Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dochta strict
" Chuir sé in aghaidh rialacha dochta a athar, aimiréal de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe.
docht rigid
" Ainneoin go bhfuil a mbunchreideamh chomh docht diongbháilte agus a bhí riamh, tá an saol ag athrú thart orthu.
go docht tightly
" Is é an chomhairle a chuireann Balor ar Chathal ná an chomhairle chéanna a chuir Cathal ar mhuintir na hÉireann, agus é ina ArdRí: "Teannaigí bhur gcriosannaí agus teannaigí iad go docht.
Rún docht close secret
" Ach nach bhfuil an Pápa ar shiúl ar oilithreacht go Ceanada agus Meicsiceo agus áiteanna beannaithe eile? Rún docht daingean é seo, rún nach féidir a scaoileadh le bhur mbeo, rún a chualthas ó ghníomhairí rúnda "Beo Ar Éigean" sa Róimh, rún ar tháinig an foláireamh scanrúil seo leis: "Do Not Repeat This!" Mar sin, níl mé sásta é a rá ach an t-aon uair amháin: Ní hé an Pápa atá imithe ar oilithreacht ar chor ar bith.
Chloígh mé go docht lena bplean I stuck rigidly to their plan
" "Chloígh mé go docht lena bplean, ach níor oibrigh sé.
níos doichte more firm
" De bharr go mbaintear oiread úsáide as an charr, bíonn deis ag daoine i bhfad níos mó de shráideacha agus de chomharsanachtaí an cheantair a fheiceáil, rud nach mbeadh amhlaidh in áiteacha mar Brooklyn nó Queens, cuir i gcás, áit a bhfuil na teorainneacha idir comharsanachtaí níos doichte.
i ngreim docht daingean in a firm strong grip
" Tá na stáisiúin raidió i ngreim docht daingean ag comhlachtaí idirnáisiúnta ar mian leo a gcuid ealaíontóirí a bhrú chun cinn.
rialacha dochta strict rules
"rialacha dochta i gceist in RTÉ maidir le huaireanta agus coinníollacha oibre, atá rud beag ródhocht, dar léi, ach a mhalairt atá i gceist san earnáil neamhspleách.
rialacha dochta strict rules
" Chreid mé féin agus go leor eile go bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfí na rialacha dochta seo i bhfeidhm i gcónaí, go dtí go bhfaca muid iompar náireach agus mí-éifeachtach na n-údarás le linn thoghchán uachtaránachta na bliana 2000.
liopa uachtair docht stiff upper lip
" "An liopa uachtair docht", mar a deirtear sa Bhéarla - sin an nós atá acu.
ón doichte chéanna from the same rigidity
" Fiú na leamhgháirí a bhíonn ar ghnúiseanna Joe Mac Dunno agus Maggie Martin, ní bhogann siad riamh ón doichte chéanna agus muid ag fuirseadh fríd leathanaigh *Saol *gach mí: Joe agus Maggie; Maggie agus Joe; Joe gan Maggie; Maggie gan Joe.
an-docht very strict
" Mheasfainn go raibh siad an-docht daingean agus ní thaitníonn sin anois liom, ach san am chéanna aithním fosta go ngéillim dóibh i mo chroí istigh.
thar a bheith docht extremely rigid
" “Mar shampla, i gcás Shinn Féin, an rud atá ann le cuid de na daoine atá ag plé leis ná go bhfuil meon thar a bheith docht acu.
greim docht daingean a strong firm grip
" Scairteann sé *suas *agus scairteann sé *síos*: “An *thuas *a bhí mé nó *thíos*? Nó an ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag dul *síos*? Nó ag teacht *anuas *nó ag teacht *aníos*?” Agus macalla na gceisteanna sin fós ag preabadh *anonn *agus *anall *ó bhalla go balla agus *suas síos *ó shíleáil go hurlár, cluintear glór uaigneach caointeach ag teacht ón seomra folctha: “Agus an ag dul *isteach *sa tobán seo a bhí mé, nó ag teacht *amach *as?” *Thíos *sa chistin, agus é fós ina shuí ag an tábla, beireann Réamó greim docht daingean ar a chupán.
thar a bheith docht extremely rigid
" Coinníollacha thar a bheith docht iad seo.
rún docht daingean a strong intention
"rún docht daingean agam an Daingean a bheith ina dhaingean in éadan galldachais agus seoinínteachta agus iarbhreataineachais agus seasfaidh mé go daingean le mo rún docht daingean!” Thall sa chúinne bhí Tricky Dickie Roche ag maíomh as a phlean eachtrúil don samhradh – *safari *go Teamhair na Rí.
go docht strongly
" Coimhéad an rud a iarrann tú ar eagla go bhfaighidh tú é, a mhic! Creideann Balor go docht san athmhuintearas, agus ar an chúis sin tá sé sásta bronntanas Nollag a thabhairt d’iarpheileadóir sin na hÉireann, an síor-sianaí Roy Rogers Ó Keanó.
rialacha dochta pleanála strict planning rules
" Is doiligh, mar shampla, rialacha dochta pleanála a leagan síos do na ceantair Ghaeltachta i gcoitinne nuair nach bhfuil ach dornán beag daoine ábalta an teanga a labhairt i gcuid de na ceantair sin.
gealladh docht daingean a strong firm promise
" Tá mise sásta daoine a dhílárú go Cúige Mumhan agus go Cúige Uladh fosta, agus tá mé sásta roinnt daoine a chur chuig áiteanna áirithe i gCúige Laighean fiú – Biorra, mar shampla – má fhaighim gealladh docht daingean ó na daoine sin nach mbeidh siad ag pilleadh abhaile fá choinne mionócáidí, leithéidí bainiseacha nó tórramh.
go docht tightly
" Ní raibh stad liom riamh den ragairne, den chaiteachas gan bhrí Go dtí gur chuala mise Charlie is é ag caint ar RTÉ: Dúirt sé: Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.
rialacha dochta strict rules
" Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche! Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla.
go gcuirfí srianta dochta pleanála i bhfeidhm that stringent planning curbs be implemented
" Is léir go bhfuil an-bhá ag an dá pháirtí rialtais le lucht tógála agus forbartha ach bheadh na Glasaigh ag éileamh go gcuirfí srianta dochta pleanála i bhfeidhm.
greim docht strong grip
" Love, fiú! Bhí lionn dubh ar mo chroí agus mé ag imeacht as an Maláiv, ní hamháin mar go raibh mé ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, ach toisc go raibh mé ag fágáil cairde a bhí mar a bheadh teaghlach agam, agus ag fágáil tíre a bhí tar éis greim docht a fháil ar mo chroí.
spriocanna dochta strict targets
" Caithfidh polaiteoirí na cruinne feidhmiú mar státairí i dtaca leis an fhadhb seo agus spriocanna dochta a mhairfidh ar a laghad 50 bliain a leagan síos.
rialacha dochta strict rules
" Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair.
smacht níos doichte stricter control
" Cad ba chóir a dhéanamh? Ba cheart go mbeadh smacht níos doichte ar bharra fuinnimh (agus tacaíocht níos éirimiúla dóibh) chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint.
hollsmacht docht strict and total power
" Is éard atá ann ná deireadh le hollsmacht docht líon beag comhlachtaí ar an ngnó; anois, is féidir le bannaí agus ceoltóirí, nach bhfuil mórán aithne orthu, a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh de réir mar is mian leo, ag aon am is mian leo.
docht daingean immovably, unfailingly
" Is é an grá sin is cúis le mé a bheith chomh docht daingean faoi líon na n-inimirceach a theorannú.
smacht docht, their strict, total control
" Ach tá deireadh anois lena smacht docht, a chuir srian ar chruthaitheacht an-chuid bannaí ceoil.
a cheannasaíocht dhocht his strong leadership
" Cronófar a dhóigh shéimh, a cheannasaíocht dhocht agus a chairdeas dlúth.
go docht strictly
" " Bhí mé amhrasach faoin leithscéal seo, mar tá sé feicthe agam go minic le blianta anuas nach gcaitheann Merseyside Police go docht leis na dílseoirí ach go mbíonn siad an-dian ar na poblachtaigh (cf.
dhochta stringent
" Ní mhaithfidh Caitlicigh dhochta an reachtaíocht seo di go deo.
criosannaí tárrthála teannta go docht lifebelts tightened firmly
" Beidh an Rialtas de leataobh agus na criosannaí tárrthála teannta go docht timpeall orthu.
haistí dochta bia rigid diets
" Chonaic mé líon mór cailíní i mo rang féin ar an meánscoil ag cloí le haistí dochta bia is dá bhfolach féin i slaodanna smididh, d’fhonn a bheith chomh caol le gáinne is chomh dóighiúil le bandéithe an phreasa.
ordlathas docht strictly ordered society
" Rialaíonn ionadaithe an Chríost is an Kaiser pobal beag protastúnach na dúichí dúnta seo trí ordlathas docht.
docht determined
" Tá an bheirt acu – Iris agus Benedictus – diongbháilte docht daingean ina gcreideamh faoin fhirinne atá follasach i leabhair an tSean-Tiomna.
docht rigid
" Tá an creideamh atá acu chomh docht daingean leis an bhunchreidmheach is díograisí sa MheánOirthear.
cuntair dhochta strict conditions
" Ní raibh ach 25 ainmhí i gceist sa togra seo agus bhí cuntair dhochta bainteach leis an moladh.
naimhde dochta steadfast enemies
" Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
riail docht daingean a steadfast stringent rule
" Ní luaithe thú abhus agus bhí an ghaelscoil ar an bhfód agat – céard a thiomáin thú chomh mór sin leis an nGaeilge?** RÓS: Bhí riail docht daingean aige baile.
greim chomh docht such a firm grip
" Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
greim chomh docht such a firm grip
" Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
go docht daingean firmly
" Thug mé faoi deara go raibh geataí an tsuímh dúnta go docht daingean agus glas orthu.
cé chomh docht how firm
" Is deacair do dhaoine óga na linne seo a thuiscint cé chomh docht a is a bhí an greim ag Eaglais Chaitliceach na hÉireann ar an saol poiblí ó bunaíodh an stát seo beagnach 90 bliain ó shin.
greim docht coinnithe a firm grip kept
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
greim docht daingean a solid grip
" Bunaíodh script an BBC ar mhalairtí fisiciúla, malairtí a ghlacann greim docht daingean ar an lucht féachana gan mhoill.
go daingean docht freisin leis firmly in the grasp also of
" ’)* Ní foláir nó go raibh Vidal ceangailte go daingean docht freisin leis an dtraidisiún stairiúil raidiceach sin a bhláthaigh i Meiriceá ó 1900 ar aghaidh, an traidisiún sin a dhiúltaigh ómós a dhéanamh do laochra na staire.
go docht firmly
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin san fhómhar, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, ghléas Balor é féin fá choinne an tsiúil: clogad crua fána chloigeann caomh, dlochtán creamha ceangailte go docht thart ar a mhuineál, sciath titanium crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus dhá gha ina dhóid eile.
Is é an rún is doichte most staunch resolution
" Is é an rún is doichte agus is daingne agus is dobhriste a dhéanfaidh Balor i mbliana, a léitheoirí, ná… bhuel, tá sé cineál diúltach seachas deimhneach mar rún.
lena chreideamh lom docht tréamanta with his bare unyielding intense belief
" Nó bhí, go dtí gur tháinig an Bráthair Girolamo Savonarola ar an saol lena chreideamh lom docht tréamanta.
nach gcabhródh an cur chuige docht seo this strict approach won’t help
" Ba léir don Rinneach áfach nach gcabhródh an cur chuige docht seo leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail.
a fuair greim docht ar aigne na hÉireann which took a firm grip on the Irish psyche
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
de réir na gcoinníollacha dochta daingne according to the firm set in rock conditions
" Beidh na héiricí seo le leagan ar an mhuintir nach acmhainn dóibh a gcuid morgáistí a íoc de réir na gcoinníollacha dochta daingne a leagfaidh na bainc síos do na créatúir bhochta sin.
nach gcloíonn go docht daingean who doesn’t adhere stringently
" Agus, mar is dual do leasaitheoirí, beidh siad thar a bheith dian ar dhuine ar bith nach gcloíonn go docht daingean lena gcuid rialachán agus rialacha.
gur féidir smaoineamh taobh amuigh de laincisí dochta na haimsire caite one may think outside of the rigid dogmas of past times
" Thug sé léargas eile don mhórphobal gur féidir smaoineamh taobh amuigh de laincisí dochta na haimsire caite.
gona rialacha dochta daingne with its strict, unchangeable rules
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
a raibh córas ceannaireachta docht acu féin who had a strict system of leadership of their own
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
cé chomh docht is atá an tástáil how solid the testing is
" Is cuma cé chomh docht is atá an tástáil, fágfar cás éigin as an áireamh.
seachas buillí dochta rather than trenchant (piano) blows
" Agus is rithim shleamhain a bhíonn leis seachas buillí dochta an phianó.
taobh istigh de bhearta cosanta dhochta within strictly protected policies
" Thabharfadh an bille cead do lia-chleachtóirí leigheas a ordú agus/nó é a thabhairt d’othar ar leaba a bháis a chuideodh leis lámh a chur ina bhás féin, taobh istigh de bhearta cosanta dhochta.
níos doichte. more rigidly.
" Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.
a cheannasaíocht dhocht his strong leadership
" Crónófar a dhóigh shéimh agus a cheannasaíocht dhocht, a deir dlúthchara agus comhoibrí dá chuid, Antaine Ó Donnaile.