cannot be right that these actions should go any further.
Ba bhreá leis gar a dhéanamh do dhuine he liked to do someone a good turn
" Ba bhreá leis gar a dhéanamh do dhuine, cuma cé bhí ann”.
Mheabhródh sé do dhuine it’d remind one of
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
an luach a bhaineann le gradam a thabhairt do dhuine the value of presenting an award to someone
" ” Is léir nach bhfuil sé róthógtha le coincheap na hiomaíochta … “Nílim róthógtha le comórtais – tuigim an gá a bhaineann leis an Oireachtas agus an luach a bhaineann le gradam a thabhairt do dhuine, ach níor mhaith liom go mbeadh aicme ealaíne ar nós amhránaíocht ar an sean-nós ag brath chomh mór sin ar chomórtais.
Más Gar do Dhuine a Chóta if one's coat is close to
más deas do dhuine a chóta if one’s coat is close to one
" De réir an tseanfhocail, más deas do dhuine a chóta is deise dó a léine, ach níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí an iarraidh seo.
gcuireann sé luach an chultúir dhúchais ar a shúile do dhuine it convinces one of the value of one’s culture
" Uireasa a mhéadaíonn cumha mar a deir an seanfhocal, nó b’fhéidir gurb amhlaidh go gcuireann sé luach an chultúir dhúchais ar a shúile do dhuine.
b'éigean do dhuine nó beirt den fhoireann one or two of team had to
" Go deimhin b'éigean do dhuine nó beirt den fhoireann bleachtairí príobháideacha a fhostú chun teacht ar aon cheangal leis an tír seo.
B’éigean do dhuine one had to
" B’éigean do dhuine rith trí na gáirdíní agus léim thar gach sconsa ar an mbealach síos agus aníos arís.
Tuigtear do chuile dhuine everyone knows
" Déanfaidh mise mo bhreithiúnas air chomh maith ach ní bheidh sé bunaithe ar chruinneas nó ar líofacht a chuid Ghaeilge ach ar an méid seo: an mbeidh sé de mhisneach aige moltaí a bhí déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a chur i bhfeidhm? Mar shampla, an mbeidh sé toilteanach glacadh leis na critéir theangeolaíocha a bhí molta sa staidéar sin? An mbeidh se sásta deireadh a chur leis an gcur i gcéill atá ar bun ag a Roinn, faoina gcuirfear airgead amú ar phleanáil teanga i gceantair sa nGaeltacht oifigiúil nach bhfuil rian ar bith den Ghaeilge fágtha iontu? An mbeidh sé sásta deireadh a chur le stádas Gaeltachta na n-eastát tithíochta ar imeall na Gaillimhe? Tuigtear do chuile dhuine nach bhfuil aon bhunús teangeolaíoch le stádas Gaeltachta a bheith ag eastáit tithíochta i dTír Oileáin agus i gCnoc na Cathrach.
ar cheart do dhuine one ought to
" Tá roinnt deiseanna thart ort ar an idirlíon ar cheart do dhuine aghaidh a thabhairt orthu más ag iarraidh poist nua a aimsiú atá sé.
arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe which a person could find useful
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag machnamh ar ghnéithe zenúla na scríbhneoireachta a d’eascair as tuairimí William Strunk, tuairimí arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe mar mhíreanna treorach, b’fhéidir, i réimsí eile saoil.
Más gar do dhuine dearadh a chóta if one values the design of one’s coat
" Más gar do dhuine dearadh a chóta is gaire dó ealaín a léine.