Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dochtúireachta PhD
" Nuair a d'aistrigh Holy go hOllscoil Naomh Aindriú in Albain i 1987, lean Abdullahi ansin é agus chaith trí bliana ag déanamh taighde le haghaidh dochtúireachta.
dochtúireachta PhD.
" Chuaigh an lánúin óg go dtí an Ollainn ar dtús, áit a raibh Dogan ag críochnú dochtúireachta agus thug siad aghaidh ar an Tuirc ansin i 1975.
mo dhochtúireachta my PhD
" Cainteoirí den scoth ======= Bliain ina dhiaidh sin chaith mé sé nó seacht de mhíonna i mBaile Átha Cliath ag déanamh staidéir le haghaidh mo dhochtúireachta agus ag múineadh Fraincise i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad.
tráchtais dochtúireachta doctoral thesis
" Tá mé i mbun tráchtais dochtúireachta fosta, cé go bhfuil an obair laethúil ag cur isteach ar an chaitheamh aimsire sin.
dochtúireacht PhD
" Bhí dochtúireacht bainte amach aige ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain faoin am sin agus bhí sé tar éis dhá bhliain a chaitheamh ag múineadh i gColáiste Úrmhumhan i Luimneach.
dochtúireacht doctorate
" Nuair a chéadtosaigh Áine ag obair leis an raidió, bhíodh sí féin agus a fear céile Damien, a bhfuil dochtúireacht aige i gcúrsaí teicneolaíochta, ag taisteal idir tithe i mBéal Feirste agus Gaoth Dobhair.
chéim dhochtúireachta doctorate
" Ag ceann de na deirí seachtaine, bhuail mé le scoláire as Éirinn, Cormac Mac Fhionnlaoich, a bhí ag obair ar chéim dhochtúireachta in ollscoil Maryland.
dochtúireacht doctorate
" Chaith sí dhá bhliain iontacha i bPáras, cé go n-admhaíonn sí anois nach ndearna sí mórán maidir le dochtúireacht a bhaint amach agus í ansin! An chéad fhostaíocht a bhí ag Máire nuair a d'fhill sí abhaile ó Pháras ná post sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, post a thaitin go mór léi.
thráchtas dochtúireachta PhD thesis
" Cheannaigh mé ríomhaire glúine i mí na Samhna agus, nuair a fuair mé sin ag gabháil, dúirt mé liom féin go raibh mé ag gabháil a scríobh míle focal sa lá - bhí mé mé ag gabháil do thráchtas dochtúireachta - agus nuair a bheadh an míle focal scríofa agam go dtiocfadh liom mo rogha rud a dhéanamh.
tráchtas dochtúireachta doctoral thesis
" Scríobh Nash tráchtas dochtúireachta i 1950 a ghnóthaigh Duais Nobel dó i 1994 ach sa bhliain 1959 bhí sé in ospidéal meabhairghalair i gcuideachta Robert Lowell, in Bowditch Hall mar a raibh Sylvia Plath agus Ray Charles ar ball fosta.
tráchtas dochtúireachta doctoral thesis
" Scríobh Nash tráchtas dochtúireachta i 1950 a ghnóthaigh Duais Nobel dó i 1994 ach sa bhliain 1959 bhí sé in ospidéal meabhairghalair i gcuideachta Robert Lowell, in Bowditch Hall mar a raibh Sylvia Plath agus Ray Charles ar ball fosta.
a dhochtúireacht his PhD
" "Ach má thaispeánann duine éigin a dhochtúireacht agus go gcaithfidh na daoine eile ar fad éirí as eagar a chur ar altanna, ní sin meas ar shaineolas, sin meas ar cháilíochtaí.
dochtúireacht doctorate
" ” Rinne Éilís céim sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin dochtúireacht sa Bhéaloideas.
dochtúireacht onórach honoury doctorate
" Ina cheann sin tá dealbh den Phápa ar phríomhchearnóg na hollscoile ó 1983, an bhliain a bhronn údaráis KUL dochtúireacht onórach ar a n-iarfhostaí.
dochtúireacht onórach honoury doctorate
" Ina cheann sin tá dealbh den Phápa ar phríomhchearnóg na hollscoile ó 1983, an bhliain a bhronn údaráis KUL dochtúireacht onórach ar a n-iarfhostaí.
a bronnadh dochtúireacht air he was awarded a doctorate
" Thug sé tréimhse na staidéarachta in Ollscoil Harvard agus b’ann a bronnadh dochtúireacht air sa bhliain 1972.
an dochtúireacht the doctorate
" D’éirigh leis an dochtúireacht a bhaint amach ach ní dóigh leis go raibh an ollscoil róthógtha lena shaothar.
céim dochtúireachta oinigh an honoury doctorate degree
" Sa bhliain 1993, bhronn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais céim dochtúireachta oinigh air.
dochtúireacht doctorate
" D’éirigh sé as a phost mar mhúinteoir Francaise le dochtúireacht a dheánamh in Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, áit a bhfuair sé post mar léachtóir i Stair agus mar Oifigeach Idirchaidrimh Acadúil.
dhochtúireacht Ph.D.
" Tháinig mé go Stanford le mo dhochtúireacht a chríochnú – tháinig mé ann le hobair a dhéanamh faoi stiúir Joe Greenberg ach d’aistrigh mé go dtí an tsochtheangeolaíocht le Charles Ferguson ansin agus chuir sin brón, is dóigh, ar Joe Greenberg, ach bhí mo chroí doirte isteach sa tsochtheangeolaíocht, dháiríre, cé gur tábhachtach an obair í rangú theangachaí an domhain.
dochtúireacht oinigh an honorary doctorate
" Bronnadh dochtúireacht oinigh sna míndána air in Ollscoil Uladh sa bhliain 2010, an bhliain chéanna ar bhain sé an ceithre fichid bliain amach.
dochtúireachta a bhí idir lámha agam a doctorate I was doing
" "Ar scoil, theagasc iarchimí mé, agus na daoine seo, d'inis siad scéalta faoin dóigh ar fhoghlaim siad an teanga agus iad i ngéibheann agus chuir mé an dúrud ceisteanna orthu agus de réir a chéile bhí a fhios agam gur mhaith liom rudaí a thabhairt le chéile agus rinne mé sin do thráchtas a bhí mé ag scríobh mar chuid den chúrsa dochtúireachta a bhí idir lámha agam in Ollscoil na Ríona, ach ba é an sprioc a bhí i gcónaí agam ná rud éigin a fhoilsiú.